AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.3.2024
COM(2024) 160 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia
DEARBHÚ MAIDIR LEIS AN ÍOSLAINN, RÍOCHT NA hIORUA, CÓNAIDHM NA hEILVÉISE AGUS PRIONSACHT LICHTINSTÉIN
Tugann na Páirtithe sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia dá n‑aire an dlúthchaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, go háirithe de bhua Chomhaontuithe an 18 Bealtaine 1999 agus an 26 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhlachas na dtíortha sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.
Sna himthosca sin, tá sé inmhianaithe go dtabharfaidh údaráis na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Chónaidhm na hEilvéise agus Phrionsacht Lichtinstéin, de pháirt amháin, agus Phoblacht na Seirbia, ar an taobh eile, comhaontuithe déthaobhacha i gcrích, gan mhoill, maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia i dtéarmaí atá comhchosúil leo sin sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia.