AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.11.2023
COM(2023) 722 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú
IARSCRÍBHINN
Seasamh an Aontais maidir le pointe 7.6 ‘leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha nós imeachta’ agus pointe 7.7 ‘ceapadh Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin’ ar an gclár oibre, a phléifear ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe (‘MOP’) sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú (‘an Prótacal’), i bPanama ón 27 Samhain go dtí an 30 Samhain 2023.
I. Leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar rialacha nós imeachta Chruinniú na bPáirtithe (doiciméad FCTC/MOP/3/13)
Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:
1.Tacóidh sé leis na leasuithe atá beartaithe chun an obair a dhéantar ag MOP a shimpliú agus a réasúnú, amhail glacadh le formheas na dtaifid focal ar fhocal tar éis dheireadh an tseisiúin (Riail 60) nó an fhéidearthacht ghinearálta a thabhairt isteach maidir le míreanna de chláir oibre sheisiúin MOP a chraoladh beo ar an ngréasán, faoi réir fhormheas MOP ag tús gach seisiúin (Riail 15, nua b).
2. Comhaontóidh sé soiléiriú a dhéanamh, gan Rialacha Nós Imeachta MOP a leasú, ionas go dtuigtear go n‑áirítear comhaid fuaime i dtaifid focal ar fhocal de chruinnithe iomlánacha (Riail 60).
3. Tacóidh sé leis an leasú a bhaineann le seisiúin fhíorúla MOP a eagrú (Riail 15, nua c); mar sin féin, níor cheart seisiúin fhíorúla a bheith teoranta go docht d’imthosca eisceachtúla, agus ar an gcaoi sin, nuair is féidir, cuirfear san áireamh an gá cothromaíocht a bhaint amach maidir leis na costais chomhshaoil a bhaineann le seisiúin ar an láthair.
4.Tacóidh sé leis an leasú chun rannpháirtíocht chomhaltaí Bhiúró MOP i gceapachán Cheann na Rúnaíochta a shainiú níos soiléire, chomh maith leis an leasú lena bhforáiltear maidir leis an bhféidearthacht Ceann Rúnaíochta gníomhach a ainmniú, nuair is gá (Riail 24 ter).
5. Tacóidh sé leis an leasú a bhaineann le meáin chreidiúnaithe a bheith i láthair i seisiúin phoiblí (riail 2, mír 13), ós rud é go mbeidh comhsheasmhacht níos fearr ann idir Riail 2 agus Riail 32 mar thoradh ar an leasú sin.
6. Tacóidh sé le ceartú neamhréireachtaí, lena n‑áirítear scriosadh an fhocail ‘rún’ (Riail 60) agus ailíniú forálacha maidir le ‘heagraíochtaí réigiúnacha eacnamaíocha’ (Riail 2 agus Riail 29).
7. Molfaidh sé go ndéanfar leasú ar Riail 8 lena gcuirtear oibleagáid faoi láthair ar an Rúnaíocht an clár oibre sealadach, mar aon le doiciméid chomhdhála eile, a dháileadh ar na Páirtithe 60 lá ar a laghad roimh lá tosaigh an tseisiúin. Ba cheart síneadh suas le 120 lá roimh oscailt an tseisiúin a chur leis an tréimhse sin ionas go mbeidh eagraíochtaí réigiúnacha um lánpháirtiú eacnamaíoch agus tíortha cónaidhme in ann a seasaimh a ullmhú agus a bhunú i gceart. Ba cheart tréimhse 90 lá ar a laghad a áirithiú le haghaidh doiciméid chomhdhála a bhaineann le cinntí MOP atá ceangailteach ar na Páirtithe ó thaobh dlí de, nó a bhfuil impleachtaí tábhachtacha beartais nó dlíthiúla leo.
[seasamh cúltaca: Is féidir leis an Aontas Eorpach glacadh le haon síneadh ar an tréimhse dháileacháin thar 60 lá roimh oscailt an tseisiúin mar atá ann faoi láthair, agus ar a laghad le haghaidh doiciméid chomhdhála a bhaineann le cinntí MOP atá ceangailteach ar na Páirtithe ó thaobh dlí de, nó a bhfuil impleachtaí tábhachtacha beartais nó dlíthiúla leo.]
II. Ceapadh Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin: tuarascáil ón mBiúró (doiciméad FCTC/MOP/3/14)
Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:
(1)Gabhfaidh sé buíochas leis an mBiúró as an tuarascáil ina bhfuil moltaí comhpháirteacha ó Bhiúró COP agus Biúró MOP maidir le feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann na Rúnaíochta a roghnú agus a cheapadh, agus na critéir maidir le hiarrthóirí don phost mar Cheann na Rúnaíochta a roghnú.
(2)Tacóidh sé leis na feabhsuithe beartaithe an phróisis chun Ceann na Rúnaíochta a roghnú agus a cheapadh, próiseas a bunaíodh le Cinneadh FCTC/COP8(8) agus Cinneadh FCTC/MOP1(12), lena n‑áirítear modhnuithe chun athnuachan aonair ar théarma oifige Cheann na Rúnaíochta go ceann 4 bliana eile a shimpliú, ar choinníoll go ndéanfar meastóireacht ar a fheidhmíocht roimh ré agus gur measúnú dearfach a bheidh ann.
(3)Tacóidh sé leis na critéir fheabhsaithe maidir leis na hiarrthóirí don phost mar Cheann na Rúnaíochta a roghnú; mar sin féin, ba cheart don Aontas a iarraidh go ndéanfaí gnéithe a bhaineann leis an bPrótacal a ghabhann le FCTC a chur leis na critéir roghnúcháin. Go háirithe, ba cheart cúlra láidir, eolas agus taithí shubstainteach sa chomhrac in aghaidh na trádála aindleathaí a chur san áireamh i gcritéir dhoiciméadacha 1, agus ba cheart taithí sa chomhrac in aghaidh na trádála aindleathaí agus naisc láidre leis an bpobal frithchalaoise idirnáisiúnta a chur san áireamh i gcritéir dhoiciméadacha 2.
* * *