European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2708

18.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2708 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2024

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil le rúin áirithe a ndéanfar vótáil orthu ag an 22ú Comhthionól Ginearálta den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon, atá le tionól an 18 Deireadh Fómhair 2024

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanfaidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) scrúdú ar rúin (‘dréachtrúin ó OIV’) agus d’fhéadfadh sé go nglacfadh sí na rúin sin sa chéad Chomhthionól Ginearálta eile a bheidh aici an 18 Deireadh Fómhair 2024. Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na rúin sin chun críocha Airteagal 218(9) den Chonradh .

(2)

Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, an 20 Deireadh Fómhair 2017, bhronn OIV ar an Aontas an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV.

(3)

Tá 20 Ballstát ina gcomhaltaí de OIV. Beidh deis ag na Ballstáit sin leasuithe ar na dréachtrúin ó OIV a mholadh agus iarrfar orthu na dréachtrúin sin a ghlacadh ag an gcéad Chomhthionól Ginearálta eile de OIV an 18 Deireadh Fómhair 2024.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe OIV i ndáil leis na dréachtrúin ó OIV a bhunú maidir le hábhair atá faoina inniúlacht. Ba cheart do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad an seasamh sin a chur in iúl ag cruinnithe OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

(5)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún (2), beidh éifeachtaí dlíthiúla le rúin áirithe arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag OIV.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 80(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go mbeidh ar an gCoimisiún na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse a mhol agus a d’fhoilsigh OIV a thabhairt san áireamh agus cleachtais fhíoneolaíocha á n-údarú aige.

(7)

Foráiltear le hAirteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca le táirgí earnáil an fhíona a allmhairítear chun an Aontais, go dtáirgfear na táirgí sin i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna n-údarú ag an Aontas de bhun an Rialacháin sin nó, roimh an údarú sin, go dtáirgfear iad i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV.

(8)

Foráiltear le hAirteagal 9(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, i gcás nach leagann an Coimisiún síos iad, gurb iad na sonraíochtaí íonachta agus na sonraíochtaí aitheantais a bhaineann le substaintí a úsáidtear i gcleachtais fhíoneolaíocha na sonraíochtaí dá dtagraítear i gcolún 4 de Thábla 2 i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, a thagraíonn do mholtaí OIV.

(9)

Le Dréachtrún OENO-MICRO 23-740, leathnaítear raon feidhme roinnt rún chun giostaí neamh-Saccharomyces a chumhdach d’fhonn a n-úsáid a rialáil. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis an Rún sin.

(10)

Le Dréachtrún OENO-SPECIF 23-723, baintear tagairtí do phróitéin chruithneachta ó dhoiciméid uile OIV, lena n-áirítear an Coidéacs Idirnáisiúnta Fíoneolaíochta agus an Cód Idirnáisiúnta um Chleachtais Fhíoneolaíocha. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus le hAirteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis an Rún sin.

(11)

Le Dréachtrún OENO-TECHNO 15-581B, leagtar síos cleachtas fíoneolaíoch nua chun feabhas a chur ar an aigéadacht i bhfíon trí aigéad fúmarach a úsáid. Le Dréachtrún OENO-TECHNO 20-672B, leagtar síos cleachtas fíoneolaíoch nua le haghaidh cobhsú fíonta ó thaobh próitéine de trí shilice mhéiseapóiriúil fheidhmiúil a úsáid. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis na Rúin sin.

(12)

Rinne saineolaithe eolaíocha agus teicniúla earnáil an fhíona plé fairsing ar na dréachtrúin ó OIV. Cuireann siad le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán fíona agus leagfar amach leo creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil an fhíona. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo.

(13)

Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann le linn na caibidlíochta roimh Chomhthionól Ginearálta OIV an 18 Deireadh Fómhair 2024, ba cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad aontú le hathruithe teicniúla ar na dréachtrúin ó OIV ar choinníoll nach n-athraítear a substaint leis na hathruithe sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhthionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 18 Deireadh Fómhair 2024.

Airteagal 2

Déanfaidh na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl.

Airteagal 3

1.   I gcás inar dóigh go ndéanfar difear, le faisnéis eolaíoch nua nó faisnéis theicniúil nua arna cur i láthair roimh chruinnithe OIV, nó lena linn, don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, iarrfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad go gcuirfear an vótáil i dTionól Ginearálta OIV ar athlá go dtí go leagfar síos seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.

2.   Tar éis comhordúcháin agus in éagmais cinneadh eile ón gComhairle lena leagtar síos seasamh thar ceann an Aontais, féadfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, aontú le hathruithe teicniúla ar na dréachtrúin ó OIV dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo nach n-athraítear a substaint leo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, an t-íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus foilsiú comhad de chuid OIV (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/934/oj).


IARSCRÍBHINN

Na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, tacóidh siad leis na dréachtrúin seo a leanas ag céim 7 le linn Chomhthionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 18 Deireadh Fómhair 2024:

—

OENO-MICRO 23-740: Nuashonrú ar mhonagraif maidir le táirgí agus fotháirgí giostaí neamh-Saccharomyces,

—

OENO-SPECIF 23-723: Nuashonrú ar mhonagraf agus ar chód maidir le próitéin de bhunadh plandúil (cruithneacht a aistarraingt),

—

OENO-TECHNO 15-581B: Cóireáil le haigéad aigéad fúmarach i bhfíon le haghaidh aigéadú,

—

OENO-TECHNO 20-672B: Cóireáil le silice mhéiseapóiriúil fheidhmiúil (FMS) chun fíonta a chobhsú ó thaobh próitéine de.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2708/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)