European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2808

21.5.2025

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Bealtaine 2025

lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann Mhálta

(C/2025/2808)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 5 Márta 2025 (2), cheap an Chomhairle lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 6 Márta 2025 go dtí an 5 Márta 2028.

(2)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh i gcatagóir ionadaithe na rialtas tagtha chun bheith folamh anois ó tharla gur éirigh Catriona DEBATTISTA FRANCICA as oifig.

(3)

Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas Mhálta don fholúntas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Josianne CUTAJAR ina comhalta malartach den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Catriona DEBATTISTA FRANCICA ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 5 Márta 2028.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO C 218, 13.9.2003, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2025 lena gceaptar lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C, C/2025/1689, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1689/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2808/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)