13.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/56


CINNEADH (AE) 2021/594 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Aibreán 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre agus sa Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin maidir le caighdeáin a ghlacadh i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla i réimse na loingseoireachta intíre

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin, coinbhinsiún a síníodh in Mannheim an 17 Deireadh Fómhair 1868, arna leasú leis an gCoinbhinsiún lena leasaítear an Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin, a síníodh i Strasbourg an 20 Samhain 1963, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Aibreán 1967 (“an Coinbhinsiún”).

(2)

De bhun Airteagal 17 den Choinbhinsiún, féadfaidh an Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin (“CCNR”) ceanglais a ghlacadh i réimse na gcáilíochtaí gairmiúla.

(3)

Bunaíodh an Coiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (“CESNI”) an 3 Meitheamh 2015 faoi chuimsiú CCNR chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt le haghaidh uiscebhealaí intíre i réimsí éagsúla, go háirithe maidir le soithí, teicneolaíocht faisnéise agus criú.

(4)

Táthar ag súil go nglacfaidh CESNI, ag an chéad chruinniú eile a bheidh aige an 15 Aibreán 2021, caighdeán maidir le bunoiliúint sábháilteachta le haghaidh mairnéalaigh deice lena leagtar síos ceanglais oiliúna a d’fhéadfadh Ballstáit a leanúint mar a gceanglais náisiúnta (“caighdeán CESNI 20_04”) agus caighdeán maidir le frásaí cumarsáide caighdeánaithe i gceithre theanga chun go bhféadfaidh bádóirí agus máistrí báid dul i ngleic le cásanna ina mbeadh fadhbanna cumarsáide (“caighdeán CESNI 20_39”). Tá sé d’aidhm ag caighdeán CESNI 20_04 agus ag caighdeán 20_39, cur chun feidhme na gceanglas a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a éascú.

(5)

Táthar ag súil go nglacfaidh CCNR rún ag a seisiún iomlánach an 2 Meitheamh 2021, lena leasófar na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireacht ar an Réin chun tagairt do Chaighdeáin Eorpacha maidir le Cáilíochtaí i réimse na Loingseoireachta Intíre (“caighdeáin ES-QIN”) a áireamh ann, lena n-áirítear caighdeán CESNI 20_04 agus caighdeán CESNI 20_39.

(6)

Is é is aidhm do chaighdeán CESNI 20_04 agus do chaighdeán CESNI 20_39, rannchuidiú leis an leibhéal is airde sábháilteachta a choinneáil ar bun i réimse na loingseoireachta intíre agus spreagfaí comhchuibhiú leo i gcomhthéacs Threoir (AE) 2017/2397.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI agus in CCNR a bhunú.

(8)

Ní chomhalta de CCNR ná de CESNI é an tAontas. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, ar comhaltaí de na comhlachtaí sin iad, seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasanna an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de CESNI maidir le caighdeán CESNI 20_04 agus caighdeán 20_39 a ghlacadh, aontú le glacadh na gcaighdeán sin.

2.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CCNR maidir le rún a ghlacadh lena leasófar na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin chun go mbeidh tagairt ann do Chaighdeáin ES-QIN, lena n-áirítear caighdeán CESNI 20_04 agus caighdeán CESNI 20_39, tacú leis na togra uile lena ndéantar ceanglais na Rialachán maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin a ailíniú le caighdeáin ES-QIN.

Airteagal 2

1.   Is iad na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de CESNI a dhéanfaidh an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(1) a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasanna an Aontais.

2.   Is iad na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de CCNR a dhéanfaidh an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(2) a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasanna an Aontais.

Airteagal 3

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh a leagtar amach in Airteagal 1 gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (IO L 345, 27.12.2017, lch. 53).