|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1980 |
18.3.2024 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Pacáiste Faoisimh do FBManna agus BEFIT
(C/2024/1980)
|
MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS
SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
Barúlacha ginearálta
|
1. |
Is údar imní do CnaR méid na ndúshlán geopholaitiúil agus iomaíochais ar gá do ghnólachtaí na hEorpa a n-aghaidh a thabhairt orthu agus is olc leis an drochthionchar a imríonn na dúshláin chéanna ar athléimneacht eacnamaíoch an Aontais. Is fiontair bheaga nó mheánmhéide (FBManna) 99 % de ghnólachtaí an Aontais agus soláthraíonn siadsan dhá thrian de líon iomlán na bpost san Aontas. Ina fhianaise sin, is olc le CnaR an éiginnteacht nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a bhfuil ar na FBManna dul i ngleic léi faoi láthair agus cúrsaí geilleagair an domhain a luainí agus atá siad, cuir i gcás srianta na slabhraí soláthair, an ganntanas lucht saothair, agus an ganntanas scileanna go háirithe, na cleachtais éagóracha iomaíochta agus an brú rialála atá ag dul in olcas, rudaí a fhágann gur dúshlánaí fós do na FBManna dul i mbun a ngnó. |
|
2. |
Cuid de na dúshláin ar gá do na FBManna aghaidh a thabhairt orthu, is dúshláin sheanbhunaithe iad a bhí ann sular thit an ghéarchéim gheopholaitiúil reatha agus an ghéarchéim i ndiaidh phaindéim COVID-19 amach ar chor ar bith. Mar sin, is díol sásaimh do CnaR gur mian leis an gCoimisiún Eorpach na FBManna a chur i gcroílár an scéil ach molann sé an tacaíocht a thabhairt ar bhonn leanúnach agus réamhghníomhach seachas ar bhonn frithghníomhach. |
|
3. |
Tagann CnaR leis an gCoimisiún gur mar chuid de Straitéis Thionsclaíoch an Aontais is gá dul i ngleic leis na dúshláin úd, rud a chuirfidh leis an dul chun cinn atá déanta i dtaobh uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a chothú a bhuí leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh agus an Gníomh um Shliseanna. |
|
4. |
Is fiú cuimhneamh ar an teachtaireacht a chuir an Coimisiún Eorpach amach cheana féin maidir leis an tslándáil eacnamaíoch san Eoraip. Tá CnaR den tuairim gur cheart creat beartais leathan le haghaidh thionsclaíocht na hEorpa a bheith fite fuaite i gcláir athchóirithe náisiúnta na mBallstát agus i gcláir speisialtóireachta cliste na réigiún. |
|
5. |
Ina fhianaise sin, is díol sásaimh do CnaR an Teachtaireacht maidir leis an bPacáiste Faoisimh do FBManna agus na tograí reachtacha a ghabhann leis. Feictear dó go rabhthas ag súil le fada an lá lena leithéid de phacáiste reachtaíochta a chuirfeadh le hiomaíochas agus athléimneacht na FBManna, arb iad bunchloch gheilleagar na hEorpa iad. |
|
6. |
Is údar díomá do CnaR gur ag tráth fíordheireanach de shainordú polaitiúil an Choimisiúin a foilsíodh an Pacáiste Faoisimh do FBManna agus gur cuireadh moill, i ngeall air sin, ar an bhfreagairt chun dul i ngleic le drochthorthaí phaindéim Covid-19 agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ina measc siúd an ghéarchéim fuinnimh, fadhbanna i slabhraí soláthair an domhain agus an ráta boilscithe a bhfuil ardú as cuimse tagtha air. Is é is toradh air sin an téarnamh mall agus nach bhfuil FBManna na hEorpa ag cruthú chomh maith agus a bhíodh. |
|
7. |
Tá CnaR den tuairim go léiríonn an méid atá ag titim amach faoi láthair go bhfuil an tsochaí i mbaol an-chuid géarchéimeanna, agus go bhfuil an baol sin ag éirí níos práinní. Dá bhrí sin, ní mór an geilleagar a chur in oiriúint le go mbeidh sé inbhuanaithe, láidir agus athléimneach. Ní mór dúinn sinn féin a ullmhú don réaltacht nua ina mbeidh éiginnteacht ann mar thoradh ar theannas geopholaitiúil, tréimhsí paindéime agus teagmhais adhaimsire. Ar an gcaoi chéanna, caithfear tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun an t-athrú aeráide a chur ar mhalairt treo mar, de réir tuarascáil a d’fhoilsigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) in 2023, níor cuireadh deireadh go fóill leis an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain. Fágfaidh na dúshláin sin go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar dhálaí an gheilleagair. |
|
8. |
I dtaca le cuid mhór de na bearta beartais agus ionstraimí cistiúcháin a leagtar amach sa Phacáiste Faoisimh do FBManna, aontaíonn CnaR leis an gCoimisiún gur gá iad a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, d’fhonn tacú leis an bhfiontraíocht agus an nuálaíocht áitiúil agus buanna agus acmhainní gach réigiúin faoi seach a chur chun tairbhe. |
|
9. |
Teastaíonn ó CnaR go dtabharfaí aitheantas iomlán don phrionsabal ‘tús áite d’fhiontair bheaga’ mar pharaidím cheart atá bailí ó thús deireadh thimthriall reachtach an Aontais agus ba mhian go mór leis dá ndéanfadh an Coimisiún Eorpach agus na comhreachtóirí an prionsabal sin a ghlacadh chucu féin agus a chur chun feidhme ina iomláine san obair a dhéanann siad. San am céanna, meabhraíonn sé nár cheart cúrsaí inbhuanaitheachta a chur i leataobh de ghrá an phrionsabail ‘tús áite d’fhiontair bheaga’ toisc go bhfuil an inbhuanaitheacht leabaithe i mbeartais uile an Aontais, dar leis. |
|
10. |
Tá CnaR i bhfabhar Toscaire AE na FBManna a cheapadh a bheadh freagrach go díreach d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, rud a threiseodh ról Líonra Toscairí na FBManna agus an scagaire FBM; san am céanna, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an breisluach atá leis an ról a áirithiú ionas nach dtarlóidh dúbláil ar obair AS GROW. Molann sé sineirgí níos láidre a chothú idir Líonra Toscairí na FBManna agus na gníomhaithe ábhartha sna críocha. |
|
11. |
Iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach cuimhneamh ar chreat nua a thabhairt isteach a dhéanfadh idirdhealú idir gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, ar thaobh amháin, agus an chuid eile de na FBManna ar an taobh eile. Thabharfadh a leithéid de chreat aitheantas do ról ríthábhachtach an chéad ghrúpa cuideachtaí sin i mbaint amach an fháis eacnamaíoch, rud a chuirfidh comaoin ar chuspóirí an fháis ghlan-nialasaigh mar aon leis an mbreisluach atá acu i gcur chun cinn uathriail thionsclaíoch an Aontais. |
Faoiseamh ón ualach rialála agus an digiteáil
|
12. |
De réir thuairiscí na FBManna agus na gcomhlachtaí tionsclaíochta (1), tá an t-ualach rialála agus t-ualach riaracháin ar chuid de na constaicí is mó atá rompu, rud atá á lua go leanúnach acu. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CnaR an Pacáiste Faoisimh do FBManna a bheith, den chuid is mó, ina iarracht leigheas a chur ar an bhfadhb sin. Tá dúthracht in CnaR féin do dheireadh a chur le hualaí agus constaicí sa chomhthéacs trasteorann trí bhíthin a ndéantar ar an ardán dá chuid i dtaca leis an nGrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach. |
|
13. |
Tuigeann CnaR, má táthar chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus an comhthéacs domhanda ag éirí níos casta, go mbeidh gá le creat rialála simplithe atá solúbtha, sofhreagrúil agus comhréireach agus a fhreastalaíonn ar na cuspóirí atá beartaithe. Beidh sé sin ríthábhachtach go háirithe do na gníomhaithe eacnamaíocha is leochailí, cuir i gcás na micrifhiontair agus gnólachtaí teaghlaigh beaga. |
|
14. |
Tugann CnaR dá aire gealltanas an Choimisiúin go gcinnteoidh sé go ndéanfar gnáthchuid de cheapadh beartais an Aontais de na tástálacha FBM, na scagairí FBM agus na tástálacha iomaíochais. I dtaca leis na tástálacha FBM, ba cheart don Choimisiún Eorpach a chinntiú go bhfuil a ndóthain acmhainní ag stiúrthóireachtaí an Choimisiúin agus go bhfuil an cumas eagraíochtúil iontu tástálacha FBM ar ardchaighdeáin a dhéanamh. Mar chuid d’ullmhú na dréachtreachtaíochta, ba cheart an tástáil FBM a dhéanamh i gcónaí, in áit í a dhéanamh i gcás na gcomhad eacnamaíoch agus ina gcás sin amháin. De bhreis air sin, ba cheart a chur san áireamh mar chuid den tástáil sin tionchar carnach agus éifeacht síothlaithe na reachtaíochta lena mbaineann. Ba cheart an tástáil a thabhairt cothrom le dáta ar feadh an phróisis reachtaigh ar fad. Tá gá le sásraí den chineál céanna ar leibhéal na mBallstát, sásraí a chuireann san áireamh ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtrasuí dhlí an Aontais, gan ceanglais bhreise a chur leis an reachtaíocht. |
|
15. |
I dtaca leis an tástáil FBM, iarrann CnaR ar an gCoimisiún a chinntiú go ndéanfar idirdhealú sna measúnuithe tionchair idir aicmí méide difriúla na FBManna (micrifhiontair, fiontair bheaga, agus fiontair mheánmhéide) ionas gur féidir measúnú níos mine agus níos spriocdhírithe a dhéanamh ar thionchar gach tionscnaimh faoi seach, agus rannpháirt níos cuimsithí a thabhairt do gheallsealbhóirí na FBManna. |
|
16. |
I bhfianaise na hoibre atá déanta aige leis an ardán atá aige féin do Líonra na Mol Réigiúnach le haghaidh Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme Bheartais an Aontais (RegHub), teastaíonn ó CnaR go gcuirfí leis an ról atá aige i dtaca leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’. Teastaíonn uaidh freisin go dtreiseofaí na sineirgí atá idir na tástálacha FBM agus na measúnaithe tionchair chríochaigh, ós rud é go mbíonn formhór na FBManna ag feidhmiú sna margaí áitiúla. |
|
17. |
Iarrann CnaR ceangal a dhéanamh idir Líonra RegHub agus iarracht an Aontais an t-ualach a laghdú agus iarrann sé ar na húdaráis phoiblí ar gach leibhéal iarracht den chineál céanna chun cuíchóirithe a dhéanamh, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí. |
|
18. |
Is díol sásaimh do CnaR gealltanas an Choimisiúin ualach an tuairiscithe arb í an reachtaíocht Eorpach is cúis leis a laghdú faoi 25 %. Síleann sé gur fearr is féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach coincheap na coimhdeachta gníomhaí a chur chun feidhme agus dul i ndlúthchomhar le heagraíochtaí gnó agus comhlachais tráchtála. |
|
19. |
Tá CnaR suite de gur suntasach an méid a d’fhéadfadh an digiteáil a dhéanamh chun cuid de na bacainní atá roimh na FBManna a bhaint agus cuid den ualach is gá dóibh a iompar ó thaobh an tuairiscithe de a laghdú. Tá sé go hiomlán i bhfabhar moil Eorpacha nuálaíochta digití a scaipeadh ar fud an Aontais agus tá sé den tuairim go mbeadh a thuilleadh deiseanna fós ann sa réimse sin dá ndéanfaí an Tairseach Aonair Dhigiteach agus an Córas Teicniúil Aonuaire a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gceart. Mar sin féin, tá sé tábhachtach na FBManna a chur ar an eolas faoi na huirlisí nua sin, agus faoi na feidhmeanna a bhaineann leo, agus creideann CnaR gur ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach is fearr is féidir déanamh amhlaidh. |
|
20. |
Tugann CnaR dá aire gurb iomaí údarás áitiúil agus réigiúnach a bhfuil samplaí aige den dea-chleachtas i dtaca le bearta a cuireadh chun feidhme cheana féin chun faoiseamh ón ualach rialála agus ó ualach an tuairiscithe a thabhairt do FBManna. Is ar an aiseolas ó FBManna agus ó gheallsealbhóirí áitiúla atá an méid sin bunaithe. Tá saineolas ag CnaR, mar ionadaí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil san Aontas, chun na samplaí sin a bhailiú agus a gcur chun feidhme ar bhonn níos leithne a chur chun cinn. |
|
21. |
Is geal le CnaR moladh an Choimisiúin measúnuithe ‘ar an láthair’ a dhéanamh, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar an tionchar a d’imreofaí ar na FBManna agus ar an iomaíochas de thoradh na leasuithe suntasacha atá beartaithe ar thograí reachtacha an Choimisiúin. Molann sé páirt a thabhairt do rapóirtéirí ábhartha CnaR ann, ó bheidís in ann cur go fiúntach leis an bpróiseas a bhuí lena chóngaraí atá siad do na FBManna féin ar an leibhéal áitiúil. |
|
22. |
Cuireann CnaR i bhfáth go rachadh sé chun tairbhe do FMBanna na hEorpa dá dtógfaí naisc ní ba láidre idir an digiteáil agus an Clár Oibre maidir le Rialáil níos fearr san earnáil phoiblí, rud a d’fhéadfaí a dhéanamh ach leas a bhaint as an obair a rinneadh le déanaí i Líonra RegHub i dtaca leis an soláthar poiblí agus straitéisí idir-inoibritheachta na rialtas Eorpach, agus dul i gcomhar le gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha d’fhonn réitigh rialála nuálacha a aimsiú. |
|
23. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil na réigiúin agus na cathracha sásta smaointe nua a thriail agus go bhféadfaidís a bheith ina spás críochach ar a bhféadfaí boscaí gainimh rialála a óstáil d’fhonn rialacha agus rialachas is neamhdhíobhálaí don nuálaíocht a thástáil i dtimpeallacht theoranta agus tuairisc a thabhairt ansin ar na dea-chleachtais; tá mapáil á déanamh ag CnaR cheana féin ar thionscadail a chabhraíonn le FBManna an aimsir a sheasamh, mar shampla i réimse na hintleachta saorga (IS). Ag brath ar an bhfeidhm atá i gceist, cuireann réitigh IS ar chumas cuideachtaí dlús a chur leis na próisis nó na sreafaí oibre a dhéanamh níos éifeachtúla agus, dá réir sin, iad a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh costais de, ach d’fhéadfaí leas a bhaint as na réitigh sin freisin chun gurbh fhusa do chuideachtaí teagmháil a dhéanamh le húdaráis agus rialacha dlí agus riaracháin a chomhlíonadh, agus sin a dhéanamh ar chostas níos lú. Ba cheart smaointe dá leithéid sin a chur chun cinn ar bhonn ní ba leithne ar fud chathracha agus réigiúin an Aontais. |
|
24. |
An claochlú digiteach atá le cur i gcrích in earnáil na FBManna agus a bheidh ina fhoinse thacaíochta di, teastaíonn chuige sin córais teicneolaíochta faisnéise atá cothrom le dáta, a thugann muinín don earnáil agus a bhfuil na caighdeáin is airde cibearshlándáil acu. |
|
25. |
Ba cheart do pointe rochtana aonair digiteach an Aontais Eorpaigh éascaíocht a dhéanamh ar na hiarrachtaí maidir leis na rialacha a shimpliú agus a líon a laghdú agus maidir leis an digitiú a chur chun cinn. |
An infheistíocht agus an rochtain ar mhaoiniúchán
|
26. |
Feictear do CnaR go bhfuil infheistiú á dhéanamh ag an gcuid is mó de FBManna na hEorpa ina n-aistriú inbhuanaithe féin, cé gurb iondúil go mbíonn deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhaoiniúchán chuige sin agus na ceanglais tuairiscithe a ghabhann leis sin a láimhseáil. |
|
27. |
I bhfianaise an róil shuntasaigh atá ag maoiniúchán na mbanc, mar aon leis na teorainneacha a ghabhann leis na fóirdheontais atá ann cheana féin agus gur beag an bhaint atá ag na margaí caipitil le cás na FBManna, molann CnaR cur go suntasach le cumas na mbanc maoiniú inbhuanaithe a dhéanamh, agus maoiniú de chineálacha eile atá riachtanach má tá rath le bheith ar na FBManna, trí bhíthin na ndreasachtaí agus na rialála simplithe, gan an cuspóir atá ann go fadtéarmach a ligean i ndearmad, is é sin inbhuanaitheacht airgeadais na gcuideachtaí. |
|
28. |
Tá CnaR ar son éiceachórais láidre réigiúnacha a cheangal go dlúth le chéile ar an leibhéal Eorpach trí bhíthin an mhalartaithe eolais idirnáisiúnta idir na FBManna agus idir na rialtais réigiúnacha, go háirithe trí mheán na hinfheistíochta idir-réigiúnaí sa nuálaíocht. |
|
29. |
Tá CnaR i bhfabhar na n-uirlisí nua arna gcruthú mar chuid de Chlár Oibre Nua an Aontais um an Nuálaíocht, mar shampla gleannta nuálaíochta réigiúnacha a chruthú agus a iarraidh ar Réigiúin Fiontraíochta Eorpacha (RFEnna) ar leith teacht i dtír ar na deiseanna cistiúcháin agus comhair a ghabhann leo sin. |
|
30. |
Teastaíonn ó CnaR gur dhlúiche na sineirgí idir Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Clár InvestEU, an Clár don Eoraip Dhigiteach agus an clár ‘Fís Eorpach’ go háirithe, chun borradh a chur faoin gcomhar idir na FBManna, na hollscoileanna, na lárionaid teicneolaíochta, na moil Eorpacha nuálaíochtaí digití agus eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta eile. |
|
31. |
Leagann CnaR béim ar a riachtanaí i gcónaí atá an tacaíocht a thugtar do FBManna sa bheartas comhtháthaithe, go háirithe i gcomhthéacs na srianta soláthair, na bpraghsanna arda fuinnimh agus an bhoilscithe atá ann faoi láthair. Tá sé beartaithe os cionn EUR 23 bhilliún de chistí an bheartais comhtháthaithe a chaitheamh chun cuidiú le FBManna iad féin a mhéadú agus a fheabhsú ó thaobh an iomaíochais de. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach cláir oibríochtúla a chur ar bun i réigiúin an Aontais a luaithe agus is féidir agus aistriú cistiúcháin gan chúis ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint. |
|
32. |
Is mian le CnaR a chur in iúl gur díol sásaimh dó iarrachtaí an Choimisiúin chun iomaíochas na hEorpa a fheabhsú, lena n-áirítear trí bhíthin an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) arb é is aidhm dó infheistíochtaí a phríomhshruthú i dteicneolaíochtaí straitéiseacha a bhfuil ríthábhacht leo d’iomaíochas agus uathriail straitéiseach na hEorpa. Mar sin féin, athdhearbhaíonn sé an athuair an seasamh diúltach atá aige, rud a chuir sé in iúl le déanaí sa Tuairim Measúnú agus togra le haghaidh athbhreithniú ar CAI 2021-2027, ar chistiúchán de chuid an Bheartais Comhtháthaithe a aistriú chuig cuideachtaí móra sna réigiúin atá i mbun aistrithe, nó sna réigiúin is forbartha sna Ballstáit ar lú an olltáirgeacht intíre per capita atá acu ná meánleibhéal an Aontais, rud atá beartaithe sa togra lena mbunaítear STEP. |
|
33. |
Is mian le CnaR béim a chur ar an ngealladh atá faoin ról atá ag na cistí caipitil fiontair, sin agus ag an sluachistiú, i ndáil le feabhas a chur ar rochtain na FBManna ar mhaoiniú. Tá sé ag iarraidh gur fearr an t-aitheantas agus an tacaíocht a thabharfaí dóibh ós éifeachtach na huirlisí atá iontu chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin iomaíochas san Eoraip. |
|
34. |
Tá CnaR den tuairim gur féidir cineálacha éagsúla tacaíochta AE a chumasc chun príomhréimsí STEP a neartú. Os a choinne sin, ba cheart diúltú don chómhaoiniú a mhéadú go 100 % le haghaidh thosaíochtaí STEP. Mura n-iarrtar aon ranníocaíochtaí a chur leis an gcómhaoiniú, tá an baol ann go gcaillfear an ghné fhadtéarmach a bhíonn i gceist sna tionscadail. |
|
35. |
Tugann CnaR dá aire an togra reachtach a rabhthas ag súil leis le fada an lá maidir le cur in aghaidh na n-íocaíochtaí déanacha, rud atá i gcomhréir le Tuairim 1373/2020 ó CnaR maidir le Straitéis FBM. Tuigeann sé an bunús atá le rialacha íocaíochta dochta aonfhoirmeacha a fhorchur maidir le gnólachtaí uile an Aontais ach síleann sé nach ndéantar idirdhealú sna forálacha atá beartaithe idir íocaíochtaí déanacha agus téarmaí fada íocaíochta; |
|
36. |
Creideann CnaR go gcuirfeadh sé sin bacainn ar shaoirse conartha na FBManna agus, go sonrach, go mbainfí an bonn dá saoirse, agus iad ina bhfiontair phríobháideacha eacnamaíocha, chun téarmaí íocaíochta éagsúla a chomhaontú, trí gan ach foráil a dhéanamh maidir le haon uastréimhse íocaíochta 30 lá amháin in idirbhearta gnólacht le gnólacht, á chur san áireamh freisin go bhfuil leibhéil éagsúla rochtana ag fiontair ar chreidmheas san earnáil airgeadais ag brath ar mhéid an fhiontair féin (mar shampla, más fiontar beag, meánmhéide nó mór é). |
|
37. |
Tugann CnaR dá aire freisin go bhfuil imní ar roinnt earnálacha agus ar roinnt cineálacha FBManna go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar an earnáil miondíola go háirithe, arb earnáil í atá níos forleithne i gceantair thuaithe. Molann CnaR é sin a thabhairt isteach ar dtús ar bhonn céimnithe. |
|
38. |
Tá CnaR den tuairim go mbeadh sé áisiúil i dtaobh eolas a thabhairt do bheartais amach anseo dá ndéanfadh an Fhaireachlann Eorpach maidir le hÍocaíochtaí Déanacha sonraí cainníochtúla a bhailiú agus an iompraíocht íocaíochta a fhaire. |
|
39. |
Iarrann sé ar na húdaráis phoiblí ar gach leibhéal i mBallstáit uile an Aontais a bheith ina n-eiseamláir trí nós a dhéanamh den íocaíocht in am trátha i gcás na gconarthaí poiblí, agus cleachtais íocaíochta cheantracha a choigeartú dá réir sin ar leibhéil dhifriúla den rialachas poiblí. Mar chuid de sin, is gá a áirithiú, a mhéid is féidir, go gcuirfear i gcrích go tráthúil na téarmaí íocaíochta le haghaidh tionscadail níos casta arna ndéanamh ag conraitheoirí poiblí agus ag a bhfochonraitheoirí siúd, cuir i gcás oibreacha tógála, tionscadail iompair, seirbhísí TF etc., agus san am céanna is gá a aithint nach mbeidh sé sin faoi smacht an údaráis chonarthaigh ar uairibh. |
Scileanna le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh
|
40. |
Tarraingíonn CnaR aird ar shuirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí (2), inar shainaithin na FBManna go bhfuil easpa fostaithe oilte ann agus gurb iad na hiarmhairtí a bhaineann leis sin an fhadhb is mó atá acu. Is minic nach mbíonn sé d’acmhainn acu dul in iomaíocht leis na cuideachtaí móra ó thaobh na hearcaíochta de ná le hinfheistíocht a dhéanamh in oiliúint na bhfostaithe. Ina fhianaise sin, go háirithe agus Bliain Eorpach na Scileanna á ceiliúradh in 2023, ní mór aird ar leith a thabhairt ar sciliú agus athsciliú fhostaithe na FBManna, ar oibrithe oilte a earcú agus ar cháilíochtaí a aithint. |
|
41. |
Is tráthúil a aithint, agus Bliain Eorpach na Scileanna á ceiliúradh againn, go mbíonn na FBManna ag brath ar réimse éagsúil scileanna agus buanna chun meon fiontraíochta a chothú d’fhonn an nuálaíocht, an t-iomaíochas agus an fás a chur chun cinn. Is maith is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tacú leis na réigiúin, na réigiúin iargúlta agus tuaithe go háirithe, chun na dálaí cuí eacnamaíocha agus sóisialta a chothú d’fhonn na daoine óga a mhealladh chun fanacht ina gceantar áitiúil féin. |
|
42. |
Cuireann CnaR i bhfáth gur trí chomhpháirtíochtaí réigiúnacha, líonraí réigiúnacha agus braislí réigiúnacha is fearr na bunscileanna a theastaíonn le haghaidh aistriú glas agus aistriú digiteach na tionsclaíochta Eorpaí a chothú sna FBManna. Is fiú aird a tharraingt ar an méid tábhachtach atá déanta ag na comhpháirtíochtaí faoin gComhshocrú um Scileanna, agus aird dírithe acu ar bhearta críochacha ar éirigh leo scileanna a fhorbairt. |
|
43. |
Cuireann CnaR i bhfáth gur gá páirt a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gceapadh na ngleannta aeráidneodracha agus na gcomhghuaillíochtaí tionsclaíocha atá beartaithe. |
|
44. |
Ina thaobh sin, is díol sásaimh do CnaR an togra chun Linn Tallann an Aontais a bhunú agus molann sé don Choimisiún agus do na Ballstáit comhpháirtíocht idirinstitiúideach a thógáil leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus CnaR lena chinntiú gur féidir na daoine a bhfuil na scileanna cuí acu a chur leis na poist chuí. |
|
45. |
Éilíonn CnaR go ndéanfaí cáilíochtaí gairmiúla náisiúnach tríú tír a aithint ar bhonn ní ba thapa agus ní b’éifeachtúla, lena n-áirítear trí bhíthin comhpháirtíochtaí idir na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus tríú tíortha d’fhonn an earcaíocht agus an mheaitseáil post a fheabhsú. |
|
46. |
Éilíonn CnaR go dtabharfaí tacaíocht thapa spriocdhírithe i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha do na FBManna sna hearnálacha is mó a bhíonn thíos leis an nganntanas lucht saothair, cuir i gcás earnáil an fháilteachais agus earnáil an mhiondíola, chun oiliúint chuimsitheach a chur ar oibrithe imirceacha agus ar dhídeanaithe, cláir theanga agus cláir feasachta cultúrtha san áireamh. |
|
47. |
Tugann CnaR dá aire a thábhachtaí atá sé tacaíocht a thabhairt do na tionscnaimh ghairmoiliúna a thacaíonn le foghlaim na scileanna nua agus a aithníonn ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca le comhpháirtíochtaí a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil tríd an gcaidreamh a chothú le heagraíochtaí gnó. Is fiú a chur in iúl freisin go bhfuil tionscnaimh dá leithéid sin a bhfuil ag éirí leo ar bun ag go leor réigiún. |
|
48. |
Molann CnaR do na Ballstáit agus don Choimisiún Eorpach aitheantas a thabhairt don bhuntábhacht a bhaineann leis an meantóireacht i dtaca leis an mbearna a dhúnadh idir an oiliúint agus an fhostaíocht, i dtaca le feabhas a chur ar scileanna na ndaoine agus i dtaca leis an bhféinmhúinín a chothú agus daoine a spreagadh, rud is tábhachtaí fós i gcás na FBManna. |
An cánachas
|
49. |
Is éard a mheasann CnaR gur togra casta mionsonraithe é an togra maidir le BEFIT a mbeadh impleachtaí suntasacha aige do rialtais agus gnólachtaí araon. Cuireann CnaR i bhfáth gurb é an chloch is mó ar phaidrín an Aontais i láthair na huaire an Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle) (an Treoir maidir le Colún 2) a chur chun feidhme. Aithníonn sé go mbeidh am ag teastáil ó na rialtais agus na geallsealbhóirí eile chun tionchar na Treorach maidir le Colún 2 a mheas, agus gur fiú cuimhneamh agus anailís chúramach a dhéanamh ar an mbaint a d’fhéadfadh sé go mbeadh ag an Treoir maidir le Colún 2 agus an togra maidir le BEFIT le chéile. |
|
50. |
Má táthar chun cuspóir na Treorach maidir le Praghsáil Aistrithe a bhaint amach agus díospóidí praghsála aistrithe agus costais chomhlíontachta na ngnónna a laghdú, cuireann CnaR i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfeidhmíonn sí ar bhealach atá i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách agus nach gcruthaítear baol na dibhéirseachta ná nach gcruthaítear líon níos mó díospóidí le tríú tíortha dá deasca. |
|
51. |
Is éard a mheasann CnaR go n-éireoidh le tionscnaimh an chórais cánach ceannoifige, má éiríonn leis gnólachtaí a mhealladh chun na scéime. Chun go dtarlódh sé sin, bheadh ar an scéim simpliú agus laghdú ceart a dhéanamh ar na costais chomhlíontachta cánach. |
|
52. |
Is iad na FBManna beaga a fheidhmíonn ar na margaí intíre, thar aon dream eile, a mbeadh an leas is mó le baint acu, dar le CnaR, as na rialacha nua cánachais a leagtar amach sa Togra le haghaidh Treoir lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige, rud a d’fhéadfadh iad a spreagadh chun fáis agus chun leathnú amach laistigh de Mhargadh Aonair an Aontais, gan aon bhac a bheith orthu ó thaobh ualach comhlíontachta cánach de nach bhfuil ga leis. Cuireann sé i bhfáth gur gá na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann do na FBManna a bheith comhréireach leis an ualach riaracháin agus na costais chur chun feidhme is gá d’údaráis chánach an Aontais a láimhseáil. |
An Bhruiséil, 31 Eanáir 2024.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Vasco ALVES CORDEIRO
(1) https://www.smeunited.eu/news/smes-require-rules-that-reach-objectives-not-add-red-tape
https://www.eurochambres.eu/wp-content/uploads/2022/11/EES-2023-Euochambres-Economic-Survey-Report.pdf
https://www.businesseurope.eu/policies/smes-and-entrepreneurship/reducing-regulatory-burdens-smes
(2) Suirbhé Eorabharaiméadair: FBManna agus ganntanais scileanna, Samhain 2023: https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2961
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1980/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)