|
5.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 391/1 |
CINNEADH (AE) 2021/1920 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Meitheamh 2021
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le haeriompar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stát Chatar, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Meitheamh 2016, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Stát Chatar le haghaidh comhaontú maidir le haeriompar. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil le hinisiliú an Chomhaontaithe maidir le haeriompar idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Stát Chatar, den pháirt eile (“an Comhaontú”) an 4 Márta 2019. |
|
(2) |
Ní dhéanann síniú an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais agus a chur i bhfeidhm sealadach difear do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit. Níor cheart an Cinneadh seo a léiriú mar chinneadh lena n-úsáidtear an fhéidearthacht atá ag an Aontas a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú i ndáil le réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú a thagann faoi inniúlacht roinnte a mhéid nár fheidhmigh an tAontas inniúlacht den sórt sin go hinmheánach go fóill. |
|
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach go dtí go ndéanfar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm a thabhairt chun críche, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú maidir le haeriompar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stát Chatar, den pháirt eile, a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (1).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 29(3) de, go dtí go ndéanfar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm a thabhairt chun críche.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. do Céu ANTUNES
(1) Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo.