AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.5.2026
COM(2026) 241 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/974 maidir le staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/974 maidir le staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre
1.RÉAMHRÁ
Le Rialachán (AE) 2018/974 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(), tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 10 den Rialachán sin, chun na gcríoch seo a leanas:
Øan tairseach maidir le cumhdach staidrimh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre a ardú, chun treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh (féach Airteagal 2(5));
Øsainmhínithe a oiriúnú nó foráil a dhéanamh maidir le cinn nua, ionas go gcuirfear san áireamh sainmhínithe ábhartha atá leasaithe nó glactha ar an leibhéal idirnáisiúnta (féach Airteagal 3);
Øathruithe a léiriú maidir le códú agus le hainmníocht ar an leibhéal idirnáisiúnta nó i ngníomhartha reachtacha ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh (féach Airteagal 4(4)).
De réir Airteagal 2(5), Airteagal 3 agus Airteagal 4(4), ní mór don Choimisiún a áirithiú, agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, ní mór don Choimisiún údar cuí a thabhairt leis na gníomhaíochtaí a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe sin, agus úsáid á baint, i gcás inarb iomchuí, as anailís ar chostéifeachtacht lena ndéantar measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgthe.
Faoi mar a shonraítear in Airteagal 10(4), roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, ní mór don Choimisiún dul i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr().
2.BUNÚS DLÍ
Ceanglaítear an tuarascáil seo faoi Rialachán (AE) 2018/974, ina sonraítear in Airteagal 10(2) go dtugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 7 Nollaig 2016. Tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Chuir an Coimisiún a chéad tuarascáil isteach in 2021(). Is í seo an dara tuarascáil.
3.AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ
Níor fheidhmigh an Coimisiún fós an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, cumhacht a thugtar dó le Rialachán (AE) 2018/974.
Pléann an Coimisiún feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre go tráthrialta leis an nGrúpa Saineolaithe um Staidreamh ar Iompar d’Uiscebhealaí Intíre agus leis an nGrúpa Comhordaithe um Staidreamh i ndáil le hIompar. Cuirtear san áireamh sa phlé sin freisin na costais agus na hualaí a d’fhéadfadh a bheith ar thíortha agus ar fhreagróirí.
Tá gá le staidreamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Straitéise Cuimsithí um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (spriocanna 2020-2050)(
) agus gníomhaíochtaí comhlántacha amhail beartas an Aontais maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T)() , an Rialachán maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (eFTI)(), clár gníomhaíochta Naiades III(
) agus an Treoir maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann(). Le gníomhaíochtaí den sórt sin, féadfar a cheangal ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre a oiriúnú do threochtaí eacnamaíocha agus teicniúla i gcomhréir le hAirteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2018/974 agus chun athruithe ar shainmhínithe, ar chódú agus ar ainmníocht ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú.