European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/44

10.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/44 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Eanáir 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/2063.

(2)

I bhfianaise a bhfuil tite amach le déanaí i Veiniséala agus an easpa dul chun cinn atá déanta i dtreo idirphlé faoi stiúir Veiniséala as a dtiocfaidh athbhunú an daonlathais agus an smachta reachta, agus i bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí maidir le cearta an duine sa tír, measann an Chomhairle gur cheart 15 dhuine a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiseil, an 9 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)   IO L 295, 14.11.2017, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2063/oj.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘56.

Caryslia Beatriz RODRÍGUEZ RODRÍGUEZ

Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala (TSJ) agus Uachtarán Dhlísheomra Toghcháin TSJ

Dáta breithe: 16.7.1967

Áit bhreithe: Maracay, Aragua

Náisiúntacht: Veiniséalach

Uimhir aitheantais (Cédula): 8671555

Inscne: baineann

Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala (TSJ) agus Uachtarán Dhlísheomra Toghcháin TSJ ó bhí mí Eanáir 2024 ann. Ina cáil mar Uachtarán ar an Dlísheomra Toghcháin, tá Caryslia Beatriz Rodríguez Rodríguez freagrach as an dearbhú go raibh bua fógartha Nicolás Maduro i dtoghchán uachtaránachta an 28 Iúil 2024 doshéanta, cé nár nocht TSJ na sonraí vótála mionsonraithe ar a raibh a rialú bunaithe agus in ainneoin neamhrialtachtaí sa bhainistiú a rinne an Chomhairle Náisiúnta um Thoghcháin (CNE) ar an bpróiseas toghcháin.

Ina cáil mar Uachtarán ar Dhlísheomra TSJ, tá sí freagrach freisin as cur isteach ar thoghcháin tosaigh an fhreasúra, rud a chuir bac ar ullmhú an fhreasúra do thoghchán uachtaránachta mhí Iúil 2024.

Dá bhrí sin, bhain gníomhaíochtaí Caryslia Beatriz Rodríguez Rodríguez an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

57.

Fanny Beatriz MÁRQUEZ CORDERO

Leas-Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala (TSJ) agus Dhlísheomra Toghcháin TSJ

Dáta breithe: 5.2.1969

Uimhir cárta aitheantais náisiúnta (Cédula): 6272864

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: baineann

Leas-Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala (TSJ) agus Dhlísheomra Toghcháin Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala. Sa ról sin, bhí baint ag Fanny Beatriz Márquez Cordero leis an dearbhú ón TSJ go raibh an bua ag Nicolás Maduro i dtoghchán uachtaránachta an 28 Iúil 2024, cé nár nocht TSJ na sonraí vótála mionsonraithe ar a raibh a rialú bunaithe agus in ainneoin neamhrialtachtaí sa bhainistiú a rinne an Chomhairle Náisiúnta um Thoghcháin (CNE) ar an bpróiseas toghcháin.

Dá bhrí sin, bhain gníomhaíochtaí Fanny Beatriz Márquez Cordero an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

58.

Inocencio Antonio FIGUEROA ARIZALETA

Breitheamh i nDlísheomra Bunreachtúil Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala (TSJ).

Dáta breithe: 17.12.1959

Uimhir aitheantais náisiúnta (Cédula): 5016509

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Breitheamh i nDlísheomra Bunreachtúil Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala (TSJ). Sa ról sin, thacaigh sé le Dlísheomra Toghcháin TSJ leis an dearbhú go raibh an bua ag Nicolás Maduro i dtoghchán uachtaránachta an 28 Iúil 2024, cé nár nocht TSJ na sonraí vótála mionsonraithe ar a raibh a rialú bunaithe agus in ainneoin neamhrialtachtaí sa bhainistiú a rinne an Chomhairle Náisiúnta um Thoghcháin (CNE) ar an bpróiseas toghcháin.

Dá bhrí sin, bhain gníomhaíochtaí Inocencio Antonio Figueroa Arizaleta an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

59.

Malaquías GIL RODRÍGUEZ

Breitheamh, Uachtarán ar Dhlísheomra Polaitiúil agus Riaracháin Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala (TSJ)

Dáta breithe: 27.2.1960

Áit bhreithe: Carache, Stát Trujillo, Veiniséala

Uimhir aitheantais náisiúnta (Cédula): 5352190

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Breitheamh, ag feidhmiú mar Uachtarán ar Dhlísheomra Polaitiúil agus Riaracháin Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Veiniséala (TSJ) ó bhí 2022 ann. Sa phost sin, bhí baint ag Malaquías Gil Rodríguez le cinneadh an Dlísheomra ceannaire an fhreasúra María Corina Machado a dhícháiliú mar iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta an 28 Iúil 2024, i mí Eanáir 2024.

Dá bhrí sin, bhain gníomhaíochtaí Malaquías Gil Rodríguez an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

60.

Antonio José MENESES RODRÍGUEZ

Ardrúnaí Chomhairle Náisiúnta Toghchán Veiniséala (CNE)

Dáta breithe: 10.12.1980

Uimhir aitheantais (Cédula): V14316687

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Ardrúnaí Chomhairle Náisiúnta Toghchán Veiniséala (CNE) ó bhí mí Lúnasa 2023 ann. Sa ról sin, chuir Antonio José Meneses Rodríguez moill ar na próisis sna hionaid toghcháin agus chuir sé cosc ar ghlacadh le teachtaireachtaí ón bhfreasúra a bhí dírithe ar CNE agus a bhí ag nochtadh neamhrialtachtaí. Sular thosaigh sé ar a ról in CNE, shínigh sé doiciméad de chuid na hUasoifige Iniúchóireachta inar deimhníodh gur cuireadh cearta toghchánacha cheannaire an fhreasúra, María Corina Machado, ar fionraí.

Dá bhrí sin, tá Antonio José Meneses Rodríguez freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

61.

Carlos Enrique QUINTERO CUEVAS

Leas-Uachtarán Chomhairle Náisiúnta Toghcháin Veiniséala (CNE)

Dáta breithe: 16.2.1972

Pasuimhir: 10719241

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Leas-Uachtarán Chomhairle Náisiúnta Toghcháin Veiniséala (CNE). Ina cháil mar Leas-Uachtarán ar CNE, ghlac Carlos Enrique Quintero Cuevas páirt iomlán i bpróiseas cinnteoireachta CNE, rud a chuir bac ar phróiseas toghcháin trédhearcach agus ar scaoileadh torthaí cruinne toghcháin agus, dá bhrí sin, bhí ról ríthábhachtach aige i mbainistiú thoghchán uachtaránachta an 28 Iúil 2024.

Dá bhrí sin, bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

62.

Conrado Ramón PÉREZ BRICEÑO

Príomh-Reachtaire Chomhairle Náisiúnta Toghchán (CNE) Veiniséala

Dáta breithe: 24.4.1954

Áit bhreithe: Stát Trujillo, Veiniséala

Uimhir aitheantais náisiúnta (Cédula): 4323185

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Príomh-Reachtaire Chomhairle Náisiúnta Toghchán (CNE) Veiniséala ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2024 ann. Chuaigh sé isteach in CNE mar Reachtaire malartach agus mar Chomhalta de Bhord Náisiúnta Toghchán CNE i mí Lúnasa 2023.

Ina róil mar Reachtaire malartach agus mar Chomhalta de Bhord Náisiúnta Toghcháin CNE, ghlac Conrado Ramón Pérez Briceño páirt i gcinntí CNE maidir le bainistiú an phróisis toghcháin, rud a chuir bac ar phróiseas toghcháin trédhearcach agus ar scaoileadh torthaí cruinne toghcháin agus, dá bhrí sin, bhí ról ríthábhachtach aige i mbainistiú thoghchán uachtaránachta an 28 Iúil 2024.

Dá bhrí sin, bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

63.

Rosalba GIL PACHECO

Príomh-Reachtaire Chomhairle Náisiúnta Toghchán Veiniséala (CNE) agus Uachtarán Choimisiún na Clárlainne Sibhialta agus Toghchán, agus Comhalta de Choimisiún um Rannpháirtíocht Pholaitiúil agus Maoiniúchán CNE

Dáta breithe: 18.3.1965

Uimhir aitheantais náisiúnta (Cédula): 6186648

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: baineann

Príomh-Reachtaire Chomhairle Náisiúnta Toghchán Veiniséala (CNE) agus Uachtarán Choimisiún na Clárlainne Sibhialta agus Toghchán, agus Comhalta de Choimisiún um Rannpháirtíocht Pholaitiúil agus Maoiniúchán Chomhairle Náisiúnta Toghchán (CNE) Veiniséala ó bhí mí Lúnasa 2023 ann.

Ina ról mar Phríomh-Reachtaire CNE, ghlac Rosalba Gil Pacheco páirt i gcinntí CNE maidir le bainistiú an phróisis toghcháin, rud a chuir bac ar phróiseas toghcháin trédhearcach agus ar scaoileadh torthaí cruinne toghcháin agus, dá bhrí sin, bhí ról ríthábhachtach aici i mbainistiú thoghchán uachtaránachta an 28 Iúil 2024.

Dá bhrí sin, bhain a cuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

64.

Luis Ernesto DUEÑEZ REYES

Ionchúisitheoir Cúnta, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí i Veiniséala

Dáta breithe: 20.9.1988

Áit bhreithe: San Cristobal, Veiniséala

Uimhir aitheantais náisiúnta (Cédula): 18880942

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Ionchúisitheoir Cúnta in Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí i Veiniséala. Sa ról sin, bhí Luis Ernesto Dueñez Reyes páirteach in ionchúiseamh polaitiúil Edmundo González Urrutia, iarrthóir uachtaránachta an fhreasúra dhaonlathaigh.

Tá Edmundo González Urrutia á ionchúiseamh as iliomad “coireanna” polaitiúla, agus mar thoradh air sin cuireadh iallach air dul ar deoraíocht.

Dá bhrí sin, bhain gníomhaíochtaí Luis Ernesto Dueñez Reyes an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

65.

Edward Miguel BRICEÑO CISNEROS

Breitheamh Speisialta, Céad Chúirt Chéadchéime Veiniséala

Uimhir aitheantais (Cédula):

V-17514632

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Breitheamh Speisialta na Chéad Cúirte Chéadchéime a bhfuil dlínse aige ar chásanna a bhaineann le coireanna a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, agus a bhfuil an inniúlacht aige coireanna a bhaineann leis an éilliú agus leis an gcoireacht eagraithe a éisteacht. Sa ról sin, d’eisigh Edward Miguel Briceño Cisneros barántas gabhála an 2 Meán Fómhair 2024 le haghaidh Edmundo González Urrutia, iarrthóir uachtaránachta an fhreasúra dhaonlathaigh.

Tá Edmundo González Urrutia á ionchúiseamh as iliomad “coireanna” polaitiúla, agus mar thoradh air sin cuireadh iallach air dul ar deoraíocht.

Dá bhrí sin, tá Edward Miguel Briceño Cisneros freagrach as cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala agus bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala.

10.1.2025

66.

Alexis José RODRÍGUEZ CABELLO

Stiúrthóir, Seirbhís Bholavarach um Fhaisnéis Náisiúnta (SEBIN)

Dáta breithe: 1.10.1965

Uimhir aitheantais (Cédula):

V-8959785

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Stiúrthóir na Seirbhíse Bolavaraí um Fhaisnéis Náisiúnta (SEBIN). Cheap Nicolás Maduro é sa ról sin an 14 Deireadh Fómhair 2024.

Bhí baint ag Sebin le sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, coinneáil threallach, agus cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala.

Mar stiúrthóir SEBIN, tá Alexis José Rodríguez Cabello freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, agus cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala.

10.1.2025

67.

Miguel Antonio MUÑOZ PALACIOS

Leas-Stiúrthóir na Seirbhíse Bolavaraí um Fhaisnéis Náisiúnta (SEBIN)

Dáta breithe: 12.7.1964

Pasuimhir: 6186648

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Leas-Stiúrthóir na Seirbhíse Bolavaraí um Fhaisnéis Náisiúnta (SEBIN) ó bhí 2021 ann. Rinne Oifigigh SEBIN gníomhartha coinneála treallacha faoina mhaoirseacht, mar aon le céastóireacht agus íde atá cruálach agus mídhaonna, lena n-áirítear foréigean gnéasach, in ionad coinneála “El Helicoide”, príosún de chuid SEBIN.

Ina cháil mar Leas-Stiúrthóir SEBIN, tá Miguel Antonio Muñoz Palacios freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear coinneáil threallach, íde atá mídhaonna agus táireach, céastóireacht, agus cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala.

10.1.2025

68.

Elio Ramón ESTRADA PAREDES

Ceannasaí Gharda Náisiúnta Bolavarach Veiniséala (GNB)

Dáta breithe: 2.12.1966

Áit bhreithe: Caracas, Veiniséala

Uimhir aitheantais (Cédula): 6857541

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Ceannasaí Gharda Náisiúnta Bolavarach (GNB) ó bhí mí Iúil 2023 ann.

Mar cheannasaí ar GNB, bhí baint ag Elio Ramón Estrada Paredes le gníomhaíochtaí tromchúiseacha lenar sáraíodh cearta an duine, lena n-áirítear coinneáil threallach, céastóireacht agus íde atá cruálach agus mídhaonna, agus cos ar bolg a imirt ar an tsochaí sibhialta agus ar an bhfreasúra dhaonlathach i Veiniséala tar éis thoghchán uachtaránachta an 28 Iúil 2024.

Sular ceapadh é ina Cheannasaí ar GNB i mí Iúil 2023, bhí Elio Ramón Estrada Paredes i gceannas ar na Póilíní Náisiúnta Bolavaraí (PNB) ó mhí na Bealtaine 2019 go dtí mí Iúil 2023, ag déanamh maoirseacht ar oibríochtaí lenar sáraíodh cearta an duine.

Dá bhrí sin, tá Elio Ramón Estrada Paredes freagrach as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala.

10.1.2025

69.

Asdrúbal José BRITO HERNÁNDEZ

Stiúrthóir na Roinne Imscrúduithe Coiriúla (DEIPC)

Dáta breithe: 6.1.1974

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Stiúrthóir na Roinne Imscrúduithe Coiriúla (DEIPC) in Ard-Stiúrthóireacht na Frithfhaisnéise Míleata (DGCIM) ó 2021 i leith.

Tá DEIPC i gceannas ar imscrúduithe a dhéanamh agus fianaise a fháil i gcoinne easaontóirí agus an lucht freasúra, chomh maith le sainchomhaid a chur i dtoll a chéile ina bhfuil faisnéis faoi daoine ar féidir spriocdhíriú orthu. Ina theannta sin, gabhann DEIPC daoine ar ar spriocdhíríodh agus stiúrann sé ceistiú na ndaoine atá á gcoinneáil in Boleíta – ceanncheathrú DGCIM agus áit aitheanta ina ndéantar líon an-ard sáruithe agus coireanna i réimse chearta an duine, go háirithe an chéastóireacht.

Ina cháil mar Stiúrthóir DEIPC, tá Asdrúbal José Brito Hernández freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear an chéastóireacht, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde a bheith á tabhairt do dhaoine atá á gcoinneáil i saoráidí DGCIM, a dhéanann comhaltaí DEIPC atá faoina cheannas, go háirithe in Ionad Coinneála Boleíta.

10.1.2025

70.

Domingo Antonio HERNÁNDEZ LÁREZ

Ceannasaí Oibríochtúil Straitéiseach Fhórsaí Armtha Náisiúnta Bolavaracha Veiniséala (FANB)

Dáta breithe: 9.3.1964

Pasuimhir: 6133376

Náisiúntacht: Veiniséalach

Inscne: fireann

Ceannasaí Oibríochtúil Straitéiseach Fhórsaí Armtha Náisiúnta Bolavaracha Veiniséala (FANB) ó bhí 2021 ann. Bhí baint ag FANB le sáruithe i réimse chearta an duine le linn an cos ar bolg a imríodh ar léirsithe síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta an 28 Iúil 2024.

Ina ról mar Cheannasaí Oibríochtúil Straitéiseach ar FANB, tá Domingo Antonio Hernández Lárez freagrach as comhtháthú, pleanáil, clársceidealú, treorú, forghníomhú, maoirseacht, ceannas agus rialú oibríochtúil straitéiseach ar oibríochtaí slándála. Trína shlabhra ceannais díreach, tá sé freagrach as sáruithe i réimse chearta an duine a rinne comhaltaí FANB, lena n-áirítear maruithe, gabhálacha treallacha agus cos ar bolg ar an bhfreasúra.

10.1.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/44/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)