|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3131 |
3.6.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Bealtaine 2025
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/133 a mhéid a bhaineann le comhalta den phainéal roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 a ionadú
(C/2025/3131)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1), agus go háirithe Airteagal 14(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is le Rialachán (AE) 2017/1939 a bunaíodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Is é atá i gColáiste OIPE an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus aon Ionchúisitheoir Eorpach amháin in aghaidh an Bhallstáit. Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a cheapfaidh an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach de chomhthoil as measc na n-ainmneacha ar an ngearrliosta d’iarrthóirí cáilithe arna chur le chéile ag an bpainéal roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (‘an painéal roghnúcháin’). Is í an Chomhairle a cheapfaidh na hIonchúisitheoirí Eorpacha as measc triúr iarrthóirí cáilithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát, tar éis di tuairim réasúnaithe a fháil ón bpainéal roghnúcháin. |
|
(2) |
Ceapadh comhaltaí reatha an phainéil roghnúcháin ar feadh tréimhse 4 bliana ón 20 Eanáir 2023, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/133 ón gComhairle (2). Rinneadh comhalta amháin den phainéal roghnúcháin a ionadú i mí an Mheithimh 2024 le Cinneadh (AE) 2024/1777 ón gComhairle (3). |
|
(3) |
An 7 Márta 2025, d’éirigh duine de na comhaltaí, Tuire TAMMINIEMI, as bheith ar an bpainéal roghnúcháin. Cuireadh an Chomhairle ar an eolas dá réir sin. |
|
(4) |
Ba cheart comhalta nua den phainéal roghnúcháin a cheapadh a luaithe is féidir chun teacht in ionad Tuire TAMMINIEMI, chun leanúnachas ghníomhaíochtaí an phainéil roghnúcháin a áirithiú. |
|
(5) |
Mhol an Coimisiún, agus aird á tabhairt aige ar an ngá atá le cothromaíocht gheografach, cothromaíocht inscne agus ionadaíocht chuí ar chórais dlí na mBallstát atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le OIPE a bhunú, Johanna HERVONEN, Príomh-Ionchúisitheoir cheantar ionchúisimh Dheisceart na Fionlainne, mar chomhalta nua den phainéal roghnúcháin. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Johanna HERVONEN a cheapadh mar chomhalta nua den phainéal roghnúcháin agus, i gcomhréir le Riail II de rialacha oibríochtúla an phainéil roghnúcháin a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle (4), ba cheart a ceapachán a bheith ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige a réamhtheachtaí. |
|
(7) |
Ba cheart Cinneadh (AE) 2023/133 a leasú dá réir sin. |
|
(8) |
Chun a áirithiú gur féidir le Johanna HERVONEN dul i mbun a cuid feidhmeanna agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí leanúnacha an phainéil roghnúcháin go luath, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2023/133, cuirtear an t-ainm ‘Johanna HERVONEN’ in ionad an ainm ‘Tuire TAMMINIEMI’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BARANOWSKI
(1) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2023/133 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (IO L 17, 19.1.2023, lch. 90, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/133/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2024/1777 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/133 a mhéid a bhaineann le comhalta an phainéil roghnúcháin a ionadú (IO L, 2024/1777, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1777/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 maidir le rialacha oibríochtúla an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’), (IO L 282, 12.11.2018, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1696/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3131/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)