|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/653 |
31.3.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/653 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Márta 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle (2), bunaíodh rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin chun an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus Ionchúisitheoirí Eorpacha a cheapadh. |
|
(2) |
Cé nach sonraítear i Rialachán (AE) 2017/1939 ná i Riail VI de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin cén t-údarás atá freagrach as an nglao oscailte ar iarrthóirí ar phost an Phríomh-Ionchúisitheora Eorpaigh a dhréachtú, a ghlacadh agus a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba é an Coimisiún a bhí freagrach as an gcéad ghlao oscailte ar iarrthóirí a dhréachtú, a ghlacadh agus a fhoilsiú agus cuireann sé an painéal roghnúcháin ar fáil don rúnaíocht, a scrúdaíonn na hiarratais. |
|
(3) |
Is gá a shoiléiriú, dá bhrí sin, gurb é an Coimisiún atá freagrach as an nglao oscailte ar iarrthóirí ar phost an Phríomh-Ionchúisitheora Eorpaigh a dhréachtú, a ghlacadh agus a fhoilsiú, tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle ar an leibhéal iomchuí. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I Riail VI.1 san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as an nglao oscailte ar iarrthóirí a dhréachtú, a ghlacadh agus a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir leis an dréachtghlao oscailte ar iarrthóirí, sula nglacfar é, ar an leibhéal iomchuí. Tar éis iarratais na n-iarrthóirí a fháil, déanfaidh an painéal roghnúcháin athbhreithniú ar na hiarratais i bhfianaise na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, mar a shonraíonn an Coimisiún a thuilleadh sa ghlao oscailte ar iarrthóirí. Iarrthóirí nach gcomhlíonann na ceanglais incháilithe, déanfar iad a eisiamh ó na chéad chéimeanna eile den nós imeachta. Rangóidh an painéal roghnúcháin na hiarrthóirí a chomhlíonann na ceanglais de réir a gcáilíochtaí agus a dtaithí, ar bhonn na doiciméadachta agus na faisnéise a cuireadh ar fáil san iarratas, nó a cuireadh ar fáil tar éis iarraidh de bhun Riail V. Tabharfaidh an painéal roghnúcháin éisteacht do líon leordhóthanach de na hiarrthóirí is airde rangú ionas go mbeidh sé in ann an gearrliosta dá dtagraítear i Riail VII.1 a bhunú. Is i bpearsa a dhéanfar an éisteacht, nó is trí fhís-chomhdháil a dhéanfar í ar chinneadh réasúnaithe an phainéil roghnúcháin, bíodh sé ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don iarrthóir. Sula gcinnfidh an painéal roghnúcháin ar a thionscnamh féin éisteacht a reáchtáil trí fhíschomhdháil, ceadóidh sé don iarrthóir a thuairimí a chur in iúl.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. HENNIG-KLOSKA
(1) IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 282, 12.11.2018, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1696/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/653/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)