European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/4205

27.7.2026

Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

(C/2026/4205)

Dírítear aird na ndaoine agus na n-eintiteas a ainmnítear in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an staid sa Libia, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Cuirtear in iúl do na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 8 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 15 Bealtaine 2027 , in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh iad a chur ar an liosta thuasluaite. Is ceart aon iarraidh den chineál sin a chur chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1.

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

Belgique/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Chinneadh (CBES) 2015/1333 agus Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe.

Cuirtear in iúl do na daoine agus na heintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.

(2)   IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4205/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)