|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3134 |
13.12.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/3134 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Nollaig 2024
maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 148(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá na Ballstáit agus an tAontas le hoibriú i dtreo straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte inoiriúnaithe a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair a bheidh cuimsitheach, athléimneach, dírithe ar an todhchaí agus freagrúil don athrú eacnamaíoch, d’fhonn na cuspóirí maidir le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, fás eacnamaíoch cothrom, ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) bhaint amach. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn é an fhostaíocht a chur chun cinn agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith sin i dtionól na Comhairle. |
|
(2) |
Tá an tAontas chun an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúine agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn, mar a leagtar síos in Airteagal 3 CAE. Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tabharfaidh an tAontas aird ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine mar a leagtar síos in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
(3) |
I gcomhréir le CFAE, tá ionstraimí comhordaithe beartais forbartha agus curtha chun feidhme ag an Aontas le haghaidh beartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Mar chuid de na hionstraimí sin, is éard atá sna Treoirlínte Comhtháite na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (‘na Treoirlínte Fostaíochta’) a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, mar aon leis na treoirlínte ginearálta do bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle (4). Tá na Treoirlínte Fostaíochta ann chun cur chun feidhme beartas sna Ballstáit agus san Aontas le treorú leis na Treoirlínte sin, rud a léireoidh an t-idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is éard ata sa tacar beartas agus athchóirithe comhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán foriomlán beartas iomchuí inbhuanaithe maidir le cúrsaí geilleagair, fostaíochta agus sóisialta, lenar cheart éifeachtaí dearfacha iarmharta a chothú do mhargaí saothair agus don tsochaí i gcoitinne, athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a neartú agus freagairt go héifeachtach ar dhúshláin mheántéarmacha agus níos fadtéarmaí, agus ar thionchair géarchéimeanna freisin ar nós phaindéim COVID-19 agus an chostais mhaireachtála mhéadaithe a bhaineann le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. |
|
(4) |
Chun dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a fheabhsú lena n-áirítear cóineasú sóisialta aníos, chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, chun bonn tionsclaíoch agus iomaíochas an Aontais a neartú, agus chun margaí saothair cuimsitheacha agus athléimneacha a bhaint amach san Aontas, ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus oibrithe oilte, agus oideachas agus oiliúint chuimsitheach ar ardcháilíocht do chách a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar scileanna bunúsacha a fheabhsú, go háirithe i measc mic léinn atá faoi mhíbhuntáiste, agus ar ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) i scoileanna agus san ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint atá dírithe ar an todhchaí, agus uas-sciliú agus athsciliú ar feadh an tsaoil, chomh maith le beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir le margadh an tsaothair agus dálaí oibre agus deiseanna gairme feabhsaithe, agus urraim á tabhairt do ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis an gcuspóir sin le haghaidh na réigiún lagfhorbartha, iargúlta agus is forimeallaí san Aontas, sna háiteanna ina bhfuil na riachtanais is mó. Is féidir aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar ghanntanais trí shoghluaisteacht chothrom laistigh den Aontas a fheabhsú d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí agus trí thallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas. Ina theannta sin, ba cheart na naisc idir na córais oideachais agus oiliúna agus margadh an tsaothair a neartú agus scileanna, eolas agus inniúlachtaí arna sealbhú tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a aithint. |
|
(5) |
Tá na Treoirlínte Fostaíochta comhsheasmhach le Creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024 (5), agus le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear Moltaí ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 (6), an 29 Samhain 2021 (7), an 5 Aibreán 2022 (8), an 16 Meitheamh 2022 (9), an 28 Samhain 2022 (10), an 8 Nollaig 2022 (11), an 30 Eanáir 2023 (12), an 12 Meitheamh 2023 (13) agus an 27 Samhain 2023 (14), Moladh (AE) 2021/402 (15) ón gCoimisiún, Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 (16), Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 maidir le geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta, an 30 Meán Fómhair 2020 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027, an 3 Márta 2021 maidir leis an Straitéis i dtaca le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, an 3 Márta 2021 maidir le hAontas an Chomhionannais: Straitéis i dtaca le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, an 7 Meán Fómhair 2022 maidir le Straitéis Eorpach Cúraim, an 1 Feabhra 2023 maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Aois Aeráidneodrach, an 25 Eanáir 2023 maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach, an 28 Meán Fómhair 2022 maidir le measúnú níos fearr a dhéanamh ar éifeacht dáileacháin bheartais na mBallstát, agus an 20 Márta 2024 maidir le ganntanais lucht saothair agus scileanna san Aontas: plean gníomhaíochta, Cinntí (AE) 2021/2316 (17) agus (AE) 2023/936 (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha (AE) 2022/2041 (19), (AE) 2022/2381 (20)), (AE) 2023/970 (21) agus (AE) 2024/2831 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(6) |
Comhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach ionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach ar mhaithe le comhordú agus faireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh den Aontas. Agus an inbhuanaitheacht comhshaoil, an táirgiúlacht, an chothroime agus an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch á saothrú leis an Seimeastar Eorpach, comhtháthaítear leis freisin prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí na Samhna 2017 (23) (‘Colún Eorpach na gCeart Sóisialta’), agus prionsabail na huirlise faireacháin a ghabhann leis, an Scórchlár Sóisialta, agus fágann sé gur féidir anailís a dhéanamh ar rioscaí agus dúshláin maidir le cóineasú sóisialta aníos san Aontas, agus déantar foráil maidir le rannpháirtíocht láidir leis na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile. Tacaítear leis an Seimeastar Eorpach leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe arna leagan amach ag na Náisiúin Aontaithe a bhaint amach freisin. Ba cheart beartais eacnamaíocha agus fostaíochta an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite in aistriú cóir an Aontais i dtreo geilleagar aeráidneodrach, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus digiteach, agus leis na beartais sin ba cheart feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an táirgiúlacht, dálaí oibre leormhaithe a áirithiú, an nuálaíocht a chothú, daonlathas ag an obair, idirphlé sóisialta, an ceartas sóisialta, comhionannas deiseanna agus cóineasú socheacnamaíoch aníos a chur chun feidhme, chomh maith le dul i ngleic leis an neamhionannas agus le héagothromaíochtaí réigiúnacha, agus an bhochtaineacht agus cuimsiú sóisialta a chomhrac. |
|
(7) |
Tá geilleagair agus sochaithe san Aontais á n-athrú ó bhonn leis an athrú aeráide agus dúshláin eile a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an ngá atá le haistriú glas cóir a áirithiú, neamhspleáchas fuinnimh agus iomaíochas feabhsaithe tionscal glan-nialasach agus an gá atá le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais a dhaingniú, mar aon le forbairt na digiteála, na hintleachta saorga agus an gheilleagair ardán, an méadú ar an teilea-obair, agus an t-athrú déimeagrafach. Tá an tAontas agus na Ballstáit le hoibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí struchtúracha mar sin go héifeachtach agus go réamhghníomhach agus chun na córais atá ann cheana a oiriúnú de réir mar is gá, agus aitheantas á thabhairt do dhlúth-idirspleáchas gheilleagair agus mhargaí saothair na mBallstát, agus do bheartais ghaolmhara. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht beartais atá comhordaithe, uaillmhianach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus aitheantas á thabhairt do ról na gcomhpháirtithe sóisialta san am céanna, i gcomhréir le CFAE agus le forálacha an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur san áireamh. Ba cheart a chuimsiú leis an ngníomhaíocht beartais sin borradh faoin infheistíocht inbhuanaithe ar fud réigiúin uile an Aontais, gealltanas athnuaite d’athchóirithe agus infheistíochtaí cuí-sheicheamhaithe lena gcuirtear feabhas ar fhás eacnamaíoch cuimsitheach inbhuanaithe, cruthú post ar ardchaighdeán, táirgiúlacht, dálaí oibre córa, comhtháthú sóisialta agus críochach, cóineasú socheacnamaíoch aníos, athléimneacht agus feidhmiú freagrachta fioscaí.Mar a luaitear sa Mholadh maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, is féidir tacú le cur chun feidhme na mbeartas a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe trí ghné an oideachais agus na hoiliúna a chomhtháthú go córasach i mbeartais eile a bhaineann leo i ndearcadh ar feadh an tsaoil. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil ó chláir chistiúcháin an Aontais atá ann cheana, agus go háirithe ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus ó chistí an bheartais comhtháthaithe, lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a rialaítear le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), chomh maith leis an gCiste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27). Leis an ngníomhaíocht beartais ba cheart bearta ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh a chomhcheangal le chéile, agus an tionchar a bheidh ag na bearta sin ar chúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh san am céanna. |
|
(8) |
I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, leagtar amach fiche prionsabal agus ceart chun tacú le margaí saothair agus córais leasa atá dea-fheidhmiúil agus cothrom, agus iad roinnte i dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta sin tugtar stiúradh straitéiseach don Aontas lena n-áirithítear go mbeidh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht agus chuig inbhuanaitheacht comhshaoil agus an digiteáil agus an t-athrú déimeagrafach cóir agus cothrom i dtéarmaí sóisialta agus go gcaomhnófar an comhtháthú críochach. Is treoir éé Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mar aon leis an Scórchlár Sóisialta a ghabhann leis, maidir le faireachán a dhéanamh ar fhostaíocht agus feidhmíocht shóisialta na mBallstát lena n-áirítear cóineasú sóisialta aníos san Aontas, laistigh den Seimeastar Eorpach, chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun réiteach a dhéanamh idir na gnéithe ‘sóisialta’ agus na gnéithe a bhaineann leis an ‘margadh’ i ngeilleagar nua-aimseartha an lae inniu, lena n-áirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn. An 4 Márta 2021, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun cinn maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an ‘Plean Gníomhaíochta’), lena n-áirítear príomhspriocanna uaillmhianacha ach réadúla an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht (gur cheart 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (gur cheart 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú na bochtaineachta (gur cheart ar a laghad 15 mhilliún níos lú daoine a bheith i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh) (‘príomhspriocanna an Aontais do 2030’) agus fospriocanna comhlántacha, chomh maith le Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe. |
|
(9) |
Mar a d’aithin na Cinn Stáit nó Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto an 8 Bealtaine 2021, le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta neartófar iarracht an Aontais aistriú digiteach, glas agus cothrom a bhaint amach agus rannchuideofar le cóineasú socheacnamaíoch aníos a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha. Chuir Cinn Stáit nó Rialtais in iúl go láidir go bhfuil an ghné shóisialta, an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta i gcroílár geilleagair shóisialta mhargaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar, agus ba dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna nua an Aontais. Dhearbhaigh siad go bhfuil rún daingean acu, mar a bunaíodh le Clár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí 2019-2024, leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a dhoimhniú, agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ar deireadh, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde, ar an dul chun cinn atá déanta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme. |
|
(10) |
Ba dhíol sásaimh príomhspriocanna nua an Aontais do 2030 do na Cinn Stáit nó Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus don Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2021, agus in éineacht leis an Scórchlár Sóisialta, cuideofar le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chuid den chreat um chomhordú beartais sa Seimeastar Eorpach. Thairis sin, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto iarradh freisin ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta uaillmhianacha a leagan síos, agus aird chuí á tabhairt ar an seasamh tosaigh atá ag gach Ballstát, ar cheart dóibh rannchuidiú go leordhóthanach chun príomhspriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach. Idir mí Mheán Fómhair 2021 agus mí an Mheithimh 2022, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, thíolaic na Ballstáit a spriocanna náisiúnta. Ag an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí i mí an Mheithimh 2022, leag Airí na mBallstát béim ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme. I bhfianaise an mhéid sin, déantar faireachán ar an dul chun cinn maidir leis na spriocanna náisiúnta sin sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht a ghlac an Chomhairle an 11 Márta 2024 (‘an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024’), comhtháthaítear é in uirlisí faireacháin an tSeimeastair Eorpaigh. Ina theannta sin, ar bhonn píolótach bhí ‘anailís tíre chéadchéime’ i dTuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 maidir le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chóineasú sóisialta aníos, bunaithe ar ghnéithe an Chreata um Chóineasú Sóisialta, ina sainaithnítear seacht mBallstát mar Bhallstáit a bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leo. Mar thoradh ar an gconclúid sin, rinneadh ‘anailís dara céim’ níos doimhne, rud a léirigh, ar an iomlán, nár deimhníodh na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do gach ceann acu. |
|
(11) |
Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, gníomhaíochtaí na Rúise lena bhféachtar leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, agus chuir sí dlúthpháirtíocht in iúl le muintir na hÚcráine, agus chuir sí i dtábhacht sárú na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Sa chomhthéacs atá ann faoi láthair, le cosaint shealadach, a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (28) ón gComhairle agus a gcuirtear síniú léi le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle (29), cuirtear cúnamh tapa éifeachtach ar fáil san Aontas do dhaoine easáitithe atá ag teitheadh roimh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus fágann sé gur féidir leo leas a bhaint as cearta íosta ar fud an Aontais a chuireann leibhéal leormhaith cosanta ar fáil. Trí pháirt a ghlacadh i margaí saothair an Aontais, is féidir le daoine a easáitíodh as an Úcráin rannchuidiú le geilleagar an Aontais a neartú agus cabhrú lena dtír agus lena muintir sa bhaile. D’fhéadfadh an taithí agus na scileanna a fuarthas rannchuidiú leis an Úcráin a atógáil san am atá le teacht. I gcás leanaí agus déagóirí gan tionlacan, tugann cosaint shealadach an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil agus chun rochtain a fháil ar oideachas agus ar chúram leanaí. Ba cheart do na Ballstáit leanúint de rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na mbeart beartais arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i réimse na fostaíochta agus na scileanna, lena n-áirítear cáilíochtaí na ndaoine easáitithe ón Úcráin a aithint. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar an chogaidh sin a mhaolú ó thaobh fostaíocht agus táirgeacht a chaomhnú. |
|
(12) |
Leis na hathchóirithe ar mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear sásraí náisiúnta chun pá a shocrú, ba cheart na cleachtais náisiúnta maidir le hidirphlé sóisialta agus cómhargáil a urramú chomh maith le neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhonn pá cothrom a sholáthar lena gcumasófar caighdeán maith maireachtála agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe chomh maith le cóineasú socheacnamaíoch aníos. Leis na hathchóirithe sin, ba cheart a fhágáil gur féidir breithniú ar thosca socheacnamaíocha go forleathan, lena n-áirítear feabhsuithe ar inbhuanaitheacht, iomaíochas, an nuálaíocht, cruthú post ardcháilíochta, dálaí córa oibre, daonlathas ag an obair, comhionannas inscne, bochtaineacht lucht oibre, oideachas, oiliúint agus scileanna, sláinte phoiblí, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, chomh maith le fíorioncaim. Ag Cruinniú Mullaigh Val Duchesse 2024, athdhearbhaíodh a thábhachtaí atá an t-idirphlé sóisialta chun dul i ngleic le dúshláin i saol na hoibre, lena n-áirítear ganntanas saothair agus oibrithe oilte. |
|
(13) |
Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais, tacaítear leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh geilleagair agus sochaithe san Aontas níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do na haistrithe glasa agus digiteacha sa chomhthéacs athraitheach a tháinig tar éis phaindéim COVID-19. Le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, cuireadh a thuilleadh leis na dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana, ós rud é go raibh tionchar ar leith ag praghsanna fuinnimh níos airde ar theaghlaigh ar ioncam íseal. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint de bheith ag áirithiú go maolófar na tionchair shóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha agus go mbeidh na haistrithe cothrom agus cóir ó thaobh cúrsaí sóisialta de, lena n-áirítear go gcuideoidh neamhspleáchas straitéiseach níos mó agus aistriú glas luathaithe le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh agus táirgí agus teicneolaíochtaí straitéiseacha eile, go háirithe allmhairí ón Rúis. Tá sé ríthábhachtach athléimneacht a neartú agus sochaí chuimsitheach athléimneach a shaothrú ina dtugtar cosaint do dhaoine agus ina dtugtar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus inar féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar. |
|
(14) |
Tá gá le tacar comhleanúnach de bheartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair, lena gcuimsítear dreasachtaí fostaithe agus aistrithe sealadacha agus spriocdhírithe, beartais scileanna lena n-áirítear foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe agus seirbhísí fostaíochta spriocdhírithe, éifeachtacha agus inoiriúnaithe, chun tacú le haistrithe i margadh an tsaothair agus chun leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht neamhshaothraithe i margadh an tsaothair, i gcomhréir freisin le cur chuige an chuimsithe ghníomhaigh agus i bhfianaise an chlaochlaithe ghlais agus an chlaochlaithe dhigitigh. Ba cheart dálaí oibre leormhaithe, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus sláinte coirp agus mheabhairshláinte oibrithe araon, a áirithiú. |
|
(15) |
Ba cheart dul i ngleic le hidirdhealú de gach cineál, comhionannas inscne a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt d’fhostaíocht do ghrúpaí eile atá faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair. Ba cheart rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách a áirithiú agus ba cheart an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú, go sonrach i gcás leanaí, daoine faoi mhíchumais agus na Romaigh, go háirithe trí fheidhmiú éifeachtach na margaí saothair agus córais chosanta sóisialta leordhóthanacha agus cuimsitheacha a áirithiú, mar a leagtar amach sna Moltaí ón gComhairle an 8 Samhain 2019 (30) agus an 30 Eanáir 2023 (31). Ina theannta sin, ba cheart deireadh a chur le bacainní ar oideachas cuimsitheach atá dírithe ar an todhchaí, oiliúint, an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus rannpháirtíocht i margadh an tsaothair. Ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in oideachas agus i gcúram na luath-óige, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus leis an Moladh maidir le spriocanna Barcelona do 2030, i ngairmoideachas agus gairmoiliúint a dhéanamh níos tarraingtí agus níos cuimsithí i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 (32), agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha agus glasa, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus leis na Moltaí maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe agus le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile. Is coinníoll riachtanach í rochtain ar thithíocht inacmhainne agus leordhóthanach, lena n-áirítear trí thithíocht shóisialta, chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine go sonrach le bearta coisctheacha trí rochtain ar thithíocht bhuan agus soláthar seirbhísí tacaíochta cumasúcháin a chur chun cinn. Tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain thráthúil chomhionann ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 (33), agus ar sheirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear cosc agus cur chun cinn cúraim sláinte, i bhfianaise rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois.I dtaca le hacmhainneacht daoine faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus forbairt shóisialta, ba cheart í a bhaint amach a thuilleadh, i gcomhréir leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, inar iarradh ar na Ballstáit spriocanna fostaíochta agus foghlama aosaí a bhunú do dhaoine faoi mhíchumas. Leagtar béim i dtionscnamh an Choimisiúin dar teideal ‘Creat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh’ (34) ar acmhainneacht na bpobal Romach imeallaithe chun ganntanais saothair agus scileanna a laghdú agus tá sé d’aidhm aige an bhearna fostaíochta idir na Romaigh agus an pobal i gcoitinne a laghdú faoina leath ar a laghad. Le teicneolaíochtaí nua agus le háiteanna oibre atá ag athrú ar fud an Aontais, is mó an tsolúbthacht is féidir a bheith ann i dtaca le heagrú na hoibre chomh maith le táirgiúlacht agus cothromaíocht oibre is saoil feabhsaithe, agus, an tráth céanna, rannchuidítear le gealltanais ghlasa an Aontais. Ina theannta sin, leis na forbairtí sin cruthaítear dúshláin nua do mhargaí an tsaothair, dúshláin a dhéanann difear do dhálaí oibre daoine, sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus do rochtain oibrithe agus daoine féinfhostaithe ar chosaint shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, go n-eascróidh poist ardcháilíochta agus go ndéantar áiteanna oibre agus dálaí oibre sláintiúla sábháilte de thairbhe cineálacha nua eagrúcháin oibre, mar aon le cothromaíocht oibre is saoil, aosú gníomhach agus sláintiúil agus go gcoinneofar ar bun cearta seanbhunaithe saothair agus sóisialta agus go neartófar múnla sóisialta an Aontais. |
|
(16) |
Ba cheart go bhfeidhmeodh na Treoirlínte Comhtháite mar bhunús do na moltaí tírshonracha amach anseo a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú ar na Ballstáit. Ba cheart do naBallstáit leas iomlán a bhaint as a n-acmhainní REACT-EU, acmhainní arna gcur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) lena ndéantar cistí bheartais chomhtháthaithe agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí a threisiú. Mar gheall ar an ngéarchéim reatha san Úcráin, rinneadh Rialachán (AE) 2020/2221 a chomhlánú a thuilleadh le Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) agus le leasú breise ar Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe le haghaidh REACT-EU, agus le costas aonaid nua chun cabhrú le lánpháirtiú daoine atá ag teacht isteach san Aontas ón Úcráin a luathú dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38). Ina theannta sin, le haghaidh chlárthréimhse 2021-2027, ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chomh maith, chun fostaíocht ardcháilíochta agus infheistíochtaí sóisialta a chothú, chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, cur in aghaidh an idirdhealaithe, chun inrochtaineacht agus cuimsiú a áirithiú, agus chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe an lucht saothair, foghlaim ar feadh an tsaoil agus oideachas agus oiliúint ardcháilíochta do chách a chur chun cinn, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha chun saoránaigh a chumhachtú leis an eolas agus na cáilíochtaí is gá le haghaidh geilleagar digiteach agus glas. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Easáitithe freisin, ciste a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar mhórtheagmhais athstruchtúraithe, mar shampla claochluithe socheacnamaíocha ar toradh ar threochtaí domhanda iad, agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite ar na Ballstáit agus ar an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar le parlaimintí, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta. |
|
(17) |
Ba cheart don Choiste Fostaíochta agus an Coiste um Chosaint Shóisialta faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear na beartais ábhartha chun feidhme i bhfianaise na dTreoirlínte Fostaíochta, i gcomhréir lena sainorduithe féin a bhunaítear faoin CFAE. Tá na coistí sin agus comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle atá bainteach le comhordú beartas eacnamaíoch agus sóisialta le hoibriú i ndlúthchomhar le chéile. Ba cheart idirphlé beartais idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a choinneáil ar bun, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na dTreoirlínte Fostaíochta. |
|
(18) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo glactar na Treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (‘na Treoirlínte Fostaíochta’), mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad. In éineacht leis na treoirlínte ginearálta do bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184, beidh na Treoirlínte Fostaíochta ina dTreoirlínte Comhtháite.
Airteagal 2
Cuirfidh na Ballstáit na Treoirlínte Fostaíochta san áireamh ina mbeartais fostaíochta agus ina gcláir um athchóiriú, agus tuairisceofar na beartais agus na cláir sin i gcomhréir le hAirteagal 148(3) CFAE.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
NAGY M.
(1) Tuairim an 22 Deireadh Fómhair 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir le treoirlínte ginearálta do bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais (IO L 192, 18.7.2015, lch. 27).
(5) Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj)
(6) Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).
(7) Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaiscthe i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta (IO C 504, 14.12.2021, lch. 21).
(8) Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas (IO C 160, 13.4.2022, lch. 1).)
(9) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe (IO C 243, 27.6.2022, lch. 1). Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35)
(10) Moladh ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile agus lena n-ionadaítear an Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú (IO C 469, 9.12.2022, lch. 1).
(11) Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán (IO C 476, 15.12.2022, lch. 1) agus Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030 (IO C 484, 20.12.2022, lch. 1).
(12) Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).
(13) Moladh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2023 maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach ((IO C, C/2023/1389, 6.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1389/oj).
(14) Moladh ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt (IO C, C/2023/1344, 29.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1344/oj).
(15) Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) ( IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).
(16) Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1).
(17) Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1).
(18) Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (IO L 125, 11.5.2023, lch. 1).
(19) Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
(20) Treoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara (IO L 315, 7.12.2022, lch. 44).
(21) Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21).
(22) Treoir (AE) 2024/2831 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (IO L, 2024/2831, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2831/oj).
(23) An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).
(24) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(25) Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
(26) Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231 30.6.2021, lch. 60).
(27) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(28) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1)
(29) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE 2023/2409) ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2023/2409, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2409/oj).
(30) Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe 2019/C 387/01 (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
(31) Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).
(32) Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1).
(33) Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán (IO C 476, 15.12.2022, lch. 1).
(34) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation [Aontas Comhionannais: Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach],agus moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (IO C 93, 19.3.2021, lch. 1).
(35) Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagair (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).
(36) Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (IO L 109, 8.4.2022, lch. 1).
(37) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(38) Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT EU agus le costas aonaid a bhunú (IO L 115, 13.4.2022, lch. 38).
(39) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
(40) Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).
IARSCRÍBHINN
Treoirlíne 5: Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar
Ba cheart do na Ballstáit geilleagar margaidh sóisialta inbhuanaithe a chur chun cinn go gníomhach agus infheistíocht i gcruthú post ardcháilíochta a éascú agus tacú léi, agus leas a bhaint freisin as an acmhainneacht a bhaineann leis na haistrithe digiteacha agus glasa, i bhfianaise phríomhspriocanna agus spriocanna náisiúnta an Aontais do 2030 maidir leis an bhfostaíocht. Chun na críche sin, ba cheart dóibh na bacainní a bhíonn ar ghnólachtaí agus iad ag earcú daoine a laghdú, fiontraíocht atá freagrach agus fíor-fhéinfhostaíocht a chothú agus, go háirithe, tacú le cruthú agus le fás micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt ar mhaoiniú agus trí leas a bhaint as acmhainneacht an gheilleagair in-athnuaite, agus ciorclach. Ba cheart do na Ballstáit forbairt an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn go gníomhach, lena n-áirítear fiontair shóisialta, agus leas a bhaint as a acmhainneacht iomlán. Ba cheart dóibh bearta agus straitéisí ábhartha a fhorbairt le haghaidh an gheilleagair shóisialta, an nuálaíocht shóisialta a chothú agus samhlacha gnó a spreagadh lena gcruthaítear deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán agus lena ngintear leas sóisialta, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear sa gheilleagar ciorclach agus sna críocha is mó a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar glas difear dóibh, lena n-áirítear trí thacaíocht spriocdhírithe airgeadais agus theicniúil.
Chun athléimneacht a neartú i bhfianaise suaití féideartha eacnamaíocha agus/nó suaití féideartha i margadh an tsaothair nó athruithe struchtúracha leanúnacha , tá ról tábhachtach ag scéimeanna oibre gearr-ama dea-cheaptha agus ag socruithe comhchosúla. Is féidir leo tacú le claochluithe struchtúracha freisin trí phróisis athstruchtúraithe a éascú agus tacú leo agus trí lucht saothair a athdháileadh ó earnálacha atá ag dul i léig i dtreo earnálacha atá ag teacht chun cinn, agus ar an gcaoi sin táirgiúlacht agus iomaíochas a mhéadú, fostaíocht a chaomhnú agus cuidiú le nuachóiriú an geilleagair, lena n-áirítear trí scileanna gaolmhara a fhorbairt. Ba cheart féachaint an bhféadfaí dreasachtaí fosaithe agus dreasachtaí aistrithe, bearta uas-scilithe agus athscilithe, ach iad a bheith dea-cheaptha, arna bhforbairt i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta a thabhairt isteach chun tacú le cruthú post ardcháilíochta agus le haistrithe ar feadh an tsaoil oibre, agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna, i bhfianaise freisin na gclaochluithe digiteacha agus glasa, an athraithe dhéimeagrafaigh, agus thionchar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.
Ba cheart an cánachas a aistriú ón saothar go dtí foinsí cánacha eile a thugann níos mó tacaíochta don fhostaíocht agus don fhás cuimsitheach, agus i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus éifeacht athdháilte an cháinchórais á cur san áireamh, chomh maith lena éifeacht ar rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, agus ioncam le haghaidh cosaint shóisialta leordhóthanach agus caiteachas spreagtha fáis á chosaint ag am céanna.
Ba cheart do na Ballstáit, lena n-áirítear iad sin a bhfuil pá íosta náisiúnta i bhfeidhm acu, cómhargáil a chur chun cinn maidir le socrú pá, agus rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta a áirithiú ar bhealach trédhearcach intuartha, lena gcuirfí freagrúlacht leormhaith an phá i leith forbairtí táirgiúlachta san áireamh agus lena gcothófaí pá cothrom le haghaidh caighdeán sásúil maireachtála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ar ioncam íseal nó ar mheánioncam ar mhaithe leis an gcóineasú aníos a neartú. Chomh maith leis sin, ba cheart dálaí socheacnamaíocha, lena n-áirítear fás fostaíochta, iomaíochas, cumhacht cheannaigh agus forbairtí réigiúnacha agus earnálacha, a chur san áireamh freisin sna sásraí chun pá a shocrú. Agus urraim á tabhairt do chleachtais náisiúnta agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, ba cheart do na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go mbeidh pá leordhóthanach ag gach oibrí trí thairbhe a bhaint, go díreach nó go hindíreach, as comhaontuithe comhchoiteanna nó as pá íosta reachtúil leordhóthanach, agus tionchar an mhéid sin ar an iomaíochas, cruthú post ardcháilíochta, cumhacht cheannaigh agus bochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh.
Treoirlíne 6: Feabhas a chur ar sholáthar saothair agus rochtain ar fhostaíocht, ar scileanna agus ar inniúlachtaí a fheabhsú
I gcomhthéacs na n-aistrithe digiteacha agus ghlasa, an athraithe dhéimeagrafaigh agus chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, ba cheart do na Ballstáit an inbhuanaitheacht, an táirgiúlacht, iomaíochas, an infhostaitheacht, cuimsitheacht agus forbairt an chaipitil dhaonna a chur chun cinn, lena gcothófaí sealbhú scileanna agus inniúlachtaí le linn shaol na ndaoine agus lena bhfreagrófaí ar riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus i bhfianaise phríomhspriocanna agus spriocanna náisiúnta an Aontais do 2030 maidir le scileanna chomh maith. Ba cheart do na Ballstáit a gcórais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus infheistíocht a dhéanamh iontu chun oideachas agus oiliúint ardcháilíochta chuimsitheach a chur ar fáil, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, torthaí foghlamtha a fheabhsú agus deiseanna a sholáthar chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt, lena n-áirítear na cinn is gá le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus rochtain a áirithiú ar an bhfoghlaim dhigiteach, oiliúint teanga (e.g. i gcás dídeanaithe, lena n-áirítear dídeanaithe ón Úcráin nó maidir le rochtain ar an margadh saothair a éascú i réigiúin trasteorann) agus sealbhú scileanna fiontraíochta. Ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, fiontair agus páirtí leasmhara eile chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha sna córais oideachais agus oiliúna agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus ar an ábharthacht margaidh saothair atá acu, lena n-áirítear trí thacaíocht spriocdhírithe airgeadais agus theicniúil. Rannchuideodh sé sin freisin leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a chumasú, agus aghaidh á tabhairt ar neamhréir scileanna agus ar ghanntanais lucht saothair, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le tionscail ghlan-nialasacha agus dhigiteacha, iad siúd atá ábhartha do shlándáil eacnamaíoch an Aontais san áireamh, agus iad siúd a bhaineann leis an aistriú glas, amhail fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid nó athchóiriú foirgneamh.
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le feidhmíocht oideachais daoine óga, go háirithe i réimse na mbunscileanna. Tá gá le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh ghairm na múinteoireachta, lena n-áirítear tarraingteacht na gairme, chun dul i ngleic le ganntanas múinteoirí, agus an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí scileanna digiteacha múinteoirí agus oiliúnóirí. Thairis sin, ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna na príomhinniúlachtaí a thabhairt do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear scileanna bunúsacha agus scileanna digiteacha chomh maith le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha, agus smaointeoireacht chriticiúil i bhfianaise bhagairt na bréagaisnéise, chun bunchloch a leagan síos a chuideoidh lena n-inoiriúnaitheacht agus lena n-athléimneacht ar feadh an tsaoil, agus a áirithiú san am céanna go bhfuil múinteoirí ullmhaithe na hinniúlachtaí sin a chothú i bhfoghlaimeoirí. Ba cheart do na Ballstáit tacú le daoine fásta in aois oibre rochtain a fháil ar oiliúint, feasacht a mhúscailt freisin i measc fhostaithe maidir leis an tábhacht a bhaineann le timpeallacht oibre atá neamhdhíobhálach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus dreasachtaí agus spreagadh daoine aonair a mhéadú chun oiliúint a lorg, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí chuntais foghlama aonair, agus a áirithiú go mbeidh siad inaistrithe le linn aistrithe gairmiúla, agus trí chóras iontaofa measúnaithe cáilíochta oiliúna. Ba cheart do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí micridhintiúir a úsáid chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an infhostaitheacht. Ba cheart go gcuirfeadh siad ar chumas gach duine riachtanais an mhargaidh saothair a réamh-mheas agus iad féin a chur in oiriúint níos fearr dóibh go háirithe trí uas-sciliú agus athsciliú leanúnach agus trí threoir agus comhairleoireacht chomhtháite a sholáthar, d’fhonn tacú le haistrithe cothroma agus córa do chách, an fhostaíocht, torthaí sóisialta agus an táirgiúlacht a neartú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sa mhargadh saothair agus ar neamhréir scileanna, athléimneacht fhoriomlán an gheilleagair i gcás suaite a fheabhsú agus coigeartuithe féideartha a dhéanamh níos éasca.
Ba cheart do na Ballstáit comhionannas deiseanna a chothú do chách trí aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhionannas i gcórais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear i dtéarmaí cumhdach réigiúnach. Go sonrach, ba cheart rochtain a thabhairt do leanaí ar oideachas agus ar chúram luath-óige atá inacmhainne agus ar ardcháilíocht, i gcomhréir le ‘spriocanna Barcelona’ nua agus leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, ba cheart do na Ballstáit na leibhéil cháilitheachta fhoriomlána a ardú, an líon luathfhágálaithe ón oideachas agus ón oiliúint a laghdú, tacú le rochtain chomhionann ar oideachas do leanaí ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus ó cheantair iargúlta, tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú, tacú le rochtain ar an oideachas treasach agus lena chríochnú, agus an líon céimithe eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) a mhéadú sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san oideachas treasach araon, go háirithe i gcás na mban. Ba cheart tacú freisin le barrfheidhmíocht agus barr feabhais i dtorthaí oideachais, ós rud é go bhfuil ról acu maidir le hacmhainneacht nuálaíochta an Aontais amach anseo a chothú. Ba cheart do Bhallstáit an t-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht a éascú le haghaidh daoine óga trí chúrsaí oiliúna agus printíseachtaí ardcháilíochta, chomh maith le rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim leanúnach a mhéadú, go háirithe i measc foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus na ndaoine is lú cáilíocht, agus aghaidh á thabhairt ar bhacainní inscnebhunaithe agus aghaidh á tabhairt ar bhacainní inscneshonrach agus ar bhacainní eile a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an rochtain atá acu agus ar a rannpháirtíocht. Agus ceanglais nua na sochaithe digiteacha, sochaithe glasa agus sochaithe atá ag dul in aois á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit soláthar agus glacadh gairmoideachais agus gairmoiliúna solúbtha tosaigh agus leanúnaí a uasghrádú agus a mhéadú, an fhoghlaim obairbhunaithe ina gcórais gairmoideachais agus gairmoiliúna a neartú, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí éifeachtacha ardcháilíochta, agus tacú le daoine fásta ar bheagán oiliúna a n-infhostaitheacht a choinneáil ar bun. Ba cheart deiseanna oiliúna a chur ar fáil chun ligean d’oibrithe freastal ar chláir oiliúna le linn uaireanta oibre (agus gan aon chostas ar na hoibrithe). Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit ábharthacht an oideachais threasaigh a fheabhsú maidir le margadh an tsaothair, agus i gcás inarb iomchuí, taighde a fheabhsú freisin maidir leis an margadh sin; feabhas a chur ar fhaireachán agus ar réamhaisnéis scileanna; scileanna agus cáilíochtaí a dhéanamh níos feiceálaí agus níos inchomparáide, lena n-áirítear na cáilíochtaí a gnóthaíodh thar lear, agus a áirithiú go mbainfear úsáid níos comhsheasmhaí as aicmithe uile-Aontais (i.e. ESCO); agus deiseanna a mhéadú chun scileanna agus inniúlachtaí a fhaightear lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil a aithint agus a bhailíochtú, lena n-áirítear do dhídeanaithe agus do dhaoine faoi stádas cosanta sealadaí. Taobh amuigh de leas a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe lucht saothair intíre an Aontais, ach tallann agus scileanna a mhealladh ó lasmuigh den Aontas trí imirce bhainistithe, trí dhálaí oibre dúshaothraithe a chosc agus obair neamhdhearbhaithe a chomhrac, is féidir rannchuidiú freisin le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus saothair, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach amhail in earnálacha ETIM agus sa chúram sláinte agus sa chúram fadtéarmach.
Ba cheart do na Ballstáit cúnamh éifeachtach tráthúil atá comhordaithe agus saincheaptha a chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus daoine neamhghníomhacha, cúnamh atá bunaithe ar thacaíocht don chuardach poist, an oiliúint, uas-sciliú agus athsciliú agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin eile, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine i staideanna leochaileacha agus ar dhaoine a ndéanann an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach nó suaití sa mhargadh saothair difear dóibh. Ba cheart bearta nithiúla lena n-áirítear measúnaithe aonair grinn ar dhaoine atá dífhostaithe a shaothrú a luaithe is féidir, tar éis 18 mí den dífhostaíocht ar a dhéanaí, d’fhonn an dífhostaíocht fhadtéarmach struchtúrach a laghdú agus a chosc. Ba cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht i measc na hóige agus ar shaincheist na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), trí luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a chosc agus trí fheabhas struchtúrach a chur ar an aistriú ón scoil go dtí an obair, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme go hiomlán, rud ba cheart tacú le deiseanna fostaíochta óige ar ardcháilíocht. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun béim a leagan ar an gcaoi, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, a dtugtar dearcadh athnuaite maidir leis an todhchaí agus a dtugtar deiseanna do dhaoine óga dul isteach i margadh an tsaothair agus fanacht ann.
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le bacainní agus le dídhreasuithe i leith rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus dreasachtaí a chur ar fáil ina leith, go háirithe le haghaidh daoine ar ioncam íseal, an dara duine sa teaghlach atá ag tuilleamh (na mná go minic) agus na ndaoine sin is faide ón margadh saothair. I bhfianaise ganntanas ard lucht saothair i ngairmeacha agus in earnálacha áirithe (go háirithe in earnálacha ETIM, TFC, sa chúram sláinte agus an cúram fadtéarmach, an t-oideachas, an t-iompar agus foirgníocht), ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú le soláthar saothair a chothú, go háirithe trí phá leormhaith agus dálaí oibre córa a chur chun cinn, agus a áirithiú go spreagtar le dearadh na gcóras cánach agus sochair an rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, agus go mbeidh beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair éifeachtach inrochtana, agus ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á n-urramú. Ba cheart do na Ballstáit tacú le timpeallacht oibre a bheidh oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí thacaíocht spriocdhírithe airgeadais agus theicniúil, faisnéis agus ardú feasachta, agus seirbhísí lena gcuirtear ar a gcumas a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí. Ba cheart dul i ngleic leis na bearnaí fostaíochta agus na bearnaí pá idir na hinscní, chomh maith le steiréitíopaí inscne. Ba cheart do na Ballstáit comhionannas inscne agus rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa mhargadh saothair a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhionannas deiseanna agus dul chun cinn gairme a áirithiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar rochtain ar cheannaireacht ag gach leibhéal den chinnteoireacht, chomh maith le dul i ngleic leis an gciapadh agus leis an bhforéigean ag an obair arb iad na mná a bhíonn thíos leis an bhfadhb go príomha. Ba cheart pá comhionann as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach, chomh maith leis an trédhearcacht pá, a áirithiú. Ba cheart réiteach idir saol na hoibre, saol an teaghlaigh agus an saol príobháideach le haghaidh na mban agus na bhfear araon a chur chun cinn, go háirithe trí rochtain a bheith ann ar chúram fadtéarmach agus oideachas agus seirbhísí cúraim luathóige atá inacmhainne ar ardchaighdeán, agus trí bheartais leormhaithe fosta lena bhfreastalaítear ar na hathruithe a thagann ar shaol na hoibre de thairbhe an digitithe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag tuismitheoirí agus ag daoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu ar shaoire teaghlaigh iomchuí agus ar shocruithe solúbtha oibre chun cothromaíocht idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach a bhaint amach, agus úsáid chothrom na dteidlíochtaí sin idir tuismitheoirí a chur chun cinn.
Treoirlíne 7: Feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair agus ar éifeachtacht an idirphlé shóisialta
Chun tairbhe a bhaint as lucht saothair dinimiciúil táirgiúil, patrúin nua oibre agus samhlacha nua gnó, ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le dálaí oibre cothroma trédhearcacha intuartha, agus cothromaíocht a bhaint amach idir cearta agus oibleagáidí. Ba cheart dóibh deighilt sna margaí saothair a laghdú agus a chosc, an obair neamhdhearbhaithe agus an fhéinfhostaíocht bhréagach a chomhrac, agus an t-aistriú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a chothú. Na rialacha maidir le cosaint fostaíochta, dlí an tsaothair agus na hinstitiúidí, ba cheart dóibh timpeallacht oiriúnach le haghaidh earcaíochta a sholáthar maille leis an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun iad féin a chur in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch, agus cearta saothair á gcosaint san am céanna agus cosaint shóisialta á háirithiú, mar aon le leibhéal iomchuí slándála, agus timpeallachtaí oibre sláintiúla, sábháilte agus dea-oiriúnaithe le haghaidh gach oibrí. Trí úsáid socruithe solúbtha oibre a chur chun cinn, amhail teilea-obair, is féidir cur le leibhéil fostaíochta níos airde agus le margaí saothair níos cuimsithí. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit tacú le hoibrithe, gnólachtaí agus gníomhaithe eile sa chlaochlú digiteach, lena n-áirítear trí ghlacadh uirlisí intleachta saorga (IS) eiticiúla iontaofa a chur chun cinn. Is féidir go n-áireofaí air sin beartais chun oibrithe a uas-sciliú agus a athsciliú le haghaidh gairmeacha nua agus dreasachtaí do chuideachtaí chun teicneolaíochtaí a fhorbairt agus a chur in úsáid lenar féidir an táirgiúlacht a mhéadú, saothar an duine a chomhlánú, agus ganntanais lucht saothair in earnálacha criticiúla a mhaolú. Tríd agus tríd, agus i gcomhthéacs an athraithe aeráide agus an chlaochlaithe dhigitigh go háirithe, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar cearta oibrithe i dtéarmaí dálaí oibre (lena n-áirítear am oibre, agus socruithe oibre a chuireann tonnta teasa san áireamh), meabhairshláinte ag an obair agus cothromaíocht oibre is saoil a urramú. Ba cheart cosc a chur le caidrimh fostaíochta a mbíonn dálaí oibre forbhásacha mar gheall orthu, lena n-áirítear i gcás na n-oibrithe ardáin, tríd an gcothromaíocht, an trédhearcacht agus an chuntasacht a áirithiú maidir le húsáid algartam, agus trí mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla a chomhrac. I gcásanna dífhostaithe éagóraigh, ba cheart rochtain a áirithiú ar mhodh éifeachtach neamhchlaonta maidir le díospóidí a réiteach, agus an ceart chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh leormhaith, i gcás inarb infheidhme.
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais feabhas a chur ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, ar chomhoiriúnú ina leith agus ar aistrithe sa mhargadh saothair, agus tacú leis na beartais sin freisin, agus i bhfianaise an athraithe dhéimeagrafaigh freisin, lena n-áirítear sna réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart do na Ballstáit iad siúd atá in ann páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair a ghníomhachtú agus a chumasú ar bhealach éifeachtach, go háirithe grúpaí faoi ghannionadaíocht, mar atá mná agus daoine óga, mar aon le daoine i staideanna leochaileacha, mar atá daoine ar bheagán oiliúna agus daoine dífhostaithe go fadtéarmach, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil cúlra imirceach acu, lena n-áirítear daoine a bhfuil stádas cosanta sealadaí acu, daoine ó phobail imeallaithe Romacha agus oibrithe scothaosta. Ba cheart do na Ballstáit raon feidhme agus éifeacht na mbeartas gníomhach maidir le margadh an tsaothair a neartú tríd an spriocdhíriú, an fhor-rochtain agus an raon atá acu a mhéadú agus tríd an méid sin iad a nascadh ar bhealach níos fearr le seirbhísí sóisialta, cúrsaí oiliúna agus tacaíocht ioncaim le haghaidh daoine dífhostaithe, fad a bhíonn siad ag lorg oibre agus é sin a bheith bunaithe ar a gcearta agus a bhfreagrachtaí. Ba cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as cistiú agus tacaíocht theicniúil ón Aontas chun feabhas a chur ar acmhainneacht na seirbhísí poiblí fostaíochta chun cúnamh tráthúil saincheaptha a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist, freagairt do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus bainistiú feidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme, agus tacú lena n-acmhainneacht úsáid a bhaint as teicneolaíocht sonraí agus dhigiteach. Tá ról ag seirbhísí príobháideacha fostaíochta i ndáil leis sin freisin.
Ba cheart do na Ballstáit sochair leordhóthanacha dhífhostaíochta ar feadh tréimhse réasúnta a sholáthar do dhaoine dífhostaithe, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus leis na rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Le sochair dhífhostaíochta, níor cheart dóibh an filleadh pras ar an bhfostaíocht a dhídhreasú agus ba cheart beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bheith ag gabháil leo, lena n-áirítear bearta uas-scilithe agus athscilithe, i bhfianaise ganntanas saothair agus scileanna freisin.
Ba cheart soghluaisteacht foghlaimeoirí, printíseach agus oibrithe a mhéadú agus tacaíocht leordhóthanach a thabhairt di sin, go háirithe i gcomhair foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a bhfuil níos lú taithí soghluaisteachta acu, agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige sin a scileanna agus a n-infhostaitheacht a fheabhsú, leas iomlán a bhaint as acmhainneacht mhargadh saothair na hEorpa agus rannchuidiú le hiomaíochas ar leibhéal an Aontais, ag dul i ngleic ag an am céanna le héifeachtaí déimeagrafacha díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann (lena n-áirítear imirce daoine oilte). Ba cheart dul i ngleic le dúshláin maidir le shoghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas, lena n-áirítear nósanna imeachta chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint nó chun cearta slándála sóisialta a fuarthas a aistriú. Ba cheart dálaí cothroma cuibhiúla a áirithiú dóibh siúd uile a shaothraíonn gníomhaíocht trasteorann trí idirdhealú a sheachaint agus trí chóir chomhionann a áirithiú, trí reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú agus trí dhlús a chur leis an gcomhar riaracháin idir údaráis riaracháin náisiúnta maidir le hoibrithe taistil, agus leas á bhaint as cúnamh an Údaráis Eorpaigh Saothair.
Ba cheart tacú le soghluaisteacht oibrithe i ngairmeacha criticiúla agus oibrithe trasteorann, oibrithe séasúracha agus oibrithe ar postú i gcás ina bhfuil dúnadh sealadach teorann mar thoradh ar chúinsí sláinte poiblí. Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar chonairí imirce dleathacha agus foráil a dhéanamh maidir le beartas lánpháirtíochta éifeachtach d’oibrithe agus dá dteaghlaigh, lena gcuimsítear oideachas agus oiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga, fostaíocht, sláinte agus tithíocht, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena gcleachtais náisiúnta.
Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh na dálaí iomchuí a chruthú le haghaidh cineálacha nua oibre agus modhanna nua oibre, a ngealltanais a chomhlíonadh maidir lena n-acmhainneacht poist a chruthú, agus a áirithiú, san am céanna, go bhfuil na cearta sóisialta atá ann cheana á gcomhlíonadh acu. Ba cheart dóibh comhairle agus treoir a chur ar fáil maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí is infheidhme i gcomhthéacs conarthaí neamhthipiciúla agus foirmeacha nua oibre, cuir i gcás obair trí ardáin dhigiteacha, nó trí shocruithe teilea-oibre. Maidir leis an méid sin, is féidir le comhpháirtithe sóisialta ról ríthábhachtach a imirt agus ba cheart do na Ballstáit tacú leo teagmháil a dhéanamh le daoine agus ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine a bhíonn i mbun obair neamhthipiciúil agus foirmeacha oibre nua. Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit breathnú ar thacaíocht a chur ar fáil don fhorfheidhmiú – mar shampla treoirlínte nó oiliúint thiomnaithe le haghaidh lucht cigireachta saothair – maidir leis na dúshláin a eascraíonn as cineálacha nua eagrúcháin oibre, lena n-áirítear úsáid teicneolaíochtaí digiteacha agus na hIntleachta Saorga, amhail bainistiú de réir algartam, faireachas ar oibrithe agus teilea-obair. Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceart faisnéise agus comhairliúcháin agus na cómhargála ríthábhachtach chun cearta oibrithe a fhorbairt agus a urramú i gcomhthéacs na bpróiseas digiteála, agus in úsáid IS agus algartam in eagrú na hoibre agus sa chaidreamh saothair.
Ag tógáil ar chleachtais náisiúnta atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit daonlathas a chothú ag an obair agus timpeallacht chumasúcháin a áirithiú le haghaidh idirphlé sóisialta dépháirteach agus trípháirteach ar gach leibhéal, lena n-áirítear cómhargáil, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, tar éis dul i gcomhairle agus i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, agus a neamhspleáchas á urramú san am céanna. Ba cheart do na Ballstáit ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta ar bhealach córasach, fóinteach agus tráthúil i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartas fostaíochta agus sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, i gceapadh beartas eacnamaíoch agus beartas poiblí eile, lena n-áirítear i socrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil. Ba cheart do na Ballstáit leibhéal níos airde cumhdaigh cómhargála a chur chun cinn, lena n-áirítear trí fhorbairt agus neartú acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn, cómhargáil éifeachtach a chumasú ar gach leibhéal iomchuí agus comhordú idir na leibhéil sin agus ar fud na leibhéal sin a spreagadh. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun dul i mbun caibidlíochta agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích maidir le saincheisteanna atá ábhartha dóibh, agus a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh á lánurramú. Tá ról ríthábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le réitigh chothroma lena n-éascófar aistriú cóir i dtreo geilleagar dícharbónaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme.
I gcás inarb ábhartha, agus mar fhorbairt ar na cleachtais náisiúnta atá ann faoi láthair, ba cheart do na Ballstáit taithí ábhartha eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar shaincheisteanna fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh.
Treoirlíne 8: Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, an cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac
Ba cheart do na Ballstáit margaí saothair cuimsitheacha atá oscailte do chách a chur chun cinn, trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an idirdhealú de gach cineál agus chun comhionannas deiseanna a áirithiú, go háirithe le haghaidh grúpaí faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair, agus an aird chuí á tabhairt ar na gnéithe réigiúnacha agus críochacha. Ba cheart dóibh cóir chothrom a áirithiú i ndáil leis an bhfostaíocht, cúnamh do chuardaitheoirí poist, an chosaint shóisialta, an cúram sláinte, oideachas agus cúram na luath-óige, an cúram fadtéarmach, an t-oideachas agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, lena n-áirítear tithíocht, gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
Ba cheart do na Ballstáit córais cosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint shóisialta atá leormhaith éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe a sholáthar do chách, ag gach céim den saol, agus an cuimsiú sóisialta agus an tsoghluaisteacht shóisialta aníos á gcothú, rannpháirtíocht sa mhargadh saothair á dreasú, tacú le hinfheistíocht shóisialta, an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar an neamh-chomhionannas, lena n-áirítear leis an gcaoi a ndeartar a gcáinchórais agus a gcórais sochair agus trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar dáileach na mbeartas. Agus cineálacha uilíocha de chur chuige á gcomhlánú le cur chuige sprioc-dhírithe, déanfar éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta a fheabhsú. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag nuachóiriú na gcóras cosanta sóisialta freisin feabhas a chur ar a athléimneacht ó dhúshláin ilghnéitheacha. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na teaghlaigh leochaileacha a ndéanann an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus ardchostas maireachtála difear dóibh, lena n-áirítear tithíocht agus costais fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar bhearnaí sa rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar chineálacha oibre neamhthipiciúla.
Ba cheart do na Ballstáit forbairt agus comhtháthú a dhéanamh ar thrí ghné an chuimsithe ghníomhaigh: tacaíocht leordhóthanach ioncaim, margaí saothair cuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin ar ardchaighdeán, chun freastal ar riachtanais daoine aonair. Ba cheart do chórais cosanta sóisialta sochair leordhóthanacha mar ioncaim íosta a áirithiú le haghaidh gach duine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí thacú le daoine agus trína spreagadh le bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, lena n-áirítear trí sheirbhísí sóisialta spriocdhírithe a sholáthar. Tithíocht agus seirbhísí inacmhainne inrochtana ar ardchaighdeán a bheith ar fáil, oideachas agus seirbhísí cúram luathóige, cúram iarscoile, oideachas, oiliúint, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach mar shampla, is coinníoll riachtanach é sin chun comhionannas deiseanna a áirithiú. I gcomhréir le príomhspriocanna an Aontais agus spriocanna náisiúnta do 2030 maidir le laghdú na bochtaineachta, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta a chomhrac, lena n-áirítear bochtaineacht lucht oibre. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí agus ar an eisiamh sóisialta go háirithe trí bhearta cuimsitheacha comhtháite, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag cách, lena n-áirítear leanaí, ar sheirbhísí fíor-riachtanacha ar ardchaighdeán. Ba cheart dóibh rochtain ar thithíocht leormhaith inacmhainne, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, nó cúnamh tithíochta a áirithiú do dhaoine atá i ngátar nó atá i staid leochaileach. Ba cheart aistriú fuinnimh glan agus cothrom a áirithiú leo sin agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh mar chineál bochtaineachta atá ag éirí níos suntasaí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhearta tacaíochta spriocdhírithe atá dírithe ar theaghlaigh i gcásanna leochaileacha. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, úsáid éifeachtach a bhaint as cistiú agus tacaíocht theicniúil ón Aontas chun infheistíocht a dhéanamh i dtithíocht shóisialta nó i gcúnamh tithíochta, in athchóiriú tithíochta agus i seirbhísí tionlacain agus chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá atá le tithíocht inacmhainne leordhóthanach. Ba cheart riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear an inrochtaineacht, a áirithiú i ndáil leis na seirbhísí sin. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine go sonrach le bearta coisctheacha trí rochtain ar thithíocht bhuan agus soláthar seirbhísí tacaíochta cumasúcháin a chur chun cinn.
Ba cheart do na Ballstáit rochtain thráthúil ar chúram sláinte inacmhainne coisctheach leigheasach agus ar chúram fadtéarmach ar ardchaighdeán a áirithiú, agus an inbhuanaitheacht a chosaint san fhadtéarma san am céanna. I gcomhthéacs éileamh méadaitheach ar chúram fadtéarmach, atá nasctha freisin le hathruithe déimeagrafacha, ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa leordhóthanacht, chomh maith le ganntanas lucht saothair agus drochdhálaí oibre.
I bhfianaise chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus i gcomhréir le gníomhachtú Threoir 2001/55/CE (1) ón gComhairle, ba cheart do na Ballstáit leanúint de leibhéal leormhaith cosanta a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin. I gcás mionaoiseach neamhthionlactha, ba cheart dóibh na bearta is gá a chur chun feidhme. Ba cheart rochtain ar oideachas luath-óige, cúram leanaí agus seirbhísí riachtanacha a áirithiú le haghaidh leanaí easáitithe i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí.
I gcomhthéacs an mhéadaithe ar an bhfad saoil agus ar an athrú déimeagrafach, ba cheart do na Ballstáit leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsin le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe a áirithiú, agus comhionannas deiseanna a sholáthar do mhná agus d’fhir maidir le cearta pinsin a fháil agus a fhabhrú, lena n-áirítear trí scéimeanna forlíontacha chun ioncam leordhóthanach i seanaois a áirithiú. Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe pinsean le beartais a bhfuil sé d’aidhm acu an bhearna phinsin idir na hinscní a laghdú, aosú gníomhach agus folláin a chur chun cinn agus fad a chur leis an saol oibre, an aois scoir iarbhír a ardú mar shampla, go háirithe trí rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a éascú agus dálaí oibre a chuirtear in oiriúint do riachtanais na n-oibrithe scothaosta a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé cuiditheach a bhunú le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus céimniú isteach iomchuí na n-athchóirithe a cheadú.
(1) Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann leis sin (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3134/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)