|
(b)
|
faoin gceannteideal ‘Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na 24 dhuine seo a leanas:
|
‘1.
|
Zine El Abidine Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí i gcoinne a oidhrí fós ar siúl.
Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é gur cheap an Chúirt dlíodóir roimh a bhás chun leasanna Zine El Abidine Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen Ben Ali a chosaint i gcásanna cúirte agus é in absentia; i gcás 24310, rinne dlíodóir ionadaíocht ar bheirt d’oidhrí Zine El Abidine Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen Ben Ali; in 2025, rialaigh an Chúirt, ar an gcéad chéim i gcás 24310, i bhfabhar oidhrí Ben Ali.
|
|
3.
|
Moncef Ben Mohamed Ben Rhouma TRABELSI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí i gcoinne a oidhrí fós ar siúl.
Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 5 Márta 2012, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Moncef Ben Mohamed Ben Rhouma Trabelsi i láthair a dhlíodóra, roimh a bhás; ainmníodh dlíodóir chun ionadaíocht a dhéanamh ar oidhrí Moncef Ben Mohamed Ben Rhouma Trabelsi sa chaingean shibhialta ina gcoinne i gcás 9058; in 2025, rialaigh an Chúirt, ar an gcéad chéim i gcás 9058, i bhfabhar oidhrí Moncef Ben Mohamed Ben Rhouma Trabelsi.
|
|
7.
|
Halima Bent Zine El Abidine Ben Haj Hamda BEN ALI
Tá an duine seo ar a teitheadh agus níl sí sa Túinéis a thuilleadh. Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é go ndearna Halima Bent Zine El Abidine Ben Haj Hamda Ben Ali, arna hionadú ag a dlíodóir, achomharc in aghaidh bhreithiúnas 1850 an 25 Eanáir 2021; in 2022, dhiúltaigh an Chúirt, ar an gcéad chéim i gcás 32265, do chaingean shibhialta i gcoinne Halima Bent Zine El Abidine Ben Haj Hamda Ben Ali.
|
|
8.
|
Belhassen Ben Mohamed Ben Rhouma TRABELSI
Tá an duine seo ar a theitheadh agus níl sé sa Túinéis a thuilleadh. Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl.
Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear sin go háirithe le gealltanas i scríbhinn, arna thabhairt ag údaráis na Túinéise d’údaráis na hEilvéise i gcomhthéacs chur chun feidhme litreach rogáide, an 7 Aibreán 2014, cearta bunúsacha Belhassen Ben Mohamed Ben Rhouma Trabelsi agus a chearta chun cosanta a urramú; ós rud é go ndearna dlíodóir ionadaíocht ar Belhassen Ben Mohamed Ben Rhouma Trabelsi le linn trialacha in absentia. Thairis sin, is léir sin ós rud é gur fheidhmigh Belhassen Ben Mohamed Ben Rhouma Trabelsi, trína dhlíodóir, a chearta chun cosanta trí achomharc a dhéanamh in aghaidh bhreithiúnas 869/32 an 24 Samhain 2021 agus bhreithiúnas 1134 an 20 Bealtaine 2023.
|
|
9.
|
Mohamed Naceur Ben Mohamed Ben Rhouma TRABELSI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí i gcoinne a oidhrí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 13 Márta 2012 agus an 16 Márta 2012, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Mohamed Naceur Ben Mohamed Ben Rhouma Trabelsi i láthair a dhlíodóra roimh a bhás.
|
|
10.
|
Jalila Bent Mohamed Ben Rhouma TRABELSI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 5 Eanáir 2012, an 5 Iúil 2012 agus an 27 Feabhra 2013, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Jalila Bent Mohamed Ben Rhouma Trabelsi i láthair a dlíodóra; D’fheidhmigh Jalila Bent Mohamed Ben Rhouma Trabelsi, trína dlíodóir, a cearta chun cosanta trí achomharc a dhéanamh in aghaidh breithiúnas céadchéime in 2025.
|
|
11.
|
Mohamed Imed Ben Mohamed Naceur Ben Mohamed TRABELSI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 27 Deireadh Fómhair 2016, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Mohamed Imed Ben Mohamed Naceur Ben Mohamed Trabelsi i láthair a dhlíodóra; in 2025, d’fheidhmigh Mohamed Imed Ben Mohamed Naceur Ben Mohamed Trabelsi, trína dhlíodóir, a chearta chun cosanta trí achomharc a dhéanamh in aghaidh breithiúnas ón gcúirt um achomharc deiridh (cás uimh. 21775).
|
|
12.
|
Mohamed Adel Ben Mohamed Ben Rehouma TRABELSI
Tá an duine seo ar a theitheadh agus níl sé sa Túinéis a thuilleadh. Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí i gcoinne a oidhrí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é go bhfuil dlíodóir ceaptha ag oidhrí Mohamed Adel Ben Mohamed Ben Rehouma Trabelsi chun iad a chosaint sa chaingean shibhialta ina gcoinne (cás uimh. 9099).
|
|
13.
|
Mohamed Mourad Ben Mohamed Ben Rehouma TRABELSI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 23 Feabhra 2012, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Mohamed Mourad Ben Mohamed Ben Rehouma Trabelsi i láthair a dhlíodóra roimh a bhás; tá dlíodóir ceaptha ag oidhrí Mohamed Mourad Ben Mohamed Ben Rehouma Trabelsi chun iad a chosaint sa chaingean shibhialta atá ar feitheamh ina gcoinne (cás uimh. 16277).
|
|
15.
|
Mohamed Montassar Ben Kbaier Ben Mohamed MAHERZI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 20 Lúnasa 2011, an 2 Deireadh Fómhair 2012 agus an 31 Bealtaine 2013, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Mohamed Montassar Ben Kbaier Ben Mohamed Maherzi i láthair a dhlíodóirí; in 2025, d’fheidhmigh Mohamed Montassar Ben Kbaier Ben Mohamed Maherzi, trína dhlíodóir, a chearta chun cosanta trí achomharc a dhéanamh in aghaidh breithiúnas céadchéime (uimh. 51174).
|
|
16.
|
Nefissa Bent Mohamed Ben Rhouma TRABELSI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 24 Eanáir 2012, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Nefissa Bent Mohamed Ben Rhouma Trabelsi i láthair a dlíodóra; in 2018, d’fheidhmigh Nefissa Bent Mohamed Ben Rhouma Trabelsi a cearta chun cosanta trí achomharc a dhéanamh in aghaidh breithiúnas céadchéime (cás uimh. 35666).
|
|
17.
|
Habib Ben Kaddour Ben Mustapha BEN ZAKIR
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 24 Eanáir 2012, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Habib Ben Kaddour Ben Mustapha Ben Zakir i láthair a dhlíodóra; rinne dlíodóir ionadaíocht ar Habib Ben Kaddour Ben Mustapha Ben Zakir sa chaingean choiriúil a bhí ar feitheamh ina choinne agus, trína dhlíodóir, d’fheidhmigh sé a chearta chun cosanta trí achomharc a dhéanamh i gcoinne chinntí an bhreithimh imscrúdaithe.
|
|
20.
|
Mourad Ben Hédi Ben Ali MEHDOUI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin go háirithe ós rud é gur thug, an 13 Feabhra 2012, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Mourad Ben Hédi Ben Ali Mehdoui i láthair a dhlíodóra; in 2019, d’fheidhmigh Mourad Ben Hédi Ben Ali Mehdoui a chearta cosanta trí achomharc a dhéanamh in aghaidh breithiúnas céadchéime (uimh. 41245).
|
|
25.
|
Mohamed Slim Ben Mohamed Hassen Ben Salah CHIBOUB
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha nó sa phróiseas aisghabhála sócmhainní ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin go háirithe ós rud é (i) gur thug, an 24 Samhain 2014, an 12 Eanáir 2015, an 10 Aibreán 2015 agus an 2 Nollaig 2015, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Mohamed Slim Ben Mohamed Hassen Ben Salah Chiboub i ndáil le roinnt cásanna i láthair a dhlíodóirí; (ii) gur cuireadh deireadh leis an imscrúdú ar Mohamed Slim Ben Mohamed Hassen Ben Salah Chiboub i gCás 27638/6 an 30 Márta 2018 mar gheall ar easpa fianaise a bheith ann agus dearbhaíodh an cinneadh an t-imscrúdú a fhoirceannadh san achomharc ina dhiaidh sin; agus (iii) go bhfuair Mohamed Slim Ben Mohamed Hassen Ben Salah Chiboub cúnamh dlíodóra le linn na n-imeachtaí eadrána os comhair Choiste Eadrána an “Instance de la Vérité et de la Dignité” (IVD) [Coiste Eadrána an Choimisiúin um Fhírinne agus Dínit]. An 15 Feabhra 2021 agus an 10 Márta 2021, thug breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Mohamed Slim Ben Mohamed Hassen Ben Salah Chiboub i gcás 19592/1. An 31 Márta 2021, chinn an breitheamh imscrúdaithe a chás a scaradh ó chás ginearálta 19592/1. Tá cás 1137/2 ar feitheamh. Is léir an méid sin freisin os rud é gur chuir Mohamed Slim Ben Mohamed Hassen Ben Salah Chiboub achomharc isteach in 2025 i gcoinne bhreithiúnas 36166.
|
|
30.
|
Slim Ben Mohamed Salah Ben Ahmed ZARROUK
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Tar éis iarratas a rinne Slim Ben Mohamed Salah Ben Ahmed Zarrouk, thug Coiste Eadrána an Choimisiúin um Fhírinne agus Dínit dámhachtain eadrána uaidh, agus dhearbhaigh Comhairle an Choimisiúin um Fhírinne agus Dínit é sin an 24 Nollaig 2018. Rinneadh agóid i gcoinne an chinnidh sin os comhair na Cúirte um Achomharc Deiridh. Tá an cás ar feitheamh. Le breithiúnas ó Chúirt um Achomharc Deiridh Thúinis dar dáta an 15 Aibreán 2021 i gcás 29443, ciontaíodh é i míleithreasú cistí poiblí.
Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha nó sa phróiseas aisghabhála sócmhainní ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 16 Eanáir 2012, an 1 Feabhra 2012 agus an 22 Meitheamh 2017, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Slim Ben Mohamed Salah Ben Ahmed Zarrouk i láthair a dhlíodóra; in 2023, rinne dlíodóir ionadaíocht ar Slim Ben Mohamed Salah Ben Ahmed Zarrouk i gcás 37344.
|
|
31.
|
Farid Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Le breithiúnas ó Chúirt um Achomharc Deiridh Thúinis dar dáta an 1 Samhain 2018 i gcás 27658, ciontaíodh é i míleithreasú cistí poiblí.
Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin, go háirithe, ós rud é gur thug, an 3 Deireadh Fómhair 2011, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Farid Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen Ben Ali i láthair a dhlíodóra; in 2019, d’fheidhmigh Farid Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen Ben Ali, trína dhlíodóir, a chearta cosanta trí achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais chiontaithigh dar dáta an 1 Samhain 2018 i gcás 27658 agus rinne dlíodóir ionadaíocht air ina dhiaidh sin i gcás 82970.
|
|
32.
|
Faouzi Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí i gcoinne a oidhrí fós ar siúl. Níor aimsigh an Chomhairle aon léiriú nár urramaíodh cearta chun cosanta nó ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a bheith ag Faouzi Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen Ben Ali.
|
|
33.
|
Hayet Bent Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin go háirithe ós rud é gur thug, an 19 Deireadh Fómhair 2011, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Hayet Bent Haj Hamda Ben Haj Hassen Ben Ali i láthair a dlíodóra. Le breithiúnas dar dáta an 14 Márta 2019 i gcás 40800, ciontaíodh í i míleithreasú cistí poiblí. Tá an duine seo ar a teitheadh agus níl sí sa Túinéis a thuilleadh, dá bhrí sin tugadh breithiúnas uirthi in absentia.
|
|
34.
|
Najet Bent Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Le breithiúnas dar dáta an 7 Eanáir 2016 i gcás 28264, ciontaíodh í i míleithreasú cistí poiblí. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin go háirithe ós rud é gur thug, an 21 Samhain 2011, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Najet Bent Haj Hamda Ben Haj Hassen Ben Ali i láthair a dlíodóra.
|
|
35.
|
Slaheddine Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí i gcoinne a oidhrí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin go háirithe ós rud é gur thug, an 13 Eanáir 2012, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Slaheddine Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen Ben Ali i láthair a dhlíodóra.
|
|
40.
|
Douraied Ben Hamed Ben Taher BOUAOUINA
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Leis an mbreithiúnas ó Chúirt Achomhairc Thúinis, dar dáta an 25 Deireadh Fómhair 2018 i gcás 25421, ciontaíodh é i míleithreasú cistí poiblí.
Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin go háirithe ós rud é gur thug, an 21 Aibreán 2012, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Douraied Ben Hamed Ben Taher Bouaouina i láthair a dhlíodóra; in 2018, rinne dlíodóir ionadaíocht ar Douraied Ben Hamed Ben Taher Bouaouina i gcás 25421.
|
|
42.
|
Ghazoua Bent Hamed Ben Taher BOUAOUINA
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ar siúl. Le breithiúnas dar dáta an 21 Samhain 2022 i gcás 46396, ciontaíodh í i míleithreasú cistí poiblí.
Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin, go háirithe, ós rud é gur thug, in 2011, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Ghazoua Bent Hamed Ben Taher Bouaouina i láthair a dlíodóra.
|
|
46.
|
Mehdi Ben Tijani Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí i gcoinne a oidhrí fós ar siúl. Le breithiúnas ó Chúirt chéadchéime Thúinis dar dáta an 21 Márta 2019 i gcás 41328/19, ciontaíodh é i míleithreasú cistí poiblí roimh a bhás.
Níor aimsigh an Comhairle aon léiriú nár urramaíodh cearta Mehdi Ben Tijani Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen Ben Ali chun cosanta nó ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach.
|
|
48.
|
Sofiene Ben Habib Ben Haj Hamda BEN ALI
Tá an t-imscrúdú nó an triail a bhaineann le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí i gcoinne a oidhrí fós ar siúl. Léirítear leis an bhfaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir an méid sin go háirithe ós rud é gur thug, an 22 Márta 2012, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Sofiene Ben Habib Ben Haj Hamda Ben Ali i láthair a dhlíodóirí. Is léir an méid sin freisin ós rud é go ndearna dlíodóir ionadaíocht ar oidhrí Sofiene Ben Habib Ben Haj Hamda Ben Ali i gcás 8803.’.
|
|