European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/284

24.1.2025

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Conas leas iomlán a bhaint as an mbeartas comhtháthaithe chun dul i ngleic leis an athrú déimeagrafach

(C/2025/284)

Rapóirtéir : Raquel GARCÍA GONZÁLEZ (ES/PSE), An tArd-Stiúrthóir um Ghnóthaí Eorpacha, Rialtas Phrionsacht Asturias

MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

Is díol sásaimh do CnaR go bhfuil tosaíocht á tabhairt ag Uachtaránacht na hUngáire ar an gComhairle don athrú déimeagrafach agus aithníonn sé ról sonrach an bheartais comhtháthaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin lena mbaineann. Tacaíonn sé freisin leis an gcuspóir feabhas a chur ar an dóigh a gcomhtháthaítear an clár oibre déimeagrafach agus an beartas comhtháthaithe sa chéad théarma oifige eile de chuid na n-institiúidí Eorpacha.

2.

Is údar sásaimh dó go n-aithnítear an t-aistriú déimeagrafach sa 9ú Tuarascáil ar Thodhchaí an Bheartais Comhtháthaithe. Measann sé gur gá an t-aistriú déimeagrafach a bheith ar cheann de phríomhchuspóirí an chéad chreata eile agus gur cheart é sin a dhéanamh ar dhóigh phraiticiúil éifeachtach. Is géarchéim náisiúnta agus réigiúnach araon í an ghéarchéim dhéimeagrafach. Dá bhrí sin, ní mór an t-aistriú déimeagrafach, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bheith fite fuaite ina chéile.

3.

Tugann CnaR dá aire gur áiríodh an t-athrú déimeagrafach mar sprioc i 26 chomhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Bíodh sin mar atá, b’íseal an glacadh ar leibhéal an chláir. Iarrann sé go bhféachfar leis sin a leigheas sa chéad athbhreithniú meántéarma eile a dhéanfar.

4.

Tugann CnaR chun cuimhne nach ionann an tionchar a bhíonn ag an dúshlán déimeagrafach ar an uile chríoch agus nach mór aghaidh a thabhairt air mar cheann de chuspóirí beartais an Aontais. Is minic gur ar leibhéal na réigiún is mó a fheictear na héifeachtaí éagsúla lena mbaineann, rud a chruthaíonn míchothromaíochtaí suntasacha inmheánacha nach mór a chur san áireamh agus cistí an bheartais comhtháthaithe á leithdháileadh ionas nach ngéarófar orthu. Cuireann sé i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí dul i ngleic leis an dúshlán déimeagrafach chun iomaíochas an Aontais a choinneáil ar bun. Iarrann sé go gcuirfí an beartas comhtháthaithe chun feidhme go straitéiseach.

5.

Cuireann CnaR i bhfios gur feiniméan ilghnéitheach é an dúshlán déimeagrafach a bhfuil cúiseanna ilfhachtóiriúla idirnasctha leis, de bhreis ar chúiseanna déimeagrafacha amháin. Ar na cúiseanna sin tá an dífhostaíocht, rochtain ar thithíocht, ganntanas seirbhísí, easpa nascacht dhigiteach, imeallú críochach, deacrachtaí i gcaidrimh agus i ngníomhaíochtaí fóillíochta, ualach maorlathach, bearta ón mbarr anuas nach dtugann riachtanais an réigiúin san áireamh agus meon éadóchasach i leith dálaí maireachtála.

6.

Cuireann CnaR i bhfáth go mbíonn an dá phríomhathraitheach den dúshlán déimeagrafach, mar atá an t-aosú agus an dídhaonrú, ag géarú ar a chéile. Is é an toradh a bhíonn air sin réigiúin atá ag laghdú agus rátaí níos ísle breithe, ionchas saoil níos airde, imirce ghlan dhiúltach agus brú ar airgeadas na rialtas áitiúil nó réigiúnach. Treocht dhíobhálach is ea sin a leanfaidh de bheith ag leathnú agus ag géarú sna blianta amach romhainn, de réir réamh-mheastacháin suas go 2060. I gcodarsnacht leis sin, tá réigiúin áirithe thíos leis an róphlódú daonra, rud a chuireann brú ar sheirbhísí poiblí. Is gá, dá bhrí sin an chothromaíocht chríochach a athbhunú.

Tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh ar bheartais phoiblí éagsúla

7.

Tarraingíonn CnaR aird ar an bhfíoras gur minic a thugtar tús áite i mbeartais phoiblí ar an leibhéal náisiúnta d’fhadhbanna i gceantair uirbeacha. Tagann míchothromaíochtaí chun cinn i ngeall ar thréigean ceantar tuaithe agus is den tábhacht iad a chur ina gceart. Chuige sin, ní mór sonraí a bheith ar fáil a thabharfaidh léiriú ar na dúshláin éagsúla nach mór aghaidh a thabhairt orthu agus a fhágfaidh gur féidir an dúshlán déimeagrafach agus na gnéithe éagsúla a bhaineann leis a thuiscint. Ar bhonn na faisnéise sin, agus tuiscint níos fearr againn ar an bhfadhb féin, féadfar bearta éifeachtúla a dhéanamh. Ní mór na bearta atá beartaithe a dhíriú i gcónaí ar an gcothromaíocht chríochach a athbhunú agus ní mór iad a chur in oiriúint do riachtanais agus d’fhadhbanna gach limistéir. Ba cheart a áireamh iontu na limistéir atá thíos le dídhaonrú agus na limistéir a bhfuil ró-ualach orthu mar gheall ar fheiniméin eile (rochtain ar thithíocht, brú ar sheirbhísí poiblí, inimirce neamhdhleathach, etc.).

8.

Meabhraíonn sé go bhfuil gá le cur chuige comhtháite córasach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha (agus go háirithe, laghduithe ar rátaí breithe agus ar an daonra gníomhach) agus, i ndáil leis an méid sin, tarraingíonn sé aird freisin ar na tuairimí a d’eisigh CnaR le déanaí maidir leis an mbosca uirlisí déimeagrafaíochta (1) agus maidir le himirce dhleathach agus mealladh tallainne chuig an Aontas (2).

9.

Cuireann sé i bhfáth go mbíonn tionchar ag an dúshlán déimeagrafach ar iomaíochas agus athléimneacht na ngeilleagar áitiúil. Cuireann aosú an daonra agus imirce daoine oilte (daoine óga go háirithe) bac ar an athnuachan ó ghlúin go glúin i gcórais táirgthe. Dá thoradh sin, tagann ‘gaistí forbartha tallainne’ chun cinn agus bíonn meath luathaithe ar an lucht saothair, sin agus ganntanas daoine oilte. Is cúis imní í an tsaincheist sin san earnáil phríomhúil, ar lú a tarraingteacht ón taobh sóisialta de.

10.

Molann CnaR, faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe, gur cheart beartais chomhshaoil a chomhtháthú go héifeachtach le beartais arb é is aidhm dóibh an dídhaonrú a chomhrac. Tá tábhacht leis sin i bhfianaise an éifeacht atá ag an dídhaonrú ar an gcomhshaol. Cuireann CnaR i bhfios go gcuireann dídhaonrú agus tréigean gníomhaíochtaí eacnamaíocha i gceantair thuaithe le cailliúint na bithéagsúlachta talmhaíochta agus le hathruithe sa talmhaíocht. Is féidir leis an méid sin rioscaí a chruthú agus an t-athrú aeráide ag tarlú, agus a fhágáil go bhfuil tubaistí nádúrtha amhail dóiteáin ag tarlú ar bhonn níos minice. Cuireann CnaR chun suntais, dá bhrí sin, gur cheart na straitéisí chun na ceantair thuaithe a athbheochan agus an dídhaonrú a chosc a dhíriú ar fheirmeoirí agus ar fhoraoiseoirí óga a mhealladh i dtreo gníomhaíochtaí talmhaíochta agus foraoiseachta inbhuanaithe. Ar na gníomhaíochtaí sin tá cur chun cinn cleachtas éagsúil atá neamhdhíobhálach don dúlra amhail an agrafhoraoiseacht agus an fhoraoiseacht gar don dúlra.

11.

Cuireann CnaR in iúl, mar a luaitear i dtuarascáil Letta, nach mór an ceart chun fanacht a bheith i bhfeidhm ar fud na hEorpa. I bhfianaise na ndeacrachtaí déimeagrafacha atá roimh chríocha áirithe, ba cheart uirlisí a bheith ag na húdaráis inniúla chun gur fusa dóibh siúd a chinneann a spriocanna fadtéarmacha a shaothrú sna ceantair sin, go háirithe FBManna, forbairt agus dul san iomaíocht sa mhargadh aonair Eorpach. Thairis sin, mar a cuireadh i bhfáth i dtuarascáil Draghi, tá lucht saothair leordhóthanach atá oiriúnaithe don aistriú glas agus don aistriú digiteach de dhíth más uainn iomaíochas agus rath shamhail eacnamaíoch na hEorpa a áirithiú. Ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin má dhéantar infheistíocht ar dhóigh chothrom agus chóir i mbearta chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach ar fud na hEorpa.

12.

Leagann CnaR béim ar an ngá práinneach atá le beartais chuimsitheacha forbartha chun pobail tuaithe bhríomhara, chuimsitheacha agus athléimneacha a chothú, lena bhfreagrófar do riachtanais na ndaoine a bhfuil cónaí orthu iontu, lena n-áirítear iad siúd ar mian leo clann a bheith acu, agus na ndaoine a d’fhéadfadh cónaí iontu amach anseo. Meabhraíonn CnaR go bhfuil ríthábhacht le ról na mban san aistriú déimeagrafach agus sa bheartas comhtháthaithe. Le cur chuige iomlánaíoch inscne, is féidir aghaidh a thabhairt ar pharadacsa inscne an chomhtháthaithe shóisialta, trína áirithiú go mbeidh mná ar chomhchéim le fir ó thaobh deiseanna, saoránachta agus rannpháirtíochta de. Ar an gcaoi chéanna, cuireann sé i bhfios go gcuidíonn an imirce dhleathach agus lánpháirtiú éifeachtach imirceach leis na brúnna ar mhargadh an tsaothair a mhaolú trí aghaidh a thabhairt ar ghanntanas scileanna, bearnaí sa lucht saothair a líonadh agus rannchuidiú leis an bhforbairt eacnamaíoch i limistéir a bhfuil meath déimeagrafaíochta le sonrú iontu.

13.

Meabhraíonn CnaR go ndéanann na dúshláin dhéimeagrafacha dochar díréireach sna réigiúin teorann i gcomparáid leis na réigiúin láir agus na réigiúin phríomhchathartha, agus gur féidir leis an gcomhar trasteorann, go háirithe seirbhísí poiblí trasteorann, cabhrú le réigiúin teorann seirbhísí níos fearr a sholáthar don phobal agus cur go mór leis an gcáilíocht saoil sna réigiúin sin, trí na dúshláin dhéimeagrafacha a mhaolú. Dá bhrí sin, iarrann sé go ndéanfaí infheistíocht bhreise i sraith comhair trasteorann Interreg mar chuid den straitéis chun dul i ngleic leis na dúshláin dhéimeagrafacha i réigiúin an Aontais. Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn CnaR a thábhachtaí atá sé an idir-inoibritheacht a chur chun cinn.

14.

Tugann CnaR le fios go gcuireann teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide raidhse deiseanna ar fáil do réigiúin ina bhfuil meath ar an daonra, go háirithe ceantair thuaithe. A bhuí leis an teilea-obair, leis an teilileigheas, leis an digiteáil agus le huathoibriú próiseas, féadfar cur le tarraingteacht na gcríoch sin agus lena n-iomaíochas. Le cur chuige na sráidbhailte cliste, is féidir bacainní a shárú agus leas a bhaint as acmhainneachtaí. Uirlis atá ann freisin le haghaidh gabháil agus próiseáil sonraí chun cuidiú le bainistiú na gcríoch. Ba cheart don bheartas comhtháthaithe leas a bhaint as na deiseanna a chuireann teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ar fáil mar uirlis chlaochlaitheach.

15.

Leagann CnaR béim air gur gá éisteacht ghníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na ngeallsealbhóirí uile a chur chun cinn más uainn aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, as a dtiocfaidh creataí nua rialachais il-leibhéil trína mbeifear in ann pobail áitiúla a choinneáil, a chumhachtú agus a uas-sciliú chun go mbeidh rath orthu sa todhchaí. Na grúpaí gníomhaíochta áitiúla a ghlacann an cur chuige ‘forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail’, tá ról ríthábhachtach acu sa phróiseas sin, agus is sampla iad cláir LEADER de thionscnaimh ar éirigh leo dul i ngleic leis an dúshlán déimeagrafach i gceantair thuaithe.

An coincheap ‘réigiúin atá i mbun aistriú déimeagrafach’ agus an luach straitéiseach lena mbaineann

16.

Tugann CnaR le fios gur den riachtanas réigiúin atá i mbun aistriú déimeagrafach a shainiú d’fhonn an dearcadh déimeagrafach a ionchorprú sa bheartas comhtháthaithe agus sna hionstraimí a ghabhann leis. I dtaca leis sin de, meabhraíonn sé go leagtar síos in Airteagal 174 CFAE go neartóidh an tAontas an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i ‘réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu’. Is é is cuspóir don sainmhíniú sin tuiscint agus malartú a éascú ar fud an Aontais maidir le bearta iomchuí a thugann aghaidh go héifeachtach ar an athrú déimeagrafach. Níor cheart é a chur in ionad na gcatagóirí réigiún a úsáideadh go nuige seo.

17.

Deis atá sa mheastóireacht atá á déanamh faoi láthair chun machnamh a dhéanamh ar céard is ‘réigiún atá i mbun aistriú déimeagrafach’ ann agus chun é a shainiú lena ionchorprú sa chéad tréimhse eile.

18.

Cuireann CnaR i bhfios nach mór táscairí eile seachas na gnáth-tháscairí a chur san áireamh chun a shainiú céard is ‘réigiún atá i mbun aistriú déimeagrafach’ ann. Ar na táscairí sin tá fás agus dlús an daonra, scaipeadh an daonra, céatadáin daoine scothaosta (atá os cionn 65 bliana d’aois) agus naíonáin (faoi bhun 5 bliana d’aois), airde agus meánghrádán, agus inrochtaineacht seirbhísí riachtanacha (cúram sláinte, oideachas, cúram leanaí agus cúram do dhaoine scothaosta, cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas, tithíocht shóisialta, na póilíní nó ceartas). Ní mór aicmiú a áireamh sa sainmhíniú a thabharfar agus é a bheith bunaithe ar cháilíocht na sláinte agus ar fhadhbanna déimeagrafacha na réigiún.

19.

Tugann CnaR chun cuimhne go rannchuidíonn réigiúin atá i mbun aistriú déimeagrafach le huathriail straitéiseach an Aontais. Tá siad tábhachtach chun dul i ngleic leis an aistriú fuinnimh agus an t-aistriú tionsclaíoch, sin agus chun cosaint a thabhairt d’éiceachórais atá bunriachtanach don bhithéagsúlacht, don bhiafhlaitheas agus don tslándáil bia.

20.

Tugann sé dá aire go bhfuil tionchar á imirt ag an gcomhthéacs geopholaitiúil reatha ar an staid dhiúltach dhéimeagrafach atá i réigiúin áirithe san Aontas cheana féin, e.g. i réigiúin ar na teorainneacha seachtracha, agus go bhfuil míchothromaíochtaí struchtúracha ag dul in olcas dá dheasca sin. I dtaca leis sin de, rud tábhachtach is ea leibhéil daonra chothromaithe ar fud na réigiún le haghaidh shlándáil agus chosaint ár dteorainneacha.

21.

An dúshlán is mó a bhaineann leis an mbeartas comhtháthaithe is ea a áirithiú nach bhfágfar aon réigiún ná aon áitritheoir ar lár sna haistrithe atá ag tarlú san Eoraip. Nuair a fhorbraíonn réigiúin áirithe níos tapa ná réigiúin eile, tagann ‘tíreolaíocht na míshástachta’ chun cinn, rud a bhaineann an bonn de cholúin an Aontais. D’fhéadfaí é sin a thiontú i ‘tíreolaíocht na ndeiseanna’ (3) ach an beartas comhtháthaithe a chur chun feidhme ar dhóigh éifeachtach.

22.

Meabhraíonn CnaR go bhféadfar, a bhuí le bearta de chuid an bheartais comhtháthaithe, athruithe móra tionsclaíocha, comhshaoil agus sóisialta a spreagadh a chuideoidh le seirbhísí riachtanacha, seirbhísí fánaíochta agus príomhbhonneagar (sláintíocht, bunoideachas, nascacht agus/nó sláinte) a leathnú chun cur le tarraingteacht réigiún, d’fhonn daoine a spreagadh (daoine óga agus mná go háirithe) fanacht sna réigiúin sin agus teacht chucu.

Athrú déimeagrafach agus críochach

23.

Cuireann CnaR i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige áitbhunaithe ón mbun aníos agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha. San am céanna, is gá an acmhainneacht riaracháin i mbardais bheaga agus in aonaid chríochacha a bheith leordhóthanach.

24.

Más uainn dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh an aistrithe ghlais agus na haeráidneodrachta de, is gá aghaidh a thabhairt ar an aistriú mór, mar atá an t-aistriú críochach, lena gcuimsítear an t-aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú déimeagrafach. Mar chuid den iarracht sin, ba cheart díriú ar shamhlacha críochacha nua a thabhairt isteach a bhfuil níos mó i gceist leo ná loighic na gceirtleán uirbeach. Ach fás díláraithe cothrom a áirithiú trí phleanáil spáis agus pleanáil straitéiseach (il-leibhéil), féadfar an beartas comhtháthaithe a chur chun feidhme ar dhóigh níos fearr agus, san am céanna, deireadh a chur le ‘tíreolaíocht na míshástachta’ agus ‘gaistí forbartha críochacha’.

25.

Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, is gá scála críochach iomchuí a bheith ann, faoi bhun leibhéal NUTS 3, ós rud é go gceileann réigiúin míchothromaíochtaí críochacha inmheánacha a eascraíonn as tionchar míchothrom athróg déimeagrafach. Molann CnaR, ar an gcúis sin, an deis seo a thapú chun an cur chuige sin a ghlacadh. Ar an dóigh sin, beifear in ann a aithint cé na réigiún a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach agus cláir tacaíochta a dhearadh ar bhealach a bheidh éifeachtach ar an leibhéal áitiúil.

26.

Agus limistéir feidhme á sainiú, is féidir tuiscint bheacht a fháil ar an tionchar atá ag an dúshlán déimeagrafach ar réigiúin, na réigiúin atá i mbun aistriú déimeagrafach a aithint agus a thréithriú agus creat críochach a bhunú trína bhféadfar cistí an bheartais comhtháthaithe a leithdháileadh go héifeachtach.

27.

Ní hamháin gur cheart limistéir feidhme a shainiú, go háirithe i gceantair thuaithe, ní mór freisin íoschaighdeáin uile-Aontais a bhunú maidir leis an daonra agus maidir le seirbhísí riachtanacha. Ní foláir a áirithiú leis na caighdeáin sin go mbeifear in ann na seirbhísí sin a rochtain laistigh d’am taistil réasúnta ar mhaithe le neamhionannais uirbeacha-tuaithe a laghdú. I ndáil leis an méid sin, trí leas a bhaint as pleanáil spásúil straitéiseach lena gcuirtear réamh-mheastacháin daonra san áireamh agus atá réasúnach ó thaobh úsáid talún de, mar aon le bearta athchóirithe agus athshlánaithe, is fearr a bheifear in ann cóineasú a bhaint amach leis an mbeartas comhtháthaithe.

Ionstraimí chun dul i ngleic leis an aistriú déimeagrafach i gceantair atá thíos go mór leis

28.

Tugann CnaR dá aire, cé go mbeadh roinnt mhaith réimsí idirghabhála faoin mbeartas comhtháthaithe ina gcuidiú agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha, gur deacair fós a mheas cé chomh húsáideach a bheadh siad toisc nach ann do chóras sonrach chun infheistíochtaí a bhfuil tionchar déimeagrafach acu a rianú. I ndáil leis sin, molann CnaR an t-aistriú déimeagrafach a leagan síos mar chuspóir trasearnálach a bhaineann leis an mbeartas comhtháthaithe do na réigiúin sin a thugann aghaidh go sainráite ar an athrú déimeagrafach mar chuspóir uileghabhálach ina gcuid clár, agus faireachán a dhéanamh chun cur leis an gcur chuige críochach atá i bhfeidhm cheana trí mheasúnú sonrach a dhéanamh ar thionchar na mbeart atá beartaithe ar an aistriú déimeagrafach. Beidh táscairí amhail dlús daonra, innéacs seanaoise, ráta breithe, ráta imirce comhlán, sciar na leanaí den daonra agus inrochtaineacht seirbhísí riachtanacha úsáideach i ndáil leis sin, mar aon le táscáirí eacnamaíocha agus sóisialta ar leith (mar shampla ráta fostaíochta na hóige agus an rochtain ar sheirbhísí digiteacha) chun faireachán a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag an mbeartas comhtháthaithe ar na réigiúin a bhfuil aistriú déimeagrafach ar bun iontu.

29.

Tugann CnaR le fios gur minic a bhíonn sé deacair ar réigiúin na cistí agus na hionstraimí atá ar fáil dóibh a shainaithint. Ba cheart an rochtain orthu siúd a shimpliú agus díriú ar chreataí comhtháite simplithe lena bhféadfar na hacmhainní uile atá ann cheana a úsáid chun dul i ngleic leis an aistriú déimeagrafach agus oiriúnú dó.

30.

Tá infheistíochtaí críochacha comhtháite ceaptha chun tacú le sraith gníomhaíochtaí atá comhtháite go córasach i limistéar geografach faoi leith. Aithníonn CnaR gur uirlis éifeachtúil iad chun leas a bhaint as acmhainneacht an bheartais comhtháthaithe agus aghaidh á tabhairt ar an dúshlán déimeagrafach. Dóigh éifeachtach chun beartais áitbhunaithe a chur chun cinn is ea na hinfheistíochtaí críochacha comhtháite sin a chur chun feidhme ar leibhéal an limistéir feidhme trí straitéisí críochacha comhtháite. Ar an gcaoi sin, is féidir míchothromaíochtaí spásúla a laghdú agus, san am céanna, samhlacha críochacha cothroma a chur chun cinn bunaithe ar inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch, dhigiteach agus chomhshaoil. Cuireann CnaR i bhfáth gur éirigh go maith leis na hinfheistíochaí sin i roinnt mhaith réigiún ach gur annamh a úsáidtear iad i réigiúin áirithe eile.

31.

Tá gá le cistiú tiomnaithe chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú déimeagrafach agus oiriúnú dó, lena gcomhlánófaí foinsí cistiúcháin phoiblí le cistí príobháideacha, d’fhonn an éifeacht iolraitheora atá ag teastáil chun dul i ngleic leis an dúshlán déimeagrafach a bhaint amach, mar aon leis an ngá atá le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí d’fhonn an bonneagar áitiúil a fhorbairt, rud a dhéanfadh inbhuanaitheacht fhadtéarmach na dtionscnamh sin a chur chun cinn. Lena chois sin, is gá an cistiú atá ar fáil a chur ag luí le riachtanais infheistíochta i seirbhísí poiblí bunriachtanacha, amhail an tsláinte, an t-oideachas, an tithíocht agus seirbhísí cúraim, agus leis an digiteáil is gá chun iomaíochas agus tarraingteacht na gcríoch atá i mbun aistriú déimeagrafach a fheabhsú.

32.

Meabhraíonn CnaR go bhforáiltear cheana leis na Treoirlínte reatha maidir le státcabhair réigiúnach go bhféadfaí na tairseacha cabhrach a ardú agus cabhair oibriúcháin a dheonú. Mar gheall ar a shuntasaí atá an dúshlán déimeagrafach, ní mór na maoluithe sin a chur ag luí le hAirteagal 174 CFAE agus aghaidh a thabhairt ar na gnéithe éagsúla a mbíonn tionchar acu ar an dúshlán déimeagrafach, i.e. ní hamháin dlús íseal daonra ach gnéithe eile, mar shampla, ‘ultra-aosú’.

33.

Tugann CnaR le fios go bhféadfaí cuidiú leis na réigiúin is leochailí trí na réigiúin úd a bhfuil meath tromchúiseach déimeagrafach ag teacht orthu a chur ar comhchéim leis na réigiúin is forimeallaí ó thaobh forálacha státchabhrach de. Ar an gcaoi chéanna, beidh ar léarscáileanna den chabhair réigiúnach léiriú cruinn a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha faoi leibhéal NUTS 3. Críocha a bhfuil mórfhadhbanna déimeagrafacha buana le sárú acu, ba cheart iad a aithint mar limistéir réamhshainithe ‘(c)’, ar a laghad, ar bhonn Airteagal 107(3) CFAE. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar dhéine na cabhrach a mhéadú 5 % mar bheart comhlántach chun cuidiú le fiontair a infheistíonn sna réimsí sin.

34.

Meabhraíonn CnaR a ábhartha atá sé, faoin mbeartas comhtháthaithe, na tosaíochtaí is mó tionchar maidir le haghaidh a thabhairt ar an aistriú déimeagrafach a shainaithint. B’inmholta tiomantas don dúshlán déimeagrafach a léiriú trí rátaí cómhaoinithe a mhéadú i réimsí áirithe. I ndáil leis an méid sin, agus i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, is sampla soiléir iad na bearta atá beartaithe chun an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme.

35.

Tá CnaR á chur i bhfios go bhféadfadh an cánachas, trí bhuntáistí cánach agus/nó díolúintí i gcásanna sonracha go príomha, a bheith ina uirlis an-úsáideach sa chomhrac i gcoinne an dídhaonraithe, ós rud é go bhféadfadh sé feidhmiú mar bhealach chun na deacrachtaí a bhíonn ag na pobail sin maidir le rochtain a fháil ar earraí agus ar sheirbhísí a chúiteamh.

36.

Tugann CnaR le fios go bhfuil tionscnaimh de dhíth ar réigiúin atá i mbun aistriú déimeagrafach chun gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. Dá bhrí sin, is ríthábhachtach spásanna sonraí oscailte a dhearadh agus a chruthú chun oiliúint a chur ar shamhlacha tuarthacha bunaithe ar an intleacht shaorga. Leis na samhlacha sin, beifear in ann córas cinnteoireachta a fhorbairt a bheidh bunaithe ar shonraí agus réamh-mheastacháin iontaofa agus a fhreastalóidh ar phleanáil spásúlachta agus ar phleanáil straitéiseach a fhágfaidh gur féidir an beartas comhtháthaithe a dhéanamh níos éifeachtaí ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach agus oiriúnú dó.

37.

Cuireann CnaR i bhfáth gur gá aird a tharraingt ar an bhfadhb agus go bhfuil bealaí cruthaithe ann chun comhordú a dhéanamh ar chórais um an gcomhar agus an comhoibriú idir réigiúin lena n-éascaítear malartú dea-chleachtas. Molann sé, dá bhrí sin, go gcruthófaí Ardán/Faireachlann um na Réigiúin atá i mbun Aistriú Déimeagrafach, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, a fheidhmeoidh mar fhóram le haghaidh plé idir piaraí agus trína bhféadfar bearta amhail na cinn a luaitear roimhe seo a chur chun tosaigh.

38.

Is eol do CnaR, bíodh is go bhfuil gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú déimeagrafach á bhforbairt cheana le hionstraimí an bheartais comhtháthaithe, nach mór bearta uaillmhianacha, comhtháite, solúbtha agus simplithe a chur chun feidhme. Níor cheart dóibh brú a chur ar an acmhainneacht riaracháin ná teorainn a chur le bainistiú cistí toisc a thromchúisí atá an dúshlán atá romhainn.

An Bhruiséil, 20 Samhain 2024.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An t-athrú déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta (IO C, C/2024/7062, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7062/oj).

(2)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an imirce dhleathach: scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach (IO C 79, 2.3.2023, lch. 59).

(3)   Rural Well-being : Geography of Opportunities | OECD iLibrary.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/284/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)