Strasbourg, 26.11.2024

COM(2024) 726 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Sualainne


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Sualainne

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, 

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de, 

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de, 

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún, 

De bharr an mhéid seo a leanas: 

  

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach 1 , mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme 2 , agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 3 , is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn agus dírítear ar an meántéarma, i gcomhcheangal le forfheidhmiú éifeachtach comhleanúnach na rialacha.  

(2)Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Tá na pleananna le dhá chuspóir a bhaint amach: i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar an t‑easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma agus go gcoinneofar ag an leibhéal sin é, agus ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair 4  ghlanchaiteachais a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth‑théarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, tá míniú le tabhairt sa phlean ar an gcaoi a n‑áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n‑áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.  

(3)Tar éis thíolacadh an phlean, tá an Coimisiún lena mheas an gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)Tá an Chomhairle, ar mholadh a fháil di ón gCoimisiún, le moladh a ghlacadh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, formhuiniú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh. 

 

BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA SUALAINNE  

(5)An 11 Deireadh Fómhair 2024, rinne an tSualainn a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Tíolacadh an plean tar éis síneadh a bheith curtha leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an tSualainn.

An próiseas sular tíolacadh an plean   

(6)Sular tíolacadh a plean, d’iarr an tSualainn faisnéis theicniúil 5 , a chuir an Coimisiún ar fáil an 21 Meitheamh 2024, agus a d’fhoilsigh sé an 11 Deireadh Fómhair 2024 6 . San fhaisnéis theicniúil, léirítear leibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh in 2028 is gá chun a áirithiú go gcoinneofar an t‑easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma agus go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma, in éagmais beart buiséadach breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. Ullmhaíodh agus tarchuireadh an fhaisnéis theicniúil chuig na Ballstáit sa dá chás seo a leanas: cás lena n‑áirítear comhsheasmhacht leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh, 7 i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, agus cás gan an choimirce sin. Leagtar amach san fhaisnéis theicniúil le haghaidh na Sualainne, gur cheart, chun na rialacha fioscacha is infheidhme a chomhlíonadh le linn na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana, agus bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin, gur cheart ‑1,8 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028; cás gan an choimirce athléimneachta easnaimh), mar a léirítear i dtábla 1 thíos. Mar eolas, agus an choimirce athléimneachta easnaimh á cur san áireamh freisin, ba cheart -0,8 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Mar sin féin, ní ceanglas é an choimirce athléimneachta easnaimh le haghaidh a Sualainne, tír atá incháilithe d’fhaisnéis theicniúil. 

 

Tábla 1: Faisnéis theicniúil arna soláthar ag an gCoimisiún don tSualainn 

Bliain deiridh na tréimhse coigeartúcháin 

2028 

Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás gan an choimirce athléimneachta easnaimh 

-1,8 

Le haghaidh faisnéise amháin: Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh 

-0,8 

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin. 

 

(7)I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an tSualainn agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí Lúnasa 2024. Bhí an t‑idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an tSualainn mar uasteorainn a ngeallann an tSualainn gan dul thairsti agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe an túsphointe in 2024 agus fás OTI féideartha sa mheántéarma), chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus do thosaíochtaí coiteanna an Aontais maidir le haistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta. 

(8)Sa phlean a thíolaic an tSualainn, ní thugtar tuairisc ar phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara intíre sular tíolacadh é.

(9)Cuireadh an plean faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta an 1 Deireadh Fómhair 2024. Dá bhrí sin, ghlac an rialtas leis an 10 Deireadh Fómhair 2024.  

 

Próisis ghaolmhara eile   

(10)An 19 Meitheamh 2024, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis an tSualainn go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ann. Go sonrach, ní mór don tSualainn aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann lena margadh réadmhaoine agus lena fiachas príobháideach ard, rudaí atá fós ábhartha agus ar beag an ghníomhaíocht bheartais a rinneadh chun dul i ngleic leo. 8  

(11)An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Sualainne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh 9 .  

 

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR 

(12)I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas: 

Comhthéacs: an staid mhaicreacnamaíoch fhioscach agus an t‑ionchas maicreacnamaíoch fioscach  

(13)Tháinig laghdú 0,3 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa tSualainn in 2023, rud a bhí spreagtha ag titim shuntasach ar thomhaltas príobháideach agus ar fhoirmiú caipitil sheasta. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 0,3 % ar an ngeilleagar in 2024 a bhuí leis an téarnamh san éileamh intíre arb iad boilsciú atá ag dul i laghad agus rátaí úis níos ísle is bonn taca leis. Meastar go dtiocfaidh méadú 1,8 % ar OTI iarbhír in 2025, de réir mar a thiocfaidh borradh faoin téarnamh san éileamh intíre. Meastar go dtiocfaidh méadú 2,6 % ar OTI iarbhír in 2026, ós rud é go bhfuil coinne leis go mbeidh bonn leathan faoin bhfás eacnamaíoch. Le linn na tréimhse réamhaisnéise, meastar go bhfanfaidh fás OTI féideartha cobhsaí tríd is tríd agus go mbeidh claonadh ann go méadóidh sé rud beag. Ba é 7,7 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh‑mheasann an Coimisiún gurb é 8,5 % a bheidh ann in 2024 agus 8,4 % in 2025 agus 7,8 % in 2026. Réamh‑mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 6,1 % in 2023 go 2,3 % in 2024, agus go sroichfidh sé 1,4 % in 2025 agus 1,3 % in 2026.  

(14)Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na Sualainne 0,6 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh an t‑easnamh 1,9 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé go 1,4 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, laghdóidh sé go 0,3 % in 2026. Cuimsítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Sualainne le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Mheán Fómhair. Ba é 31,5 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go méadóidh an cóimheas fiachais go 32,8 % de OTI ag deireadh 2024 sula gcobhsóidh sé tríd is tríd ag 32,7 % de OTI ag deireadh 2025, agus meastar go laghdóidh sé go 31,7 % de OTI ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith. 

Conair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha atá sa phlean  

(15)Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Sualainne, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair i gcaitheamh tréimhse 4 bliana.  

(16)Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean, cé is moite den fhaisnéis maidir leis an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara intíre roimh na tíolacthaí a cheanglaítear le hAirteagal 13(g) (vi) de Rialachán (AE) 2024/1263.  

(17)Sonraítear sa phlean go ndéantar uasteorainn 4,4 % le fás glanchaiteachais i gcaitheamh na mblianta 2025-2028 a shainiú leis an gconair ghlanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, uasteorainn a ngeallann na húdaráis gan dul thairsti. Tá an fhaisnéis theicniúil (ag glacadh leis go bhfuil conair coigeartúcháin línigh ann) comhsheasmhach le meánfhás glanchaiteachais 4,5 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tuairiscítear go n‑eascraíonn comhardú príomha struchtúrach -1,8 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) as an uasteorainn leis an gconair ghlanchaiteachais ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean. Tá sé sin cothrom le híosleibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh de -1,8 % de OTI in 2028 a chuir an Coimisiún ar fáil san fhaisnéis theicniúil an 21 Meitheamh 2024 10 . Toimhdítear sa phlean go bhfanfaidh fás OTI féideartha réasúnta cobhsaí, ag thart ar 1,7 %, le linn thréimhse an phlean. Ina theannta sin, meastar sa phlean go laghdóidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI ó 2,8 % in 2024 go 1,4 % in 2025, sula méadóidh sé de réir a chéile go 1,8 % faoi 2028.  

 

Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Sualainne 

 

 

2024 

2025 

2026 

2027 

2028 

Meánfhás i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean 

 2025-2028 

Fás glanchaiteachais 
(ar bhonn bliantúil, %) 

6,4 

4,0 

4,4 

4,4 

4,6 

4,4 

Fás glanchaiteachais 
(ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2023, %) 

6,4 

10,7 

15,5 

20,6 

26,1 

neamhbhainteach 

Fás OTI féideartha ( %) 

1,4 

1,6 

1,8 

1,7 

1,8 

1,7 

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) ( %) 

2,8 

1,4 

1,6 

1,7 

1,8 

1,6 

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Sualainne agus ríomhanna an Choimisiúin.

 

Na himpleachtaí atá ag gealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta  

(18)An chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus na toimhdí bunúsacha, dá dtiocfadh na nithe sin chun cinn, mhéadódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile ó bheagán faoi bhun 33 % de OTI in 2024 go 36,2 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin in 2028 de réir an phlean, mar a léirítear i dtábla 3 thíos. Tar éis an choigeartaithe, meastar de réir an phlean go leanfaidh an cóimheas fiachais de bheith ag méadú sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038) agus go sroichfidh sé 51,3 % de OTI faoi 2038.  

Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Sualainne

 

2023 

2024 

2025 

2026 

2027 

2028 

2038 

Fiachas rialtais 

(% de OTI) 

31,5 

32,7 

33,3 

34,0 

34,9 

36,2 

51,3 

Comhardú rialtais 

(% de OTI) 

-0,6 

-1,7 

-1,5 

-1,6 

-1,9 

-2,2 

-2,9 

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Sualainne

 

Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.  

 

Na himpleachtaí atá ag gealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta 

(19)Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, mhéadódh an t‑easnamh rialtais ghinearálta de réir a chéile i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin ó 1,5 % de OTI in 2025 go 2,2 % in 2028. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin in 2028. Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t‑easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.  

 

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean 

(20)Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an tSualainn an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean le haghaidh sé athróg, mar atá an túsphointe in 2024, fás OTI féideartha, an díbhoilsceoir OTI, an ráta úis intuigthe ainmniúil, coigeartuithe an tsreafa stoic agus ioncam ó mhaoin. Tugtar measúnú thíos ar na difríochtaí sna toimhdí. Liostaítear thíos na difríochtaí sna toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear ina haonar.  

·Bhí coinne ag an gCoimisiún le barrachas 0,7 % de OTI in earrach na bliana 2024, ach toimhdítear comhardú príomha struchtúrach níos ísle le haghaidh 2024 sa phlean, is é sin barrachas 0,2 % de OTI. Leis an staid fhioscach tosaigh athbhreithnithe sin atá sa phlean agus na dálaí maicreacnamaíocha nuashonraithe a ghabhann léi le haghaidh 2024 (méid atá comhsheasmhach leis na toimhdí a úsáidtear le haghaidh dhlí buiséadach 2025 na Sualainne), léirítear an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil ó bhí an t‑earrach ann agus tá siad beagán níos fabhraí ná Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach. Ar an iomlán, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin. Agus an toimhde sin á glacadh ina haonar, laghdaíonn sí an uasteorainn atá leis an meánfhás ghlanchaiteachais thar an tréimhse choigeartúcháin i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin.  

·Sa phlean, tá fás féideartha i gcaitheamh thréimhse an phlean 0,1 pointe céatadáin níos airde ar an meán ná toimhde an Choimisiúin. Is léiriú é sin ar na sonraí olltoraidh is déanaí nach raibh ar fáil in earrach na bliana 2024, agus úsáid á baint as modheolaíocht an Aontais a comhaontaíodh i gcomhpháirt. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde go mbeidh fás féideartha beagán difriúil ann. Agus an toimhde sin á glacadh ina haonar, méadaíonn sí an uasteorainn atá leis an meánfhás ghlanchaiteachais thar an tréimhse choigeartúcháin i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. 

Na difríochtaí atá fágtha sna toimhdí, níl tionchar mór acu ar an meánfhás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí uile sna toimhdí nuair a ghlactar le chéile iad meánfhás glanchaiteachais sa phlean atá níos ísle ná an meánfhás glanchaiteachais a thugtar le fios san fhaisnéis theicniúil. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfar amach anseo ar chomhlíontacht leis an gconair ghlanchaiteachais.

 

Straitéis fhioscach an phlean 

(21)Ní chuimsítear straitéis fhioscach tháscach sa phlean chun conair ghlanchaiteachais an phlean a chur chun feidhme, ós rud é gur mar uasteorainn theicniúil a shocraítear an chonair sin a ngeallann an tSualainn gan dul thairsti. Déanfar sonraíocht bheacht na mbeart beartais ábhartha a dheimhniú nó a choigeartú agus a chainníochtú sna buiséid bhliantúla. 

 

Bearta athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais  

 

(22)Tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Cuimsítear sraith athchóirithe agus infheistíochtaí sa phlean, ach ní chainníochtaítear cé acu a fhaigheann tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

(23)Maidir le tosaíocht choiteann an aistrithe chóir ghlais agus dhigitigh, lena n‑áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear tionscnaimh bheartais sa phlean a bhfuil sé i gceist leo aghaidh a thabhairt ar an tosaíocht choiteann sin agus ar na moltaí tírshonracha gaolmhara a fuarthas in 2019, 2020, 2022, 2023 agus 2024. Go sonrach, cumhdaítear an méid seo a leanas sa phlean: bearta chun tacú leis an aeráidneodracht faoi 2050, lena n‑áirítear trí bhearta aeráide agus trí fhóirdheontais agus préimheanna infheistíochta agus nuálaíochta (na moltaí tírshonracha uile a bhaineann leis an aistriú glas), acmhainní chun tacú leis an aistriú glas i dtuaisceart na Sualainne (moltaí tírshonracha a fuarthas in 2020 agus 2021), agus nósanna imeachta cuíchóirithe um cheadú le haghaidh tionscadail infheistíochta ghlasa (moltaí tírshonracha a fuarthas in 2022 agus 2023). Tá sé beartaithe cur leis an aistriú digiteach trí bhíthin infheistíochtaí chun nascacht leathanbhanda a áirithiú ar fud na Sualainne, córas um rialachas poiblí aontaithe le haghaidh bonneagar digiteach, agus forbairt foirme aitheantais digití oifigiúla.

(24)Maidir le tosaíocht choiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n‑áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear tionscnaimh bheartais sa phlean a bhfuil sé i gceist leo aghaidh a thabhairt ar an tosaíocht choiteann sin agus ar na moltaí tírshonracha gaolmhara a fuarthas in 2019, 2020, 2022, 2023 agus 20224, lena n‑áirítear an moladh tírshonrach maidir le fiachas príobháideach agus an margadh tithíochta, ar moladh é a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Cuimsítear an méid seo a leanas leis na tionscnaimh sin: dreasachtaí a chur ar fáil le haghaidh athscolaíochta; tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach; athchóirithe oideachais chun feabhas a chur ar fhorbairt ghairme na múinteoirí agus na mbainisteoirí scoile; feabhas a chur ar na torthaí oideachais a bhíonn ag grúpaí leochaileacha, ach gan daoine ó chúlra imirceach a lua go sonrach; tacaíocht don oideachas aosach agus d’oiliúint múinteoirí; bearta chun fóirdheontais agus ráthaíochtaí creidmheasa a sholáthar do bhardais ionas go dtacófar le tógáil tithíochta agus le hathchóiriú foirgneamh neamhchónaithe chun críoch tithíochta. 

(25)Maidir le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh, cuimsítear tionscnaimh bheartais sa phlean a bhfuil sé i gceist leo aghaidh a thabhairt ar an tosaíocht choiteann sin agus ar na moltaí tírshonracha gaolmhara a fuarthas in 2020, 2022, 2023 agus 2024, go háirithe infheistíochtaí i dtáirgeadh agus tarchur fuinnimh.

(26)Maidir le tosaíocht choiteann na gcumas cosanta, cuimsítear tionscnaimh sa phlean chun acmhainní i gcomhair na cosanta míleata agus sibhialta a mhéadú go suntasach le haghaidh na tréimhse suas go dtí 2035. 

(27)Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne. Is iad na príomhbhearta a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta an léim aeráide agus an léim thionsclaíoch, leathnú leathanbhanda, agus bearta a bhaineann le REPowerEU agus a chuireann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, ar bearta iad atá comhlántach le bearta liostaithe arna gcistiú ag an mbeartas comhtháthaithe atá nasctha le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Cuimsítear sa phlean faisnéis faoi na cuspóirí atá le cistí éagsúla an bheartais comhtháthaithe agus samplaí dá ngníomhaíochtaí in earnálacha agus réigiúin éagsúla, lena n‑áirítear na limistéir thuaisceartacha inar tearc an daonra.

(28)Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Sualainne a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Maidir le tosaíochtaí coiteanna an aistrithe chóir ghlais agus dhigitigh, na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, agus na riachtanas infheistíochta sa tslándáil fuinnimh i leith taighde agus nuálaíochta, tá siad le haistriú ina gcaiteachas breise i gcaitheamh thréimhse an phlean ag ardú céim ar chéim ó SEK 1 bhilliún in 2025 go SEK 6,5 billiún in 2028 agus ina dhiaidh sin. Riachtanais infheistíochta a bhaineann le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, le slándáil fuinnimh agus le haistriú cóir glas, déantar na riachtanais sin a shainaithint le haghaidh bonneagar iompair agus táirgeadh agus tarchur leictreachais freisin. Meastar go n‑athróidh riachtanais infheistíochta le haghaidh táirgeadh fuinnimh sa chaoi gur idir SEK 10 agus 140 billiún in aghaidh na tréimhse cúig bliana a bheidh i gceist leo idir 2020 agus 2040. Is é is aidhm don phlean rannchuidiú lena bheith ag freastal ar riachtanais infheistíochta poiblí na Sualainne maidir le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh, agus é sin a dhéanamh trí bhíthin infheistíocht i líonraí leictreachais a réamh‑mheastar gurb é SEK 170 billiún a bheidh i gceist léi i gcaitheamh na tréimhse 2020-2031. Maidir le tosaíochtaí coiteanna na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche agus an aistrithe chóir ghlais, is é is aidhm don phlean rannchuidiú lena bheith ag freastal ar riachtanais infheistíochta poiblí a bhaineann le bonneagar iompair, arb é SEK 1 171 bhilliún an caiteachas a bheidh i gceist i gcaitheamh na tréimhse 2026-2037. Tugtar mionsonraí breise sa phlean ar mhéaduithe suntasacha ar chaiteachas atá beartaithe don chosaint agus don chosaint shibhialta, ó SEK 126 bhilliún in 2024 go SEK 225 bhilliún in 2035, arb iad eisíocaíochtaí infheistíochta a bheidh i gceist le sciar mór den mhéid sin.  

Conclúid mheasúnú an Choimisiúin 

(29)Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Sualainne ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. 

CONCLÚID FHORIOMLÁN 

(30)Ar bhonn an mheasúnaithe ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais, mar a leagtar amach sa phlean, a mholadh don tSualainn. 

 

AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh an tSualainn  

1.A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo. 

Iarrann an Chomhairle ar an tSualainn a áirithiú go dtabharfar i gcrích athchóirithe agus infheistíochtaí a chomhfhreagraíonn do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha, agus go dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais.  

 

 

IARSCRÍBHINN I 

Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais 
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla) 

an tSualainn 

 

Blianta 

2025 

2026 

2027 

2028 

Rátaí fáis

(%) 

Bliantúil 

4,0 

4,4 

4,4 

4,6 

Carnach (*) 

10,7 

15,5 

20,6 

26,1 

(*) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha trí tagairt don bhonnbhliain 2023. 

 

Arna dhéanamh in Strasbourg,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ).
(2)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ).
(3)    Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
(4)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5)    Cuimsítear le réamhthreoir a tarchuireadh chuig na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais faisnéis theicniúil i) le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus gan síneadh léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach) agus ii) le coimirce athléimneachta easnaimh agus gan í. Cuimsítear léi freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh‑mheastacháin an Choimisiúin um fhiachas rialtais meántéarmach. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear in Debt Sustainability Monitor 2023 [Monatóir Inbhuanaitheachta Fiachais 2023], foilseachán de chuid an Choimisiúin ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt‑sustainability-monitor-2023_ga ). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach atá sí bunaithe agus ar an síneadh meántéarmach a cuireadh léi suas le 2033, agus tá fás OTI fadtéarmach agus costais aosaithe fhadtéarmacha i gcomhréir leis an Tuarascáil Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le hAosú dar teideal 2024 Ageing Report ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report‑economic-and‑budgetary-projections‑eu-member-states‑2022-2070_ga ).
(6)     https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and‑fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_ga#sweden
(7)    Bunaítear leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh a bhunaítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 go bhfuil an feabhas bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach cothrom le 0,4 pointe céatadáin de OTI (nó 0,25 pointe céatadáin de OTI i gcás síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin) go dtí go mbeidh an t‑easnamh struchtúrach níos ísle ná 1,5 % de OTI.
(8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, COM (2024) 600 final, Foscríbhinn 4
(9)    Moladh ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Sualainne, nár foilsíodh fós.
(10)    Sa chás gan an choimirce athléimneachta easnaimh.