|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/874 |
19.3.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/874 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 231ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn 13 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis. |
|
(2) |
Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit uile agus is comhaltaí de chuid ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe de chuid ICAO. Tá iondaithe ó 6 Bhallstát i gComhairle ICAO. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO Caighdeáin agus Cleachtais Mholta (‘SARPanna’) idirnáisiúnta a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. |
|
(4) |
Tá Comhairle ICAO, ag a 231ú seisiún, chun glacadh le Leasú 19 ar Iarscríbhinn 13 – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) - a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago (‘Leasú 19’). |
|
(5) |
Is é an príomhchuspóir atá ag Leasú 19 sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú trí ardleibhéal éifeachtúlachta, luais agus cáilíochta in imscrúduithe sábháilteachta san eitlíocht shibhialta a áirithiú. |
|
(6) |
Is é is aidhm do na hathruithe atá beartaithe na cuspóirí sin a bhaint amach trí chuidiú le húdaráis um imscrúdú sábháilteachta na Stát Conarthach ina n-imscrúduithe ar Aerárthaí Cianrialaithe, agus trí fhaisnéis agus sonraí a chur ar fáil gan mhoill ó thaifeadáin atá suiteáilte ar aerárthaí. Aithnítear le Leasú 19 go bhfuil coinne ag an bpobal agus ag na meáin go mór go gcoimeádfaí ar an eolas iad agus, dá bhrí sin, tá forálacha ann maidir le faisnéis fhíriciúil thráthúil a sholáthar le linn imscrúduithe sábháilteachta. Thairis sin, léirítear le Leasú 19 gur féidir úsáid teicneolaíochtaí nua giorrú na tréimhse comhairliúcháin a éascú, agus dlús a chur le foilsiú na tuarascála deiridh dá bhrí sin. Ar deireadh, tugtar isteach le Leasú 19 rogha go seolfaí tuarascálacha deiridh i bhformaid leictreonach ionas gur féidir iad a uaslódáil i mbunachar sonraí lárnach ICAO. |
|
(7) |
Chuir an Líonra Eorpach d’Údaráis um Imscrúdú Sábháilteachta na hEitlíochta Sibhialta (ENCASIA) arna bhunú de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) le forbairt an togra a bhaineann le Leasú 19, agus atá freagrach as, inter alia, comhairle a thabhairt d’institiúidí de chuid an Aontais maidir le gnéithe uile den fhorbairt agus de chur chun feidhme bheartais agus rialacha an Aontais a bhaineann le himscrúduithe sábháilteachta agus maidir le tionóiscí agus theagmhais a chosc. |
|
(8) |
Is iomchuí an seasamh a leagan síos atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Comhairle ICAO, toisc go mbeidh Leasú 19 ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 90 a) de Choinbhinsiún Chicago agus d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a bheith aige ar dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. |
|
(9) |
Le linn an 231ú Chomhairle ICAO nó le linn aon seisiúin ina dhiaidh maidir le glacadh Leasú 19, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacaíocht a thabhairt do na leasuithe sin ina n-iomláine agus iad a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO an seasamh sin a chur in iúl. |
|
(10) |
De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát Conarthach caighdeán nó nós imeachta idirnáisiúnta a chomhlíonadh ar gach slí, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon bhealach leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tá an Stát Conarthach sin le fógra a thabhairt láithreach do ICAO maidir leis na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta. |
|
(11) |
De bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tá aon Iarscríbhinn, dá dtagraítear in Airteagal 54, fomhír 1) den Choinbhinsiún sin, nó aon leasú ar Iarscríbhinn, le teacht i bhfeidhm laistigh de 3 mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go gcláraíonn tromlach de Stáit chonarthacha ICAO a míshástacht idir an dá linn. |
|
(12) |
Tar éis do Chomhairle ICAO Leasú 19 a ghlacadh, rud a bheidh le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí nós imeachta Litir Stáit ICAO, ba cheart gurb é seasamh an Aontais gan aon míshástacht a chlárú agus an leasú sin a chomhlíonadh. I gcás ina mbeadh reachtaíocht an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis dáta atá beartaithe na SARPanna sin a chur i bhfeidhm, ba cheart difríocht idir na SARPanna áirithe sin a chur in iúl do ICAO. Ba cheart seasamh an Aontais i leith difríocht den sórt sin a bheith bunaithe ar dhoiciméad i scríbhinn a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas. |
|
(13) |
Ba cheart do Bhallstáit uile an seasamh sin a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 231ú seisiún de Chomhairle ICAO, nó ag aon cheann de na seisiúin ina dhiaidh sin, tacú leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13, – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) - a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) ina iomláine.
2. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO, gan aon athrú suntasach, an leasú dá dtagraítear in mír 1 den Airteagal seo, gan míshástacht a chlárú, agus fógra a thabhairt faoi chomhlíonadh an bhirt glactha mar fhreagra ar an Litir Stáit ICAO ábhartha,
I gcás ina bhfuil aon difríocht idir reachtaíocht an Aontais agus na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago tar éis an dáta a bheartaítear na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm, rud a fhágann gur gá fógra a thabhairt do ICAO faoi dhifríocht ó na caighdeáin áirithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, cuirfidh an Coimisiún doiciméad ullmhúcháin faoi bhráid na Comhairle, chun é a phlé agus a fhormheas, doiciméad lena leagtar amach seasamh an Aontais maidir leis na difríochtaí mionsonraithe a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid ICAO thar ceann an Aontais, in am trátha agus ar a laghad 2 mhí roimh aon sprioc-am a leagfaidh ICAO amach maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí.
Airteagal 2
Is iad na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Déanfaidh na Ballstáit uile an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P.-Y. DERMAGNE
(1) Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE, (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/874/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)