AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.10.2024
COM(2024) 471 final
2024/0259(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
·Forais agus cuspóirí an togra
Is éard atá sa togra atá i gceangal an ionstraim dlí lena n‑údaraítear síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine (dá ngairtear ‘CCCF’ nó an ‘Comhaontú’ anseo feasta).
Tá an caidreamh idir an tAontas Eorpach (AE) agus Poblacht na hÚisbéiceastáine bunaithe faoi láthair ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair (dá ngairtear ‘CCC’ anseo feasta), ar comhaontú é a síníodh sa Bhruiséil an 21 Meitheamh 1996 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 1999.
An 9 Deireadh Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh lenar údaraíodh tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na hÚisbéiceastáine maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i mí na Samhna 2018. Chuir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i gcrích i mí an Mheithimh 2022. An 6 Iúil 2022 chuir na príomh-idirbheartaithe inisealacha le téacs an Chomhaontaithe.
Is céim thábhachtach é an Comhaontú i dtreo feabhas a chur ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch an Aontais leis an Áise Láir. Leis an gComhaontú cuirfear bonn faoi rannpháirtíocht dhéthaobhach níos éifeachtaí idir an tAontas agus Poblacht na hÚisbéiceastáine tríd an idirphlé polaitiúil a neartú agus an comhar a fheabhsú i raon leathan réimsí.
Cumhdaítear leis clásail chaighdeánacha an Aontais maidir le cearta an duine, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, airm ollscriosta, mionairm agus armáin éadroma, agus an fhrithsceimhlitheoireacht. Cuimsítear leis freisin comhar i réimsí amhail an tsláinte, an comhshaol, an t‑athrú aeráide, an fuinneamh, an cháin, an t‑oideachas agus an cultúr, an saothar, an fhostaíocht agus gnóthaí sóisialta, an eolaíocht agus an teicneolaíocht, agus an t‑iompar. Leis an gComhaontú tugtar aghaidh freisin ar an gcomhar dlíthiúil, an smacht reachta, an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, an choireacht eagraithe agus an t‑éilliú. Leis an gcuid den Chomhaontú a bhaineann leis an trádáil, meastar go n‑áiritheofar timpeallacht rialála níos fearr d’oibreoirí eacnamaíocha agus ar an gcaoi sin, go mbeidh tairbhí eacnamaíocha substaintiúla ann do ghnólachtaí an Aontais. Ní tionscnamh faoi shainchúram an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála é an Comhaontú.
Bunaítear leis an gComhaontú creat institiúideach atá comhdhéanta de Chomhairle um Chomhar, Coiste um Chomhar agus Coiste um Chomhar Parlaiminteach (féach Teideal VII ‘Forálacha institiúideacha, ginearálta agus críochnaitheacha’), Fochoiste um Chearta Maoine Intleachtúla, agus ceadaítear leis fochoistí agus comhlachtaí eile a bhunú chun cúnamh a thabhairt don Chomhairle um Chomhar. Ar an gcaoi chéanna, bunaítear leis sásra maidir le comhlíonadh oibleagáidí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil oibleagáidí a glacadh faoin gComhaontú gan chomhlíonadh ag ceann de na Páirtithe.
Ó thráth theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar aghaidh, glacfaidh an Comhaontú ionad an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile, a síníodh an 21 Meitheamh 1996.
·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Cuireann an Comhaontú le huaillmhianta agus riachtanais Phoblacht na hÚisbéiceastáine agus an Aontais Eorpaigh araon maidir leis an gcaidreamh déthaobhach eatarthu a thabhairt chun cinn, de réir mheon na gconclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis nua an Aontais um an Áise Láir an 17 Meitheamh 2019. Rannchuideoidh an Comhaontú le cur chun feidhme Straitéis nua an Aontais um an Áise Láir, a glacadh an 15 Bealtaine 2019.
Leis an gComhaontú, déantar CCC 1999 a nuachóiriú trí leathnú a raoin feidhme chuig réimsí nua comhair agus trí uasghrádú mór a dhéanamh ar an gcreat rialála maidir lenár gcaidreamh trádála agus eacnamaíoch i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) agus le comhaontuithe eacnamaíocha réigiúnacha.
A luaithe a chuirfear an Comhaontú chun feidhme, comhlánófar é ar bhealach úsáideach le sásra an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair, córas a bhfuil Poblacht na hÚisbéiceastáine ag tairbhiú de ó bhí 2021 ann. Leis an scéim seo cuirtear fabhair tharaife bhreise ar fáil mar chúiteamh ar chomhlíonadh 27 gcroíchoinbhinsiún maidir le cearta an duine, rialachas, an comhshaol agus saothar.
·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tugtar lánurraim leis an gComhaontú do na Conarthaí agus caomhnaítear sláine agus uathriail dhlíchóras an Aontais. Cuirtear luachanna, cuspóirí, agus leasanna an Aontais chun cinn leis, agus áirithítear comhsheasmhacht, éifeachtacht agus leanúnachas a bheartas agus a ghníomhaíochtaí.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
·An bunús dlí
–Bunús dlí substainteach
De réir an chásdlí, má léirítear le scrúdú ar bheart de chuid an Aontais go bhfuil dhá chuspóir á saothrú leis nó go bhfuil dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann amháin díobh sin a shainaithint mar phríomhchuspóir nó mar phríomh-chomhpháirt, agus an ceann eile mar chuspóir teagmhasach nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an beart sin a bhunú ar bhunús dlí aonair, mar atá, an bunús dlí a éilítear de réir an phríomhchuspóra nó na príomh-chomhpháirte. Ar an taobh eile, má chinntear d’eisceacht go saothraítear leis an mbeart roinnt cuspóirí san am céanna, nó go bhfuil roinnt comhpháirteanna ann, atá nasctha go dlúth le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach leis an gceann eile, agus ar an gcaoi sin go bhfuil forálacha éagsúla an Chonartha infheidhme, ní mór an beart a bhunú ar na bunúis dlí chomhfhreagracha éagsúla (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Eanáir 2006, An Coimisiún v An Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑178/03, AE:C:2006:4, míreanna 42 agus 43; an 11 Meitheamh 2014, An Coimisiún v An Chomhairle, C‑377/12, AE:C:2014:1903, mír 34; an 14 Meitheamh 2016, An Pharlaimint v An Chomhairle, C‑263/14, AE:C:2016:435, mír 44; agus an 4 Meán Fómhair 2018, An Coimisiún v An Chomhairle (an Chasacstáin), C-244/17, ECLI:AE:C:2018:662, mír 40).
Sa chás áirithe seo, saothraítear dhá phríomhchuspóir leis an gComhaontú agus tá dhá phríomh-chomhpháirt ann a thagann faoi réim an chomhair um fhorbairt agus an chomhbheartais tráchtála. Dá bhrí sin, is é an bunús dlí is ceart a bheith ag an gcinneadh atá beartaithe Airteagail 207 agus 209 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Tugtar faoi deara nach n‑áirítear sa Chomhaontú réimsí a thagann faoi inniúlacht na mBallstát, agus dá bhrí sin ní cheanglaítear ar Bhallstáit an Aontais a bheith ina bPáirtí sa Chomhaontú seo.
–Bunús dlí don nós imeachta
Déantar foráil le hAirteagal 218(5) CFAE go nglacfadh an Chomhairle cinneadh maidir le comhaontú a shíniú.
Foráiltear le hAirteagal 218(8) CFAE go bhfuil an Chomhairle le gníomhú trí thromlach cáilithe seachas sna himthosca a liostaítear sa dara fomhír d’Airteagal 218(8) CFAE, agus sna himthosca sin tá an Chomhairle le gníomhú d’aon toil. Ós rud é gurb iad an beartas trádála agus an comhar um fhorbairt an dá phríomh-chomhpháirt den Chomhaontú, is é an riail vótála a bheidh ann sa chás áirithe seo tromlach cáilithe.
Tar éis an Chomhairle an síniú a údarú, i gcomhréir le hAirteagal 17 CAE, is é saincheart an Choimisiúin ionadaíocht a dhéanamh go seachtrach thar ceann an Aontais.
·Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Cumhdaítear leis an gComhaontú ábhair a bhaineann le hinniúlacht eisiach an Aontais, amhail an comhbheartas tráchtála, agus cuid an Aontais d’inniúlacht chomhthreomhar, amhail beartas forbartha. Neartaítear leis an t‑idirphlé polaitiúil agus an comhar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.
·Comhréireacht
Ní théann an Comhaontú seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais a bhaint amach, ar cuspóirí iad a bhaineann le neartú an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, d’fhonn athchóirithe daonlathacha, an smacht reachta agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn mar mhodh chun cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hÚisbéiceastáine a mhéadú. Ní chuirfidh an Comhaontú de cheanglas ar an Aontas a chuid rialacha, rialachán ná caighdeán a leasú in aon réimse rialáilte.
3.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR
·Comhairliúcháin
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta agus chuathas i gcomhairle léi sa Mheitheal ábhartha, mar atá, sa Mheitheal um Oirthear na hEorpa agus an Áise Láir agus sa Choiste um an mBeartas Trádála, ag gach céim den chaibidlíocht.
Coinníodh Parlaimint na hEorpa ar an eolas go pras agus go tráthrialta le linn na caibidlíochta.
Measann an tArdionadaí agus an Coimisiún gur baineadh amach na cuspóirí a leag an Chomhairle amach ina treoracha caibidlíochta, agus gur féidir an dréacht‑Chomhaontú a chur isteach lena shíniú.
·Measúnú tionchair
Ní dhearnadh measúnú tionchair, ós rud é gurb é a dhéantar leis an gComhaontú go príomha an CCC atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú, agus dá bhrí sin ní thabharfar isteach leis réimsí substaintiúla nua comhair a mbeadh tionchar mór eacnamaíoch, sóisialta nó comhshaoil acu. Is tionchar polaitiúil go príomha é an tionchar a bhfuil coinne leis – tá sé d’aidhm ag an Aontas treo polaitiúil na tíre comhpháirtíochta a threisiú agus caipiteal polaitiúil an Aontais a neartú. Féadfaidh sé go mbeidh iarmhairtí sóisialta dearfacha i bPoblacht na hÚisbéiceastáine, iarmhairtí a bhaineann go príomha leis na forálacha atá beartaithe maidir leis an smacht reachta, cearta an duine agus an tslándáil. Meastar freisin go dtiocfaidh méadú ar an trádáil mar thoradh ar thimpeallacht ghnó fheabhsaithe, ach ní haon riosca é sin d’earnálacha tionscail sonracha ar cheachtar den dá thaobh, ós rud é nach bhfuil Poblacht na hÚisbéiceastáine agus an tAontas Eorpach in iomaíocht le chéile sna hearnálacha céanna. Maidir le measúnú tionchair a ullmhú, meastar nach dócha go mbeadh torthaí an mheasúnaithe sin ag teacht leis na hacmhainní a cuireadh in úsáid.
2024/0259 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 207 agus 209, i gcomhar le hAirteagal 218(5),
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 16 Iúil 2018, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na hÚisbéiceastáine maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe,
(2)Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe (‘an Comhaontú’) i gcrích go rathúil trí shíniú an Chomhaontaithe an 6 Iúil 2022, rud a bhí ina fhorbairt ar mhianta na bPáirtithe an caidreamh eatarthu a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach nuálach.
(3)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh,
(4)I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé a áirithiú go síneofar an Comhaontú, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo déantar síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile, a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.
2. Tá téacs an Chomhaontaithe atá le síniú i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán