An Bhruiséil,18.3.2024

COM(2024) 160 final

2024/0075(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Ar cheann de chúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) tá oibriú i gcomhar le tríú tíortha i ndáil leis na réimsí a chumhdaítear sa Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (Rialachán (AE) 2019/1896) (‘an Rialachán’) ‘lena n‑áirítear imscaradh oibríochtúil féideartha foirne bainistithe teorainneacha i dtríú tíortha’ 1 . Go sonrach, ní mór don Ghníomhaireacht, mar chuid den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip 2 a áirithiú. Comhchuid amháin den bhainistiú sin is ea an comhar le tríú tíortha sna réimsí a chumhdaítear sa Rialachán, lena ndírítear go háirithe ar thríú tíortha comharsanachta agus ar thíortha tionscnaimh nó idirthurais i dtaca leis an imirce neamhrialta 3 . Féadfaidh an Ghníomhaireacht oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha atá inniúil maidir le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh 4 agus féadfaidh sí gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a dhéanamh ar chríoch tríú tír faoi réir comhaontú ón tríú tír sin.

De bhun Airteagal 73(3) den Rialachán, in imthosca inar gá foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, ba cheart an tAontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann. Ba cheart an comhaontú stádais sin a bheith bunaithe ar an tsamhail arna tarraingt suas ag an gCoimisiún mar a cheanglaítear le hAirteagal 76(1) den Rialachán. Ghlac an Coimisiún an tsamhail sin an 21 Nollaig 2021 5 .

Tá Poblacht na Seirbia (‘an tSeirbia’) suite go geografach ar cheann de na príomhbhealaí le haghaidh gluaiseacht imirce mheasctha neamhrialta i dtreo an Aontais Eorpaigh. In 2023, chláraigh Frontex thart ar 99 000 trasnú teorann neamhrialta ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh ar bhealach na mBalcán Thiar, chomh maith le breis agus 25 000 trasnú teorann neamhrialta ag teorainneacha na Seirbia nach bhfuil san Aontas. Grúpaí coiriúla eagraithe a bhíonn ag gabháil do smuigleáil daoine, bíonn siad ag díriú ar imircigh neamhrialta agus tá na himircigh sin go mór i mbaol sáruithe ar chearta an duine. Tá brú nach beag ar roinnt Ballstát den Aontas mar gheall ar an líon mór daoine atá ag teacht go neamhrialta agus an líon mór iarratas ar thearmann, rud a fhágann go bhfuil gá le gníomhaíocht choiteann chomhordaithe ar leibhéal an Aontais.

In 2020, thug an tAontas agus an tSeirbia comhaontú 6 stádais i gcrích bunaithe ar Rialachán (AE) 2016/1624 7 , comhaontú a aisghaireadh agus ar cuireadh an Rialachán ina ionad. Mar gheall ar raon feidhme teoranta Rialachán (AE) 2016/1624, oibríochtaí comhpháirteacha a dhéantar ar bhonn an chomhaontaithe stádais sin, tá siad teoranta do theorainneacha na Seirbia leis an Aontas Eorpach. Ag gníomhú dó laistigh den chreat teoranta sin, tá Oibríocht Chomhpháirteach na Seirbia (Joint Operation Serbia Land [Oibríocht Chomhpháirteach leis an tSeirbia: Talamh] roimhe seo) á seoladh ag Frontex ag teorainneacha talún na Seirbia leis an Ungáir agus leis an mBulgáir. An 12 Feabhra 2024, bhí 99 oifigeach den Bhuanchór imscartha san oibríocht chomhpháirteach sin, agus tháinig feabhas dá bharr sin ar rialú teorainneacha trí shrian a chur leis an imirce neamhrialta agus tríd an gcoireacht trasteorann a chomhrac.

An 18 Samhain 2022, tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1896 lenar leathnaíodh raon feidhme na gcomhaontuithe stádais faoi sin, fuair an Coimisiún údaruithe ón gComhairle tús a chur le caibidlíocht leis an tSeirbia 8 chomh maith le Montainéagró, leis an Albáin agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin le haghaidh comhaontuithe maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sna tíortha sin ar bhonn an Rialacháin nua sin. An 30 Samhain 2022, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú leis na ceithre thír thuasluaite inar gcuireadh i dtábhacht na príomhrudaí nua a bhí sa samhail-chomhaontú stádais. An 14 Meán Fómhair agus an 7 Samhain 2023, rinneadh caibidlíocht idir an Coimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus an tSeirbia maidir le comhaontú. Measann an Coimisiún gur gnóthaíodh na cuspóirí a shocraigh an Chomhairle ina treoracha caibidlíochta, agus measann sé go bhfuil an comhaontú inghlactha don Aontas.

Níl an dréacht‑chomhaontú ar aon dul leis an samhail-chomhaontú stádais 9 sa mhéid agus go dtugtar leis díolúine theoranta do na baill den fhoireann ón dlínse choiriúil 10 agus go gcuirtear eisceacht theoranta ar fáil leis i leith dhosháraitheacht fhoirgneamh, áitreabh agus shócmhainní na Gníomhaireachta 11 . Tá na maoluithe sin ar an tsamhail inghlactha ós rud é go bhfuil stádas iarrthóra aitheanta ar aontachas leis an Aontas ag an tSeirbia, go bhfuil forálacha inchomparáide sa chomhaontú stádais reatha leis an tSeirbia agus go bhfuil oibríochtaí faoin gcomhaontú stádais leis an tSeirbia ag dul ar aghaidh go maith agus gur glacadh le maoluithe comhchosúla nó comhionanna i gcás chomharsana uile na Seirbia a chaibidligh comhaontuithe comhchosúla leis an Aontas le déanaí.Is é atá sa togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle atá i gceangal leis seo an bunús dlí le haghaidh shíniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le Gníomhaíochtaí Oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia.

Staid na dtíortha atá comhlachaithe le Schengen

Cuireann an togra seo le acquis Schengen i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha. Mar sin féin, níl aon chumhacht ag an Aontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tSeirbia ar bhealach a gcuirfeadh ceangal ar an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis ná Lichtinstéin. Maidir leis na gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a sheolfaidh na tíortha sin chuig an tSeirbia, chun a áirithiú go mbainfidh siad leas as an stádas céanna dá bhforáiltear sa chomhaontú stádais a bheidh ann amach anseo, cuireadh dearbhú comhpháirteach leis an Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú an chomhaontaithe stádais inar cheart a shonrú a inmhianaithe atá sé comhaontuithe comhchosúla a thabhairt i gcrích idir an tSeirbia agus gach ceann de na tíortha comhlachaithe sin.

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 12 ; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Le rialuithe a neartú ar chríoch na Seirbia, beidh tionchar dearfach aige sin ar bhainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais agus ar bhainistiú theorainneacha na Seirbia féin. Bheadh tabhairt i gcrích comhaontaithe stádais ag teacht leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí níos leithne maidir le comhar mar a leagtar amach i gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh leis an tSeirbia 13 ..

D’fhéadfadh tabhairt i gcrích comhaontaithe stádais tacú le hiarrachtaí agus gealltanais níos leithne an Aontais Eorpaigh freisin chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chomhar agus ar chumais 14 ar mhaithe le rannchuidiú le bainistiú na freagartha ar ghéarchéimeanna agus ar mhaithe leis an gcóineasú a chur chun cinn maidir le hábhair eachtracha agus ábhair shlándála idir an tAontas agus an tSeirbia.

2.BUNÚS DLÍ AGUS COMHRÉIREACHT

Is iad Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(5) CFAE bunús dlí an togra seo.

Déantar foráil shainráite maidir le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh comhaontú stádais a thabhairt i gcrích in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896, ina sonraítear ‘[i]n imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ón mbuanchór a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais [...] i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann’.

De bhun Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais. Déantar foráil in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 maidir le comhaontú stádais a ‘t[h]abharfaidh an tAontas [...] i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann’. Dá bhrí sin, tagann an comhaontú atá le síniú agus le tabhairt i gcrích leis an tSeirbia faoi chumhacht eisiach an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896, an comhaontú stádais atá beartaithe, tá sé bunaithe ar an samhail-chomhaontú stádais arna ghlacadh ag an gCoimisiún i mí na Nollag 2021 15 , agus na forálacha réamh‑chomhaontaithe sa chomhaontú stádais atá ann cheana le Poblacht na Seirbia á chur san áireamh 16 .

Ní théann forálacha an chomhaontaithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach, mar atá, ar bhonn an tsamhail-chomhaontaithe stádais, lena gcumhdaítear gach gné is gá chun gníomhaíochtaí na bhfoirne bainistithe teorann as an mbuanchór a dhéanamh a imscarfar chuig tríú tír ina bhfeidhmeoidh baill na bhfoirne cumhachtaí feidhmiúcháin, go háirithe raon feidhme na hoibríochta, forálacha maidir le dliteanas sibhialta agus coiriúil, cúraimí agus cumhachtaí bhaill na bhfoirne, bearta a bhaineann le hoifig allamuigh a bhunú agus bearta praiticiúla a bhaineann le cearta bunúsacha a urramú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ós rud é gur comhaontú nua a bheidh ann, ní fhéadfaí aon mheastóireacht ná seiceálacha oiriúnachta a dhéanamh ar na hionstraimí atá ann cheana. Níl aon ghá le measúnú tionchair chun comhaontú stádais a chaibidliú.

•Cearta bunúsacha

De réir mar a leagtar amach in Aithris 88 de Rialachán (AE) 2019/1896, rinne an Coimisiún measúnú ar staid na gceart bunúsach is ábhartha do na réimsí a chumhdaítear leis an gcomhaontú stádais i bPoblacht na Seirbia agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.

Sa chomhaontú atá beartaithe tá bearta praiticiúla a bhaineann le hurramú na gceart bunúsach, agus áirithítear leis go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú go hiomlán le linn gníomhaíochtaí a eagraítear ar bhonn an Chomhaontaithe. Leis an gComhaontú déanfar foráil maidir le sásra gearán atá neamhspleách agus éifeachtach i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/1896 chun faireachán a dhéanamh ar urraim do chearta bunúsacha sna gníomhaíochtaí uile a eagraítear ar bhonn an Chomhaontaithe agus chun an urraim sin a áirithiú.

•Cosaint sonraí

Ós rud é nach mór idir forálacha an chomhaontaithe stádais a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta agus an samhail-chomhaontú stádais, agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896, níor chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le forálacha an chomhaontaithe stádais sin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht airgeadais ag baint leis an gcomhaontú stádais ann féin. Beidh costais ar bhuiséad na Gníomhaireachta i gceist le himscaradh foirne gardaí teorann ar bhonn plean oibríochtúil. Oibríochtaí a dhéanfar amach anseo faoi chomhaontú stádais, déanfar iad a mhaoiniú trí acmhainní dílse na Gníomhaireachta dá bhforáiltear i dtimthriall buiséadach bliantúil an Aontais.

Is cuid de bhuiséad an Aontais cheana féin é ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh le haghaidh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta faoi mar atá leagtha amach sna Conclúidí ón gComhairle a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán cuí ar chur chun feidhme an chomhaontaithe stádais.



2024/0075 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) Airteagal 79(2)(c), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)In imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 17 iarrtar ar an Aontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(2)An 18 Samhain 2022, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Seirbia chun teacht ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (‘an Comhaontú’) 18 .

(3)Tugadh an chaibidlíocht sin chun críche go rathúil.

(4)Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 19 ; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(6)Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí. Ba cheart an Dearbhú atá i gceangal leis seo maidir leis an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (an ‘Comhaontú’) a shíniú, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích.

Tá téacs an Chomhaontaithe atá le síniú i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Dearbhú atá i gceangal leis an gCinneadh seo a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí chun an Comhaontú a shíniú, faoi réir an Comhaontú a thabhairt chun críche, do na daoine a thugann an Coimisiún le fios.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Airteagal 10(1)(u) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(2)    71(1) de Rialachán (AE) 2019/1896.
(3)    3(g) de Rialachán (AE) 2019/1896.
(4)    73(1) de Rialachán (AE) 2019/1896.
(5)    Teachtaireacht COM(2021) 829 - Samhail-chomhaontú stádais dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624.
(6)    Cinneadh (AE) 2020/865 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (IO L 202, 25.6.2020, lch. 1).
(7)    Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(8)    IO L 300, 21.11.2022, lch. 29.
(9)    Teachtaireacht COM(2021) 829 - Samhail-chomhaontú stádais dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624.
(10)    Féach Airteagal 12(3) den dréachtchomhaontú.
(11)    Féach Airteagal 11(5) den dréachtchomhaontú.
(12)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(13)    IO L 278, 18.10.2013, lch. 16.
(14)    Amhail oiliúint, feasacht staide, trealamh, an cumas frithghníomhú, imscaradh foirne, etc.
(15)    Teachtaireacht COM(2021) 829.
(16)    IO L 202, 25.6.2020, lch. 3.
(17)    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(18)    IO L 300, 21.11.2022, lch. 29.
(19)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).