European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3133

16.12.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3133 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Nollaig 2024

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, ba cheart iad a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Is iomchuí a fhoráil, i ndáil le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint den fhaisnéis sin a agairt i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad san Ainmníocht Chomhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú

(Cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Earra dronuilleogach, atá thart ar 185 cm × 132 cm, atá déanta as fabraic theicstíle thiubh dhlúthfhite aondaite as snáithíní de dhéantús an duine (100 % de phoileistear) a bhfuil cruth blaoisce uirthi (atá deartha lena líonadh) le haghaidh cúisín ollmhór dronuilleogach (mála pónairí mar a thugtar air).

Tá ciumhaiseanna leathana fáithimithe ag an earra feadh a thaobhanna. Tá ceithre shúilín miotail ceangailte as ceithre choirnéal na gciumhaiseanna fáithimithe agus tá dhá shúilín miotail eile ceangailte as ceann den dá thaobh fáithimithe níos faide (thart ar an gceathrú cuid d’fhad an taoibh arna thomhas ón gcoirnéal).

Tá oscailt zip ar an earra chun é a líonadh.

Déantar dhá strapa inchoigeartaithe atá déanta as an bhfabraic theicstíle chéanna leis an bpríomhearra agus a bhfuil smeachdhuán ceangailte as gach taobh de a chur i láthair in éineacht leis an earra. Tá na strapaí deartha chun a bheith feistithe ar na súilíní miotail trí bhíthin a smeachdhuán, chun cuid den chúisín a ardú.

(Féach an íomhá de bhlaosc líonta) (*)

6307 90 98

Is le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte (RLG), le Nóta 7(f) a ghabhann le Roinn XI agus le foclaíocht chóid AC 6307 , 6307 90 agus 6307 90 98 a chinntear an t-aicmiú.

Nuair a líontar an t-earra, mar gheall ar a shaintréithe oibiachtúla, tá sé cosúil le cúisíní. Tá sé deartha cosúil le cúisín dronuilleogach ollmhór agus ní mar shuíochán faoi cheannteideal 9401 mar gheall ar a éagobhsaíocht (rud a fhágann go dtugann sé uaidh faoi mheáchan coirp agus go dtiteann sé nuair a bhíonn úsáideoir ag claonadh isteach ann). Dá bhrí sin, d’aicmeofaí an t-earra líonta faoi chód AC 9404 90 90 mar earraí córa leapa agus mar fhearastú comhchosúil (mar shampla, cúisíní, súisteoga agus piliúir) trí RLG 1 agus 6 a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, eisiatar an t-earra neamhlíonta neamhchríochnaithe a aicmiú faoi cheannteideal 9404 mar earraí córa leapa agus mar fhearastú comhchosúil toisc nach bhfuil saintréith riachtanach earra iomláin faoi cheannteideal 9404 ag an earra de réir bhrí RLG 2 (a). Níl sé líonta go fóill ná feistithe go hinmheánach le haon ábhar.

Ós rud é gur blaosc é an t-earra le haghaidh cúisín ollmhór, eisiatar an t-earra a aicmiú faoi cheannteideal 6302 mar éadaí leapa toisc nach bhfuil na saintréithe oibiachtúla ná na hairíonna atá ag éadaí leapa faoi cheannteideal 6302 ag an earra. Ní chlúdaítear leis piliúr ná cúisín ar nós éadaí leapa. (Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/966 ón gCoimisiún (IO L, 2024/966, 27.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/966/oj)).

Ós rud é nach féidir an t-earra a aicmiú faoi cheannteideal níos sonraí ná ceannteideal 6307 , tá sé le haicmiú, dá bhrí sin, faoi chód AC 6307 90 98 mar earra rédhéanta eile, as fabraicí teicstíle.

Íomhá de bhlaosc líonta

Image 1

(*)

Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3133/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)