AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.3.2023
COM(2023) 150 final
2023/0080(BUD)
Togra le haghaidh
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH UIMH. 1
A GHABHANN LE BUISÉAD GINEÁRALTA 2023
Coigeartuithe teicniúla a eascraíonn as na comhaontuithe polaitiúla ar thángthas orthu maidir le roinnt tograí reachtacha, lena n-áirítear maidir le REPowerEU, leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) agus le clár an Aontais um Nascacht Shlán
Ag féachaint don mhéid seo a leanas:
–an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
–Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021,
–Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (...), agus go háirithe Airteagal 44 de,
–buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2023, a glacadh an 23 Samhain 2022,
Leis seo, cuireann an Coimisiún Eorpach Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann le buiséad 2023 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
ATHRUITHE AR AN RÁITEAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DE RÉIR ROINNE
Tá fáil ar na hathruithe ar an ráiteas ginearálta ioncaim agus ar roinn III ar EUR-Lex (
https://eur-lex.europa.eu/budget/www/index-en.htm
).
Clár Ábhar
1.
Réamhrá
2.
REPowerEU
3.
Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)
4.
Clár an Aontais um Nascacht Shlán
5.
Gníomhaireachtaí díláraithe
5.1
An tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid (ÚFA)
5.2
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)
5.3
An Ghníomhaireacht um Thacaíocht do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC)
5.4
An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA)
6.
Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
6.1
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA)
7.
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
8.
Maoiniú
9.
Tábla achoimre de réir cheannteideal CAI
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Réamhrá
Is é is cuspóir do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1 don bhliain 2023 na hathruithe teicniúla is gá a thabhairt isteach ar bhuiséad 2023, ar athruithe teicniúla iad a eascraíonn as na comhaontuithe polaitiúla ar thángthas orthu maidir le roinnt tograí reachtacha, go háirithe maidir le REPowerEU, an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) agus clár an Aontais um Nascacht Shlán.
Go háirithe, le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1 cumhdaítear na heilimintí seo a leanas:
·coigeartú na hainmníochta buiséadaí agus na nótaí tráchta tar éis ghlacadh phlean agus Rialachán REPowerEU maille le leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar an Treoir maidir le Scéimeanna Trádála Astaíochtaí (CTA) agus ar an Rialachán maidir le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit;
·aistriú líne oibríochtúil SCCT ó cheannteideal 1 go ceannteideal 3 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), i gcomhréir leis an gcomhaontú deiridh a tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air i mí na Nollag 2022 maidir le bunú SCCT, agus coigeartú á dhéanamh ar an soláthar foirne agus ar leithreasuithe riaracháin eile faoi cheannteideal 7 de réir an ráitis airgeadais reachtaigh athbhreithnithe;
·athneartú Chlár an Aontais um Nascacht Shlán sa Spás trí bhíthin mhéid EUR 50 milliún mar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, d’fhonn maoiniú an chláir a thabhairt chun críche don tréimhse go dtí deireadh na bliana 2027;
·coigeartú ar an ranníocaíocht a dhéanann an tAontas leis na heintitis seo a leanas, agus/nó coigeartú ar an líon foirne a thugann an tAontas dóibh, mar atá, an tÚdarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), an Gníomhaireacht um thacaíocht do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) chun athruithe ar a sainorduithe a chur san áireamh;
·coigeartú ar phlean bunaíochta na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA) chun mionathrú ar struchtúr foirne na gníomhaireachta feidhmiúcháin a chur san áireamh;
·méadú a chur ar leibhéil leithreasuithe riaracháin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) chun táillí dlí a mhaoiniú tar éis méadú a theacht ar chásanna dlíthíochta a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Ar an iomlán, is é méadú EUR 52,6 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas tionchar glan DAB 1 ar chaiteachas. Ní iarrtar aon leithreasuithe breise faoi chomhair íocaíochtaí.
2.REPowerEU
Tá athrú suntasach tar éis teacht ar an gcomhthéacs geopholaitiúil ó glacadh an Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, mhol an Coimisiún an 18 Bealtaine 2022 cumhacht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a athneartú trí bhíthin an phlean REPowerEU.
Sa Rialachán maidir le caibidlí tiomnaithe REPowerEU a chruthú sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, sainítear cuspóirí sonracha REPowerEU ar cheart aghaidh a thabhairt orthu leis na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe atá le háireamh sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá ann cheana. Ina theannta sin, déantar foráil sa Rialachán maidir le foinsí breise cistiúcháin thiomnaithe chun na bearta ábhartha a mhaoiniú. Áirítear leis sin ioncam breise ó cheantáil lamháltas tríd an gCóras Trádála Astaíochtaí faoi Threoir 2003/87/CE agus ó aistrithe deonacha ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit chomh maith. Déanfar an tacaíocht airgeadais bhreise a bhaineann le caibidlí REPowerEU a eisíoc mar fhorlíonadh leis an gcéad ranníocaíocht airgeadais de chuid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneacht agus, i gcás inarb infheidhme, leis an tacaíocht iasachta de réir sceideal coiteann tráthchodanna.
An 1 Feabhra 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún treoraíocht nua maidir leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Chun a áirithiú go gcuirfear bearta REPowerEU chun feidhme go mear, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun a gcuid pleananna modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta, a mbeidh na caibidlí REPowerEU ar áireamh iontu, a chur isteach faoin 30 Aibreán 2023. Titeann an dáta sin roimh spriocdháta dlíthiúil an 31 Lúnasa 2023, agus é á chur san áireamh gurb é deireadh na bliana 2023 an sprioc-am atá ann i gcomhair ghealladh na méideanna atá ar fáil faoin sciar 30 % eile den leithdháileadh deontais. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann na gealltanais bhuiséadacha a dhéanamh go tráthúil nuair a ghlacfar cinntí cur chun feidhme na Comhairle, molann an Coimisiún na coigeartuithe breise is gá a dhéanamh ar an ainmníocht bhuiséadach agus ar na nótaí tráchta i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1. Dá réir sin, molann an Coimisiún líne bhuiséid nua 16 02 04 ‘Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta - Ranníocaíocht ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit’ a chruthú mar a leanas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
16 02 04
|
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta — ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit
|
p.m.
|
p.m.
|
|
Iomlán
|
p.m.
|
p.m.
|
Ina theannta sin, moltar líne bhuiséid 08 03 05 ‘An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta - Ranníocaíocht ó CETFT’ agus meastacháin maidir leis an gcistiú breise ó REPowerEU CTA a chur ar áireamh i gCaibidil buiséid 06 02 – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus Ionstraim Tacaíochta Teicniúla.
Leagtar amach na nótaí tráchta buiséid comhfhreagracha san iarscríbhinn bhuiséadach.
3.Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)
An chéad mholadh ón gCoimisiún maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) a bhunú, bhí sé bunaithe ar shamhail rialachais dhíláraithe ina mbeadh rannpháirtíocht shuntasach ó na Ballstáit maidir leis an sásra a chur chun feidhme. Mar a leagadh amach sa ráiteas airgeadais reachtach bunaidh a bhí ag gabháil leis an togra, leis an tsamhail sin ba ghá córas TF réasúnta beag a fhorbairt (rud a mhol an Coimisiún a mhaoiniú i nDréachtbhuiséad 2023 faoi cheannteideal oibríochtúil 1 An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha) agus ba ghá acmhainní daonna teoranta a bheith ann sa Choimisiún (líon uasta ocht bpost sa phlean bunaíochta faoi lánluas cúrsála, a bheidh le maoine faoi cheannteideal 7 An Riarachán Poiblí Eorpach).
Maidir leis an gcomhaontú deiridh ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air i mí na Nollag 2022 i ndáil le bunú an tSásra, áfach, tá sé bunaithe ar shamhail rialachais láraithe inar gá rannpháirtíocht láidir ón gCoimisiún maidir le córas TF mór a chur chun feidhme agus chun é a fhorbairt agus a cothabháil. An tráth céanna, níor choinnigh na comhreachtóirí an rogha maidir le SCCT a mhaoiniú ó ioncam sannta seachtrach a fhabhraíonn ón gCóras Trádála Astaíochtaí. Dá bhrí sin, caithfear costais mhéadaithe an chórais TF a mhaoiniú ón gcorrlach faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 3 (Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol), ach caithfear costais na foirne breise sa Choimisiúin a mhaoiniú faoi cheannteideal 7.
An 1 Feabhra 2023, tharchuir an Coimisiún ráiteas airgeadais reachtach athbhreithnithe chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ina leagtar amach tionchar buiséadach na samhla rialachais nua lena gcumhdaítear an tréimhse 2023-2027. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tionchar na bliana airgeadais 2023 a áireamh i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1, le roinnt mionlaghduithe ar leithreasuithe i gcomparáid leis na meastacháin sa ráiteas airgeadais reachtach athbhreithnithe le haghaidh 2023. Go háirithe, i bhfianaise an ghá atá ann dlús a chur leis na hullmhúcháin maidir leis an gcóras TF a chruthú, bhí an Coimisiún in ann méid EUR 7,7 milliún de na riachtanais SCCT a sainaithníodh sa ráiteas airgeadais reachtach athbhreithnithe a chumhdach le leithreasuithe atá ar fáil faoi na gClár Custaim agus Fiscalis in 2023.
Dá réir sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún líne bhuiséid nua a chruthú le haghaidh SCCT i gceannteideal 3 ina mbeidh leibhéal EUR 4,1 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leibhéal EUR 1,6 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi seach, agus beartaítear an líne bhuiséid atá ann cheana i gceannteideal 1 a scriosadh, agus is mar a leanas a chuirfear na leithreasuithe leis an gcorrlach comhfhreagrach faoi cheannteideal 1:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreálaithe (Cúlchiste le haghaidh airteagal buiséid 03 20 03 02)
|
-2 250 000
|
-2 250 000
|
|
09 20 04 01
|
Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha
|
4 150 000
|
1 565 679
|
|
Iomlán
|
1 900 000
|
- 684 321
|
Maidir le soláthar foirne, bhí an Coimisiún go hiomlán réidh chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais foirne tosaigh, arbh é a bhí ann suas le hocht bpost faoin tsamhail rialachais dhíláraithe, trí acmhainní a ath‑leithdháileadh agus athord tosaíochta a chur ar acmhainní laistigh de den institiúid, i gcomhréir le beartas an tsoláthair foirne chobhsaí a chuir an Coimisiún chun feidhme ó thús an CAI reatha. Meastar, áfach, go mbeidh líon foirne 90 de dhíth chun bainistiú láraithe SCCT a áirithiú ar lánluas cúrsála, dá mbeidh 16 phost agus ceithre bhall foirne sheachtracha de dhíth in 2023. Anuas air sin, ó tharla gur chomhlíon an Coimisiún a riachtanais i réimsí tosaíochta eile faoina bheartas foirne cobhsaí le blianta beaga anuas, amhail freagairt COVID‑19, an éigeandáil fuinnimh agus an obair fhorleathan i ndáil leis an Úcráin, ní féidir teacht ar líon mór foirne den sórt sin trí ath‑imlonnú, gan gníomhaíochtaí criticiúla leanúnacha eile a chur i mbaol. Sin é an fáth gur eisigh an Coimisiún ráiteas aontaobhach maidir le maoiniú acmhainní daonna le haghaidh SCCT an 1 Feabhra 2023:
‘Maidir leis an gcomhaontú críochnaitheach a thug na comhreachtóirí i gcrích i ndáil leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) a bhunú, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil forbairt shuntasach tagtha air i dtéarmaí na n‑acmhainní daonna is gá chun é a chur chun feidhme laistigh den Choimisiún, i gcomparáid leis an ráiteas airgeadais reachtach a bhí ag gabháil leis an togra bunaidh (COM(2021) 564 final an 14.07.2021), ar ráiteas é a bhí bunaithe ar shamhail díláraithe cur chun feidhme.
Mar thoradh ar na hacmhainní daonna breise de chuid an Choimisiúin a cheanglaítear leis an gcomhaontú críochnaitheach a d’fhormhuinigh na comhreachtóirí, ní bheidh an Coimisiún in ann an prionsabal a bhaineann le soláthar cobhsaí foirne a urramú, agus beidh acmhainní breise de dhíth ar an gCoimisiún, ar acmhainní iad a bheidh le húdarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle le linn an nós imeachta buiséadach bliantúil in éindí leis na leithreasuithe buiséadacha gaolmhara.
Gan aon acmhainní breise, amhail an t‑ioncam sannta seachtrach a fhabhraíonn ó CTA, ní féidir teacht go héasca ar roghanna chun na costais riaracháin riachtanacha SCCT (foireann agus TF) a mhaoiniú. Is ar an bprionsabal a bhaineann le soláthar cobhsaí foirne a bunaíodh ‘Ceannteideal 7 - Riarachán Poiblí Eorpach’ de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus níl aon lamháil ann chun oifigigh bhreise a mhaoiniú.
Leis an gcorrlach atá i gCeannteideal 3 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol d’fhéadfaí, i bprionsabal, caoi a thabhairt do chaiteachas a bhaineann le TF, faoi réir a theorainneacha. Mar thoradh ar infhaighteachtaí laghdaithe faoin gceannteideal, cuirfear teorainn le cumas bhuiséad an Aontais tosaíochtaí polaitiúla nua a mhaoiniú.’
Is i bhfianaise an chúlra sin a iarrann an Coimisiún anois go bhfaighidh sé 16 phost bhreise ina phlean bunaíochta oibriúcháin agus ceathrar gníomhairí ar conradh in 2023, chomh maith le méid comhfhreagrach EUR 1,5 milliún chun an caiteachas riaracháin gaolmhar a chumhdach faoi cheannteideal 7, ag glacadh leis go n‑earcófar iad ar an meán i lár na bliana.
Beidh na baill foirne bhreise sin ag déanamh cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme SCCT agus an tionscadail TF araon. Dá réir sin, le 12 phost AD tabharfar aghaidh ar ualach oibre 2023 a bhaineann le roinnt gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, leis an modheolaíocht le haghaidh astaíochtaí leabaithe a ríomh, le formhaoirseacht freagrachta airgeadais agus le conarthaí agus tuarascálacha. Beidh foireann an Choimisiúin ag teastáil freisin chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú chóras SCCT agus chun an córas TF a chur chun feidhme. Ina theannta sin, mar gheall ar thábhacht straitéiseach, ollmhéid agus castacht thionscadal TF SCCT meastar go mbeidh foireann thiomnaithe TF SCCT ar a mbeidh líon iomlán 15 FTEnna ag teastáil chun cur chun feidhme foriomlán agus oibríochtaí foriomlána an tionscadail a bhainistiú. Tá an Coimisiún tar éis seachtar FTEnna a ath‑imlonnú go hinmheánach cheana féin. Dá bhrí sin, tá gá le ochtar FTEnna breise in 2023, a mbeidh ceathrar díobh ina bpost AD agus ceathrar díobh ina ngníomhairí ar conradh.
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
20 01 02 01
|
Luach saothair agus liúntais — Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta
|
764 000
|
764 000
|
|
20 01 02 02
|
Speansais agus liúntais a bhaineann le hearcú, aistrithe agus foirceannadh seirbhíse — Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta
|
181 000
|
181 000
|
|
20 02 01 01
|
Baill foirne ar conradh
|
122 591
|
122 591
|
|
20 02 06 01
|
Speansais mhisin agus ionadaíochta
|
75 000
|
75 000
|
|
20 02 06 02
|
Speansais a bhaineann le cruinnithe, grúpaí saineolaithe agus comhdhálacha
|
200 000
|
200 000
|
|
20 02 06 03
|
Cruinnithe coistí
|
27 000
|
27 000
|
|
20 02 06 04
|
Staidéir agus comhairliúcháin
|
100 000
|
100 000
|
|
Iomlán
|
1 469 591
|
1 469 591
|
Leagtar an plean bunaíochta nuashonraithe amach san iarscríbhinn bhuiséadach.
4.Clár an Aontais um Nascacht Shlán
Sa chruinniú tríthaobhach deiridh an 23 Samhain 2022, chomhaontaigh na comhreachtóirí ardú EUR 50 milliún a chur ar mhaoiniú thionscnamh an Aontais um Nascacht Shlán ón gcorrlach neamh‑leithdháilte faoi uasteorainn caiteachais Cheannteideal 1. Chun an comhaontú sin a chur chun feidhme, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún méid EUR 50 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur san áireamh i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1, beart a rannchuideoidh le seoladh na nósanna imeachta soláthair in 2023. Meastar gur leor leibhéal reatha na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad 2023 chun riachtanais íocaíochta na bliana seo a chumhdach.
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
04 03 01
|
Clár an Aontais um Nascacht Shlán — Ranníocaíocht ó Cheannteideal 1
|
50 000 000
|
0
|
|
Iomlán
|
50 000 000
|
0
|
5.Gníomhaireachtaí díláraithe
5.1
An tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid (ÚFA)
Leis an togra ón gCoimisiún chun an tÚdarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac a bhunú, foráladh go dtosófaí ar na gníomhaíochtaí in 2023. I gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán Airgeadais, cuireadh méid EUR 1 085 270 mar a foráladh le haghaidh 2023 isteach sa chúlchiste (an teideal ‘forálacha’). Mar gheall ar chaibidlíochtaí níos faide maidir leis an togra, ní thosófar ar an gníomhaíochtaí go dtí 2023 agus dá bhrí sin is féidir an méid sa chúlchiste a chur ar ceal. Tiocfaidh méadú dá réir ar an gcorrlach i gceannteideal 1.
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreálaithe (Cúlchiste i gcomhair airteagal buiséid 03 10 05)
|
- 1 085 270
|
- 1 085 270
|
|
Iomlán
|
- 1 085 270
|
- 1 085 270
|
5.2
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)
Beartaítear síneadh a chur le sainordú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) trí bhíthin an dá thionscnamh nua seo a leanas.
Ar an gcéad dul síos, leis an Rialachán ón gComhairle lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus trí thagarmharcanna praghais iontaofa, cuirtear de chúram ar ACER uirlis measúnaithe praghsanna oibiachtúil a chruthú, agus tagarmharc a chruthú le himeacht ama, maidir le hallmhairiúcháin gáis nádúrtha leachtaithe (GNT) an Aontais trí fhaisnéis fíor-ama a bhailiú maidir le gach idirbheart laethúil. Chun a chumasú don ghníomhaireacht a cúraimí nua a chur i gcrích, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún méadú EUR 1,83 mhilliún a chur ar rannaíocht an Aontais le ACER in 2023. Ar an méid sin áirítear cúig phost bhreise a mhaoiniú i bplean bunaíochta na gníomhaireachta. Beartaítear an méadú ar ranníocaíocht an Aontais le ACER a fritháireamh ó chlár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa - Fuinneamh (SCE - Fuinneamh).
Ar an dara dul síos, leis an Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard foráiltear go soláthróidh ACER tacaíocht maidir leis faireachán, gníomhachtú agus fionraí an tsásra ceartúcháin margaidh. Tá cúraimí breise i gceist leis sin lena n‑áirítear cúraimí maidir le feidhmiú na margaí tráchtearraí agus slándáil an tsoláthair, ar cúraimí iad nach bhfuil mar chuid de ról an Choimisiúin faoi láthair. Chun a chumasú don ghníomhaireacht a cúraimí nua a chur i gcrích, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún méadú EUR 942 000 a chur ar rannaíocht an Aontais le ACER in 2023. Ar an méid sin áirítear sé phost bhreise a mhaoiniú i bplean bunaíochta na gníomhaireachta. Beartaítear an méadú ar ranníocaíocht an Aontais le ACER a fritháireamh ó chlár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa - Fuinneamh (SCE - Fuinneamh).
Seo a leanas an tionchar foriomlán ar chaiteachas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
02 10 06
|
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)
|
2 772 000
|
2 772 000
|
|
02 03 02
|
SCE - Fuinneamh
|
- 2 772 000
|
- 2 772 000
|
|
Iomlán
|
0
|
0
|
Leagtar an plean bunaíochta nuashonraithe amach san iarscríbhinn bhuiséadach.
5.3
An Ghníomhaireacht um Thacaíocht do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC)
Ag éirí as deacrachtaí a bhí ag an nGníomhaireacht um Thacaíocht do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC) i ndáil le líon leordhóthanach de phoist gníomhairí sealadacha a leithdháileadh dá croí‑fheidhmeanna bainistíochta agus riaracháin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún post amháin a chur leis an bplean bunaíochta. Déanfar an post breise bunaíochta a mhaoiniú laistigh den ranníocaíocht ón Aontas atá ann cheana.
Leagtar an plean bunaíochta nuashonraithe amach san iarscríbhinn bhuiséadach.
5.4
An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA)
Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le cadhnraí agus cadhnraí dramhaíola beartaítear cúraimí nua a shannadh don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán – Treoracha comhshaoil agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta (ECHA), a rabhthas ag súil leis go mbeadh suim EUR 602 000 in 2023 ag teastáil uaithi, ar suim í a bheidh le fritháireamh ó chlár LIFE. I gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán Airgeadais, cuireadh an méid sin isteach sa chúlchiste (an teideal ‘forálacha’). Tar éis ráiteas airgeadais reachtach athbhreithnithe a bheith scaipthe, tá cuireadh an tionchar comhfhreagrach ar atráth go dtí 2024. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leithdháileadh 2023 do chlár LIFE a chur ar ais chuig clár LIFE mar seo a leanas:
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn III – An Coimisiún
|
|
30 02 02
|
Leithreasuithe difreálaithe (Cúlchiste d’airteagal buiséid 09 10 01)
|
- 602 000
|
- 602 000
|
|
09 02 02
|
An geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil
|
602 000
|
602 000
|
|
Iomlán
|
0
|
0
|
6.Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
6.1
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA)
Is gá plean bunaíochta na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA) a leasú chun athrú ar an struchtúr foirne sa ghníomhaireacht a chur san áireamh. Dá bhrí sin, iarrtar uasghrádú ó phost AST amháin go post AD amháin, ar uasghrádú é atá neodrach ó thaobh buiséid de agus nach mbeidh aon tionchar ag gabháil leis ar chaiteachas riaracháin na gníomhaireachta le haghaidh 2023.
Leagtar an plean bunaíochta nuashonraithe amach san iarscríbhinn bhuiséadach.
7.An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
Le ról MECS i gcur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí
ceanglaítear athneartú EUR 300 000 a chur lena bhuiséad, chun táillí dlíthiúla a mhaoiniú mar thoradh ar mhéadú i líon na gcásanna dlíthíochta.
Ó tharla go bhfuil a ngníomhaíochtaí forfheidhmithe á bhforbairt ag na hÚdaráis Náisiúnta Cosanta Sonraí, is gá don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) idirghabháil a dhéanamh i níos mó díospóidí, ar freagracht uathúil é i dtírdhreach rialachais rialála dhigitigh an Aontais. Bíonn ról lárnach ag cinntí ceangailteacha EDPB chun a áirithiú go gcuireann na hÚdaráis Mhaoirseachta náisiúnta an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach. Le cinntí ceangailteacha tugtar aghaidh ar ábhair mhórscála trasteorann, agus tugtar aghaidh go ginearálta ar ábhair chasta i ndáil le hoibríochtaí próiseála a dhéanann príomhghníomhaithe. Dá bhrí sin, tugtar dúshlán cinntí den sórt sin os comhair na Cúirte Ginearálta. Ag éirí as ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 i gCás t‑709/21 WhatsApp v EDPB meastar go bhfuil gníomhaíochtaí an rialaitheora ar a ndíríonn an t‑imscrúdú neamh‑inghlactha. Mar sin féin, tá an t‑ordú sin faoi achomharc faoi láthair, rud a chiallaíonn nach bhfuil faoiseamh EDPB ón sruth dlíthíochta sin críochnaitheach go fóill agus beidh sé ag brath ar cé acu a dhearbhóidh nó nach ndearbhóidh an Chúirt Bhreithiúnais ordú na Cúirte Ginearálta.
Seolfar tuilleadh gníomhaíochtaí go luath, agus faoi mhí an Mhárta 2023 beidh ar EDPB déileáil le naoi gcás dlíthíochta ag an am céanna. Bíonn cúnamh ó ghnólacht dlí ag teastáil maidir le haighneachtaí EDPB i leith nósanna imeachta ó tharla go dtugtar aghaidh leo go ginearálta ar cheisteanna dlíthiúla agus/nó nua maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí lena mbaineann cuid den obair dlíthíochta. Meastar go mbeidh gá le leibhéal iomlán leithreasuithe EUR 600 000 le haghaidh tacaíocht dhlíthiúil in 2023. Tar éis measúnú críochnúil a dhéanamh ar an tslí atá ann i gcomhair ath‑imlonnú inmheánach laistigh de Theideal 3 de bhuiséad MECS, is féidir suim EUR 150 000 a ath‑imscaradh ó línte buiséid eile. Dá bhrí sin, agus ina theannta sin i bhfianaise an leibhéil tosaigh leithreasaí atá ar fáil ar an líne bhuiséid chomhfhreagrach, mar atá leibhéal EUR 150 000, tá sé beartaithe méadú EUR 300 000 a chur ar leibhéal na leithreasaí chun na críche sin.
|
EUR
|
|
Líne bhuiséid
|
Ainm
|
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
|
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
|
|
Roinn IX – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
|
|
3 0 4 5
|
Comhairliúchán seachtrach agus staidéir sheachtracha
|
300 000
|
300 000
|
|
Iomlán
|
300 000
|
300 000
|
8.Maoiniú
Ar an iomlán, is é méadú EUR 52,6 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas tionchar glan DAB 1 ar chaiteachas. Ní iarrtar aon leithreasuithe breise faoi chomhair íocaíochtaí.
9.Tábla achoimre de réir cheannteideal CAI
In EUR
|
|
Buiséad 2023
|
Dréachtbhuiséad Leasaitheach 1/2023
|
Buiséad 2023 (lena n‑áirítear DBL 1/2023)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
LfcG
|
LfcÍ
|
LfcG
|
LfcÍ
|
LfcG
|
LfcÍ
|
|
|
1.
|
An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha
|
21 548 go 391 859
|
20 901 427 344
|
46 664 730
|
-3 335 270
|
21 595 056 589
|
20 898 092 074
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
21 727 000 000
|
|
|
|
21 727 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
178 608 141
|
|
- 46 664 730
|
|
131 943 411
|
|
|
|
2.
|
Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna
|
70 586 704 063
|
58 058 661 399
|
|
|
70 586 704 063
|
58 058 661 399
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
182 220 073
|
|
|
|
182 220 073
|
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoi Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)
|
280 000 000
|
|
|
|
280 000 000
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
70 137 000 000
|
|
|
|
70 137 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
12 516 010
|
|
|
|
12 516 010
|
|
|
|
2a.
|
An comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
|
62 926 483 990
|
50 874 959 229
|
|
|
62 926 483 990
|
50 874 959 229
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
62 939 000 000
|
|
|
|
62 939 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
12 516 010
|
|
|
|
12 516 010
|
|
|
|
2b.
|
Athléimneacht agus luachanna
|
7 660 220 073
|
7 183 702 170
|
|
|
7 660 220 073
|
7 183 702 170
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
182 220 073
|
|
|
|
182 220 073
|
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoi Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)
|
280 000 000
|
|
|
|
280 000 000
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
7 198 000 000
|
|
|
|
7 198 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.
|
Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
57 259 258 225
|
57 455 744 586
|
4 150 000
|
1 565 679
|
57 263 408 225
|
57 457 310 265
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
57 295 000 000
|
|
|
|
57 295 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
35 741 775
|
|
-4 150 000
|
|
31 591 775
|
|
|
|
|
Lena n‑áirítear: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha
|
40 692 211
|
40 698 181 356
|
|
|
40 692 211
|
40 698 181 356
|
|
|
|
Fo-uasteorainn CERT
|
41 518 000 000
|
|
|
|
41 518 000 000
|
|
|
|
|
Difríocht an tslánaithe arna eisiamh chun an fochorrlach a ríomh
|
800 000
|
|
|
|
800 000
|
|
|
|
|
Glanaistrithe idir CERT agus CETFT
|
- 825 800 000
|
|
|
|
- 825 800 000
|
|
|
|
|
An glan-iarmhéid atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT (fo-uasteorainn arna ceartú le haistrithe idir CERT agus CETFT)
|
40 693 000 000
|
|
|
|
40 693 000 000
|
|
|
|
|
Fochorrlach CERT
|
789 000
|
|
|
|
789 000
|
|
|
|
4.
|
Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
|
3 727 311 518
|
3 038 380 252
|
|
|
3 727 311 518
|
3 038 380 252
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
3 814 000 000
|
|
|
|
3 814 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
86 688 482
|
|
|
|
86 688 482
|
|
|
|
5.
|
An tSlándáil agus an Chosaint
|
2 116 636 829
|
1 208 374 612
|
|
|
2 116 636 829
|
1 208 374 612
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
170 636 829
|
|
|
|
170 636 829
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
1 946 000 000
|
|
|
|
1 946 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
6.
|
An Chomharsanacht agus an Domhan
|
17 211 879 478
|
13 994 937 845
|
|
|
17 211 879 478
|
13 994 937 845
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
882 879 478
|
|
|
|
882 879 478
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
16 329 000 000
|
|
|
|
16 329 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
7.
|
An Riarachán Poiblí Eorpach
|
11 311 349 927
|
11 311 349 927
|
1 769 591
|
1 769 591
|
11 313 119 518
|
11 313 119 518
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uasteorainn
|
11 419 000 000
|
|
|
|
11 419 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
107 650 073
|
|
- 1 769 591
|
|
105 880 482
|
|
|
|
|
lena n‑áirítear: Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí
|
8 743 830 451
|
8 743 830 451
|
1 769 591
|
1 769 591
|
8 745 600 042
|
8 745 600 042
|
|
|
|
Fo-uasteorainn
|
8 772 000 000
|
|
|
|
8 772 000 000
|
|
|
|
|
Fochorrlach
|
28 169 549
|
|
- 1 769 591
|
|
26 399 958
|
|
|
|
Leithreasuithe le haghaidh ceannteideal
|
183 761 531 899
|
165 968 875 965
|
52 584 321
|
0
|
183 814 116 220
|
165 968 875 965
|
|
|
|
Uasteorainn
|
182 667 000 000
|
168 575 000 000
|
|
|
182 667 000 000
|
168 575 000 000
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoin Ionstraim Sholúbthachta
|
1 235 736 380
|
948 114 733
|
|
|
1 235 736 380
|
948 114 733
|
|
|
|
Lena n‑áirítear faoi Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)
|
280 000 000
|
|
|
|
280 000 000
|
|
|
|
|
Corrlach
|
421 204 481
|
3 554 238 768
|
- 52 584 321
|
0
|
368 620 160
|
3 554 238 768
|
|
|
|
Ionstraimí speisialta téamacha
|
2 855 153 029
|
2 679 794 000
|
|
|
2 855 153 029
|
2 679 794 000
|
|
|
Iomlán na leithreasuithe
|
186 616 684 928
|
168 648 669 965
|
52 584 321
|
0
|
186 669 269 249
|
168 648 669 965
|
|