An Bhruiséil,11.12.2025

COM(2025) 752 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

lena ndéantar meastóireacht agus measúnú ar thionchar oibríochtúil chur chun feidhme na gcúraimí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/991, go háirithe in Airteagal 4(1), pointe (t), Airteagal 18(2), pointe (e), Airteagal 18(6a), agus Airteagail 18a, 26, 26a agus 26b, maidir le cuspóirí Europol, mar aon le tionchar na gcúraimí sin ar chearta agus saoirsí bunúsacha mar a fhoráiltear sa Chairt, de bhun Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2016/794

{SWD(2025) 404 final}


1.Raon feidhme na meastóireachta

Ó thosaigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) ag feidhmiú in 1999, bhí ról lárnach aici maidir le coireacht thromchúiseach trasteorann agus sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus tá sí ina príomhspreagadh don chomhar i bhforfheidhmiú an dlí san Eoraip. Tháinig athruithe thar cuimse ar thimpeallacht na slándála le 30 bliain anuas agus athrú dá réir le himeacht ama ar chineál agus ar shaintréithe na coireachta tromchúisí agus eagraithe 1 . Tá riachtanais oibríochtúla nua ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, agus tá forbairt tagtha freisin ar an méid a bhfuil siad ag súil leis maidir le tacaíocht ó Europol. Dá bhrí sin, rinneadh sainordú Europol a ionadú nó a leasú roinnt uaireanta chun ábharthacht na Gníomhaireachta a choinneáil agus a fheabhsú.

Rinneadh sainordú Europol, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/794 2 (‘Rialachán Europol’), a leasú go deireanach in 2022 le Rialachán (AE) 2022/991 3 chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí nua slándála. Ní raibh Rialachán Europol oiriúnach dá fheidhm a thuilleadh i ré nua, ina mbaineann coirpigh leas as buntáistí an chlaochlaithe dhigitigh, na dteicneolaíochtaí nua, an domhandaithe agus na soghluaisteachta 4 .

Ba iad seo a leanas cuspóirí sonracha Rialachán (AE) 2022/991 5 :

-comhar éifeachtach idir páirtithe príobháideacha agus údaráis forfheidhmithe dlí a chumasú chun an mhí‑úsáid a bhaineann coirpigh as seirbhísí trasteorann a chomhrac;

-lucht forfheidhmithe dlí a chumasú chun anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí chun naisc thrasteorann a bhrath, i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha;

-a chur ar a gcumas do na Ballstáit teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an dlí a fhorfheidhmiú.

Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2022/991 leasaíodh na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le Europol chun ardleibhéal cosanta sonraí a choinneáil ar bun, agus cothromaíocht á baint amach idir cumhachtaí nua na Gníomhaireachta chun sonraí pearsanta a phróiseáil, agus príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta daoine aonair. Rinne sé na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le Europol a ailíniú den chuid is mó leis na rialacha is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB) de chuid an Aontais faoi Chaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1875 (‘Rialachán an Aontais maidir le Cosaint Sonraí’, nó ‘EUDPR’), agus na rialacha sin is infheidhme maidir le húdaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát (‘údaráis inniúla’) faoina ndlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680 (‘an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí’) 6 chun sreabhadh faisnéise a éascú.

Glacadh an tuarascáil seo i gcomhréir le hoibleagáid an Choimisiúin faoi Airteagal 68(3) de Rialachán Europol, meastóireacht 7 agus measúnú a dhéanamh ar thionchar oibríochtúil chúraimí Europol mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/991 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Mar a shainordaigh na comhreachtóirí, rinne an Coimisiún an méid seo a leanas: ar an gcéad dul síos, rinne sé meastóireacht agus measúnú ar thionchar oibríochtúil roinnt de na rialacha nua maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, i ndáil le cuspóirí Europol, faoi Airteagal 3 de Rialachán Europol (is é sin: tacú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach agus iad a neartú chun cionta coiriúla a thagann faoi shainordú Europol a chosc agus a chomhrac); ar an dara dul síos, rinne sé measúnú ar thionchar na rialacha sin ar chearta agus saoirsí bunúsacha (‘cearta bunúsacha’) mar a chumhdaítear sa Chairt 8 , agus ar an tríú dul síos, rinne sé anailís costais is tairbhe ar na cúraimí próiseála sonraí gaolmhara.

Chun an t‑athbhreithniú a ullmhú, bhailigh seirbhísí an Choimisiúin faisnéis agus aiseolas ó fhoinsí éagsúla agus reáchtáil siad comhairliúcháin ad hoc le Europol agus leis na Ballstáit. Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo, déantar cur síos mionsonraithe ar chomhthéacs ginearálta agus ar mhodheolaíocht an athbhreithnithe, chomh maith le cuntas cuimsitheach ar na foinsí fianaise agus ar na comhairliúcháin lena gcomhthacaítear leis na príomhthorthaí a bhfuil achoimre orthu sa tuarascáil seo.

2.Comhthéacs ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 68(3) de Rialachán Europol, cumhdaítear sa tuarascáil seo ón gCoimisiún forálacha roghnaithe de Rialachán (AE) 2022/991, ina ndírítear ar chúig phríomhghné d’obair Europol.

(1)An ghné sheachtrach: Airteagal 4(1)(t) de Rialachán Europol maidir le foláirimh faisnéise Chóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír ar thogra ó Europol

I bhfianaise chineál domhanda na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta, tá faisnéis atá i seilbh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi dhéantóirí coireanna den sórt sin agus faoi dhaoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad coireanna den sórt sin ag éirí níos ábhartha do shlándáil inmheánach an Aontais. Dá bhrí sin, tá an ghné sheachtrach de chomhar an Aontais i bhforfheidhmiú an dlí ríthábhachtach do na Ballstáit, mar aon le ról Europol maidir le tacú leis na Ballstáit ina gcomhpháirtíochtaí le tríú tíortha nó le heintitis atá lonnaithe sna tíortha sin. Beidh iarrachtaí breise ríthábhachtach amach anseo chun an tslándáil dhomhanda a neartú 9 .

Le Rialachán (AE) 2022/991, tugadh isteach leasuithe substaintiúla ar Rialachán Europol cheana féin chun feabhas a chur ar an ngné sheachtrach de ghníomhaíochtaí Europol, go háirithe malartú faisnéise le tríú tíortha a éascú 10 agus lena gceanglaítear ar Europol straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chuimsiú ina chlársceidealú ilbhliantúil agus ina chláir oibre bhliantúla 11 .

Le hAirteagal 4(1)(t) de Rialachán Europol sannadh cúram nua do Europol: tacú leis na Ballstáit i bpróiseáil sonraí maidir le daoine aonair a bhfuil baint acu leis an sceimhlitheoireacht nó leis an gcoireacht thromchúiseach arna soláthar ag tríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta. Áirítear leis sin a mholadh do na Ballstáit foláirimh faisnéise maidir le náisiúnaigh tríú tír a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) chun leas an Aontais. Tugadh an chatagóir nua sin d’fholáirimh faisnéise isteach in 2022 12 , tar éis leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le húsáid SIS i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla 13 .

Ní chomhroinneann an tríú tír faisnéis áirithe, go háirithe nuair nach saoránach den Aontas é an duine aonair lena mbaineann agus nach bhfuil aon bhaint aige le cás náisiúnta, ach le Europol, a phróiseálann na sonraí agus a roinneann a thorthaí anailíse leis na Ballstáit uile. Ba é ab aidhm leis na forálacha nua an leas is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis a fhaigheann Europol ó thríú tíortha trína dhéanamh níos inrochtana ná dá mbeadh sí ar fáil trí chóras Europol féin amháin. Chomhlánaigh sé bearta eile, amhail an Tairseach Chuardaigh Eorpach (ESP) agus an creat idir-inoibritheachta 14 idir córais faisnéise an Aontais um shlándáil, teorainneacha agus bainistiú imirce, lena dtugtar aghaidh ar na heasnaimh struchtúracha a bhaineann leis na córais sin a chuireann bac ar obair na n‑údarás náisiúnta agus go háirithe ar ghardaí teorann.

Meastar gur príomhbhealach breise scaipthe é SIS: is é an bunachar sonraí is mó a úsáidtear san Eoraip le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, rialú teorann agus imirce. In 2024, rinneadh breis agus 15 bhilliún cuardach in SIS, i gcomparáid le thart ar 14 mhilliún cuardach i gCóras Faisnéise Europol (EIS) agus níos lú ná 3 bhilliún cuardach (ar fud an domhain) sna 19 mbunachar sonraí INTERPOL, arb iad an dá phríomhchóras faisnéise eile d’údaráis inniúla iad 15 . 

(2)Nuálaíocht: Airteagal 18(2)(e) agus Airteagal 33a de Rialachán Europol maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol le haghaidh tionscadail nuálaíochta agus taighde

Cruthaíonn forbairtí teicneolaíochta deiseanna ollmhóra agus dúshláin shuntasacha do shlándáil inmheánach an Aontais 16 agus bhí tionchar chomh mór sin acu ar choiriúlacht go n‑athróidís fiú cineál domhain bagairtí tromchúiseacha agus eagraithe na coireachta eagraithe 17 . Déanann coirpigh teicneolaíochtaí nua a chomhtháthú go tapa ina n‑oibríochtaí, rud a chruthaíonn samhlacha nua gnó agus a dhéanann a n‑oirbheartaíocht a bheachtú. Ag an am céanna, cuireann an dul chun cinn sin deiseanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar fáil d’fhorfheidhmiú an dlí chun feabhas a chur ar a chumais. Dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach ag an taighde agus ag an nuálaíocht sa tslándáil inmheánach trí réitigh a fhorbairt chun cur in aghaidh bagairtí atá ag teacht chun cinn agus chun coinneáil suas le foirmeacha líonraí coiriúla atá ag athrú go tapa agus le modus operandi líonraí coiriúla, lena n‑áirítear iad siúd a eascraíonn as mí‑úsáid na teicneolaíochta. Rinne an tAontas infheistíocht, agus leanfaidh sé d’infheistíocht a dhéanamh, i bhforbairt uirlisí nuálacha trí thaighde agus nuálaíocht slándála arna gcistiú ag an Aontas, faoi ProtectEU, Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach 18 .

Bunaíodh Saotharlann Nuálaíochta Europol (EIL) ag deireadh 2019, faoi shainordú airí CGB ó Bhallstáit an Aontais 19 , agus is é is aidhm don tsaotharlann tiomantas Europol don nuálaíocht i bhforfheidhmiú an dlí a spreagadh. Le Rialachán (AE) 2022/991, tugadh isteach leasuithe substaintiúla ar Rialachán Europol chun sainordú Europol maidir leis an nuálaíocht a neartú, chun tacú le hacmhainneacht na saotharlainne agus chun sineirgí le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta eile a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear go háirithe sa Choimisiún, faoi Mhol Nuálaíochta an Aontais maidir leis an tSlándáil Inmheánach 20 .

Leasaíodh Airteagal 18(2) de Rialachán Europol maidir le cuspóirí gníomhaíochtaí próiseála faisnéise chun é a chur ar a chumas do Europol sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil freisin le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta. Meastar go forleathan gur réamhchoinníoll lárnach chun teicneolaíochtaí a fhorbairt é fáil a bheith ar thacar sonraí ardcháilíochta chun gur féidir tástáil eimpíreach a dhéanamh ar bhailíocht uirlisí nua. Os a choinne sin, d’fhéadfadh drochtheicneolaíochtaí a bheith mar thoradh ar thacair sonraí neamhiontaofa nó claonta le haghaidh tástála. 21  

Leagadh síos coimircí saincheaptha um chosaint sonraí don phróiseáil sin in Airteagail 18(3a), 30(2) agus (3), agus 33a de Rialachán Europol. Ceanglaíodh leis an Airteagal deireanach sin timpeallacht bosca gainimh a bhunú trína shonrú nach mór aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhthéacs tionscadail a chóipeáil go sealadach i dtimpeallacht próiseála sonraí ar leithligh, scoite agus cosanta laistigh de Europol lena n‑úsáid don tionscadal sin amháin.

(3)Imscrúduithe coiriúla: Airteagail 18(6a) agus 18a de Rialachán Europol maidir leis na coinníollacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a fhaightear gan Aicmiú na nÁbhar Sonraí

Ina ról mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais, ní hamháin go n‑éascaíonn Europol bailiú agus malartú faisnéise ach cuidíonn sé freisin le héifeachtacht imscrúduithe a mhéadú trí ghrinnanailís sonraí, agus trí naisc a bhrath idir cionta coiriúla agus líonraí coiriúla thar theorainneacha nach bhfuil le feiceáil ar an leibhéal náisiúnta. Tacaíonn na cumais sin leis na Ballstáit tríd an bhfaisnéis atá ar fáil dá n‑imscrúduithe coiriúla a shaibhriú.

Leis an dianúsáid fhorleathan a bhaintear as an teicneolaíocht, is normáltacht nua anois iad tacair mhóra chasta sonraí i ngach gné den saol, lena n‑áirítear an choireacht. 22 Tá tús curtha le himscrúduithe ar choireacht eagraithe nó ar sceimhlitheoireacht chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le hanailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí a stóráiltear go leictreonach, arb ionann iad go minic agus teiribhearta, lena n‑áirítear sonraí fuaime, físe agus meaisínghinte a urghabhadh le linn imscrúduithe. Mar shampla, san imscrúdú comhpháirteach chun deireadh a chur le líonra EncroChat 23 , rinne imscrúdaitheoirí anailís ar na milliúin teachtaireachtaí a mhalartaigh coirpigh chun coireanna tromchúiseacha a phleanáil. I bhfianaise an mhéid sin, tá infhaighteacht na n‑uirlisí, an tsaineolais agus na n‑acmhainní teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) is gá chun anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí (ar a dtugtar ‘mórshonraí’ i mbéarlagair theicniúil 24 ) ríthábhachtach d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha.

Cé nár forchuireadh srianta mar sin ar anailís ar mhórshonraí le Rialachán Europol a glacadh in 2016, ní raibh forálacha struchtúrtha ann lena leagtar amach na coinníollacha chun anailís a dhéanamh ar an gcineál sin sonraí. Ba é an ceanglas maidir le hAicmiú na nÁbhar Sonraí an pointe ba chriticiúla. Tagraíonn aicmiú na n‑ábhar sonraí don ghá atá leis na tacair sonraí a scagadh chun sonraí pearsanta a shórtáil de réir catagóirí éagsúla, a liostaítear go cuimsitheach in Iarscríbhinn II.A. agus in Iarscríbhinn II.B. a ghabhann le Rialachán Europol, sula ndéantar na sonraí a phróiseáil iarbhír le haghaidh cuspóirí imscrúdaitheacha, lena n‑áirítear sula ndéantar sonraí a chros‑seiceáil chun naisc a bhrath nó anailísí de chineál straitéiseach nó téamach nó anailísí oibríochtúla a dhéanamh 25 . Tá na catagóirí ábhartha nasctha le cineálacha éagsúla rannpháirtíochta in imscrúduithe coiriúla, lena n‑áirítear (i) amhrastaigh, ciontóirí féideartha amach anseo; chomh maith le (ii) teagmhálacha, comhpháirtithe, íospartaigh, finnéithe, agus faisnéiseoirí a bhaineann le gníomhaíochtaí coiriúla. Go ginearálta, ní féidir le Europol sonraí pearsanta daoine aonair nach dtagann faoi aon cheann de na catagóirí sin a phróiseáil ná a stóráil fiú.

Is iondúil go ndéanann soláthraithe sonraí, amhail na Ballstáit nó comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, aicmiú na n‑ábhar sonraí cheana féin sula n‑aistríonn siad na sonraí pearsanta chuig Europol 26 . Faoi dhlí an Aontais, ceanglaítear orthu go léir aicmiú na n‑ábhar sonraí a dhéanamh le haghaidh a bpróiseála agus a n‑imscrúduithe féin, beag beann ar an aistriú sonraí chuig Europol, agus bunaithe ar rialacha atá coibhéiseach ach nach bhfuil comhionann le rialacha Europol 27 . I gcás tacair mhóra chasta sonraí, is cleachtadh é réamhphróiseáil láimhe a ídíonn acmhainní agus a thógann go leor ama, áfach. D’fhéadfadh sé suas le 3 lá a thógáil anailís a dhéanamh ar bhealach leath‑uathoibrithe, ar na sonraí i bhfón póca amháin, agus is féidir fiú na céadta fón póca a urghabháil le linn imscrúdaithe. Ní féidir aicmiú na n‑ábhar sonraí a dhéanamh i gcónaí le haghaidh mórshonraí i bhfianaise mhéid ollmhór na dtacar sonraí, an chaoi a ndéantar sonraí a struchtúrú nó a dhístruchtúrú, an easpa acmhainní, nó an ró‑iarracht láimhe is gá. Sa chleachtas, is é an t‑aon fhéidearthacht amháin anailís níos doimhne a dhéanamh ar na sonraí ar dtús ó thaobh oibríochta de, nó naisc a bhrath, ar bhealach leath‑uathoibrithe freisin, trí na sonraí atá ar fáil a chros‑seiceáil.

Le Rialachán (AE) 2022/991 soiléiríodh na coinníollacha le haghaidh aicmiú na n‑ábhar sonraí chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir le tacair mhóra chasta sonraí a phróiseáil. Bhí léirmhínithe éagsúla ag Europol agus ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) ar théacs agus spiorad Rialachán Europol maidir leis an tréimhse choinneála sonraí is infheidhme. De réir Europol, ba cheart go mairfeadh an tréimhse sin 3 bliana; de réir MECS, ba cheart go mairfeadh sé 6 mhí 28 . Bhí gá le forálacha nua freisin chun solúbthacht bhreise a sholáthar, agus cothromaíocht chuí a bhaint amach idir cosaint sonraí agus gnéithe slándála.

Le hAirteagal 18(5a) de Rialachán Europol, in éineacht le hAirteagal 73 de EUDPR, rinneadh prionsabal ginearálta aicmiú na n‑ábhar sonraí a shoiléiriú a thuilleadh ar dtús faoi Airteagal 18(2) agus Iarscríbhinn II. Cuirtear de chúram ar Europol, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is féidir, sonraí pearsanta a shannadh go soiléir do chatagóir ar leith d’ábhair sonraí. Sa chleachtas, mar riail, ba cheart do Europol an ról beacht sa ghníomhaíocht choiriúil a chinneadh (mar shampla, cé acu an duine atá faoi dhrochamhras, íospartach nó finné amháin atá i gceist) i gcás gach duine a ndéanfar a sonraí pearsanta a phróiseáil agus ní ar leibhéal comhiomlánaithe do gach duine i gcomhad sonraí atá le próiseáil, nó cuid di, (mar shampla, trína shuí go simplí go bhfuil gach duine atá luaite rannpháirteach i ngníomhaíocht choiriúil a thagann faoina shainordú bunaithe ar scrúdú ar na himthosca ginearálta lenar cruthaíodh an comhad sonraí) sular féidir sonraí pearsanta a phróiseáil.

Ceadaítear go sainráite le hAirteagal 18(6a) de Rialachán Europol sonraí pearsanta a fhaightear gan aicmiú na n‑ábhar sonraí a phróiseáil ar feadh suas le 18 mí, ar féidir iad a fhadú suas le 36 mhí i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, chun aicmiú na n‑ábhar sonraí a chur i gcrích agus chun na críche sin amháin. Ní thagraíonn Airteagal 18(6a) de Rialachán Europol go sainráite do thacair mhóra chasta sonraí ach, ar bhonn níos ginearálta, éilítear tástáil ‘dianriachtanais’ ina leith.

Foráiltear le hAirteagal 18a de Rialachán Europol do mhaolú trína chur ar a chumas do Europol próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear ó údarás inniúil, ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) nó ó Eurojust, i gcás inar gá chun tacú le himscrúdú coiriúil leanúnach, gan gá le haicmiú na n‑ábhar sonraí a dhéanamh, mura bhfuil sé sin déanta cheana féin, agus thar chatagóirí na n‑ábhar sonraí a liostaítear i Rialachán Europol. Is féidir le Europol na sonraí a phróiseáil trí anailís oibríochtúil, nó i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt cuí leo, trí chros‑seiceáil a dhéanamh chun naisc nó naisc ábhartha eile a shainaithint. Ceapadh an maolú sin chun aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí idir na rialacha i leith aicmiú na n‑ábhar sonraí is infheidhme maidir le Europol agus na rialacha is infheidhme maidir leis na húdaráis inniúla, OIPE agus Eurojust.

(4)Comhar le tríú páirtithe: Airteagail 26, 26a agus 26b de Rialachán Europol maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus páirtithe príobháideacha

Tá méadú ag teacht ar an mí‑úsáid a bhaineann coirpigh as seirbhísí (trasteorann) páirtithe príobháideacha — seirbhísí atá bunaithe ar an idirlíon, seirbhísí airgeadais agus seirbhísí teileachumarsáide clasaiceacha. Dá réir sin, tá líon mór sonraí pearsanta ag páirtithe príobháideacha atá ábhartha d’imscrúduithe coiriúla. Go háirithe, chruthaigh an t‑idirlíon spás poiblí atá faoi úinéireacht phríobháideach go bunúsach, rud a fhágann go bhfuil sé deacair rialacha a fhorfheidhmiú ar líne chun críocha fhorfheidhmiú an dlí ar bhealach chomh héifeachtach céanna le rialacha as líne. 29

I bhfianaise an mhéid sin, tá comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí agus páirtithe príobháideacha fíor-riachtanach anois. Mar a leagtar amach in ProtectEU, Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, beidh sé ríthábhachtach comhpháirtíochtaí leis an earnáil phríobháideach a threisiú chun malartú faisnéise a éascú 30 . D’iarr Ardoifigigh na bPóilíní freisin, ina ráiteas comhpháirteach maidir le todhchaí Europol 31 , go bhfeidhmeodh Europol mar ‘thairseach ríthábhachtach chun faisnéis a fháil ó eintitis phríobháideacha’. Áirítear ar chineál an chomhair sin faisnéis a chomhroinnt agus sonraí foinse oscailte tráchtála a sholáthar, a bheith ag gabháil do thionscadail taighde agus nuálaíochta agus seirbhísí a sholáthar a thacaíonn le feidhmiú corparáideach. 32  Mar shampla, in 2025, d’éirigh le Europol cur as do Ghadaí Lumma, an bhagairt is suntasaí ar domhan de ghadaíocht faisnéise, trí chomhar le Microsoft, inar sainaithníodh os cionn 394 000 ríomhaire Windows atá ionfhabhtaithe le bogearraí mailíseacha Lumma ar fud an domhain 33 .

Le Rialachán (AE) 2022/991, tugadh isteach féidearthachtaí breise do Europol sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha. Roimhe seo, ní fhéadfadh Europol sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha ach amháin trí Aonad Náisiúnta Europol (ENU), nó trí phointí teagmhála réamh‑shainaitheanta nó údaráis tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Bhí cuspóir próiseála Europol teoranta don Aonad Náisiúnta ábhartha a shainaithint, nó do phointe teagmhála nó údarás an tríú tír agus na heagraíochta idirnáisiúnta a d’fhéadfadh freagracht a ghlacadh as an gcás.

Le hAirteagal 26 de Rialachán Europol leasaithe, leathnaíodh cúram Europol, rud a chuir ar a chumas an fhaisnéis (lena n‑áirítear sonraí pearsanta) ó pháirtithe príobháideacha a phróiseáil go cuimsitheach. Tá príomhchuspóir na próiseála fós ann chun Aonad Náisiúnta Europol (ENU) lena mbaineann a shainaithint. Ceadaítear do Europol anois, áfach, an fhaisnéis a fhorlíonadh lena anailís féin chun tuilleadh próiseála ar chás a éascú ar an leibhéal náisiúnta.

I dteannta fhorálacha cothrománacha Airteagal 26 de Rialachán Europol, tugadh isteach le hAirteagal 26a de Rialachán Europol rialacha maidir le géarchéimeanna ar líne agus tugadh aghaidh in Airteagal 26b ar scaipeadh ábhair mí‑úsáide gnéasaí leanaí ar líne. Sna cásanna sin, féadfaidh Europol cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí shonraí pearsanta a fhaightear go díreach ó pháirtithe príobháideacha a phróiseáil. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur chuig páirtithe príobháideacha freisin ar bhonn cás ar chás.

Le Rialachán (AE) 2022/991, tugadh isteach an fhéidearthacht bonneagar Europol a úsáid chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus páirtithe príobháideacha, chomh maith le cumas Europol a iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha.

Glacadh na forálacha sin i gcomhréir le tionscnaimh eile, amhail an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne (TCO) 34 agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) 35 . Tá sé beartaithe bearta breise a dhéanamh chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht páirtithe príobháideacha sa chomhrac in aghaidh na coireachta agus chun rochtain dhleathach ar shonraí a éascú chun ‘uaillmhian an athraithe cultúir sa tslándáil’ (cur chuige uile-shochaí) a bhaint amach faoi ProtectEU, Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach 36 .

(5)Formhaoirseacht inmheánach agus sheachtrach ar chomhlíontacht Europol le cearta bunúsacha

Leagtar béim i Rialachán (AE) 2022/991 ar an oibleagáid atá ar Europol cearta bunúsacha a urramú faoi na forálacha lena sainítear cúraimí Europol agus coimircí gaolmhara feabhsaithe, go háirithe trí mhaoirseacht inmheánach agus sheachtrach na Gníomhaireachta a neartú.

I réimse na cosanta sonraí, tugadh le tuiscint le hailíniú Rialachán Europol leis na coimircí cosanta sonraí faoi EUDPR go dtabharfaí isteach rialacha nua maidir le formhaoirseacht ag an oifigeach cosanta sonraí (OCS) agus ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS). Mar shampla, is rud córasach é anois an oibleagáid maidir le measúnú tionchair ar chosaint sonraí (DPIA) agus réamhchomhairliúchán le MECS a sholáthar le haghaidh aon chineál nua próiseála. Le Rialachán (AE) 2022/991, tugadh isteach freisin inniúlacht nua de chuid Europol maidir le hiarrataí ar chearta rochtana. Roimhe sin, bhí na húdaráis náisiúnta inniúla freagrach as iarrataí ar chearta rochtana a láimhseáil dá mba iad na Ballstáit na soláthraithe sonraí.

Le Rialachán (AE) 2022/991, bunaíodh freisin post nua mar oifigeach um chearta bunúsacha (FRO) ag Europol, a bhfuil sé de chúram air, inter alia, stiúrthóir feidhmiúcháin Europol a chur ar an eolas faoi sháruithe féideartha ar chearta bunúsacha le linn ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Ina theannta sin, treisíodh an mhaoirseacht dhaonlathach agus an chuntasacht tríd an bhfaireachán polaitiúil a dhéanann Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta ar ghníomhaíochtaí Europol, dá bhforáiltear faoin dara fomhír d’Airteagal 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Le Rialachán (AE) 2022/991 neartaíodh an faireachán a rinne an Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC) 37 . Mar shampla, rinne sé foráil do chomhairliúchán éigeantach GGPC maidir le dréacht‑chlársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, go bhféadfadh GGPC aghaidh a thabhairt ar mholtaí sonracha neamhcheangailteacha chuig Europol, agus iad a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta, agus fóram comhairliúcháin a bhunú chun cabhrú le GGPC, arna iarraidh sin, trí chomhairle neamhspleách a sholáthar maidir le hábhair a bhaineann le cearta bunúsacha.

3.Príomhthorthaí na meastóireachta

3.1.Staid na himeartha maidir le cur chun feidhme oibríochtúil chumhachtaí agus chúraimí nua Europol maidir le próiseáil sonraí pearsanta

Tháinig Rialachán (AE) 2022/991 i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2022. Mar sin féin, bhí a chur chun feidhme oibríochtúil ag brath ar bhearta éagsúla rialachais, teicniúla agus riaracháin, chomh maith le ceanglais oibríochtúla, amhail struchtúir nua TFC a bhunú i gcásanna áirithe.

3 bliana ina dhiaidh sin, tháinig beagnach na forálacha uile a liostaítear in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2022/991 chun bheith oibríochtúil. Bhí feidhm ag na forálacha a bhaineann le hanailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí (Airteagail 18(6a) agus 18a de Rialachán Europol) agus comhar le páirtithe príobháideacha (Airteagail 26, 26a agus 26b de Rialachán Europol) ón 28 Meitheamh 2022, nó go gairid ina dhiaidh sin. Cuireadh tús le próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta (Airteagal 18(2)(e) de Rialachán Europol) in 2023 tar éis timpeallacht bosca gainimh, ar a dtugtar ODIN, a chur ar bun chun na ceanglais shonracha maidir le cosaint sonraí faoi Airteagal 33a de Rialachán Europol a chomhlíonadh. Faoin 29 Meitheamh 2025, ní raibh an fhéidearthacht ag Europol foláirimh faisnéise SIS a mholadh do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(t) de Rialachán Europol oibríochtúil go fóill, toisc go bhfuil cur chun feidhme teicniúil an chineáil nua foláirimh fós ar siúl. Tá coinne leis go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in 2026.

3.2.Meastóireacht ar thionchar oibríochtúil chumhachtaí nua próiseála sonraí pearsanta agus chúraimí Europol ar chuspóirí na Gníomhaireachta faoi Airteagal 3 de Rialachán Europol

A mhéid a bhaineann le tionchar oibríochtúil chumhachtaí agus chúraimí nua Europol maidir le próiseáil sonraí pearsanta, tugadh le fios sa chomhairliúchán go bhfuil dearcadh fabhrach ar an iomlán ag na Ballstáit maidir lena n‑ábharthacht, a n‑éifeachtacht agus a mbreisluach, agus tacaíocht Europol dá n‑údaráis inniúla sna réimsí gaolmhara 38 .

Ní úsáidtear na cumhachtaí imscrúdaitheacha a chumhdaítear leis an meastóireacht seo go leanúnach ná go córasach chun sonraí a phróiseáil chun críocha faireacháin; tá roinnt acu eisceachtúil fiú, agus úsáidtear cinn eile ar bhonn níos tráthrialta ar bhonn riachtanas in imscrúduithe. Bhí difríocht shuntasach idir úsáid oibríochtúil na bhforálacha nua le linn na tréimhse tagartha i dtéarmaí cainníochtúla, ag brath ar na gnéithe teicniúla éagsúla agus ar na coinníollacha dlíthiúla éagsúla a bhaineann leis na forálacha nua.

Fuair Europol líon neamhdhiomaibhseach rannchuidithe nua gan aicmiú na n‑ábhar sonraí ó na Ballstáit faoi Airteagal 18(6a) de Rialachán Europol, a raibh 653 i gceist leo in 2023 agus 597 in 2024. Níor tháinig aon mhéadú gearrthéarmach ar rannchuidithe gan aicmiú na n‑ábhar sonraí, agus bhí an líon cásanna inar cuireadh Airteagal 18(6a) i bhfeidhm fós seasta i gcomparáid le cásanna coibhéiseacha sa tréimhse roimh an 28 Meitheamh 2022. Ní raibh aon tionchar diúltach ag na forálacha nua ar rannpháirtíocht na mBallstát agus aicmiú na n‑ábhar sonraí 39 á dhéanamh acu ach oiread. Idir 2023 agus 2024, ba ionann sciar na rannchuidithe gan aicmiú na n‑ábhar sonraí agus níos lú ná 1 % de na rannchuidithe uile ar ghlac Europol leo ó na Ballstáit (0,85 % in 2023 agus 0,71 % in 2024). Ó mhí an Mheithimh 2022, tá aicmiú na n‑ábhar sonraí curtha i gcrích go comhsheasmhach ag Europol laistigh de 18 mí, gan leas a bhaint as an tréimhse ama sínithe 36 mhí. Chuir Europol agus sé Bhallstát i dtábhacht, d’ainneoin na deimhneachta dlíthiúla feabhsaithe, go raibh an t‑ualach riaracháin fós suntasach do Europol agus do na húdaráis inniúla araon mar gheall ar an iarracht is gá chun catagóiriú sonraí pearsanta trí rannpháirtíocht aonair sa chion coiriúil a chomhlíonadh. Tá an ceanglas sin á chur chun feidhme go han‑dian ag Europol 40 .

Thuairiscigh Europol go raibh an malartú faisnéise le páirtithe príobháideacha fós diomaibhseach in 2023, toisc nár taifeadadh ach 26 chás de chur chun feidhme Airteagal 26 de Rialachán Europol (sa bhreis ar na cásanna a thagann faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha) 41 . In 2024, áfach, léirigh staidreamh méadú géar go 284 chás (beagnach + 1 000 %) a bhain le comhar le páirtithe príobháideacha faoi Airteagal 26 de Rialachán Europol. Ba amhlaidh an cás go háirithe i gcás sonraí ó chuideachtaí príobháideacha chun coireanna airgeadais agus eacnamaíocha a imscrúdú. Bhain Europol úsáid shuntasach freisin as Airteagal 26b de Rialachán Europol sa chomhrac in aghaidh Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí (CSE), áit a raibh comhar le páirtithe príobháideacha an‑suntasach cheana féin. Sa dá chás, áirítear sna sonraí freisin comhar a bhí indéanta faoin gcreat dlíthiúil roimhe seo. Ní nochtar leis na sonraí atá ar fáil a mhéid a thagann na cásanna nua sin faoi na forálacha nua ná an úsáid mhéadaithe a bhaintear as na féidearthachtaí atá ann cheana.

In 2025, ghlac Europol straitéis nua chun tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhar le páirtithe príobháideacha. Ina theannta sin, rinneadh bearta chun bonneagar TFC Europol atá ar fáil d’údaráis inniúla chun faisnéis a mhalartú le páirtithe príobháideacha a uasghrádú. In 2023, sheol Europol Plateforme Européenne de Retraits de Contenus illégaux sur Internet (PERCI) chun cur chun feidhme Rialachán TCO agus, b’fhéidir, Airteagal 18 DSA, chomh maith le Seirbhís Atreorúcháin an Aontais um Mí‑úsáid Leanaí (EU CARES) a éascú amach anseo. Níl PERCI ionchorpraithe i gCóras Faisnéise Europol (EIS) 42 .

Níor úsáideadh forálacha eile ar chor ar bith (Airteagal 26a RA), d’ainneoin iad a bheith oibríochtúil, nó níor cuireadh i bhfeidhm iad ach go heisceachtúil (cás amháin inar úsáideadh Airteagal 18a de Rialachán Europol in 2024 agus inar cuireadh tionscadal amháin i gcrích le próiseáil sonraí pearsanta faoi Airteagal 18(1)(t) de Rialachán Europol in 2025, agus trí thionscadal nua ar na bacáin cheana féin).

Mar gheall ar thréimhse theoranta chur chun feidhme oibríochtúil na bhforálacha a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/991 agus cineál fada na n‑imscrúduithe coiriúla agus na n‑imeachtaí breithiúnacha, ní raibh na Ballstáit in ann sonraí cainníochtúla a sholáthar maidir le tionchar na bhforálacha sin i dtéarmaí oibríochtúla. Ina ionad sin, chuir siad roinnt samplaí d’imscrúduithe rathúla ar fáil a léiríonn na tairbhí nithiúla a bhaineann leis na féidearthachtaí imscrúdaitheacha nua i gcásanna fíorshaoil le haghaidh na bhforálacha atá in úsáid cheana féin, is é sin EncroChat, Sky ECC, líonraí coiriúla atá bunaithe sna Balcáin agus a bhfuil baint acu le gáinneáil ar chócaon nó Gadaí Lumma.

Tharraing Europol agus ocht mBallstát aird freisin ar roinnt réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu chun úsáid éifeachtúil agus chomhleanúnach an chreata dhlíthiúil nua a uasmhéadú agus chun feabhas a chur ar ról Europol amach anseo. Tá imní ann, go háirithe ó Europol, go bhféadfadh castacht, ilroinnt agus fad iomarcach na bhforálacha dlí lagmhisneach a chur ar chleachtóirí nó ar pháirtithe príobháideacha ó úsáid a bhaint as na hionstraimí nua atá ar fáil. Ina ionad sin, baineann barúlacha na mBallstát leis an mbealach ina gcuireann Europol coimircí cosanta sonraí chun feidhme go sriantach faoi mhaoirseacht MECS, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’éifeachtacht agus de bhreisluach forálacha áirithe.

3.3.Measúnú ar an tionchar atá ag cumhachtaí agus cúraimí nua Europol maidir le próiseáil sonraí pearsanta ar chearta bunúsacha

Níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise ar thionchar diúltach ar chearta bunúsacha mar thoradh ar úsáid oibríochtúil na gcumhachtaí nua chun sonraí pearsanta a phróiseáil mar gheall ar an úsáid theoranta a baineadh as na cumhachtaí nua um próiseáil sonraí pearsanta go dtí seo.

Chomh maith leis na ceanglais shonracha cosanta sonraí a bhaineann leis na cumhachtaí nua um próiseáil sonraí pearsanta a chur chun feidhme, tá na bearta uile is gá déanta de réir a chéile ag Europol chun na sásraí formhaoirseachta cothrománacha nua a bhaineann le cearta bunúsacha a chur chun feidhme.

In 2024, ghlac Bord Bainistíochta Europol rialacha cur chun feidhme athbhreithnithe OCS mar cheann de na gníomhartha cur chun feidhme deireanacha is gá a bhaineann leis an gcóras nua cosanta sonraí. Tugann an fhianaise a bailíodh le fios gur áirithigh Europol agus a Bhord Bainistíochta freisin, i gcomhar le OCS Europol agus MECS, cur chun feidhme géar na gcoimircí nua cosanta sonraí a tugadh isteach in 2022. Leis an gcur chuige sin, cuireadh cosc, prima facie, go bunúsach ar aon tionchar diúltach nó ar aon chur isteach ó úsáid tosaigh na gcumhachtaí nua próiseála dáta pearsanta le cearta daoine aonair chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint. De réir na mBallstát, tá creat láidir dlíthiúil cosanta sonraí i bhfeidhm ag Europol faoi láthair, lena n‑áirithítear coimircí leordhóthanacha maidir leis an úsáid mhéadaithe a d’fhéadfaí a bhaint as a chumhachtaí nua. Chuir seacht mBallstát i bhfios go láidir freisin go n‑éascaíonn an creat sin sreabhadh faisnéise trí mhuinín a mhéadú, cé go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí fós. Níor chuir ach Ballstát amháin tuairim dhiúltach in iúl 43 . 

Chomh maith leis na dúshláin shonracha a bhaineann le haicmiú na n‑ábhar sonraí, luaigh Europol agus ceithre Bhallstát mar réimsí feabhsúcháin na costais agus an t‑am a bhaineann leis an Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) agus réamhchomhairliúchán le MECS, a dhéantar mar réamhshocrú sa chleachtas. Dúshlán eile a tharraing sé Bhallstát anuas is ea iarrataí ar rochtain ó ábhair sonraí a bheith á láimhseáil ag Europol, agus tá sé inniúil ina leith anois fiú nuair is Ballstát úinéir na sonraí.

Ceapadh an chéad Oifigeach um Chearta Bunúsacha i mí na Nollag 2022. Sa chéad 2 bhliain dá shainordú, ní bhfuair sé aon ghearán ná níor chuir sé aon ghearán faoi bhráid an stiúrthóra feidhmiúcháin. Lean GGPC de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Europol agus níor eisigh sé aon mholadh ó tháinig na forálacha nua i bhfeidhm. Bhunaigh Parlaimint na hEorpa Fóram Comhchomhairleach GGPC um Chearta Bunúsacha i mí Feabhra 2024.

3.4.Anailís costais is tairbhe ar chumhachtaí agus cúraimí nua Europol maidir le próiseáil sonraí pearsanta

I bhfianaise luathchéim chur chun feidhme na bhforálacha a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/991 agus an taithí theoranta a fuarthas orthu, tá sé róluath don Choimisiún teacht ar chonclúidí fóinteacha maidir leis na forálacha nua ó anailís costais is tairbhe.

Bhailigh seirbhísí an Choimisiúin faisnéis ó Europol maidir leis na costais a tabhaíodh go dtí seo i ndáil le cur chun feidhme oibríochtúil Rialachán (AE) 2022/991, le haghaidh na bhforálacha faoi athbhreithniú. Ba é a bhí i gceist leis na costais sin thart ar EUR 25 mhilliún (thart ar 5 % den leithdháileadh iomlán ar Europol 44 ) idir 2022 agus 2025, arb ionann iad go príomha agus costais aonuaire. Níor thabhaigh na Ballstáit aon chostas nua ábhartha a bhaineann go sonrach le Rialachán (AE) 2022/991 go dtí seo.

Cuimsíodh le formhór na gcostas (beagnach EUR 17 milliún) infheistíochtaí suntasacha i bhforbairt struchtúr nua TFC, forálacha cur chun feidhme maidir le taighde agus nuálaíocht (an bosca gainimh ODIN), agus do chórais faisnéise chun sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha (PERCI agus EU CARES). Ba chostais le haghaidh acmhainní daonna (AD), a bhain le TFC agus oibríochtaí araon, a bhí i gceist le thart ar aon trian de na speansais fhoriomlána (thart ar EUR 8 milliún). Is acmhainní daonna a bheidh sna príomhchostais athfhillteacha san fhadtéarma.

Is fiú a thabhairt faoi deara nach n‑áirítear leis an EUR 8 milliún a luaitear thuas costais acmhainní daonna don Aonad Bainistíochta Faisnéise (IMU) ná na hacmhainní a bhaineann le bearta formhaoirseachta (roimhe seo agus nua) a bhfuil gné chothrománach acu, agus nach féidir dí‑chomhiomlánú a dhéanamh ina leith ar leibhéal chur chun feidhme forálacha sonracha. Níl na costais a bhaineann le hacmhainní den sórt sin diomaibhseach. Mar shampla, in 2023, measadh go raibh baint ag 60 coibhéis lánaimseartha (FTEnna) (beagnach 5 % d’fhoireann Europol) le gníomhaíochtaí i gcomhlachtaí dearbhaithe/maoirseachta agus in eintitis mhaoirseachta/chomhairleacha. Shann Europol 25 FTE d’iarrachtaí chun freagairt do mhaoirseacht ar chosaint sonraí agus do ghníomhaíochtaí dearbhaithe comhfhreagracha. Áirítear leis sin obair leantach ar mholtaí MECS, chomh maith le hobair a ghintear i gcomhthéacs réamhchomhairliúcháin le haghaidh próiseáil sonraí oibríochtúla. Tá sé cinn déag de na 25 FTE sin ag gabháil go sonrach do ghníomhaíochtaí a bhaineann le ceanglais MECS. Ó mhí an Mheithimh 2025 ar aghaidh, tá foireann thiomnaithe d’ochtar ball foirne lánaimseartha ag Europol i réimse na cosanta sonraí, lena n‑áirítear OCS.

De réir Europol agus 15 Bhallstát, tá coinne leis go mbeidh tairbhí suntasacha ag baint leis na cumhachtaí agus cúraimí nua um próiseáil sonraí pearsanta, go háirithe anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí chomh maith le comhar le páirtithe príobháideacha, agus gur mó iad ná na costais ghaolmhara. Ní raibh malairt tuairime ag aon Bhallstát. Tá coinne leis go réasúnta go mbeidh roinnt gnóthachan éifeachtúlachta ann san fhadtéarma, a bhuí le héifeachtaí barainneachtaí scála agus laghdú ar chostais imeallacha. Chuir Ballstát i bhfios go láidir ‘go bhfuil sé tábhachtach go soláthróidh Europol na hacmhainní TFC is gá chun na huirlisí a sholáthar agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu chun féidearthachtaí nua Rialachán (AE) 2022/991 a chur chun feidhme’, ar thacaigh dhá Bhallstát eile agus páirtithe leasmhara eile leis freisin 45 .

Dar le Europol agus cúig Bhallstát, ní mór aghaidh a thabhairt freisin ar neamhéifeachtúlachtaí cur chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann laistigh den chreat rialachais, riaracháin agus cosanta sonraí atá ann cheana ionas nach mbainfear an bonn de thionchar oibríochtúil na gcúraimí nua próiseála sonraí pearsanta trí mhoill nó srian a chur lena n‑úsáid. Cheistigh cúig Bhallstát cur chun feidhme ró‑cháiréiseach na rialacha cosanta sonraí ag Europol agus ag a Bhord Bainistíochta, faoi threoir MECS. Molann siad gur cheart an tsolúbthacht arna deonú ag na comhreachtóirí a úsáid go leordhóthanach chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht chúraimí Europol a uasmhéadú agus chun a n‑ábharthacht agus a mbrabúsacht fhadtéarmach a áirithiú.

Tá meastóireacht ar mhodhanna oibre Europol agus ar réimsí ina bhféadfaí simpliú a dhéanamh lasmuigh de raon feidhme na tuarascála faoi Airteagal 68(3) de Rialachán Europol agus déanfar í faoi chuimsiú na meastóireachta faoi Airteagal 68(1) de Rialachán Europol.

4.Conclúidí agus an bealach chun cinn

Ar an iomlán, is iad réamh‑phríomhthorthaí an Choimisiúin go leanann na Ballstáit de thacaíocht a thabhairt don ról atá ag Europol sna príomhréimsí ina dtugann sé cúnamh faoi láthair do na Ballstáit lena chúraimí nua próiseála sonraí pearsanta. Mar sin féin, chun na tairbhí a bhaineann leis na cumhachtaí nua próiseála sonraí pearsanta a uasmhéadú, dar le roinnt páirtithe leasmhara, is gá aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe laistigh den chreat rialachais, riaracháin agus cosanta sonraí atá ann faoi láthair. Bheadh sé áisiúil freisin castacht agus ilroinnt an chreata dhlíthiúil a mhaolú, rud a d’fhéadfadh lagmhisneach a chur ar chleachtóirí ó úsáid a bhaint as na féidearthachtaí nua.

Go ginearálta, níor aimsigh an Coimisiún fianaise go raibh tionchar diúltach ag na rialacha nua ar chearta bunúsacha, go háirithe a bhuí le coimircí láidre cosanta sonraí, rud a éascaíonn sreabhadh faisnéise freisin trí mhuinín na gcomhpháirtithe a mhéadú. I gcás roinnt Ballstát, bhí cur chuige coimeádach faoi phribhléid ag an nGníomhaireacht, agus ba cheart úsáid leordhóthanach a bhaint as an tsolúbthacht a thugann na comhreachtóirí maidir le hAicmiú na nÁbhar Sonraí, an measúnú tionchair ar chosaint sonraí, réamhchomhairliúchán le Maoirseoir Europol ar Chosaint Sonraí, láimhseáil iarrataí ar chearta rochtana.

I bhfianaise thréimhse ghearr ghinearálta cur chun feidhme na rialacha nua maidir le cosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2022/991, níl an fhianaise a bhailítear dochloíte, áfach, maidir le gach ceist.

In ProtectEU dá chuid, Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach 46 , d’fhógair an Coimisiún go molfaidh sé athchóiriú uaillmhianach ar shainordú Europol chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála atá ag dul in olcas. I gcomhréir lena Threoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr 47 , sheol an Coimisiún ullmhúcháin chun meastóireacht a dhéanamh ar Rialachán Europol agus ar mhodhanna oibre Europol, rud a réitíonn an bealach do thogra ón gCoimisiún in 2026 chun an Ghníomhaireacht a dhéanamh níos oibríochtúla, mar a leagtar amach sna Treoirlínte Polaitiúla 48 . I mí Iúil 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún an glao ar fhianaise 49 agus rinne sé staidéar seachtrach a chonrú chun tacú leis an meastóireacht ar Rialachán Europol agus leis an measúnú tionchair don togra nua. Tá sé beartaithe go rannchuideoidh an mheastóireacht ar Rialachán Europol a rinneadh chun an tuarascáil seo a ullmhú leis an meastóireacht sin.

(1)

     Europol, Measúnú 2025 an Aontais ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA) – The changing DNA of serious and organised crime, [Cineál agus Saintréithe athraitheacha na coireachta tromchúisí agus eagraithe], atá ar fáil ar líne faoi https://www.europol.europa.eu/cms/sites/default/files/documents/EU-SOCTA-2025.pdf (‘EU SOCTA 2025’). Féach freisin an Measúnú ar Bhagairt Custaim (CTA) 2025, atá ar fáil ar líne faoi https://www.douane.gouv.fr/sites/default/files/2025-07/03/Livret‑CTA-UE-public_0.pdf.

(2)

     IO L 135, 24.5.2016, lch. 53, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2016/794/oj .

(3)

     IO L 169, 27.6.2022, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2022/991/oj .

(4)

     SWD(2020) 543 final an 9 Nollaig 2020, lch. 37, https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:1a4d9f40-3b02-11eb-b27b-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF .

(5)

     Ibidem.

(6)

     IO L 119, 4.5.2016, lch. 89, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2016/680/oj .

(7)

     Ní hé an mheastóireacht seo a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 68(3) de Rialachán Europol an mheastóireacht atá le déanamh de réir na dTreoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr i bhfianaise togra féideartha le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán Europol. Féach freisin Roinn 4 thíos.

(8)

     Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, IO C 326, 26.10.2012, lch. 391, ELI:  http://data.europa.eu/eli/treaty/char_2012/oj .

(9)

     Féach ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, COM(2025) 148 final an 1 Aibreán 2025, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52025DC0148.

(10)

     Féach, mar shampla, Airteagal 25(4a) de Rialachán Europol lena bhforáiltear go bhféadfaidh Europol sonraí a aistriú chuig tríú tíortha tar éis dó féinmheasúnú a dhéanamh ar Europol go bhfuil na himthosca uile a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta ann agus tháinig sé ar an gconclúid gur ann do choimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí pearsanta agus le hAirteagal 25(5) de Rialachán Europol lena leathnaítear raon feidhme na gcásanna eisceachtúla inar féidir le Europol aistriú ad hoc a dhéanamh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ar (chatagóirí) sonraí chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta.

(11)

     Airteagal 12(2) de Rialachán Europol.

(12)

     Rialachán (AE) 2022/1190; IO L 185, 12.7.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1190/oj.

(13)

     Rialachán (AE) 2018/1862; IO L 312, 7.12.2018, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1862/oj.

(14)

     Rialachán (AE) 2019/818; IO L 135, 22.5.2019, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/oj.

(15)

     Tuarascáil Bhliantúil eu-LISA 2024 maidir le SIS, atá ar fáil ar líne faoi https://www.eulisa.europa.eu/sites/default/ files/documents/sis‑annual-report‑2024.pdf , Europol, Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí (CAAR) 2024, atá ar fáil ar líne faoi https://www.europol.europa.eu/cms/sites/default/files/documents/Consolidated_Annual_Activity_Report_2024.PDF , agus https://www.interpol.int/How-we-work/Databases .

(16)

     Europol, Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Eagraithe Idirlín (IOCTA) 2024, ar fáil ar líne faoi Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Eagraithe Idirlín (IOCTA) 2024 | Europol .

(17)

   Europol, EU SOCTA 2025, lch. 19.

(18)

     COM(2025) 148 final an 1 Aibreán 2025, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52025DC0148, lch. 9.

(19)

     https://www.europol.europa.eu/how-we-work/innovation‑lab.

(20)

     Féach, go háirithe, Airteagal 4(1)(v) agus (w) de Rialachán Europol.

(21)

     SWD(2020) 543 final an 9 Nollaig 2020, lch. 29.

(22)

     Europol, EU SOCTA 2025, passim.

(23)

     https://www.europol.europa.eu/media-press/newsroom/news/dismantling-encrypted‑criminal-encrochatcommunications‑leads‑to-over-6-500-arrests‑and‑close-to-eur-900-million‑seized.

(24)

     MECS, Tuairim 7/2015, lch. 7, ar fáil ag https://www.edps.europa.eu/sites/default/files/publication/15-11-19_big_data_en.pdf . ‘I dtéarmaí ginearálta, mar chomhainmneoir ar na sainmhínithe éagsúla atá ar fáil, tagraíonn ‘mórshonraí’ don chleachtas méideanna ollmhóra faisnéise a fhaightear ó fhoinsí éagsúla a chomhcheangal agus anailís a dhéanamh orthu, agus algartaim níos sofaisticiúla á n‑úsáid chun bonn eolais a chur faoi chinntí. Braitheann mórshonraí ní hamháin ar chumas méadaitheach na teicneolaíochta tacú le méideanna móra sonraí a bhailiú agus a stóráil, ach ar a cumas anailís a dhéanamh, tuiscint a fháil agus leas a bhaint as luach iomlán na sonraí freisin (go háirithe trí fheidhmchláir anailísíochta a úsáid)’.

(25)

     Féach Airteagal 18(2) de Rialachán Europol.

(26)

     Aistríonn na Ballstáit sonraí chuig Europol trína Fheidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA), áit a gcuirtear aicmiú na n‑ábhar sonraí chun feidhme mar réimse éigeantach.

(27)

     Féach, mar shampla, Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/680 (an ‘Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí’ a mhéid a bhaineann le húdaráis inniúla indíreacha); IO L 119, 4.5.2016, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/680/oj ; Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (‘Rialachán OIPE’); IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj ; Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2018/1727 (‘Rialachán Eurojust’); IO L 295, 21.11.2018, lch. 138, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1727/oj .

(28)

     https://www.edps.europa.eu/system/files/2022-01/22-01-10-edps‑decision‑europol_en.pdf.

(29)

     SWD(2020) 543 final an 9 Nollaig 2020, lgh. 16-17.

(30)

     Féach ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, lch. 6. 

(31)

      https://prezydencja.policja.pl/ppl/aktualnosci/260402,Wspolna-Deklaracja-Europejskich‑Szefow-Policji-w-sprawie-przyszlosci-Europolu-Jo.html .

(32)

     Europol, Comhar le Páirtithe Príobháideacha, an 31 Bealtaine 2023, EDOC #1306090v13. Féach freisin Milieu Consulting, Study on the Practice of direct exchanges with personal data between Europol and Private Parties [Staidéar ar an gCleachtas maidir le malartuithe díreacha sonraí pearsanta idir Europol agus Páirtithe Príobháideacha], Tuarascáil Chríochnaitheach, Mí Mheán Fómhair 2020.

(33)

      https://www.europol.europa.eu/media-press/newsroom/news/europol-and‑microsoft‑disrupt‑world’s‑largest‑infostealer-lumma . Tugtar tuilleadh samplaí sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

(34)

     Rialachán (AE) 2021/784; IO L 172, 17.5.2021, lch. 79, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/784/oj .

(35)

     Rialachán (AE) 2022/2065; IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj .

(36)

     Féach ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, lch. 2.

(37)

     Féach https://www.europarl.europa.eu/relnatparl/en/eu-agencies‑oversight/jpsg-on‑europol.

(38)

     Féach an fhianaise a cuireadh i láthair faoi Roinn 5 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an Tuarascáil seo, agus go háirithe aighneachtaí Europol agus freagraí na mBallstát ar Cheisteanna 2, 4 agus 5 den Cheistneoir Gearr an 2 Meitheamh 2025, in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre.

(39)

     Mar a chuir Ballstát i dtábhacht le linn an chomhairliúcháin, ‘is féidir leis na [Ballstáit] idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na cineálacha sonraí a bhfuil siad ag déileáil leo, rud a d’fhéadfadh a bheith an‑tábhachtach san imscrúdú féin’.

(40)

     Féach Foroinn 7.1.3. den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an Tuarascáil seo agus freagraí na mBallstát ar Cheist 9 den Cheistneoir Gearr an 2 Meitheamh 2025, in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre.

(41)

     Europol, Tuarascáil 2023 de bhun Airteagal 16(11) de Rialachán Europol.

(42)

     Rialachán (AE) 2019/818; IO L 135, 22.5.2019, lch. 85, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/oj .

(43)

     Féach freagraí na mBallstát ar Cheist 9 den Cheistneoir Gearr an 2 Meitheamh 2025, in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis.

(44)

     Sa tréimhse chéanna ama, thart ar EUR 860 milliún a bhí sa bhuiséad a leithdháileadh ar Europol (méadú de réir a chéile ó EUR 192 mhilliún in 2022 go EUR 241 mhilliún in 2025). Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

(45)

     Féach an fhianaise a cuireadh i láthair faoi Roinn 5 den doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an Tuarascáil seo, agus go háirithe aighneachtaí Europol agus freagraí na mBallstát ar Cheisteanna 2, 4 agus 5 den Cheistneoir Gearr an 2 Meitheamh 2025, in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre agus an Ráiteas Comhpháirteach ó Ardoifigigh Phóilíneachta Eorpacha maidir le Todhchaí Europol.

(46)

     ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, lch. 10.

(47)

     Féach https://commission.europa.eu/law/law-making-process/better-regulation/better-regulation‑guidelines‑and‑toolbox_en .

(48)

     Ursula von der Leyen, Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024–2029, https://commission.europa.eu/document/download/e6cd4328-673c-4e7a-8683-f63ffb2cf648_ga?filename=Political%20Guidelines%202024-2029_GA.pdf  

(49)

      https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/14638-Law-enforcement‑coopera tion‑new-Europol-regulation‑proposal-ga.