An Bhruiséil,15.7.2020

SWD(2020) 130 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

Imghabháil cánach agus calaois chánach – comhar níos fearr idir údaráis náisiúnta chánach maidir le malartú faisnéise



a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

{COM(2020) 314 final} - {SEC(2020) 271 final} - {SWD(2020) 129 final} - {SWD(2020) 131 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar imghabháil cánach agus ar chalaois chánach – comhar níos fearr idir údaráis náisiúnta chánach maidir le malartú faisnéise

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Is iad seo a leanas na fadhbanna a) tuairisciú teoranta ar airgead a thuilltear trí ardáin dhigiteacha; b) neamhéifeachtúlachtaí maidir le comhar idir na córais riaracháin chánach. De réir mar a mhéadaíonn an geilleagar digiteach agus ós rud é go bhfuiltear ag ceapadh go dtiocfaidh fás air sna blianta atá le teacht, táthar ag ceapadh go n-éireoidh na fadhbanna níos measa in éagmais idirghabháil an Aontais. Léiríodh sa mheastóireacht ar an Treoir maidir le Comhar Riaracháin go bhfuil an creat láidir go ginearálta ach nach bhfuil an leas céanna á bhaint as na huirlisí ag na Ballstáit uile. Trí shoiléirithe a sholáthar maidir le gnéithe spriocdhírithe comhair riaracháin (sainmhíniú ar ábharthacht intuartha, iniúchtaí comhpháirteacha, iarrataí ó ghrúpaí), meastar go gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht comhair riaracháin. Maidir le cineál digiteach domhanda gheilleagar an Ardáin Dhigitigh chomh maith le hioncam ilroinnte a shaothraítear trí ardáin éagsúla agus difríochtaí maidir le ceanglais tuairiscithe ó thír go tír, is dúshláin iad maidir le tuairisciú cuí airgead a thuilltear trí ardáin dhigiteacha. Measann na Ballstáit go mbíonn tuairisciú teoranta ann go measartha rialta. Cur chun feidhme éagsúil agus úsáid éagsúil faisnéise is cúis le comhar neamhéifeachtúil. Is iad na hardáin dhigiteacha agus na córais riaracháin chánach na páirtithe leasmhara is mó a ndéantar difear dóibh.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is iad na príomhchuspóirí atá le feidhmiú cothrom comhsheasmhach an mhargaidh inmheánaigh agus ioncaim na mBallstát agus an Aontais a chosaint. Táthar ag ceapadh go bhféadfadh breis agus €30 billiún ioncam cánach breise a bheith san Aontas go foriomlán faoi 2025 mar gheall ar an idirghabháil.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

Ní chuirtear réiteach éifeachtúil éifeachtach le bearta na mBallstát ar na fadhbanna trasteorann: cumasaíonn ardáin dhigiteacha díol agus ceannach earraí agus seirbhísí ar an idirlíon gan beann ar theorannacha ná ar dhlínsí, fágann sin go bhféadfadh díoltóirí ioncam a thuilleadh ó “gach áit” seachas a dtír chónaithe chun críoch cánach. Éilítear réitigh thrasnáisiúnta ar neamhéifeachtúlachtaí comhair riaracháin nó is gá comhar trasteorann a bheith ann chun go mbeidh sé éifeachtach.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Rinneadh na roghanna seo a leanas a bhreithniú: a) treoirlínte neamhreachtacha; b) idirghabháil reachtach ina bhfuil foroghanna ann i dtéarmaí gníomhaíochtaí, oibreoirí ardán agus díoltóirí faoin raon feidhme; c) idirghabháil reachtach chun comhar riaracháin a neartú. Is rogha thosaíochta é idirghabháil reachtach chun comhair riaracháin a neartú agus gach ardán agus díoltóir a chumhdach chun na torthaí is leithne a áirithiú maidir le comhlíonadh cánach agus cothroime iomaíochta.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

Tá curtha in iúl ag formhór na mBallstát go dtacaíonn siad leis an rogha thosaíochta. Aontaíodh i gcomhairliúchán spriocdhírithe na n-oibreoirí ardán gur fearr idirghabháil reachtach a dhéanamh ach gan ach an saobhadh is lú agus is féidir a bheith ann i measc oibreoirí ardán.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Táthar ag ceapadh go mbainfidh leasanna eacnamaíocha díreacha suntasacha leis an idirghabháil. Beidh tionchar dearfach ag an idirghabháil ar bhailiú cánach, meastar go mbeidh ioncaim cánach breise circa €30 billiún ann (meastachán níos airde). Leis an ioncam sin féadfar na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha agus shóisialta a chistiú. Táthar ag ceapadh go gcothóidh an tionscnamh cothroime iomaíochta d'oibreoirí ardán agus dóibh siúd a úsáideann ardáin chun a gcuid earraí agus/nó seirbhísí a dhíol. Rannchuideoidh an idirghabháil freisin le tuilleadh cothroime agus muinín níos fearr sa chóras cánach, agus beidh an t-ualach á chomhroinnt go cóir idir cháiníocóirí.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

De réir mar is amhlaidh i gcás ceanglais tuairiscithe roimhe seo, féadfar a mheas gur circa €200 milliún an costas forbartha aon uaire agus suas le €30 milliún na costais athfhillteacha do chórais riaracháin chánach. Meastar gur €875 milliún an costas foriomlán aon uaire agus circa €100 milliún na costais athfhillteacha d'ardáin. Déantar na costais a mheas le haghaidh gach ardán agus ar an meán, meastar gur na mílte euro an costas in aghaidh an ardáin (costais athfhillteacha). Mar sin féin tá na meastacháin sin bunaithe ar thoimhdí agus ar eachtarshuímh agus ba cheart iad a úsáid go cúramach.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Meastar go mbeidh tionchar ag an idirghabháil ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide mar go gcumhdófar gach ardán digiteach agus díoltóir faoin tionscnamh gan beann ar a méid. Cé go mbeidh costais chomhlíontachta ag baint leis an tionscnamh, d'fhéadfadh sé a bheith níos fabhraí do FBManna ná an meascán de cheanglais tuairiscithe atá ann faoi láthair ar fud an Aontais. Ba cheart go bhfágfaidh an tionscnamh cothroime iomaíochta idir ghníomhaithe a rachaidh chun tairbhe na bhfiontar beag agus meánmhéide.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Maidir leis na costais bhreise do riarthóirí cánach maidir le forbairt córas TF chun tuairisciú, stóráil agus úsáid faisnéise a chumasú, meastar na costais sin a bheith circa €200 milliún do 27 gcóras riaracháin cánach an Aontais maidir le costais aon uaire agus a bheith suas le €30 milliún maidir le costais athfhillteacha. Meastar gur na billiúin euro breise i dtéarmaí ioncam cánach breise an buntáiste do bhuiséid náisiúnta (meastachán níos airde: circa €30 billiún).

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?  

Comhlíonfaidh an idirghabháil an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus dá bhrí sin ní bheidh tionchar diúltach ag an idirghabháil ar an gceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar faireachán ar an idirghabháil trí fhaisnéis a bhailítear trí shuirbhéanna bliantúla agus plé bliantúil le córais riaracháin chánach. Déanfar measúnú níos cuimsithí in 2023, nuair a bheidh tuarascáil le cur i láthair ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na Treorach maidir le comhar riaracháin i réimse na cánach dírí.