|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3166 |
19.12.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3166 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2024
maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, maidir lena húdarú haghaidh muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae, bainbh dhiúil de gach speiceas Suidae agus cránacha de gach mionspeiceas Suidae (sealbhóir an údaraithe: Kemin Europa N.V.), agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, (AE) Uimh. 787/2013 agus (AE) 2017/2276
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le breiseáin a údarú lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú, a mhodhnú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Údaraíodh ullmhóid arb é atá inti Bacillus velezensis ATCC PTA-6737, a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Bacillus subtilis ATCC PTA-6737, ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013 ón gCoimisiún (2), le haghaidh bainbh scoite agus Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013 ón gCoimisiún (3), le haghaidh cránacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 ón gCoimisiún (4) agus le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún (5). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’. Áiríodh san iarratas sin togra chun coinníollacha an údaraithe bhunaidh a leasú, arb é atá ann méadú ar íostiúchan an oibreáin ghníomhaigh san ullmhóid ó 1 × 1010 CFU/g breiseán go 8 × 1010 CFU/g breiseán agus an fhéidearthacht an breiseán a úsáid in éineacht leis an gcoicideastat halafuganón a chur leis. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas eile isteach chun údarú na hullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’. Áiríodh san iarratas sin togra chun coinníollacha na n-údaruithe bunaidh a leasú, arb é atá ann méadú ar íostiúchan an oibreáin ghníomhaigh san ullmhóid ó 1 × 1010 CFU/g breiseán go 8 × 1010 CFU/g breiseán, agus, a mhéid a bhaineann lena húsáid le haghaidh cránacha, deireadh a chur leis an srian maidir lena húsáid le haghaidh cránacha ó 3 seachtaine roimh an mbreith go dtí na tréimhse iomláine lachta. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar údarú maidir le húsáidí nua na hullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737. Bhain an t-iarratas sin le húdarú na hullmhóide mar bhreiseán beathaithe a leathnú chuig gach Suidae, cráin agus mionspeiceas mucúil atáirgthe atá ag fás, rud arb ionann é agus úsáid nua le haghaidh muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae, bainbh diúil de gach speiceas Suidae agus cránacha de mhionspeicis Suidae. Iarradh san iarratas go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’ agus bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun modhnú a dhéanamh ar théarmaí údarú na hullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 a mhéid a bhaineann le húsáid sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe. Bhain an t-iarratas sin le hiarraidh ar íoschion an bhreiseáin a mhéadú ó 1 x 107 CFU/kg d’ábhar beatha iomlán go 1 x 108 CFU/kg d’ábhar beatha iomlán agus an fhéidearthacht a chur leis an mbreiseán a úsáid in éineacht leis an gcoicideastat halafuganón. |
|
(7) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 5 Eanáir 2024 (6) agus an 2 Feabhra 2024 (7) go bhfuil an ullmhóid Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 fós sábháilte do gach speiceas éanlaithe clóis, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, do thomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair agus ós rud é nár modhnaíodh comhdhéanamh agus próiseas monaraíochta an bhreiseáin go substaintiúil. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go bhfuil an breiseán sábháilte do gach Suidae, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach greannaitheoir craicinn ná súl í an ullmhóid, ach gur cheart a mheas gur íogróir riospráide í, cé nach bhféadfaí teacht ar aon chonclúid maidir le hacmhainneacht an bhreiseáin a bheith ina íogróir craicinn. Mheas an tÚdarás go bhféadfadh an breiseán a bheith éifeachtúil i sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga/le haghaidh pórúcháin (‘gach éanlaith clóis atá ag fás’) ar an íosleibhéal úsáide 1 × 108 CFU/kg d’ábhar beatha iomlán agus i ngach Suidae atá ag fás (na catagóir diúil, scoite agus lena ramhrú) ar an íosleibhéal cuimsithe 1 × 107 CFU/kg d’ábhar beatha iomlán agus i gcránacha agus mionspeicis Suidae atáirgthe ag 1 × 108 CFU/kg d’ábhar beatha iomlán. Ina theannta sin, chinn an tÚdarás sa tuairim uaidh an 2 Feabhra 2024 maidir le húsáid an bhreiseáin le haghaidh éanlaith chlóis go bhfuil an breiseán comhoiriúnach leis an gcoicideastat halafuganón. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(8) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar thángthas orthu le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs na n-údaruithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis na feidhmeanna reatha. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (8), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(9) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha. Thairis sin, ba cheart úsáid an bhreiseáin a údarú le haghaidh muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae, bainbh diúil de gach speiceas Suidae agus cránacha de mhionspeicis Suidae. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(10) |
Ina theannta sin, i bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann údarú na hullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 fós na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 nuair a mhodhnaítear a théarmaí a mhéid a bhaineann le húsáid sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga, trí íoschion an bhreiseáin a mhéadú go 1 x 108 CFU/kg d’ábhar beatha iomlán agus tríd an bhféidearthacht an breiseán a úsáid in éineacht leis an gcoicideastait halabúigionón a chur leis. Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
Mar thoradh ar údarú na hullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, (AE) Uimh. 787/2013 agus (AE) 2017/2276 a aisghairm. |
|
(12) |
Ós rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na hullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 a chur i bhfeidhm láithreach le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, mionspeicis éanlaithe clóis seachas éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan nó modhnú na n-údaruithe lena mbaineann a chomhlíonadh. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Údarú na hullmhóide a shonraítear in Iarscríbhinn I, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, déantar é a athnuachan le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Údarú
An ullmhóid a shonraítear in Iarscríbhinn I, ullmhóid a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe le haghaidh muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae, bainbh diúil de gach speiceas Suidae agus cránacha de mhionspeicis Suidae, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366
Cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366.
Airteagal 4
Aisghairm
Aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, (AE) Uimh. 787/2013 agus (AE) 2017/2276.
Airteagal 5
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe Bacillus velezensis ATCC PTA-6737, mar a údaraítear é le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, (AE) Uimh. 787/2013, (AE) 2017/2276 agus (AE) 2023/366 agus réamh-mheascáin ina bhfuil an breiseán sin, nithe atá beartaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, mionspeicis éanlaithe clóis seachas éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, agus ar nithe iad a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 8 Iúil 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 8 Eanáir 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1, nithe atá beartaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, mionspeicis éanlaithe clóis seachas éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, agus ar nithe iad a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 8 Eanáir 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 8 Eanáir 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2013 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (IO L 220, 17.8.2013, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/787/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2013 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737) le haghaidh bainbh scoite agus Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (IO L 91, 3.4.2013, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/306/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2017 maidir le húdarú úsáide nua na hullmhóide Bacillus subtilis (ATCC PTA-6737) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (IO L 326, 9.12.2017, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2276/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2023 maidir le húdarú ullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, maidir lena húdarú le haghaidh éin ornáideacha, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (IO L 50, 17.2.2023, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/366/oj).
(6) EFSA Journal [Iris EFSA]; 2024;22:e8562.
(7) EFSA Journal [Iris EFSA]; 2024;22:e8650.
(8) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN I
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige. |
|||||||||||||||
|
4b1823i |
Kemin Europa N.V. |
Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 ina bhfuil íoschion 8 × 1010 CFU/g de bhreiseán Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Spóir inmharthana Bacillus velezensis ATCC PTA-6737. Modh anailíse (1) Áireamh: Modh an leata ar phláta ar agar soighe trioptóin (EN 15784) Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (LGBR) - CEN/TS 17697 nó modhanna seicheamhaithe ADN |
Muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae Bainbh de gach speiceas Suidae |
— |
1 × 107 |
— |
|
8 Eanáir 2035 |
||||||
|
Cránacha de gach speiceas Suidae Turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin |
|
1 × 108 |
|
||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
IARSCRÍBHINN II
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige. |
|||||||||||||||
|
4b1823i |
Kemin Europa N.V. |
Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 ina bhfuil íoschion 8 × 1010 CFU/g de bhreiseán; Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Spóir inmharthana Bacillus velezensis ATCC PTA-6737. Modh anailíse (1) Áireamh: Modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar soighe trioptóin (EN 15784) Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN |
Sicíní lena ramhrú Sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga Mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe |
— |
1 × 108 |
— |
|
9 Márta 2033 |
||||||
|
Éin ornáideacha |
|
1 × 107 |
|
||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3166/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)