|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/181 |
26.1.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/181 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (1) (‘an Comhaontú’) an 23 Samhain 2017 i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/2240 ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Tugadh an Comhaontú i gcrích le Cinneadh (AE) 2018/219 ón gComhairle (3) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 12(3) den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste arna bhunú de bhun Airteagal 12(1) den Chomhaontú (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh a bheidh ina gceangal ar na Páirtithe, ar theacht i bhfeidhm do na cinntí sin. |
|
(4) |
Foráiltear le hAirteagal 13(2) den Chomhaontú go bhféadfaidh an Comhchoiste na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
|
(5) |
Is iomchuí comhsheasmhacht a athbhunú leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme maidir le córais trádála astaíochtaí an Aontais agus Chónaidhm na hEilvéise tar éis an athbhreithnithe ar Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) trí bhíthin Threoracha (AE) 2023/958 (5) agus (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(6) |
Le linn an naoú cruinniú dá chuid, nó níos luaithe trí bhíthin an nós imeachta i scríbhinn de bhun Airteagal 8(4) de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, meastar go nglacfaidh an Comhchoiste Cinneadh lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú. Beidh an Cinneadh sin ceangailteach ar an Aontas. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(8) |
Ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo chun comhoiriúnacht agus sláine margaidh an dá chóras trádála astaíochtaí nasctha a choinneáil ar bun agus chun saobhadh iomaíochta agus sceitheadh carbóin a sheachaint, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh de bhun Airteagal 12.1 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh, le linn an ochtú cruinniú dá chuid, nó níos luaithe tríd an nós imeachta i scríbhinn de bhun Airteagal 8(4) de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, a mhéid a bhaineann le Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Chomhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) IO L 322, 7.12.2017, lch. 3.
(2) Cinneadh (AE) 2017/2240 ón gComhairle an 10 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (IO L 322, 7.12.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2240/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2018/219 ón gComhairle an 23 Eanáir 2018 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (IO L 43, 16.2.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/219/oj).
(4) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(5) Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/958/oj).
(6) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/959/oj).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. 1/2025 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS gCOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LENA gCÓRAIS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A NASCADH
an …
maidir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (1) (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le glacadh Chinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhchoiste (2), comhlíonadh na coinníollacha maidir le nascadh a leagtar amach sa Chomhaontú agus cumasaíodh teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe an 1 Eanáir 2020. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Chomhaontú, tá an Comhaontú gan dochar do cheart gach Páirtí reachtaíocht atá ábhartha don Chomhaontú a leasú nó a ghlacadh, lena n-áirítear an ceart chun bearta cosanta níos déine a ghlacadh. |
|
(4) |
Le Treoracha (AE) 2023/958 (3) agus (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leasaíodh Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) d’fhonn rannchuidiú Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) a ailíniú le glanlaghdú intíre 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990, mar a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2020. |
|
(5) |
Ag an seachtú cruinniú dá chuid an 4 Nollaig 2024, chomhaontaigh an Comhchoiste leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a chumhdach, ar leasuithe iad a eascraíonn as an athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE trí thabhairt cothrom le dáta aonair a dhéanamh ar an Iarscríbhinn sin in 2025. |
|
(6) |
I bhfianaise forbairtí móra sa dá chóras trádála astaíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 13(7) den Chomhaontú, is iomchuí na hathruithe rialála a eascraíonn as an athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE a léiriú sna critéir fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú tríd an gComhaontú a leasú ionas go gcoinneofar comhoiriúnacht an dá chóras trádála astaíochtaí ar bun, go n-áiritheofar sláine an mhargaidh, agus go ndéanfar saobhadh iomaíochta a sheachaint, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Chodanna A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i/in/sa …, …
Thar ceann an Chomhchoiste
Rúnaí don Aontas Eorpach
An Cathaoirleach
Rúnaí don Eilvéis
(1) IO L 322, 7.12.2017, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/2240/oj.
(2) Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh an 5 Nollaig 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (IO L 314, 29.9.2020, lch. 68, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1359/oj).
(3) Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/958/oj).
(4) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/959/oj).
(5) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chodanna A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú:
|
‘A. |
Critéir fhíor-riachtanacha le haghaidh suiteálacha do-aistrithe
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
B. |
Critéir fhíor-riachtanacha don eitlíocht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
’
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/181/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)