22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 41/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/245 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 a mhéid a bhaineann leis na bearta tionlacain oideachais agus roghnú agus formheas na n-iarratasóirí ar chabhair

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht de chuid na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 24(1), pointí (b) agus (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 ón gCoimisiún (2), bunaítear coinníollacha maidir le dearadh agus cur chun feidhme na mbeart tionlacain oideachais a sholáthróidh na Ballstáit de bhun Airteagal 23(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí liosta neamh-uileghabhálach a leagan síos de ghníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh mar chuid de na bearta tionlacain oideachais faoin scéim scoile, lena n-áirítear i gcás nach n-iarrtar aon chabhair ón Aontas. Is iomchuí freisin a shoiléiriú, chun go mbeidh an scéim scoile éifeachtach, gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbainfear amach gach páiste atá rannpháirteach sa scéim scoile leis na bearta tionlacain oideachais a fhoráiltear chun tacú le dáileadh torthaí, glasraí agus bainne scoile. Tá an ceanglas sin gan dochar don neamhspleáchas a thugtar do na forais oideachais laistigh de na Ballstáit, i gcomhréir le leithdháileadh na n-inniúlachtaí agus i gcomhréir leis an straitéis maidir le cur chun feidhme na scéime scoile sna Ballstáit lena mbaineann.

(2)

Le hAirteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40, bunaítear na coinníollacha ginearálta maidir le hiarratasóirí ar chabhair a roghnú. Agus iarratasóirí ar chabhair á roghnú, féadfaidh na Ballstáit, agus iad ag gníomhú ar an leibhéil náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, a bheith faoi réir rialacha soláthair phoiblí náisiúnta nó rialacha soláthair phoiblí an Aontais. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart do na Ballstáit comhlíontacht leis na rialacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí a áirithiú.

(3)

Le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40, sonraítear na coinníollacha maidir le hiarratasóirí ar chabhair a fhormheas, agus na gealltanais i scríbhinn is gá do na hiarratasóirí a dhéanamh á leagan síos. Leagtar síos le mír 2 den Airteagal sin na gealltanais bhreise i scríbhinn is gá a dhéanamh i gcás iarratais ar chabhair nach mbaineann ach le soláthar agus/nó le dáileadh táirgí. Tá na gealltanais sin ábhartha freisin, áfach, i gcás ina gcomhcheanglaíonn na hiarratais ar chabhair soláthar agus/nó dáileadh táirgí den soláthar beart oideachais. Le mír 3 den Airteagal sin, tagraítear d’iarratais ar chabhair nach mbaineann ach le bearta tionlacain oideachais amháin. Léirítear inti go bhféadfaidh údaráis inniúla aon ghealltanas breise i scríbhinn is gá d’iarratasóirí ar chabhair a dhéanamh a shonrú. Ba cheart go mbeadh sé sin ar fáil do gach iarratasóir ar chabhair, áfach. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 6 den Rialachán sin a leasú dá réir. D’fhonn am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit na nósanna imeachta a leasú maidir le hiarratasóirí ar chabhair a fhormheas, is iomchuí foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag an leasú ar na coinníollacha maidir le hiarratasóirí ar chabhair a fhormheas ach amháin ón scoilbhliain 2022/2023 ar aghaidh.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Beidh baint dhíreach ag na bearta tionlacain oideachais dá dtagraítear in Airteagal 23(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/213 le cuspóirí na scéime scoile caitheamh táirgí talmhaíochta ar leith a mhéadú agus réimeanna bia níos sláintiúla a chothú.

Beidh siad dírithe ar pháistí a athcheangal den talmhaíocht agus d’éagsúlacht táirgí talmhaíochta an Aontais, go háirithe iad siúd a tháirgtear ina réigiún féin, agus ar oideachas a chur ar pháistí maidir le nithe gaolmhara, amhail nósanna itheacháin sláintiúla agus a dtionchar ar an tsláinte phoiblí, moltaí cothaithe náisiúnta, biashlabhraí áitiúla, feirmeoireacht orgánach, táirgeacht agus caitheamh inbhuanaithe bia agus dul i ngleic le cur amú bia, agus féadfar na gníomhaíochtaí seo a leanas a áireamh iontu:

(a)

cuairteanna ar fheirmeacha, líonraí úllord, eagraíochtaí táirgeoirí, aonaid próiseála déiríochta, margaí feirmeoirí, sórtáil agus pacáistíocht torthaí agus glasraí i stóras, músaeim thalmhaíochta agus gníomhaíochtaí eile den chineál céanna;

(b)

gairdíní agus úlloird scoile a chur ar bun agus a chothabháil;

(c)

ullmhúchán bia, ranganna cócaireachta agus blaiste, ceardlanna, saotharlanna agus gníomhaíochtaí eile den chineál céanna;

(d)

ceachtanna, seimineáir, comhdhálacha, ceardlanna agus gníomhaíochtaí eile den chineál céanna;

(e)

ábhair teagaisc, comórtais, cluichí, tráthanna na gceist oideachasúla, laethanta nó seachtainí téamacha agus gníomhaíochtaí eile den chineál céanna.

Sa chás go n-áirítear táirgí talmhaíochta sna bearta tionlacain oideachais seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 23(3), (4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, déanfar foráil sna bearta maidir leis na táirgí eile sin a bhlaiseadh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le gach páiste atá rannpháirteach sa scéim scoile leas a bhaint as na bearta tionlacain oideachais.

I gcás ina ndéantar foráil maidir le bearta oideachais a bhfuil baint dhíreach acu le cuspóirí na scéime scoile sna forais oideachais mar chuid den ghnáthchuraclam scoile nó mar chuid de bheartais nó cláir eile, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh iad a chur san áireamh chun críoch fhomhír 1.

Féadfar na bearta tionlacain oideachais a cheapadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó ar leibhéal an fhorais oideachais, de réir leithdháileadh inniúlachtaí na mBallstát agus de réir straitéis chur chun feidhme na scéime scoile. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na forais oideachais a bheidh rannpháirteach sa scéim ar an eolas go cuí maidir leis an gcóras atá ar bun i leith na mbeart tionlacain oideachais agus i leith na n-ábhar agus na n-uirlisí atá ar fáil.”

(2)

in Airteagal 5(2), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Agus iarratasóirí ar chabhair á roghnú, áiritheoidh na Ballstáit comhlíontacht maidir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear rialacha maidir le soláthar poiblí.”;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Coinníollacha maidir le hiarratasóirí ar chabhair a fhormheas

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an foras oideachais dá sholáthraítear agus/nó ar a ndáiltear na táirgí na hiarratasóirí ar chabhair a fhormheas. Beidh an formheas faoi réir na ngealltanas i scríbhinn seo a leanas arna ndéanamh ag na hiarratasóirí:

(a)

chun a áirithiú go gcuirfear na táirgí arna maoiniú ag an Aontas faoin scéim scoile ar fáil lena gcaitheamh ag na páistí san fhoras oideachais nó sna forais oideachais a ndéanfaidh siad iarratas ar chabhair ina leith;

(b)

chun an chabhair a leithdháiltear a úsáid le haghaidh bearta tionlacain oideachais, faireachán, meastóireacht agus bearta poiblíochta, i gcomhréir le cuspóirí na scéime scoile agus, i gcás ina mbaineann bearta tionlacain oideachais le hábhair sláinte agus cothaithe, i gcomhréir le comhairle sláinte náisiúnta agus le moltaí cothaithe maidir leis an aoisghrúpa lena mbaineann;

(c)

chun aon chabhair a íocadh go mícheart a aisíoc maidir leis na cainníochtaí lena mbaineann, más rud é go bhfuarthas amach nár dáileadh na táirgí ar na páistí nó más rud é nach raibh na táirgí incháilithe le haghaidh cabhair ón Aontas;

(d)

chun aon chabhair a íocadh go mícheart a aisíoc maidir le bearta tionlacain oideachais, faireachán, meastóireacht, agus bearta poiblíochta, más rud é go bhfuarthas amach nach ndearnadh na bearta nó na gníomhaíochtaí sin mar is ceart;

(e)

chun doiciméid tacaíochta a chur ar fáil don údarás inniúil arna n-iarraidh;

(f)

chun a cheadú don údarás inniúil aon seiceáil is gá a dhéanamh, go háirithe taifid a ghrinnscrúdú agus cigireacht fhisiceach;

(g)

chun taifead a choinneáil ar ainmneacha agus ar sheoltaí na bhforas oideachais nó na n-údarás oideachais a fhaigheann a dtáirgí agus taifead a choinneáil ar na cainníochtaí de na táirgí sonracha a dhíoltar nó a sholáthraítear, i gcás nach foras oideachais an t-iarratasóir.

Féadfaidh údaráis inniúla aon ghealltanas breise i scríbhinn is gá d’iarratasóirí a dhéanamh a shonrú.

I gcás ina mbaineann iarratais ar chabhair le gníomhaíochtaí atá faoi réir nósanna imeachtaí soláthair phoiblí, féadfaidh na Ballstáit a mheas go ndearnadh an formheas i gcás go n-áirítear na gealltanais a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír sna coinníollacha le haghaidh rannpháirtíochta sna nósanna imeachtaí soláthair phoiblí.

2.   I gcás iarratasóirí ar chabhair nach mbaineann ach le soláthar agus/nó le dáileadh táirgí, ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (b) nó (d) maidir leo.

3.   I gcás iarratasóirí ar chabhair nach mbaineann ach le bearta tionlacain oideachais, ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (a), (c) nó (g) maidir leo.

4.   I gcás iarratasóirí ar chabhair nach mbaineann ach le faireachán, meastóireacht agus bearta poiblíochta, ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (a) (c) nó (g) maidir leo.

5.   Na hiarratais arna bhformheas faoin scéim scoile maidir le torthaí agus glasraí i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/247 agus/nó faoin scéim scoile bainne de réir Rialachán (CE) Uimh. 657/2008, féadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil siad bailí mura n-athraítear na critéir ná na coinníollacha.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3) maidir le cabhair ón scoilbhliain 2022/2023 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhair ón Aontas i leith soláthar torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne i bhforais oideachais agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (IO L 5, 10.1.2017, lch. 11).