AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.9.2025
COM(2025) 485 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
maidir le tiomsú sonraí a bhaineann le cuntas íocaíochta sonrach ó na Ballstáit mar a cheanglaítear le hAirteagal 27 de Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu
CLÁR
1.
RÉAMHRÁ
2.
COMHLÍONTACHT NA SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ ÍOCAÍOCHTA LE hAIRTEAGAIL 4, 5 AGUS 6
3.
COMHLÍONADH NA mBALLSTÁT LEIS NA CEANGLAIS CHUN SUÍOMHANNA GRÉASÁIN COMPARÁIDE A ÁIRITHIÚ DE BHUN AIRTEAGAL 7
4.
AN LÍON CUNTAS ÍOCAÍOCHTA A MALARTAÍODH AGUS CION NA nIARRATAS AR MHALARTÚ AR DIÚLTAÍODH DÓIBH
5.
AN LÍON INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA A THAIRGEANN CUNTAIS ÍOCAÍOCHTA A BHFUIL GNÉITHE BUNÚSACHA ACU, AN LÍON CUNTAS DEN SÓRT SIN A OSCLAÍODH AGUS AN CION D’IARRATAS AR CHUNTAIS ÍOCAÍOCHTA A BHFUIL GNÉITHE BUNÚSACHA ACU AR DIÚLTAÍODH DÓIBH
6.
CONCLÚID
1.
RÉAMHRÁ
Tháinig an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta (PAD) i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2014. Níor mhór do na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun PAD a chomhlíonadh a bheith glactha agus foilsithe acu faoin 18 Meán Fómhair 2016. Faoi Airteagal 27 de PAD, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú lena soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:
1.comhlíonadh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta;
2.comhlíonadh na mBallstát leis na ceanglais chun suíomhanna gréasáin comparáide a áirithiú de bhun Airteagal 7 den Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta;
3.líon na gcuntas íocaíochta a malartaíodh agus an cion d'iarratais ar mhalartú ar diúltaíodh dóibh;
4.líon na n‑institiúidí creidmheasa a thairgeann cuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu, an líon cuntas den sórt sin a osclaíodh agus an cion d'iarratais ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu ar diúltaíodh dóibh.
Mar a leagtar amach in Airteagal 27, is ar shonraí arna soláthar ag na Ballstáit amháin atá an tuarascáil bunaithe. Mar sin féin, tá bearnaí áirithe sna sonraí (e.g. nuair nach raibh faisnéis ar fáil i mBallstát). D’fhéadfadh sé freisin go raibh modheolaíochtaí agus foinsí bailithe sonraí éagsúil ar fud na mBallstát, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh sé deacair comparáidí agus measúnú a dhéanamh.
Is í seo an dara tuarascáil bunaithe ar Airteagal 27 de PAD, lena gcumhdaítear faisnéis a bhaineann le 2022 agus 2023.. Ullmhaíodh í ar bhonn ceistneora a pléadh agus a comhaontaíodh le hionadaithe rialtais ó 27 mBallstát an Aontais.
2.COMHLÍONTACHT NA SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ ÍOCAÍOCHTA LE hAIRTEAGAIL 4, 5 AGUS 6
Le Caibidil II PAD, tugtar isteach rialacha chun a áirithiú go gcuirfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis shoiléir thrédhearcach ar fáil faoi tháillí a bhaineann le cuntais íocaíochta. Is iad an dá phríomhsprioc atá ag PAD, mar a luaitear in aithrisí PAD, (i) an margadh inmheánach don bhaincéireacht mhiondíola a neartú; agus (ii) tomhaltóirí a chumhachtú chun tairiscintí a chur i gcomparáid go héifeachtach agus roghanna eolasacha a dhéanamh.
Is é an chéad chéim chun na spriocanna sin a bhaint amach téarmaíocht chaighdeánaithe a bhunú, mar a leagtar amach in Airteagal 3 de PAD. Chun an méid sin a bhaint amach, tá liosta ag na Ballstáit de na seirbhísí táillebhunaithe is coitianta atá nasctha le cuntas íocaíochta, arna bhforbairt trí chur chuige cuimsitheach céim ar chéim. Leagtar síos an téarmaíocht chaighdeánaithe sin i Rialachán Tarmligthe. Feidhmíonn sí freisin mar bhonn do na hairteagail ina dhiaidh sin i gCaibidil II, toisc go gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta na téarmaí comhaontaithe sin a úsáid chun forálacha eile na caibidle a chomhlíonadh.
I gcomhréir le hAirteagal 27 de PAD, sholáthair na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas maidir le hAirteagail 4, 5 agus 6 i ndáil le leibhéal comhlíontachta na soláthraithe seirbhísí íocaíochta.
a)Airteagal 4: doiciméad agus gluais faisnéise faoi tháillí
Bunaítear le hAirteagal 4 nach mór do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta doiciméad faisnéise maidir le táille a sholáthar do thomhaltóirí in am trátha sula ndéanfaidh siad conradh le haghaidh cuntas íocaíochta. Ní mór an doiciméad a sholáthar ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile agus ní mór na téarmaí caighdeánaithe agus na táillí comhfhreagracha le haghaidh gach seirbhíse a thairgeann an soláthraí a bheith ann. Tá cur i láthair an doiciméid faisnéise maidir le táille faoi réir rialacha beachta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme. Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta gluais de na téarmaí agus de na sainmhínithe caighdeánaithe a chur ar fáil agus a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag tomhaltóirí ar an doiciméad faisnéise maidir le táille agus ar an ngluais tráth ar bith, saor in aisce, agus i bhformáidí éagsúla, lena n‑áirítear foirm leictreonach ar a suíomhanna gréasáin agus ar a n‑áitreabh, agus ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna iarraidh sin do na tomhaltóirí.
Maidir leis an doiciméad faisnéise maidir le táille a sholáthar go tráthúil do thomhaltóirí, mar a shonraítear in Airteagal 4(1), léirítear leis na sonraí comhlíontacht ghinearálta i measc soláthraithe seirbhísí íocaíochta. Baintear an chonclúid sin as suirbhéanna, cigireachtaí nó seiceálacha agus anailísí maoirseachta eile a rinneadh (e.g. BE, CZ, DE, ES, FR, HR, HU, IE, IT, LU, LV, MT, PL, PT, RO, SI), agus as minicíocht an‑íseal gearán nó easpa tásca eile maidir le neamhchomhlíonadh soláthraithe (e.g. AT, BG, CY, DK, EE, EL, ES, FI, LT, NL, SE, SK). Ar an iomlán, tugtar le fios leis na torthaí sin go bhfuil soláthraithe comhlíontach. Chomh maith leis sin, cuirtear na doiciméid faisnéise i láthair na dtomhaltóirí i bhformáidí éagsúla, lena n‑áirítear go fisiceach i mbrainsí agus go digiteach ar shuíomhanna gréasáin. I ndáil leis sin, chuir an Ísiltír i dtábhacht cé go bhfuil doiciméid faisnéise maidir le táille ar fáil ar shuíomhanna gréasáin, nach mbíonn sé éasca i gcónaí do thomhaltóirí teacht orthu. Thug an Fhrainc dá haire gur chuir institiúid creidmheasa faisnéis phraghsála ar fáil le déanaí trí chód QR, agus mheas sí go bhfuil an cód comhlíontach má nascann sé le meán marthanach is féidir a íoslódáil, a phriontáil nó a thaifeadadh, agus má tá an fhaisnéis ar fáil arna iarraidh sin don tomhaltóir.
Maidir leis an gceanglas atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta gluais téarmaí caighdeánaithe a chur ar fáil, mar a leagtar amach in Airteagal 4(4), léirítear leis na sonraí go bhfuil comhlíontacht ghinearálta ann i measc soláthraithe seirbhísí íocaíochta.. Baintear an chonclúid sin as suirbhéanna, cigireachtaí nó seiceálacha agus anailísí maoirseachta eile (e.g. BE, BG, CZ, DE, FR, HR, HU, IE, IT, LU, LV, MT, PL, PT, RO, SI), agus as minicíocht an‑íseal gearán nó easpa tásca eile maidir le neamhchomhlíonadh soláthraithe (e.g. AT, CY, DK, EL, ES, FI, LT, NL, SE, SK). Ar an iomlán, tugtar le fios leis na torthaí sin go bhfuil soláthraithe comhlíontach.
Maidir leis an gceanglas chun an doiciméad faisnéise maidir le táille agus an ghluais, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(5), a chur ar fáil do thomhaltóirí (agus do dhaoine nach custaiméirí iad) tráth ar bith ar an suíomh gréasáin agus ar an áitreabh, tugtar le fios sna sonraí go mbíonn na soláthraithe seirbhísí íocaíochta comhlíontach go ginearálta. Baintear an chonclúid sin arís as suirbhéanna, cigireachtaí nó seiceálacha agus anailísí maoirseachta eile (e.g. BE, BG, CZ, DE, FR, HR, HU, IE, IT, LU, LV, MT, PL, PT, RO, SI), agus as minicíocht an‑íseal gearán nó easpa tásca eile maidir le neamhchomhlíonadh soláthraithe (e.g. AT, CY, DK, EL, ES, FI, LT, NL, SE, SK). Ar an iomlán, tugtar le fios leis na torthaí sin go bhfuil soláthraithe comhlíontach.
I líon teoranta cásanna, sainaithníodh aimhrialtachtaí i ndáil le téarmaí neamhchaighdeánaithe a úsáid agus leis an doiciméad faisnéise maidir le táille agus an ghluais a sholáthar. Na saincheisteanna a braitheadh, tugadh treoir do na soláthraithe faoi seach aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí ghníomhaíochtaí feabhais iomchuí a dhéanamh, ach níor forchuireadh aon smachtbhanna toisc go ndearna soláthraithe bearta chun comhlíonadh a áirithiú (e.g. ES, IT, PT). Sa Fhrainc, bunaíocht amháin nár sholáthair an doiciméad faisnéise maidir le táille fuair sí urghaire chun comhlíonadh a dhéanamh tar éis cásanna neamhchomhlíonta arís agus arís eile. Mar sin féin, thuairiscigh beagnach gach Ballstát nár tionscnaíodh aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin maidir le sáruithe ar Airteagal 4.
Chuir formhór na mBallstát in iúl gur tháinig laghdú ar an díobháil do thomhaltóirí mar thoradh ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4. Mar sin féin, chuir roinnt Ballstát in iúl nach bhfuil dóthain sonraí ann chun measúnú iomlán a dhéanamh ar an tsaincheist sin go cinnte.
b)Airteagal 5: ráiteas faoi tháillí
Rialaítear an ráiteas maidir le táillí le hAirteagal 5 de PAD. Ní mór miondealú mionsonraithe ar na táillí uile arna dtabhú le haghaidh seirbhísí atá nasctha le cuntas íocaíochta a áireamh sa ráiteas. Chun comhsheasmhacht agus soiléireacht a áirithiú, d’achtaigh an Coimisiún Eorpach Rialachán Cur Chun Feidhme lena gcaighdeánaítear formáid an ráitis maidir le táille a chur i láthair agus lena dtugtar isteach siombail choiteann. Is é is aidhm don oibleagáid sin trédhearcacht a chur chun cinn agus cuidiú le tomhaltóirí tuiscint níos fearr a fháil ar na táillí a bhaineann lena gcuntais íocaíochta.
Maidir leis an oibleagáid i leith ráiteas a sholáthar ar bhonn bliantúil ar a laghad agus saor in aisce i ndáil leis na táillí uile a tabhaíodh, mar a leagtar amach in Airteagal 5, léirítear leis na sonraí go mbíonn na soláthraithe seirbhísí íocaíochta comhlíontach go ginearálta. Baintear an chonclúid sin as suirbhéanna, cigireachtaí nó seiceálacha agus anailísí maoirseachta eile (e.g. CZ, DE, FR, HR, HU, IE, IT, LU, LV, MT, PL, PT, SI), agus as an easpa gearán nó easpa tásca eile maidir le neamhchomhlíonadh soláthraithe (e.g. AT, BE, BG, CY, EL, ES, FI, LT, PL, RO, SE, SK). Ar an iomlán, tugtar le fios leis na torthaí sin go bhfuil soláthraithe comhlíontach.
I líon teoranta cásanna, sainaithníodh easnaimh, e.g. san Ungáir agus sa Phortaingéil maidir le ceanglais faisnéise an ráitis a chomhlíonadh. Sainaithníodh roinnt easnamh san Iodáil freisin maidir le catagóiriú mícheart táirgí lasmuigh de raon feidhme PAD chomh maith leis an ráiteas maidir le táillí a sholáthar níos annaimhe ná mar is gá. Mar gheall ar na heasnaimh sin, ceanglaíodh ar na húdaráis inniúla gníomhaíocht a dhéanamh chun comhlíontacht a áirithiú (e.g. HU, IT). Mar sin féin, thuairiscigh beagnach gach Ballstát nár tionscnaíodh aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin maidir le sáruithe ar Airteagal 5.
Chuir formhór na mBallstát in iúl gur tháinig laghdú ar an díobháil do thomhaltóirí mar thoradh ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5. Mar sin féin, chuir roinnt Ballstát in iúl nach bhfuil dóthain sonraí ann chun measúnú iomlán a dhéanamh ar an tsaincheist sin go cinnte.
c)Airteagal 6: faisnéis do na tomhaltóirí
Le hAirteagal 6 de PAD, ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta na téarmaí caighdeánaithe a úsáid ina bhfaisnéis chonarthach, tráchtála agus mhargaíochta do thomhaltóirí. Ciallaíonn sé sin nach mór teanga chomhsheasmhach shoiléir a úsáid chun cuidiú le tomhaltóirí tuiscint a fháil ar na seirbhísí agus na táillí a bhaineann lena gcuntais íocaíochta. Cé go gceadaítear do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a n‑ainmneacha branda a úsáid sa doiciméad faisnéise maidir le táille agus sa ráiteas maidir le táillí, ní féidir na hainmneacha branda sin a úsáid ach amháin mar ainmniú tánaisteach ar na seirbhísí.
Maidir leis an oibleagáid i leith téarmaí caighdeánaithe a ionchorprú san fhaisnéis chonarthach, tráchtála agus mhargaíochta do thomhaltóirí, mar a shonraítear in Airteagal 6(1), léirítear leis na sonraí go mbíonn soláthraithe comhlíontach go ginearálta. Eascraíonn an chonclúid sin as suirbhéanna, cigireachtaí nó seiceálacha maoirseachta eile (e.g. BE, CZ, DE, FR, HR, HU, IE, IT, LU, LV, MT, PL, PT, RO), agus as easpa gearán nó easpa tásca eile maidir le neamhchomhlíonadh soláthraithe (e.g. AT, CY, BG, DK, EE, EL, ES, FI, LT, NL, SE, SI, SK). Tugtar le fios leis na sonraí go bhfuil soláthraithe comhlíontach ar an iomlán.
Maidir lena mhinice a áiríonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta a n‑ainm branda sa doiciméad faisnéise maidir le táille agus sa ráiteas maidir le táillí, is é an bharúil fhoriomlán gur minic a chuireann soláthraithe an t‑ainm branda san áireamh. Chuir roinnt Ballstát in iúl nach raibh dóthain sonraí acu chun measúnú a dhéanamh ar an tsaincheist sin.
Maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a bhaineann le sáruithe ar Airteagal 6, thuairiscigh beagnach gach Ballstát nach ndearnadh aon ghníomhaíocht den sórt sin. Thug an Phortaingéil dá haire gur braitheadh trí shárú idir 2022 agus 2023, agus go ndearnadh rabhaidh ina dhiaidh sin chun comhlíonadh a dhéanamh. Mar sin féin, ní dhearnadh aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin bhreise. Ar bhonn suirbhé a rinneadh in 2022, chuir an Fhrainc i dtábhacht nár áirigh aon soláthraí seirbhísí íocaíochta amháin an fhaisnéis uile ba ghá. Mar sin féin, tar éis urghaire, chomhlíon an soláthraí oibleagáid Airteagal 6 faoi PAD.
Chuir formhór na mBallstát in iúl gur tháinig laghdú ar an díobháil do thomhaltóirí mar thoradh ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6. Mar sin féin, chuir roinnt Ballstát in iúl nach bhfuil dóthain sonraí ann chun measúnú iomlán a dhéanamh ar an tsaincheist sin go cinnte, agus leag cúpla Ballstát eile béim freisin ar thionchar teoranta dóchúil Airteagal 6.
3.COMHLÍONADH NA mBALLSTÁT LEIS NA CEANGLAIS CHUN SUÍOMHANNA GRÉASÁIN COMPARÁIDE A ÁIRITHIÚ DE BHUN AIRTEAGAL 7
Ceanglaítear le hAirteagal 7 ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí, saor in aisce, ar shuíomh gréasáin amháin ar a laghad lena ndéantar comparáid idir na táillí a ghearrann soláthraithe seirbhísí íocaíochta as, ar a laghad, na seirbhísí a fhaightear ar an liosta náisiúnta de na seirbhísí is ionadaíche atá nasctha le cuntas íocaíochta agus atá faoi réir táille. Bunaítear leis freisin go bhféadfaidh oibreoir príobháideach nó údarás poiblí an suíomh gréasáin comparáide a oibriú, go n‑oibreofar ar bhealach neamhspleách é, go nochtfar úinéir an tsuímh gréasáin ann, go leagfar amach critéir shoiléire oibiachtúla ann ar a bhfuil an chomparáid bunaithe, go n‑úsáidfear teanga shoiléir gan débhrí ann, go mbeidh sé cothrom le dáta, go gcumhdófar cuid mhór den mhargadh leis agus go soláthrófar leis an suíomh gréasáin comparáide nós imeachta éifeachtach chun faisnéis mhícheart maidir le táillí foilsithe a thuairisciú.
Tá suíomh gréasáin comparáide oibríochtúil amháin ar a laghad ag beagnach gach Ballstát , mar a cheanglaítear le hAirteagal 7. Shann formhór na mBallstát an fhreagracht as an suíomh gréasáin a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta d’údarás poiblí. In Éirinn, sa Pholainn agus sa Spáinn, tá roinnt suíomhanna gréasáin príobháideacha iontu chomh maith le suíomh gréasáin poiblí. Sa Danmhairg agus sa tSeicia, is oibreoirí príobháideacha a reáchtálann na suíomhanna gréasáin atá ar fáil. San Fhionlainn, san Ísiltír agus sa tSualainn, tá gníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon rannpháirteach.
Thug an Chróit dá haire go ndéanann a suíomh gréasáin idirdhealú freisin idir cineálacha difriúla cuntas, amhail cuntais bhunúsacha do thomhaltóirí ar le grúpa leochaileach iad. Le roinnt suíomhanna gréasáin, soláthraítear faisnéis freisin maidir le táirgí eile nó suíomhanna gréasáin comparáide eile a bhaineann le táirgí difriúla atá ann sna Ballstáit faoi seach. I measc na dtáirgí breise tá cártaí creidmheasa, árachas, iasachtaí morgáiste, creidmheasanna tomhaltóirí agus cuntais choigiltis. Cé is moite de roinnt suíomhanna gréasáin príobháideacha sa tSeicia, is cosúil nach soláthraítear comhairle phearsantaithe do thomhaltóirí le haon cheann de na suíomhanna gréasáin comparáide atá ar fáil go poiblí sna Ballstáit.
Ar an iomlán, is cosúil go dtugtar suíomhanna gréasáin comparáide cothrom le dáta ar bhonn rialta. Thairis sin, cuireann roinnt Ballstát i dtábhacht go gcuireann siad de cheangal ar sholáthraithe fógra a thabhairt d’oibreoirí suíomhanna gréasáin faoi aon athrú, sula dtiocfaidh na coinníollacha nua i bhfeidhm nó ar a dhéanaí nuair a thiocfaidh na coinníollacha nua i bhfeidhm (e.g. BG, DE, ES, HR, HU, LT, MT, LV, PL, PT, RO, SI, SK).
Níor thuairiscigh ach roinnt Ballstát gur spreagadh an sásra tuairiscithe le haghaidh faisnéis mhícheart maidir le táillí foilsithe (e.g. BE, BG, EL, FI, FR, LU, MT), nach n‑éilíonn ach mioncheartúcháin de ghnáth. Ar an iomlán, tugtar le fios leis sin go dtaispeántar an fhaisnéis cheart ar na suíomhanna gréasáin comparáide. Maidir le hearráidí a cheartú, chuir an Fhrainc i dtábhacht a próiseas fíorúcháin uathoibríoch, a dhéanann seiceálacha cáilíochta ar an bhfaisnéis a fhoilsítear ar an suíomh gréasáin le linn na céime iontrála. Chuir Málta i dtábhacht freisin go ndéanann a údarás inniúil athbhreithniú ar na hathruithe uile sula bhfoilsítear iad ar an suíomh gréasáin comparáide chun cosc a chur ar fhaisnéis mhícheart a fhoilsiú.
Sheol roinnt Ballstát feachtais shonracha feasachta poiblí freisin trí bhealaí cumarsáide éagsúla, amhail teilifís, raidió agus na meáin shóisialta (e.g. BE, DE, EE, HR, IE, PT). Ina theannta sin, scaipeann roinnt Ballstát eile faisnéis ábhartha ar shuíomhanna gréasáin poiblí gaolmhara, preaseisiúintí agus tuarascálacha (e.g. BG, ES, FI, LV, NL, PL, SE, SI). Thairis sin, chuir an Ostair agus an Ungáir in iúl nach mór do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin suíomh gréasáin comparáide atá ar fáil.
Ní dhearna ach cúpla Ballstát measúnuithe sonracha ar a suíomhanna gréasáin, nó tá sé beartaithe acu é sin a dhéanamh amach anseo. In 2020, mar shampla, rinneadh meastóireacht ar shuíomh gréasáin comparáide na hÍsiltíre, lena n‑áirítear ceistneoirí a bhí dírithe ar úsáideoirí agus ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta araon. Ar bhonn aiseolas na meastóireachta, cuireadh isteach faisnéis shoiléir maidir le cathain a thugtar an suíomh gréasáin cothrom le dáta. In 2023, rinneadh athbhreithniú ar shuíomh gréasáin Lucsamburg agus rinneadh níos soláimhsithe don tomhaltóir agus níos áisiúla é. Cé nach ndearna an Spáinn measúnú leathan, tugadh le fios le roinnt fianaise go mbíonn deacrachtaí úsáide ag tomhaltóirí agus nach cosúil i gcónaí go bhfuil an fhaisnéis sin go hiomlán cothrom le dáta le roghanna reatha na dtomhaltóirí. Dá bhrí sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Spáinn ar a suíomh gréasáin faoi láthair. Luaigh Málta go ndéanann sé cleachtaí tréimhsiúla chun cuairteanna ar shuíomhanna gréasáin a ghabháil agus chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an tsuímh gréasáin comparáide. Reáchtálfaidh an Rómáin tionscadal arna chómhaoiniú ag Ciste Sóisialta na hEorpa. Is é an aidhm atá ann an t‑ualach riaracháin ar dhaoine aonair agus ar ghnólachtaí maidir le cosaint tomhaltóirí a laghdú, lena n‑áirítear feabhas a chur ar an suíomh gréasáin comparáide ionas go mbeidh sé níos soláimhsithe.
4.AN LÍON CUNTAS ÍOCAÍOCHTA A MALARTAÍODH AGUS CION NA nIARRATAS AR MHALARTÚ AR DIÚLTAÍODH DÓIBH
a)Cuntais íocaíochta a malartaíodh
Bunaítear le PAD nós imeachta tapa do thomhaltóirí ar mian leo a gcuntas a mhalartú ó bhanc amháin go banc eile sa Bhallstát céanna.
Léirítear i dTábla 1 an líon cuntas íocaíochta a malartaíodh idir 2016 agus 2023. Níl an fhaisnéis uile ar fáil i ngach Ballstát agus tá bearnaí áirithe sna sonraí sa tábla. Ós rud é go ndearnadh trasuí déanach i roinnt Ballstát, d’fhéadfadh sé nach raibh seirbhís malartaithe ar fáil go fóill in 2016 nó in 2017, nó nár bailíodh na sonraí le haghaidh na mblianta sin. Ina theannta sin, i roinnt Ballstát, ní ar bhonn bliantúil i gcónaí a bailíodh na sonraí.
Thairis sin, d’fhéadfadh sé nach mbíonn na sonraí a sholáthraítear inchomparáide i gcónaí mar gheall ar na modhanna difriúla bailithe sonraí a úsáidtear. Cé go bhfuil sé éigeantach i roinnt Ballstát d’institiúidí creidmheasa tuairisciú a dhéanamh go tréimhsiúil (nó ar bhonn ad hoc), ní fhéadfar sonraí a bhailiú ach amháin ar bhonn deonach nó ó shampla d’institiúidí creidmheasa i mBallstáit eile, agus ó na samplaí sin amháin. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go n‑áirítear sna sonraí a sholáthair na Ballstáit le haghaidh 2016 malartuithe a rinneadh sna míonna sular tháinig PAD i bhfeidhm (i gcás ina raibh seirbhís malartaithe chomhchosúil ann cheana féin sna Ballstáit sin sular cuireadh PAD chun feidhme).
Ó cuireadh tús leis an gcleachtadh bailithe sonraí, rinneadh 17.6 milliún cuntas íocaíochta a mhalartú trí úsáid a bhaint as an tseirbhís malartaithe.
Tábla 1: An líon malartuithe in aghaidh na bliana
Mar gheall ar na bearnaí sonraí agus an easpa sonraí atá inchomparáide go hiomlán, is deacair teacht ar chonclúidí soiléire maidir le glacadh na seirbhíse malartaithe nó aon treocht shoiléir thar an tréimhse ama a shainaithint. Is féidir difríochtaí nach beag a thabhairt faoi deara, áfach. Cé go ndearnadh líon nach beag malartuithe i roinnt Ballstát, is cosúil go bhfuil na figiúirí an‑íseal i gcásanna eile. Is díol suntais ar leith é an leibhéal ard malartaithe sa Fhrainc (1.2 milliún in 2023, síos ó 1.5 milliún in 2022), áit a bhfuil an próiseas seanbhunaithe anois.
De réir fhreagraí na mBallstát, is féidir an líon íseal malartuithe i roinnt Ballstát eile a shannadh do roinnt tosca. Áirítear orthu sin (i) easpa feasachta maidir le seirbhísí malartaithe; (ii) easpa éilimh (mar gheall ar mhiondifríochtaí idir cuntais íocaíochta agus úsáid cuntas iolrach le soláthraithe éagsúla); (iii) braistintí diúltacha maidir le deacracht an phróisis; (iv) támhaí; (v) deacrachtaí maidir le roghanna malartacha ar luach níos fearr a shainaithint; nó (vi) saoráidí creidmheasa nó seirbhísí eile a cheanglaítear le hinstitiúid airgeadais a d’fhéadfadh a bheith deacair a aistriú; agus (vii) míchaoithiúlacht a bhaineann le huimhir IBAN a athrú. Tá bearta déanta ag roinnt Ballstát chun an próiseas malartaithe cuntas a éascú a thuilleadh.. D’fhéadfadh sé gurbh fhiú measúnú agus plé breise a dhéanamh ar ghlacadh íseal seirbhísí malartaithe i roinnt Ballstát.
b)An líon iarratas ar mhalartú ar diúltaíodh dóibh (agus an cion de na hiarratais sin)
Léirítear i dTábla 2 an líon iarratas ar mhalartú ar diúltaíodh dóibh idir 2016 agus 2023. Ríomhadh na comhréireanna tríd an líon iarratas ar mhalartú ar diúltaíodh dóibh a roinnt ar an líon iomlán iarratas. Tá an fhaisnéis neamhiomlán toisc nach mbailítear sonraí maidir le hiarratais ar diúltaíodh dóibh i roinnt Ballstát. Thairis sin, d’fhéadfadh sé nach bhfuil na sonraí a sholáthraítear go hiomlán inchomparáide mar gheall ar na modhanna éagsúla bailithe sonraí a úsáideadh.
Tábla 2: An líon iarratas ar mhalartú agus an cion de na hiarratais sin ar diúltaíodh dóibh
I bhfianaise na mbearnaí sonraí chomh maith le modheolaíochtaí éagsúla, is deacair teacht ar chonclúidí soiléire. Mar sin féin, is féidir difríochtaí an‑mhóra ar fud na mBallstát a thabhairt faoi deara agus táscairí a thabhairt maidir le mínithe a d’fhéadfadh a bheith ann, mar a fhoráiltear i bhfreagraí na mBallstát ar an gceistneoir. Bhí céatadán na ndiúltuithe 85 % sa Rómáin (2023), 49 % sa Spáinn 2020, 29 % sa Pholainn (2023), 27 % in Éirinn (2023), 27 % san Ungáir (2023), agus i bhformhór na mBallstát eile tá cion na n‑iarratas ar diúltaíodh dóibh i bhfad níos ísle.. Thug na Ballstáit roinnt cúiseanna chun a mhíniú cén fáth ar diúltaíodh d’iarratais ar mhalartú. Áirítear orthu sin (i) earráidí a bhaineann leis an bhfoirm iarratais ar mhalartú (faisnéis atá in easnamh, mícheart nó neamhréireach, cineálacha cuntais neamh‑incháilithe, sínithe doléite/ar iarraidh etc.); (ii) doiciméadacht neamhiomlán; (iv) easpa comhair idir na bainc; (v) iarmhéideanna cuntais diúltacha; (vi) gan sprioc‑amanna sonracha a chomhlíonadh; nó (vi) cealú an iarratais ag an úsáideoir.
5.AN LÍON INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA A THAIRGEANN CUNTAIS ÍOCAÍOCHTA A BHFUIL GNÉITHE BUNÚSACHA ACU, AN LÍON CUNTAS DEN SÓRT SIN A OSCLAÍODH AGUS AN CION D’IARRATAS AR CHUNTAIS ÍOCAÍOCHTA A BHFUIL GNÉITHE BUNÚSACHA ACU AR DIÚLTAÍODH DÓIBH
a)Institiúidí creidmheasa a thairgeann cuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (PABF)
I bhformhór na mBallstát, ní mór do gach institiúid creidmheasa a sholáthraíonn cuntais íocaíochta chaighdeánacha cuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu a chur ar fáil (BE, BG, CZ, DK, DE, EE, IE, ES, FR, IT, LV, LT, HU, NL, AT, PL, PT, RO, SI, FI, SE). I mBallstáit eile, níl oibleagáid ach ar roinnt institiúidí creidmheasa, i.e. iad siúd a chomhlíonann critéir shonracha a leagan na Ballstáit aonair amach, cuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu a chur ar fáil. Sna cásanna deireanacha sin, is gnáth go gcumhdaíonn na hinstitiúidí creidmheasa faoi oibleagáid sciar mór den mhargadh i dtéarmaí líon cuntas íocaíochta.
Tábla 3: Ballstáit nach gcuireann achinstitiúidí creidmheasa áirithe PABFanna ar fáil iontu
|
Tír
|
Critéir shonracha na mBallstát maidir le PABF a chur ar fáil ag institiúidí creidmheasa
|
An líon iomlán institiúidí creidmheasa atá faoi oibleagáid cuntas íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha aige a chur ar fáil (i gcomparáid leis an líon iomlán institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn cuntais íocaíochta) agus a sciar den mhargadh
|
|
an Ghréig
|
Gach institiúid creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta do thomhaltóirí, seachas institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn cuntas íocaíochta nach bhfuil ach saoráidí ar líne aige
|
|
|
an Chróit
|
Ní mór d’institiúidí creidmheasa ar mó a sócmhainní ná EUR 1.99 billiún PABF a chur ar fáil. Féadfaidh institiúidí creidmheasa eile PABF a chur ar fáil
|
7 mbanc as 20 (sócmhainní ar mó iad ná EUR 1.99 billiún), agus is iad sin 94 % den sciar margaidh
|
|
an Chipir
|
Tá oibleagáid ar gach institiúid creidmheasa atá ag feidhmiú sa Chipir PABF a chur ar fáil, seachas 3 bhanc an‑bheag atá corpraithe go háitiúil
|
14 institiúid creidmheasa arb ionann iad agus sciar thart ar 94 % den mhargadh
|
|
Lucsamburg
|
Ní mór d’institiúidí creidmheasa a bhfuil 25 ghníomhaireacht ar a laghad acu i Lucsamburg agus a bhfuil 2.5 % ar a laghad de thaiscí faoi chumhdach ina seilbh acu PABFanna a sholáthar
|
5 institiúid chreidmheasa agus iad le chéile atá sa chuid is mó den mhargadh
|
|
Málta
|
Tá oibleagáid ar institiúidí creidmheasa a bhfuil 5 bhrainse nó níos mó acu i Málta PABF a chur ar fáil
|
Cuireann 5 institiúid creidmheasa PABF ar fáil a bhfuil sciar 93.7 % den mhargadh acu
|
|
an tSlóvaic
|
Institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn na seirbhísí baincéireachta uile atá nasctha le cuntas íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha aige mar chuid dá ngníomhaíocht ghnó do thomhaltóirí, agus na hinstitiúidí sin amháin
|
10 n‑institiúid chreidmheasa
|
b)An Líon Cuntas Íocaíochta ag a bhfuil Gnéithe Bunúsacha (PABFanna)
Tá an fhaisnéis maidir leis an líon PABFanna a sholáthair na Ballstáit agus a leagtar amach i dTábla 4 neamhiomlán le haghaidh blianta áirithe. I roinnt Ballstát, ní dhéanann institiúidí creidmheasa idirdhealú idir gnáthchuntas íocaíochta agus PABF, rud a fhágann nach ann d’aon sonraí maidir le PABFanna. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé nach mbíonn an fhaisnéis inchomparáide i gcónaí mar gheall ar na modhanna éagsúla bailithe sonraí a úsáidtear. I roinnt Ballstát, ní dhéanann ach roinnt institiúidí creidmheasa PABFanna a sholáthar mar tháirge sonrach, ach ní dhéanann institiúidí creidmheasa eile idirdhealú idir cineálacha difriúla cuntas. Sna tíortha sin, ní chumhdaítear leis na figiúirí ach na PABFanna a chuirtear ar fáil mar tháirge sonrach.
Tábla 4: An líon PABFanna a osclaíodh gach bliain
Mar gheall ar na bearnaí sonraí agus an easpa sonraí inchomparáide, is deacair teacht ar chonclúidí soiléire. Ós rud é nach ceanglas é faoi Airteagal 27, níl sonraí ar fáil chun an líon iomlán PABFanna nár osclaíodh ag deireadh gach bliana a léiriú. Léirítear leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i dTábla 4 gur osclaíodh líon nach beag PABFanna le linn na tréimhse ama, arb ionann sin agus beagnach 2 mhilliún in 2023.. Mínítear an líon fíor‑ard oscailtí cuntais sa Rómáin toisc go léirítear leis na sonraí gach cineál oscailt cuntais agus nach bhfuil siad teoranta do PABFanna. Ar an gcaoi chéanna sa Ghréig, tá líon ard oscailtí cuntais nua inti mar gheall go n‑úsáideann custaiméirí cuntais chaighdeánacha mar PABFanna. Tá an líon cuntas nua a osclaíodh sa Fhrainc, san Iodáil agus sa tSlóvaic an‑íseal.
c)An líon iarratas ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (agus an cion de na hiarratais sin) ar diúltaíodh dóibh
Bhailigh na Ballstáit na sonraí maidir leis an líon iarratas ar PABFanna ar diúltaíodh dóibh (Tábla 5). Ríomhadh na cionmhaireachtaí tríd an líon PABFanna a osclaíodh agus an líon iarratas ar PABFanna ar diúltaíodh dóibh a ghlacadh mar an líon iomlán iarratas..
Table5 An líon iarratas ar PABF agus an cion de na hiarratais sin ar diúltaíodh dóibh
Níl na sonraí ar fáil do gach Ballstát agus d’fhéadfadh sé nach bhfuil siad go hiomlán inchomparáide. Dá dheasca sin, ní féidir teacht ar chonclúidí soiléire. Mar sin féin, léirítear leis na sonraí go bhfuil na rátaí diúltuithe d’iarratais ar PABF an‑íseal go ginearálta.
Tá éagsúlacht mhór ann ar fud na mBallstát maidir leis na cúiseanna atá le diúltuithe. Ar bhonn na bhfreagraí ar an gceistneoir, áirítear an méid seo a leanasar na príomhchúiseanna leis na diúltuithe: (i) comhlíonadh an sciúrtha airgid agus na gceanglas “bíodh aithne agat ar do chustaiméirí”; (ii) go bhfuil cuntas íocaíochta ag an gcustaiméir cheana féin; (iii) go raibh eispéiris dhiúltacha roimhe sin ag an gcustaiméir leis an mbanc; (iv) fadhbanna maidir le doiciméadacht; nó (v) níl cónaí ar an iarratasóir san Aontas.
6.CONCLÚID
Deimhnítear sa tuarascáil go bhfuil príomhbhearta PAD i bhfeidhm go ginearálta maidir le trédhearcacht agus inchomparáideacht, an tseirbhís malartaithe agus an ceart chun cuntas íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha aige a fháil. Mar sin féin, mar gheall ar na difríochtaí i modhanna bailithe sonraí na mBallstát agus ar mharthanacht na mbearnaí móra sonraí, tá sé deacair teacht ar chonclúidí soiléire maidir le méid na dtairbhí a bhaineann le tabhairt isteach PAD do thomhaltóirí na hEorpa.
Agus an méid sin á gcur san áireamh, is féidir linn fós teacht ar na conclúidí sealadacha seo a leanas:
·Tá na ceanglais faisnéise agus trédhearcachta faoi Airteagail 4, 5 agus 6 á gcomhlíonadh go ginearálta, rud a thugann laghdú foriomlán ar an díobháil do thomhaltóirí le fios. Mar sin féin, bheadh gá le sonraí níos cuimsithí agus níos láidre a bheith ar fáil chun teacht ar chonclúidí soiléire maidir le tionchar dearfach na bhforálacha sin ar thomhaltóirí na hEorpa.
·Tá suíomhanna gréasáin comparáide ag feidhmiú go hiomlán i mbeagnach gach Ballstát. Sheol roinnt Ballstát feachtais feasachta poiblí freisin agus chuir siad faisnéis ar fáil trí bhealaí cumarsáide éagsúla, ar féidir ról ríthábhachtach a bheith acu maidir le feasacht tomhaltóirí a ardú. Ní dhearna ach cúpla Ballstát measúnú ar a suíomhanna gréasáin comparáide nó níl sé beartaithe ach ag cúpla Ballstát measúnú a dhéanamh orthu. Le measúnuithe rialta, lena n‑ionchorpraítear aiseolas ó thomhaltóirí agus ó sholáthraithe seirbhísí araon, d’áiritheofaí comhéadain níos soláimhsithe chomh maith le faisnéis níos ábhartha agus níos inrochtana do thomhaltóirí.
·Maidir le malartú cuntas íocaíochta, d’úsáid breis agus 2.5 milliún custaiméir an tseirbhís malartaithe in 2023, síos ón mbuaicphointe a bhí ann roimhe sin in 2022 de 2.86 milliún. Ó bhí 2016 ann, tá 17.6 milliún malartú cuntas ar an iomlán. I roinnt Ballstát, úsáidtear an tseirbhís malartaithe go minic, i gcodarsnacht le roinnt Ballstát eile nach n‑úsáidtear ar chor ar bith í. Níl na cúiseanna atá leis na neamhréireachtaí sin go hiomlán soiléir agus d’fhéadfadh sé gur ghá imscrúdú breise a dhéanamh ina leith. Mar sin féin, tugtar le fianaise starógach arna soláthar ag na Ballstáit le fios go bhféadfadh ról a bheith ag támhaí, easpa feasachta agus éilimh, castacht a mheastar a bheith ann (lena n‑áirítear maidir le tarraingt siar ó shocruithe ceangailte atá ann cheana), dílseacht do chustaiméirí, easpa tairbhí soiléire le baint as malartú nó míchaoithiúlacht IBAN a athrú.
·Tá difríochtaí nach beag ar fud na mBallstát freisin maidir leis an líon iarratas ar mhalartú a ndiúltaítear dóibh. I measc na gcúiseanna a thug na Ballstáit leis an diúltú, tá (i) earráidí a bhaineann leis an bhfoirm iarratais ar mhalartú (faisnéis ar iarraidh nó faisnéis mhícheart, sonraí neamhréireacha custaiméara, cineálacha cuntais neamh‑incháilithe, foirmeacha míchearta, IBAN mícheart, sínithe doléite/ar iarraidh); (ii) sprioc‑amanna róghearra; (iii) doiciméadacht neamhiomlán; (iv) easpa comhair idir na bainc; (v) iarmhéideanna cuntais diúltacha; (vi) gan sprioc‑amanna sonracha a chomhlíonadh; nó (vii) cealú an iarratais ag an úsáideoir.
·Maidir le Cuntais Íocaíochta a bhfuil Gnéithe Bunúsacha acu (PABFanna), tá bearnaí fós sna sonraí i gcás nár sholáthair roinnt Ballstát an líon oscailtí cuntais nua iontu. Ní choinníonn an Coimisiún sonraí maidir leis an líon iomlán PABFanna ag deireadh gach bliana agus, dá bhrí sin, ní féidir leis a léiriú cé mhéad duine a bhfuil cuntais den sórt sin ina seilbh acu anois. Tá difríochtaí nach beag ar fud na mBallstát maidir leis an líon oscailtí cuntais nua. D’fhéadfaí é sin a mhíniú go páirteach le difríochtaí sa chaoi a gcuireann bainc gnéithe den sórt sin ar fáil dá gcustaiméirí. Mar shampla, i gcásanna áirithe ní dhéantar aon idirdhealú idir PABFanna agus cuntais chaighdeánacha ina n‑ionchorpraítear gnéithe bunúsacha PABF. De bhrí nach bhfuil sonraí dheireadh na bliana ar fáil maidir leis an líon iomlán cuntas íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu. Ó na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil, is féidir méaduithe bliain ar bhliain a shainaithint – arb ionann an líon oscailtí cuntais nua agus beagnach 2 mhilliún in 2023.
·Tá éagsúlacht nach beag sa ráta diúltuithe d’iarratais ar PABFanna ar fud na mBallstát. I measc na gcúiseanna atá leis sin tá imní maidir le sciúradh airgid, an fíoras go bhfuil cuntas íocaíochta eile ag an gcustaiméir cheana féin, eispéiris dhiúltacha roimhe seo leis an mbanc, fadhbanna maidir le doiciméadacht nó toisc nach bhfuil cónaí ar an duine san Aontas. San iomlán, cláraíodh 24 545 diúltú do chuntais bhunúsacha íocaíochta a oscailt in 2023, agus is é sin 1.2 % de líon iomlán na gcuntas bunúsach íocaíochta a osclaíodh.
Déanfaidh an Coimisiún obair leantach ar thorthaí na tuarascála, lena n‑áirítear glacadh íseal na seirbhíse malartaithe nó rátaí arda diúltaithe maidir le PABFanna i roinnt Ballstát, pléifidh sé iad leis na Ballstáit agus fiosróidh sé cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh gníomhaíochtaí breise a bheith tairbheach, lena n‑áirítear ar leibhéal na mBallstát. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit freisin chun sonraí níos láidre agus níos inchomparáide a áirithiú amach anseo.