|
22.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 261/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1203 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Iúil 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1706 a mhéid a bhaineann le taraif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais a chuimsiú le haghaidh táirgí áirithe iascaigh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle (1), osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2021-2023 agus foráiltear maidir leis an mbainistiú sin. Cinneadh méideanna iomchuí le haghaidh gach taraif-chuóta chun a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach chuig tionscal an Aontais le haghaidh na tréimhse sin. |
|
(2) |
Faoi láthair, braitheann soláthairtí táirgí iascaigh áirithe san Aontas ar allmhairí ó thríú tíortha. Le deacáidí beaga anuas, d’éirigh an tAontas níos spleáiche ar allmhairí chun tomhaltas táirgí iascaigh ann a shásamh. I dtreo nach gcuirfear táirgeadh táirgí iascaigh an Aontais i gcontúirt agus chun soláthar leordhóthanach a áirithiú chuig tionscal próiseála an Aontais, ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí i gcás scuideanna Patagónacha, scadáin atá leasaithe faoi sháile, scadáin reoite, filléid reoite agus flapaí scadán, filléid phéirsí mara agus speicis éagsúla éisc reoite laistigh de tharaif-chuótaí ar mhéid iomchuí. |
|
(3) |
Tá feidhm shealadach ag an gComhaontú Trádála agus Comhair (2) idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ón 1 Eanáir 2021. Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, foráiltear maidir le rochtain le haghaidh táirgí iascaigh tionscnaimh atá saor ó dhleacht agus saor ó chuóta. Na Tíortha agus na Críocha thar Lear de chuid na Breataine, áfach, níl siad comhlachaithe leis an Aontas a thuilleadh ná ní bhaineann a n-onnmhairí táirgí iascaigh chuig an Aontas leas as laghduithe taraife a thuilleadh. |
|
(4) |
Thairis sin, na prótacail bhreise leis an Íoslainn (3) agus an Iorua (4), ar prótacail iad lena bhforáiltear maidir le cuótaí le haghaidh táirgí áirithe éisc agus iascaigh, chuaigh siad in éag an 30 Aibreán 2021. Ós rud é nár tugadh an chaibidlíocht le haghaidh cuótaí nua i gcrích sula ndeachaigh na prótacail bhreise in éag, d’fhéadfadh sé go gcruthódh sé sin easpa táirgí iascaigh atá saor ó dhleacht lena bpróiseáil san Aontas. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/1706 a leasú dá réir. |
|
(6) |
D’fhonn iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a leigheas a mhéid a bhaineann le cailliúint stádas fabhrach na dTíortha agus na gCríoch thar Lear agus d’fhonn na hiarmhairtí a bhaineann le dul in éag na bprótacal breise leis an Iorua agus an Íoslainn a leigheas, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht cúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2020/1706 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(4), pointe (b):
|
|
(2) |
déantar an Iarscríbhinn a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. PODGORŠEK
(1) Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 lena n-osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021-2023 (IO L 385, 17.11.2020, lch. 3).
(2) An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10).
(3) Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (IO L 141, 28.5.2016, lch. 18).
(4) Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L 141, 28.5.2016, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1706, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
Uimh. an ordaithe |
Cód AC |
Cód TARIC |
Tuairisc |
Méid bliantúil an chuóta (tonnaí) (1) |
Dleacht an chuóta |
Tréimhse an chuóta |
|
“09.2508 |
ex 0307 43 35 |
10 |
Scuideanna den speiceas Loligo gahi, reoite, lena bpróiseáil |
75 000 |
0 % |
1.1.2021-31.12.2023 |
|
09.2509 |
ex 1604 12 91 |
13 93 |
Scadáin, spíosraithe agus/nó fínéagarleasaithe, faoi sháile, lena bpróiseáil |
15 000 (glanmheáchan silte) |
0 % |
1.5.2021-30.4.2022 |
|
ex 1604 12 99 |
16 17 |
7 500 (glanmheáchan silte) |
0 % |
1.5.2022-31.10.2022 |
||
|
09.2510 |
ex 0303 51 00 |
10 20 |
Scadáin (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, lena bpróiseáil (*1) |
10 000 |
0 % |
1.5.2021-30.4.2022 |
|
5 000 |
|
1.5.2022-31.10.2022 |
||||
|
09.2512 |
|
|
Iasc reoite, lena bpróiseáil: |
3 300 |
0 % |
1.5.2021-30.4.2022 |
|
0303 55 30 |
10 |
Bolmáin Shileacha (Trachurus murphyi) |
1 650 |
0 % |
1.5.2022-31.10.2022 |
|
|
ex 0303 55 90 |
95 |
Iasc eile Trachurus spp., seachas Trachurus trachurus, Trachurus murphyi agus bolmáin (Caranx trachurus) |
||||
|
|
0303 56 00 |
10 |
Cóibia (Rachycentron canadum) |
|
|
|
|
0303 69 90 |
10 |
Iasc eile |
||||
|
0303 89 90 |
11 21 30 91 |
|||||
|
0303 82 00 |
10 |
Roic agus sciataí (Rajidae) |
||||
|
0303 89 55 |
10 |
Garbhánaigh órcheannacha (Sparus aurata) |
||||
|
09.2513 |
0304 86 00 |
20 |
Filléid scadán (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, lena bpróiseáil |
25 000 |
0 % |
1.5.2021-30.4.2022 |
|
ex 0304 99 23 |
10 20 |
Flapaí scadán (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, lena bpróiseáil (*1) |
12 500 |
0 % |
1.5.2022-31.10.2022 |
|
|
09.2514 |
0304 49 50 |
10 |
Filléid péirsí mara (Sebastes spp.), úr nó fuaraithe, lena bpróiseáil |
1 300 |
0 % |
1.5.2021-30.4.2022 |
|
650 |
0 % |
1.5.2022-31.10.2022” |
(1) Arna sloinneadh i nglanmheáchan, mura sonraítear a mhalairt
(*1) Ón 15 Feabhra go dtí an 15 Meitheamh, ní dheonófar tairbhe an taraif-chuóta d’earraí a dhearbhaítear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht.