|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1487 |
22.7.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1487 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Iúil 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir leis Aontas Eorpach agus an Úcráin a bheith ag deonú chóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Coiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála (‘an Coiste Trádála’) sin a chinneadh go ndeonóidh na Páirtithe cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnálacha seirbhísí lena mbaineann comhfhogasú rialála. |
|
(3) |
Le linn 2025, ba cheart don Choiste Trádála dréacht-Chinneadh a ghlacadh maidir leis an Aontas Eorpach agus an Úcráin a bheith ag deonú chóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(4) |
Mar a luaitear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú agus i gcomhréir le hAirteagal 124(1) den Chomhaontú, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé reachtaíocht reatha na hÚcráine a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais, agus go bhfuil an Úcráin le háirithiú go ndéanfar na dlíthe atá ann cheana agus an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo a chomhoiriúnú de réir a chéile le acquis an Aontais. |
|
(5) |
D’iarr an Úcráin tuilleadh comhtháthaithe maidir le hearnáil na fánaíochta san Aontas, go háirithe trí chóir an mhargaidh inmheánaigh chun críche seirbhísí fánaíochta. |
|
(6) |
Le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gcumraíocht Trádála (2), comhlánaíodh Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú le gníomhartha ábhartha de chuid an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(7) |
De bhun Airteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, an 7 Samhain 2024 thug an Úcráin fógra don Aontas gur mheas sí gur comhlíonadh na coinníollacha chun acquis an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme in earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste agus d’iarr sí ar an Aontas measúnú cuimsitheach a dhéanamh. |
|
(8) |
An 6 Meitheamh 2025, chuir an Úcráin lena fógra tosaigh tar éis di an beart trasuite deireanach a bhí fágtha aici a ghlacadh. |
|
(9) |
Le Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gcumraíocht Trádála (3), tugadh isteach oiriúnuithe sonracha breise áirithe ar Chuid A d’Fhoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(10) |
De bhun Airteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, rinneadh measúnú cuimsitheach agus cinneadh, ar a bhonn sin, go gcomhlíonann an Úcráin na coinníollacha chun acquis an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme in earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(11) |
De bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, cuirfidh an tAontas an Coiste Trádála ar an eolas faoi thoradh dearfach a mheasúnaithe chuimsithigh. |
|
(12) |
I bhfianaise an mhéid sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, ba cheart don Aontas agus don Úcráin cóir an mhargaidh inmheánaigh a dheonú dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(13) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Trádála a bhunú ós rud é go mbeidh an Cinneadh maidir leis an Aontas Eorpach agus an Úcráin lena ndeonaítear cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste ina cheangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn 2025 sa Choiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála (‘an Coiste Trádála’) a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir leis an Aontas Eorpach agus an Úcráin a bheith ag deonú chóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gCoiste Trádála atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. LØKKE RASMUSSEN
(1) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj.
(2) Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Choiste Comhlachais AE-an Úcráin i gCumraíocht Trádála an 24 Aibreán 2023 lena modhnaítear Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile [2023/930] (IO L 123 8.5.2023, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/930/oj).
(3) Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gCumraíocht Trádála an 13 Márta 2025 lena modhnaítear Cuid A d’Fhoscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
DRÉACHT
CINNEADH UIMH. …/2025 ÓN gCOISTE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÚCRÁIN I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA
an …
maidir leis an Aontas Eorpach agus an Úcráin a bheith ag deonú chóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste
AN COISTE COMHLACHAIS I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA (dá ngairtear an ‘Coiste Trádála’ anseo feasta),
Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 465(3) de agus Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
|
(2) |
Aithnítear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú tiomantas na hÚcráine a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais, de réir mar a leagtar amach sa Chomhaontú, agus í a chur chun feidhme go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch de réir a chéile agus le comhlachas polaitiúil na hÚcráine leis an Aontas a dhoimhniú. |
|
(3) |
Le hAirteagal 1(2)(d) den Chomhaontú foráiltear gurb é is aidhm don Chomhaontú tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an t-aistriú go geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt chun críche trí bhíthin, inter alia, a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 124 den Chomhaontú, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé reachtaíocht na hÚcráine atá ann cheana a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais in earnáil na seirbhísí teileachumarsáide. Tá gealltanas tugtha ag an Úcráin go n-áiritheoidh sí go ndéanfar na dlíthe atá aici faoi láthair agus an reachtaíocht a bheidh aici amach anseo a chomhoiriúnú le acquis an Aontais. Meastar go leathnóidh an Úcráin a comhfhogasú reachtaíochta de réir a chéile chuig gach gné de acquis an Aontais dá dtagraítear i bhFoscríbhinní XVII-2 go XVII-5 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. A luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha ina leith, ba cheart comhtháthú na hÚcráine i margadh inmheánach an Aontais de réir a chéile a bheith mar thoradh air, go háirithe trí chóir an mhargaidh inmheánaigh a dheonú go cómhalartach i gcomhréir le hAirteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(5) |
D’iarr an Úcráin tuilleadh comhtháthaithe maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste san Aontas. Go háirithe, d’iarr an Úcráin cóir an mhargaidh inmheánaigh chun críche fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(6) |
Chun aistriú na hÚcráine de réir a chéile chuig achtú iomlán agus cur chun feidhme iomlán na bhforálacha is infheidhme maidir leis an earnáil teileachumarsáide a chumasú, go háirithe na forálacha sin maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gCumraíocht Trádála (2) comhlánaíodh Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú le gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(7) |
De bhun Airteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, an 7 Samhain 2024 thug an Úcráin fógra don Aontas gur mheas sí gur comhlíonadh na coinníollacha chun acquis an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme in earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste agus d’iarr sí ar an Aontas measúnú cuimsitheach a dhéanamh. An 6 Meitheamh 2025, chuir an Úcráin lena fógra tosaigh tar éis di an beart trasuite deireanach a bhí fágtha aici a ghlacadh. |
|
(8) |
Ar bhonn measúnuithe tráthrialta agus an fhaireacháin thráthrialta de bhun Fhoscríbhinn XVII-6 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú agus Airteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú agus tionchar chogadh foghach leanúnach na Rúise ar an Úcráin á chur san áireamh, tugadh isteach le Cinneadh 1/2025 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gcumraíocht Trádála (3) oiriúnuithe sonracha breise áirithe ar Chuid A d’Fhoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Go háirithe, leis an gCinneadh sin tugadh am breise don Úcráin forálacha áirithe de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chur chun feidhme go hiomlán, cuid de acquis an Aontais in earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, gan cinneadh féideartha ón gCoiste Trádála a chur siar chun cóir an mhargaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh fánaíochta de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(9) |
De bhun Airteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, rinne an tAontas measúnú cuimsitheach, chinn sé ar a bhonn sin go gcomhlíontar na coinníollacha, chuir sé an Coiste Trádála ar an eolas dá réir sin agus mhol sé go gcinnfidh an Coiste Trádála go ndeonóidh na Páirtithe cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(10) |
A luaithe a thiocfaidh an cinneadh sin chun bheith infheidhme, ní mór an acquis fánaíochta, mar a shonraítear i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, a chur i bhfeidhm i gcomhréir le pointí 1 go 6 d’Fhoscríbhinn XVII-1 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, mura bhforáiltear a mhalairt i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Tugann sé sin le tuiscint gur cheart acquis fánaíochta an Aontais mar a shonraítear i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú a léamh i gcomhréir leis na hoiriúnuithe atá i bhFoscríbhinn XVII-1 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, ní mór síneadh a chur leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a bhfuil sé de cheangal ar sholáthraithe agus oibreoirí seirbhísí fánaíochta san Aontas a chur i bhfeidhm eatarthu féin, i ndáil le soláthraithe seirbhísí fánaíochta agus oibreoirí san Úcráin. Ar an gcaoi chéanna, beidh sé de cheangal ar sholáthraithe agus oibreoirí seirbhísí fánaíochta san Úcráin na cearta agus na hoibleagáidí céanna a chur i bhfeidhm maidir le soláthraithe agus oibreoirí seirbhísí fánaíochta san Aontas. Bainfidh úsáideoirí deiridh na hÚcráine agus an Aontais tairbhe freisin, faoi réir teorainneacha eisceachtúla áirithe, as seirbhísí fánaíochta rialáilte ar a bpraghsanna miondíola baile. |
|
(11) |
Chun an t-am is gá a thabhairt do ghnóthais a sholáthraíonn fánaíocht ar líonraí cumarsáide poiblí san Aontas agus san Úcráin chun na ceanglais theicniúla agus dhlíthiúla uile a eascraíonn as cinneadh an Choiste Trádála a chur chun feidhme, ba cheart dáta cur i bhfeidhm a shocrú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaíonn an tAontas Eorpach agus an Úcráin cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste.
Airteagal 2
Rinneadh an Cinneadh seo a tharraingt suas sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Úcráinis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Arna dhéanamh in/sa …, …
Le haghaidh an Choiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála
An Cathaoirleach
Na rúnaithe
(1) IO AE L 161, 29.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj
(2) Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gCumraíocht Trádála an 24 Aibreán 2023 lena modhnaítear Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO AE L 123, 8.5.2023, lch. 38, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2023/930/oj).
(3) Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gCumraíocht Trádála an 13 Márta 2025 lena modhnaítear Cuid A d’Fhoscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (nár foilsíodh fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh).
(4) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO AE L 321, 17.12.2018, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1972/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1487/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)