AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.5.2023
COM(2023) 625 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Náisiúnta na Slóvaice um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Slóvaice don bhliain 2023
{SWD(2023) 625 final}
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Náisiúnta na Slóvaice um Athchóiriú don bhliain 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Slóvaice don bhliain 2023
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal agus 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú agus go háirithe Airteagal 5(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Rinneadh an ranníocaíocht airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.
(2)An 22 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2023 don Fhás Inbhuanaithe, rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2023 le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 23 Márta 2023, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tsuirbhé, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 22 Samhain 2022, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh inar shainaithin sé go bhfuil an tSlóvaic ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na Slóvaice don bhliain 2023. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2023 ar Fhostaíocht ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 13 Márta 2023.
(3)Cé go bhfuil athléimneacht shuntasach á léiriú ag geilleagair an Aontais, tá drochthionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil orthu fós. Agus an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin, tá clár oibre beartais eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais dírithe sa ghearrthéarma ar dhrochthionchar na suaití fuinnimh a laghdú, i gcás teaghlaigh leochaileacha agus cuideachtaí leochaileacha araon, agus ar iarrachtaí a choinneáil ar bun chun an t‑aistriú glas agus digiteach a bhaint amach sa mheántéarma, sin agus tacaíocht a tabhairt don fhás inbhuanaithe cuimsitheach, an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chosaint agus an athléimneacht a mhéadú. Tá sé dírithe go láidir freisin ar iomaíochas agus táirgiúlacht an Aontais a mhéadú.
(4)An 1 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach’ chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasachta an Aontais agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht. Is comhlánú é an plean ar na hiarrachtaí atá ar siúl faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi REPowerEU. Is é is aidhm dó timpeallacht níos tacúla a sholáthar i ndáil le hacmhainneacht monaraíochta an Aontais a mhéadú i dtaca leis na teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus leis na táirgí glan-nialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais a bhaint amach, agus i ndáil le rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla ábhartha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an bhfoinsiú a éagsúlú, trí shaothrú cuí a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha sna Ballstáit agus trí athchúrsáil na n‑amhábhar a uasmhéadú. Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe: timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rochtain ar mhaoiniú a bhrostú, scileanna a fheabhsú, agus trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha. An 16 Márta 2023, d’eisigh an Coimisiún freisin an Teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, teachtaireacht a leagadh amach de réir naoi spreagadh a threisíonn a chéile ar mhaithe le hoibriú i dtreo creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás. Sa Teachtaireacht, leagtar amach tosaíochtaí beartais arb é is aidhm dóibh feabhsuithe struchtúracha, infheistíochtaí dea-dhírithe agus bearta rialála a áirithiú le haghaidh iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Cuidíonn na moltaí thíos ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin.
(5)In 2023, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar iomlán na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar fhothacar nach beag díobh. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2022 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n‑athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.
(6)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023 deireadh a chur go tapa le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil fuinnimh agus le héagsúlacht sholáthar fuinnimh an Aontais, agus an tráth céanna, méadóidh sé acmhainneachtaí stórála, an éifeachtúlacht fuinnimh, agus glacadh na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh. Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Ina theannta sin, cuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí céanna ó thaobh borradh a chur faoi iomaíochas thionscal glan-nialasachta an Aontais mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na Glan-Nialasachta, agus rachaidh siad i ngleic leis na moltaí tírshonracha a bhaineann le fuinneamh arna n‑eisiúint chuig na Ballstáit in 2022 agus, i gcás inarb infheidhme, in 2023. Le Rialachán REPowerEU, tugtar isteach catagóir nua de thacaíocht airgeadais neamh-in-aisíoctha, atá á cur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí nua a bhaineann le fuinneamh a mhaoiniú faoina bplean téarnaimh agus athléimneachta.
(7)An 8 Márta 2023 ghlac an Coimisiún teachtaireacht lena soláthraítear treoraíocht maidir leis an mbeartas fioscach don bhliain 2024. Is é is aidhm di tacú le hullmhú chláir na mBallstáit um chobhsaíocht agus um chóineasú, agus an comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. Thug an Coimisiún chun cuimhne go ndéanfar clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. D’éiligh an Coimisiún go mbeadh beartais fhioscacha ann in 2023-2024 a d’áiritheodh an inbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma agus a mhéadódh an acmhainneacht fáis ar bhealach inbhuanaithe chomh maith. Iarradh ar na Ballstáit a leagan amach ina gclár um chobhsaíocht agus um chóineasú don bhliain 2023 conas a áiritheoidh a bplean fioscach go n‑urramófar luach tagartha an easnaimh, is é sin 3 % de OTI, chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach an fhiachais, sin nó conas a choinneofar an fiachas ar leibhéal stuama sa mheántéarma. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le beartais fhioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh, agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh. Thug sé le fios gur cheart do na Ballstáit, dá mba rud é gur ghá síneadh a chur le bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú a bheith ann an athuair ó thaobh praghsanna fuinnimh de, gur cheart dóibh na bearta sin a spriocdhíriú ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí moltaí fioscacha a chainníochtú agus a dhifreáil, agus go ndéanfaí iad a fhoirmliú ar bhonn an ghlanchaiteachais phríomhúil, mar a mholtar ina Theachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Mhol sé gur cheart do na Ballstáit uile leanúint ar aghaidh ag cosaint na hinfheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta agus a áirithiú go n‑úsáidfear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile an Aontais go héifeachtach, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na gcuspóirí athléimneachta. Thug an Coimisiún le fios go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnamh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair.
(8)An 26 Aibreán 2023 chuir an Coimisiún tograí reachtacha i láthair maidir le hathchóiriú cuimsitheach ar rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme. Is é is príomhchuspóir do na tograí sin inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile trí athchóirithe agus trí infheistíocht. Cé go dtugann na tograí níos mó smachta do na Ballstáit ar dhearadh a bpleananna meántéarmacha, cuirtear córas forfheidhmiúcháin níos déine i bhfeidhm leo freisin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na gealltanais a thugann siad ina bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha. Is é an cuspóir atá ann an obair reachtach a thabhairt i gcrích in 2023.
(9)An 29 Aibreán 2021 chuir an tSlóvaic a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 13 Iúil 2021 ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Slóvaice. Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an tSlóvaic. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin. An 26 Aibreán 2023 chuir an tSlóvaic plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe, lena n‑áirítear caibidil maidir le REPowerEU, faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 21c de Rialachán (AE) 2021/241. Sa phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe cuirtear an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe san áireamh freisin i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/241, agus áirítear ann iarraidh réasúnaithe ar an gCoimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2021/241, ós rud é gur mheas an tSlóvaic nach bhféadfadh sí cuid den phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach mar gheall ar imthosca oibiachtúla.
(10)An 27 Aibreán 2023, chuir an tSlóvaic isteach a Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 agus, an 27 Aibreán 2023, a Clár Cobhsaíochta don bhliain 2023 i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú don bhliain 2023 ar thuairisciú leathbhliantúil na Slóvaice maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.
(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2023 maidir leis an tSlóvaic an 24 Bealtaine 2023. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Slóvaice ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2022, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Slóvaice. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Slóvaice ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
(12)Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir leis an tSlóvaic agus d’fhoilsigh sé a chuid conclúidí an 24 Bealtaine 2023. Tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa tSlóvaic. Go háirithe, tá méadú ag teacht ar leochaileachtaí a bhaineann le hiomaíochas, tithíocht, fiachas teaghlaigh agus cothromaíocht sheachtrach, ach ar an iomlán is cosúil go bhfuil siad faoi smacht go dtí go luath amach anseo agus tá coinne leis go laghdófar iad de réir mar a ndéanfar na dálaí eacnamaíocha a normalú. Bhí tionchar mór ag suaitheadh praghsanna fuinnimh ar an ngeilleagar agus tháinig méadú tapa ar an mboilsciú. Tá an croí-bhoilsciú agus an fás ar chostais aonaid saothair i bhfad os cionn mheán an limistéir euro. Cé go bhfuil sé tuartha go ndéanfar iad a normalú, tá an baol ann go mbeidh moill ann sula dtiocfaidh laghdú ar an mbrú ar iomaíochas costais, agus go mbeidh brú á chur go fóill ar chuntais sheachtracha ón éileamh láidir intíre. Tháinig meath suntasach ar an gcuntas reatha in 2022 mar gheall ar phraghsanna allmhairiúcháin fuinnimh níos airde chomh maith le titim shuntasach i nglan-onnmhairí earraí neamhfhuinnimh. Tuartar go dtiocfaidh feabhas éadrom ar an easnamh sa chuntas reatha ach go bhfanfaidh sé mór in 2023 agus 2024, in ainneoin na praghsanna fuinnimh a bheith ag titim. Mar sin féin, meastar go bhfuil rioscaí inbhuanaitheachta seachtracha teoranta sa ghearrthéarma. Tuartar go mbeidh easnaimh rialtais suntasach i mbliana agus ina dhiaidh sin agus go mbeidh siad ceartaithe ó 2024 ar aghaidh. Is cosúil go bhfuil praghsanna tithe ró-luacháilte tar éis roinnt blianta d’fhás nach beag. Tharla sé sin taobh le hardiasachtaíocht a bhfuil ag dul i laghad anois, agus méadú mór ar fhiachas teaghlaigh, gnéithe a chruthaíonn riosca éigin do chobhsaíocht airgeadais in éineacht lena chéile. Mar sin féin, tá earnáil na baincéireachta fós dea-chaipitlithe, an-bhrabúsach agus ag taifeadadh ráta íseal iasachtaí neamhthuillmheacha. Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun dul i ngleic le leochaileachtaí eacnamaíocha na Slóvaice. Go háirithe, ba cheart an ró-éileamh a srianadh chun tacú le ceartú an easnaimh sa chuntas reatha agus ceartú an difreálaigh croí-bhoilscithe vis-à-vis an chuid eile den limistéar euro. Is féidir é sin a bhaint amach trí chomhdhlúthú fioscach leordhóthanach agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar fhiachas teaghlaigh a áirithiú, agus inacmhainneacht tithíochta a choinneáil an tráth céanna trí chánachas maoine agus trí bhearta lena dtacaítear leis an soláthar tithíochta.
(13)Ar bhonn sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta na Slóvaice ó 5.4 % de OTI in 2021 go 2.0 % in 2022, agus thit an t‑ollfhiachas rialtais ó 61.0 % de OTI ag deireadh 2021 go 57.8 % ag deireadh 2022. An 24 Bealtaine 2023 d’eisigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE; rinneadh plé sa tuarascáil sin ar staid bhuiséadach na Slóvaice, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go sáróidh a heasnamh rialtais ghinearálta 3 % de OTI in 2023. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh an critéar easnaimh. I gcomhréir leis an Teachtaireacht an 8 Márta 2023, níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua um easnamh iomarcach a thionscnamh in earrach na bliana 2023; dá réir sin, dhearbhaigh an Coimisiún go molfadh sé don Chomhairle tús a chur, in earrach na bliana 2024, leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnamh, ar bhonn na sonraí olltoraidh maidir le 2023. Ba cheart don tSlóvaic é sin a chur san áireamh i gcur chun feidhme bhuiséad 2023 agus nuair atá an Dréachtphlean Buiséadach do 2024 á ullmhú aici.
(14)Na bearta beartais fhioscaigh a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, bhí tionchar ag na bearta sin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta. In 2022, áiríodh ar na bearta méadaithe caiteachais sin sochair do na teaghlaigh is neamhchosanta ar bhoilsciú ard, méadú aonuaire ar an liúntas leanaí, íocaíocht aonuaire den ‘14ú pinsean’, bónas aonuaire arna íoc le gach fostaí san earnáil phoiblí, agus praghsanna leictreachais agus gáis caidhpeáilte do chuideachtaí neamhrialáilte. Rinneadh costas na mbeart sin a fhritháireamh go páirteach le cánacha nua ar bhrabúis amhantair na dtáirgeoirí agus na soláthróirí fuinnimh, is é sin an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta arna soláthar de réir rialachán an Aontais. Measann an Coimisiún gurb é atá i nglanchostas buiséadach na mbeart sin 0.2 % de OTI in 2022. Ina theannta sin, bhí tionchar ag costas buiséadach na cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe as an Úcráin ar an gcomhardú rialtais ghinearálta, agus meastar gur 0.1 % de OTI a bhí i gceist leis an gcostas sin in 2022. An tráth céanna thit costas measta bhearta éigeandála sealadacha COVID-19 go 0.8 % de OTI in 2022, ó 3.2 % in 2021.
(15)An 18 Meitheamh 2021 mhol an Chomhairle go gcoinneodh an tSlóvaic staid fhioscach thacúil fós in 2022, lena n‑áirítear an staid ón spreagadh a soláthraíodh leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta.
(16)De réir na meastachán ón gCoimisiún, bhí an staid fhioscach crapthach in 2022, ag 1.3 % de OTI, rud a bhí iomchuí i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Mar a mhol an Chomhairle, lean an tSlóvaic de thacaíocht a thabhairt don téarnamh le hinfheistíochtaí a bheidh le maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais 1.2 % de OTI in 2022 (1.3 % de OTI in 2021). An laghdú ar chaiteachas arna mhaoiniú le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais in 2022, tharla an laghdú sin mar gheall ar ionsú íseal chistí struchtúracha an Aontais agus mar gheall ar an gcaiteachais réadaithe ó dheontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a bheith curtha siar. Le hinfheistíocht arna maoiniú go náisiúnta soláthraíodh ranníocaíocht fairsingiúcháin 0.2 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, chaomhnaigh an tSlóvaic infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, leis an méadú ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) soláthraíodh ranníocaíocht chrapthach de 1.3 pointe céatadáin don staid fhioscach. Dá bhrí sin, bhí smacht leordhóthanach ag an tSlóvaic ar an méadú ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta.
(17)Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha sa Chlár Cobhsaíochta réadúil in 2023 agus ina dhiaidh sin. Tá sé tuartha ag an rialtas go dtiocfaidh méadú 1.3 % ar an bhfíor-OTI in 2023 agus go dtiocfaidh méadú 1.8 % air in 2024. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún go dtiocfaidh méadú níos airde, 1.7 %, ar an bhfíor-OTI in 2023 agus go dtiocfaí méadú 2.1 % air in 2024, go príomha mar gheall ar théarnamh níos tapúla ná mar a bhí coinne leis ar onnmhairí ós rud é go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh deireadh leis scrogaill sa slabhra soláthair agus go dtiocfaidh feabhas ar ionchas eacnamaíoch phríomhcheann scríbe onnmhairiúcháin na Slóvaice.
(18)Ina Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023, tá coinne ag an rialtas go dtiocfaidh méadú ar chóimheas an easnaimh rialtais ghinearálta go 6.3 % de OTI in 2023. An méadú in 2023, is léiriú é go príomha ar na bearta a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, chomh maith le bearta eile amhail an bónas cánach agus liúntais leanaí a mhéadú, agus bónas tuismitheora a thabhairt isteach. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais-OTI ó 57.8 % ag deireadh 2022 go 58.7 % ag deireadh 2023. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún tuartar go mbeidh easnamh rialtais 6.1 % de OTI ann don bhliain 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an easnamh atá tuartha sa Chlár Cobhsaíochta. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtais–OTI comhchosúil ann, is é sin 58.3 % ag deireadh 2023.
(19)Maidir leis na bearta fioscacha a glacadh chun an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bheidh ag an méadú ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú, meastar go mbeidh tionchar leanúnach acu ar chomhardú an rialtais in 2023. Is éard atá iontu bearta ar cuireadh síneadh leo ó 2022, go háirithe caidhp ar phraghsanna leictreachais agus gáis do chuideachtaí neamhrialáilte, agus bearta nua amhail caidhp ar phraghsanna leictreachais, gáis agus soláthairtí téimh do theaghlaigh agus do chuideachtaí (beaga) rialáilte. Déantar costas na mbeart sin a fhritháireamh go páirteach le cánacha ar bhrabúis amhantair na soláthraithe fuinnimh, is é sin an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a bhaineann le rialachán an Aontais, an tobhach speisialta do chuideachtaí tógála um bainistiú uisce, agus an chaidhp ar ioncam do tháirgeoirí leictreachais a bhfuil brabúis iomarcacha acu. Agus an t‑ioncam sin á chur san áireamh, tá sé tuartha i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh glanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta ag 2.0 % de OTI in 2023. De réir dealraimh, níl formhór na mbeart in 2023 dírithe ar na teaghlaigh ná ar na gnólachtaí is leochailí, ná ní chaomhnaíonn siad an comhartha praghais go hiomlán chun an t‑éileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh air sin, níl aon bheart tacaíochta spriocdhírithe le cur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh an mholta do 2023 (i gcomparáid le 0.2 % de OTI in 2022). Tuartar go dtiocfaidh laghdú 0.1 pointe céatadáin de OTI ar chostas buiséadach na cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe ón Úcráin, i gcomparáid le 2022. Ar deireadh, tá coinne leis go mbainfidh comhardú rialtais 2023 tairbhe as deireadh a chur de réir a chéile le bearta éigeandála sealadacha COVID-19 arb iad 0.8 % de OTI.
(20)An 12 Iúil 2022 mhol an Chomhairle go ndéanfadh an tSlóvaic gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023, agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart don tSlóvaic a bheith réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag teacht chun cinn. Moladh don tSlóvaic freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais.
(21)In 2023, tá sé tuartha i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún go mbeidh an staid fhioscach fairsingthe (- 6.2 % de OTI) i gcomhthéacs ráta ard boilscithe. Tagann sé sin i ndiaidh staid fhioscach chrapthach a bheith ann in 2022 (1.3 % de OTI). Tuartar go soláthróidh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023 ranníocaíocht fairsingiúcháin de 4.4 % de OTI don staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta spriocdhírithe ar na teaghlaigh agus ar na gnólachtaí is leochailí i dtaobh ardú praghsanna fuinnimh faoi 0.2 % de OTI. Áirítear leis sin freisin costais níos ísle chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI). Dá bhrí sin, níl rannchuidiú fairsingiúcháin an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar an tacaíocht spriocdhírithe a thugtar do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Bearta fuinnimh neamhspriocdhírithe, méaduithe pá buana do ghairmithe cúraim sláinte, agus laghdú ar rátaí CBL ar na hearnálacha bia agus fóillíochta is cúis leis an bhfás fairsingiúcháin ar chaiteachas príomhúil reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Ar an iomlán, maidir le fás réamh-mheasta an chaiteachais phríomhúil reatha arna mhaoiniú go náisiúnta, níl an fás sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle.
Tuartar gurb é 2.8 % de OTI in 2023 a bheidh sa chaiteachas arna mhaoiniú le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais, agus tuartar go soláthróidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht fairsingiúcháin 0.1 pointe céatadáin don staid fhioscach. Tá sé beartaithe ag an tSlóvaic infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus tá sé beartaithe aici an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aige infheistíocht phoiblí a mhaoiniú le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail an Straitéis Náisiúnta um Thaighde, Forbairt agus Nuálaíocht, arb é is aidhm di solúbthacht a mhéadú agus an t‑am a bhaineann le seirbhísí a cheannach a ghiorrú agus raon níos leithne soláthróirí a bheith i gceist, lena n‑áirítear cuideachtaí beaga agus meánmhéide.
(22)De réir an Chláir Cobhsaíochta tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 4.7 % de OTI in 2024. Léirítear sa laghdú in 2024 an deireadh a cuireadh de réir a chéile leis na bearta a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. Leis an gclár, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais-OTI go 59.3 % ag deireadh 2024. Ar bhonn bearta beartais a bhí ar eolas ar scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún easnamh rialtais de 4.8 % den OTI in 2024. Tá sé sin beagán níos airde ná an easnamh atá tuartha sa chlár. I réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas ollfhiachais rialtais-OTI comhchosúil ann, is é sin 58.7 % ag deireadh 2024.
(23)Beartaítear leis an gClár Cobhsaíochta deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh uile de réir a chéile in 2024. Glacann an Coimisiún leis freisin go gcuirfear deireadh go hiomlán de réir a chéile le bearta tacaíochta fuinnimh in 2024. Braitheann sé sin ar an toimhde nach dtiocfaidh aon mhéadú nua ar phraghsanna fuinnimh.
(24)Le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle iarrtar go ndéanfaí feabhas bliantúil ar chomhardú struchtúrach an bhuiséid i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh 0.5 % den OTI mar thagarmharc. Agus gnéithe inbhuanaitheachta fioscaí á gcur san áireamh mar aon leis an ngá atá leis an easnamh a laghdú faoi bhun an luacha tagartha de 3 % de OTI, bheadh sé iomchuí feabhas de 0.7 % de OTI ar a laghad a chur ar an gcomhardú struchtúrach do 2024. Chun feabhas den sórt sin a áirithiú, níor cheart go rachadh an fás ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024 thar 5.7 %, mar a léirítear sa mholadh seo. Cuideoidh sé sin freisin leis an gcroí-bhoilsciú a laghdú, ar chroí-bhoilsciú é atá go mór os cionn mheán an limistéir euro, agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le caillteanais iomaíochais dá mbeadh sé leanúnach, agus cuirfidh sé le neartú an tseasaimh sheachtraigh.
An tráth céanna, ba cheart deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá fágtha (a mheasann an Coimisiún faoi láthair ag 2 % de OTI in 2023 iad) de réir a chéile ar choinníoll go dtiocfaidh forbairtí sa mhargadh fuinnimh agus deireadh a chur ar dtús leis na beartais is lú a spriocdhíríodh, agus ba cheart an coigilteas gaolmhar a úsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Ar bhonn meastacháin ón gCoimisiún, bheadh fás ar ghlanchaiteachas príomhúil faoi bhun an uasráta fáis a moladh do 2024 mar thoradh air sin.
Ina theannta sin, de réir réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún, níl fás réamh-mheasta an ghlanchaiteachais phríomhúil reatha arna mhaoiniú go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá ndeimhneofaí sin, bheadh fás níos ísle i nglanchaiteachas príomhúil in 2024 iomchuí.
(25)Má ghlactar leis nach bhfuil aon athrú ar na beartais, sa réamhaisnéis an earraigh 2023 ón gCoimisiún tuartar maidir le glanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta go bhfásfaidh sé 2.5 % in 2024, ráta atá faoi bhun an ráta fáis a mholtar. Tá an coigeartú atá tuartha sa réamhaisnéis ón gCoimisiún níos lú ná an coigilteas ó dheireadh iomlán a bheith á chur le bearta tacaíochta fuinnimh, mar gheall ar bhearta caiteachais buana amhail pá níos airde d’fhostaithe poiblí, an pacáiste teaghlaigh lena n‑áirítear bónas cánach agus liúntais leanaí mhéadaithe, chomh maith le bónas tuismitheora a thabhairt isteach faoin athchóiriú pinsin.
(26)De réir an chláir, tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú ar an infheistíocht ón rialtas ó 5.1 % de OTI in 2023 go 4.0 % de OTI in 2024. Is léiriú an infheistíocht níos ísle ar infheistíocht níos ísle arna maoiniú ag an Aontas, is é sin trí na Cistí Struchtúracha. Tagraíonn an clár d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí, ar nithe iad a bhfuil coinne leis go rannchuideoidh siad le hinbhuanaitheacht fhioscach agus le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Áirítear orthu sin athchóiriú a formheasadh le déanaí lena dtugtar isteach uasteorainneacha caiteachais agus athchóiriú pinsean, gnéithe atá mar chuid den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta freisin.
(27)Leagtar amach sa Chlár Cobhsaíochta conair fhioscach mheántéarmach go dtí 2026. De réir an chláir, tá sé tuartha i spriocanna an rialtais go sroichfidh an t‑easnamh 3.2 % de OTI in 2025 agus 2.2 % den OTI in 2026. Tá coinne leis, dá bhrí sin, go dtitfidh an t‑easnamh rialtais faoi bhun an luacha tagartha 3 % in 2026.
(28)Feictear go bhféadfaí athchóiriú a dhéanamh ar chóras cánach na Slóvaice chun borradh a chur faoin éifeachtúlacht eacnamaíoch, chun inbhuanaitheacht chomhshaoil agus fhioscach a chur chun cinn agus chun cothroime a fheabhsú. Tá an muirear cánach saothair an-ard do dhaoine atá ag tuilleamh ioncaim íseal i gcomparáid le tíortha eile san Aontas. I gcodarsnacht leis sin, ní bhaintear lánacmhainneacht as cánachas comhshaoil agus réadmhaoine. Dá n‑athrófaí an meascán cánach, d’fhéadfaí tacú leis an bhfás agus d’fhéadfaí an t‑aistriú glas agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil a spreagadh freisin. In ainneoin déine ard fuinnimh an gheilleagair, b’ionann an t‑ioncam ó chánacha comhshaoil agus 2.5 % in 2021, gar do mheán an Aontais. Le muirir chomhshaoil a bhaineann le bainistiú dramhaíola agus truailliú aeir, ní dhéantar úsáid éifeachtúil acmhainní a chur chun cinn go leordhóthanach agus ní laghdaítear costais don chomhshaol agus don tsochaí leo. Ní dhéantar cánacha agus muirir chomhshaoil a innéacsú, agus laghdaíonn sé sin an t‑ioncam glas le himeacht ama. Ní léirítear déine astaíochtaí go leordhóthanach sna cánacha ar bhóithre agus sna táillí cláraithe feithiclí. Ar an iomlán, níl ach 0.58 % den ioncam cánach iomlán ó chánachas iompair (1 % an meán san Aontas). Maidir le cánachas réadmhaoine, bhí an t‑ioncam ó chánacha athfhillteacha ar mhaoin sách íseal in 2021 (0.5 % de OTI i gcomparáid leis an meán 1.2 % san Aontas). Níl dóthain sonraí ag an tSlóvaic faoi láthair chun go mbeifí in ann an bonn cánach maoine a thabhairt cothrom le dáta agus a innéacsú i gcomhréir le luachanna margaidh, cé go bhféadfaí an t‑éileamh láidir leanúnach ar thithíocht agus an fás láidir gaolmhar ar phraghsanna tithe a shrianadh i bpáirt leis an mbeart sin. Ina theannta sin, le hiarrachtaí breise maidir le cánacha a shimpliú agus comhlíonadh cánach a fheabhsú d’fhéadfaí an t‑ioncam poiblí a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, tacú le hinbhuanaitheacht fhioscach agus feabhas a chur ar chothroime. In 2020, lean an bhearna comhlíonta cánach CBL sa tSlóvaic lena treocht anuas. Thit sé ó 15 % in 2019 go 13.9 % den ioncam réamh-mheasta iomlán CBL in 2020 ach tá sé fós os cionn an mheáin san Aontais (9.1 %). Le tuilleadh feabhsuithe ar an riarachán cánach, lena n‑áirítear ríomhshonrascadh, tuairisceáin chánach réamhlíonta agus tuilleadh digitithe, d’fhéadfaí cabhrú leis na sceití sa chóras cánach a laghdú tuilleadh.
(29)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Go dtí seo, tá cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Slóvaice faoi lán seoil, ach tá roinnt dúshlán le sárú aici amach anseo. Chuir an tSlóvaic dhá iarraidh ar íocaíocht isteach, ar iarrataí iad a chomhfhreagraíonn do 30 garsprioc agus sprioc atá sa phlean agus íocadh amach EUR 1.11 billiún san iomlán mar thoradh ar na hiarrataí sin. Bhí an tSlóvaic i measc na mBallstát leis an dul chun cinn is tapúla i gcur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, ach i ngeall ar scrogaill acmhainní riaracháin, mar aon leis an ngá atá ann tús a chur leis an obair ar bhearta breise den chaibidil REPowerEU a chur an tSlóvaic isteach an 26 Aibreán 2023 mar chuid dá hathbhreithniú ar an bplean, iarrtar go ndíreofaí ar an gcur chun feidhme a neartú. Trí chaibidil nua REPowerEU a thabhairt isteach go tapa i bplean athléimneachta agus téarnaimh, féadfar athchóirithe agus infheistíochtaí breise a mhaoiniú chun tacú le cuspóirí straitéiseacha na Slóvaice i réimse an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais. Ar mhaithe leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, sin agus bearta eacnamaíocha agus fostaíochta eile taobh amuigh den phlean, tá sé tábhachtach i gcónaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach ar bhonn córasach agus éifeachtach, chun a áirithiú go bhfuil freagracht i leith an chláir oibre beartais fhoriomláin roinnte go forleathan.
(30)D’fhormheas an Coimisiún doiciméid chlársceidealaithe uile na Slóvaice maidir leis an mbeartas comhtháthaithe in 2022. Tá sé ríthabhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t‑aistriú glas agus digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa tSlóvaic.
(31)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshláin bhreise le sárú ag an tSlóvaic i ndáil le fuinneamh agus leis an aistriú glas.
(32)Le blianta beaga anuas, tá stop tagtha den chuid is mó leis an dul chun cinn atá déanta ag an tSlóvaic maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá an tír fós ina geilleagar atá dian ar fhuinneamh ó thaobh struchtúir de agus atá ag brath go mór ar allmhairí breoslaí iontaise. Bhí déine fuinnimh phríomhúil na Slóvaice cothrom le thart ar 80 % os cionn mheán an Aontais in 2020, agus tháinig méadú 13.5 % ar a tomhaltas deiridh fuinnimh idir 2015 agus 2021. Rinne an tSlóvaic roinnt dul chun cinn maidir le héagsúlú allmhairiúcháin fuinnimh in 2022, ach níor cuireadh bearta coigilte gáis chun feidhme go leordhóthanach. Tháinig laghdú 1 % ar thomhaltas gáis nádúrtha na Slóvaice sa tréimhse idir Lúnasa 2022 agus Márta 2023, i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse céanna sna 5 bliana roimhe sin, go mór faoi bhun an sprioc laghdaithe 15 %. Moltar don tSlóvaic feabhas a chur ar iarrachtaí chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú go sealadach go dtí an 31 Márta 2024. Tá sciar na n‑allmhairí gáis nádúrtha ón Rúis laghdaithe ó 85 % go dtí thart ar 50 % ó shamhradh 2022. Cé gur tháinig méadú nach beag ar an acmhainneacht atá ar fáil chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a nascadh leis an eangach sa tSlóvaic de bharr na n‑athchóirithe a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, níor úsáideadh ach sciar beag den acmhainneacht shaor chun suiteálacha nua in-athnuaite a nascadh. Dá mbeifí níos gasta ag glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, chuideodh sé sin spleáchas na Slóvaice ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis a laghdú agus d’ísleofaí baol na bochtaineachta fuinnimh tráth a bhfuil na praghsanna fuinnimh luaineach. B’ionann an acmhainn charnach suiteáilte d’fhuinneamh gréine agus gaoithe agus thart ar 7 % den acmhainn iomlán suiteáilte in 2022, an dara leibhéal is ísle san Aontas.
(33)D’achtaigh an tSlóvaic athchóirithe i réimse dhearadh an mhargaidh agus i réimse na tacaíochta d’fhoinsí in-athnuaite in 2022 mar chuid dá plean téarnaimh agus athléimneachta, ach le bearta breise d’fhéadfaí foinsí in-athnuaite fuinnimh a leathadh amach níos tapúla, go háirithe maidir leis an ngaoth, leis an ngrian, leis an bhfuinneamh geoiteirmeach, leis an mbithmheatán agus leis an hidrigin. Áirítear orthu sin nósanna imeachta ceadaithe agus riaracháin a shimpliú, lena n‑áirítear trí limistéir riaracháin ‘ionaid ilfhreastail’ agus ‘dul go dtí’ a bhunú le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh. Bhainfeadh an tSlóvaic tairbhe as na nósanna imeachta maidir le rochtain ar an eangach d’fhoinsí in-athnuaite a dhéanamh níos éifeachtúla, go háirithe tríd an gcóras áirithinte acmhainneachta a athchóiriú, tríd an nasc eangaí a dhéanamh níos éasca ó thaobh riaracháin de agus trí na táillí nasctha eangaí a athbhreithniú, i gcomhréir le tagarmharcanna agus dea-chleachtas an Aontais. Chun freastal ar an méadú atá ag teacht ar líon na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh eadrannacha, tá féidearthacht mhór ag an tSlóvaic a gréasáin leictreachais a nuachóiriú (maidir le tarchur agus dáileadh araon), saoráidí nua stórála leictreachais a thógáil agus an creat rialála le haghaidh hidrigin inathnuaite a chur chun cinn. Le tuilleadh dul chun cinn maidir le hearnálacha an fhuinnimh gheoiteirmigh agus an bhithmheatáin a fhorbairt d’fhéadfaí ionadú a dhéanamh ar an ngás nádúrtha, a úsáidtear go forleathan mar fhoinse fuinnimh i gcórais téimh ceantair, réimse ina bhfuil cur chun feidhme foinsí teasa in-athnuaite fós tearcfhorbartha.
(34)Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an tSlóvaic maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe mar thoradh ar infheistíocht uaillmhianach ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ón gCiste Chomhtháthaithe, tá gá le tuilleadh iarrachta, go háirithe maidir le hathchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgnimh neamhchónaithe phoiblí agus phríobháideacha, mar aon le bearta athchóirithe lena ndírítear ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar theaghlaigh leochaileacha. Bhainfeadh an tSlóvaic tairbhe as aghaidh a thabhairt ar roinnt bacainní chun dlús a chur le hathchóiriú foirgneamh agus tuilleadh infheistíochta príobháidí a mhealladh, is é sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) scéimeanna athchóirithe a oiriúnú; (ii) cúnamh teicniúil a sholáthar; (iii) an cur chuige ‘ionad ilfhreastail’ a fhorbairt; (iv) sonraí ábhartha fuinnimh a bhailiú maidir le foirgnimh phoiblí chun cabhrú le tús áite a thabhairt don infheistíocht; agus (v) comhordú idir údaráis phoiblí éagsúla agus cláir chistiúcháin a fheabhsú. Tá gá le hiarracht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh ó thaobh struchtúir de, go háirithe trí scéimeanna tiomnaithe athchóirithe tithíochta agus trí chúnamh teicniúil agus riaracháin lena léirítear riachtanais teaghlach leochaileach, mar aon le hathchóirithe agus infheistíocht i dtithíocht shóisialta. Beidh gá le huaillmhian bhreise maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an fuinneamh inathnuaite agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chun go mbeidh an tSlóvaic ag teacht le cuspóirí ‘Oiriúnach do 55’.
(35)Tá bacainní san aistriú chuig geilleagar glan-nialasach á gcruthú ag ganntanais saothair agus scileanna in earnálacha agus i ngairmeacha atá ríthábhachtach don aistriú glas, lena n‑áirítear monarú, imlonnú agus cothabháil teicneolaíochtaí glan-nialasacha. Chun go laghdófar na ganntanais scileanna agus chun go gcuirfear an cuimsiú sa lucht saothair agus athshannadh an lucht saothair chun cinn, tá sé ríthabhachtach córais oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a bheith ann a fhreagraíonn d’athruithe ar riachtanais an mhargaidh saothair, chomh maith le bearta spriocdhírithe maidir leis an uas-sciliú agus an t‑athsciliú. Chun leas a bhaint as soláthar saothair nach bhfuil leas á bhaint as go fóill, ní mór na bearta sin a bheith inrochtana, go háirithe i gcás daoine aonair agus i gcás na n‑earnálacha agus na réigiún is mó a ndéanann an t‑aistriú glas difear dóibh. Tá ceann de na sciartha is airde fostaíochta ag an tSlóvaic sa mhonaraíocht mótarfheithiclí agus sa tionscal cruach san Aontas Eorpach, earnálacha a bhfuil tionchar mór ag an aistriú glas orthu. An tráth céanna, in 2022, tuairiscíodh ganntanas lucht saothair maidir le 24 ghairm a éilíonn scileanna glasa, lena n‑áirítear oibrithe inslithe, pluiméirí agus feisteoirí píopaí, chomh maith le leictreoirí tógála agus leictreoirí gaolmhara. Chuige sin, tá gá le luamháin bheartais éifeachtacha chun dlús a chur leis an aistriú glas thar raon leathan earnálacha, agus cothroime á háirithiú an tráth céanna.
(36)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar Chlár Cobhsaíochta don bhliain 2023 agus léirítear a tuairim i moladh (1) thíos.
(37)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun (i) inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú agus staonadh ó thacaíocht leathan a thabhairt don éileamh comhiomlán in 2023, spriocdhíriú níos fearr a dhéanamh maidir leis na bearta fioscacha arna nglacadh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú, agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí iomchuí chun an tacaíocht a laghdú de réir mar a laghdaíonn an brú ó thaobh praghsanna fuinnimh de; (ii) infheistíocht phoiblí ard a choinneáil ar bun agus infheistíocht phríobháideach a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach; (iii) tacú le forbairtí pá a mhaolaíonn an caillteanas ó thaobh cumhacht ceannaigh de agus srian a chur an tráth céanna ar éifeachtaí indíreacha ar an mboilsciú, sin agus tuilleadh feabhais a chur ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair mar aon le dul i ngleic le ganntanais scileanna; (iv) feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí costéifeachteach, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí; agus (v) cobhsaíocht mhacrairgeadais a chaomhnú agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus leanúint an tráth céanna den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. I gcás na Slóvaice, cuidíonn moltaí (1), (2) agus (3) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh, an tríú moladh agus an cúigiú moladh maidir leis an limistéar euro.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an tSlóvaic in 2023 agus 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá i bhfeidhm faoi dheireadh 2023, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Dá mba ghá bearta tacaíochta a chur chun feidhme i ngeall ar mhéaduithe nua ar phraghsanna fuinnimh, a áirithiú go ndíreofaí na bearta sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeadh na bearta sin inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh.
Beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn nach mó ná 5.7 % a chur leis an méadú ainmniúil ar ghlanchaiteachas príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2024.
Infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú agus ionsú éifeachtach deontas ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais a áirithiú, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú.
Maidir leis an tréimhse tar éis 2024, leanúint de straitéis fhioscach mheántéarmach a shaothrú maidir le comhdhlúthú inbhuanaithe de réir a chéile, in éineacht le hinfheistíochtaí agus athchóirithe a chuideoidh le fás inbhuanaithe níos airde, chun staid fhioscach mheántéarmach stuama a bhaint amach.
An meascán cánach a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos tacúla i leith fás cuimsitheach inbhuanaithe, lena n‑áirítear trí acmhainneacht an chánachais chomhshaoil agus mhaoine a ghiaráil. Leanúint de chomhlíonadh cánach a neartú, lena n‑áirítear trí riarachán cánach a dhigitiú tuilleadh.
Na rioscaí a bhaineann le fiachas teaghlaigh a laghdú trí thacú le soláthar tithíochta agus le leathnú an mhargaidh chíosa.
2.Leanúint den mhóiminteam i gcur chun feidhme leanúnach an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus bailchríoch a chur go pras ar an aguisín, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU, d’fhonn tús a chur go tapa lena chur chun feidhme. Leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme tapa clár beartais comhtháthaithe, i ndlúthchomhlántacht agus i sineirgíocht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta.
3.Spleáchas an gheilleagair ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe gás nádúrtha sa tionscal agus sa téamh, agus allmhairí breoslaí iontaise a éagsúlú. Dlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, go háirithe le haghaidh foinsí gaoithe, gréine, geoiteirmeacha agus gáis inathnuaite, i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta ábhartha. Nósanna imeachta ceadaithe agus riaracháin a shimpliú chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun feidhme, lena n‑áirítear trí ‘ionaid ilfhreastail’ agus limistéir ‘dul go dtí’ a bhunú. An gréasán leictreachais a nuachóiriú agus na nósanna imeachta chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a nascadh leis an eangach a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos saoire. Dlús a chur le hathchóiriú domhain ar fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha agus an t‑athchóiriú sin a dhreasú, aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh trí athchóiriú tithíochta le haghaidh teaghlaigh ar ioncam íseal, agus dlús a chur le hiarrachtaí beartais atá dírithe ar na scileanna is gá don aistriú glas a sholáthar agus a fháil.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán