AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.5.2025
COM(2025) 250 final
2025/0138(BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic agus don Mholdóiv i ndáil le tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024 agus don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin i ndáil le tuilte a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2024
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Comhthéacs an togra
Cumhdaítear leis an gcinneadh seo slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CDAE’ anseo feasta) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (dá ngairtear ‘Rialachán CDAE’ anseo feasta) le haghaidh EUR 280 740 903 chun cúnamh a thabhairt don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic, don Mholdóiv agus don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin i ndáil leis an tubaiste nádúrtha (tuilte) a tharla le linn 2024.
Tá ag gabháil leis an slógadh sin Nós Imeachta um Urscaoileadh Uimh. 10/2025 lena moltar EUR 270 077 316 a aistriú ó líne chúltaca an Chúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta chuig líne bhuiséid oibríochtúil CDAE, ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí araon.
2.Faisnéis agus coinníollacha
2.1An Ostair – tubaiste nádúrtha i dtír chomharsanach: tuilte i mí Mheán Fómhair 2024
(1)An 29 Samhain 2024, chuir an Ostair iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(2)Rinne an Ostair iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 13 Meán Fómhair 2024. Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 4 de Rialachán CDAE san iarratas. An 6 Nollaig 2024, chuir an Ostair iarratas nuashonraithe isteach chun an fhaisnéis a áiríodh sa bhunphacáiste iarratais a chomhlánú.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Chuir údaráis na hOstaire an t‑iarratas isteach faoin gcritéar ‘tubaiste nádúrtha i dtír chomharsanach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(4) de Rialachán CDAE, ina sonraítear go bhféadfar cúnamh ó CDAE a shlógadh freisin le haghaidh aon tubaiste nádúrtha i stát incháilithe ar mórthubaiste nádúrtha é freisin i stát incháilithe comharsanach. Is é EUR 1 711,6 milliún meastachán na hOstaire ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. Is éard atá sa mhéid sin 0,38 % d’Ollioncam Náisiúnta (OIN) na hOstaire in 2022. Ós rud é go gcáilíonn an tubaiste nádúrtha lena mbaineann mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ sa tSeicia, tá an t‑iarratas ón Ostair incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CDAE gan tairseach shonrach.
(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.
(6)D’iarr an Ostair go n‑íocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE. Ar bhonn an réamh-mheasúnaithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha le go n‑íocfaí airleacan ó CDAE. Dá bhrí sin, bronnadh airleacan EUR 10 663 587 le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2025) 1124 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2025. Íocadh an t‑airleacan leis an Ostair an 3 Aibreán 2025.
(7)Bhí leibhéil bháistí thar a bheith ard san Ostair idir an 12 agus an 16 Meán Fómhair 2024, agus bhí tuilte tromchúiseacha ann dá dheasca sin. Ba iad an Ostair Íochtarach, an Ostair Uachtarach agus Vín ba mhó a bhí buailte. I gcodanna áirithe den Ostair Íochtarach, bhí 300-420 mm báistí ann laistigh de 5 lá. Fógraíodh gur limistéar tubaiste é cúige iomlán na hOstaire Íochtaraí. Ba ghá bearta cosanta a chur i bhfeidhm feadh Abhainn na Danóibe. Ba ghá líon tí beagnach 2000 teach a aslonnú san Ostair Íochtarach, agus bhí na mílte teaghlach gan leictreachas, uisce óil agus séarachas ar feadh roinnt laethanta. Maraíodh cúigear agus gortaíodh 24 duine san Ostair Íochtarach de dheasca na dtuilte.
(8)Níor iarr údaráis na hOstaire cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
(9)Ba é EUR 394,1 milliún meastachán na hOstaire ar chostas na n‑oibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó de chostais na n‑oibríochtaí éigeandála le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 277,4 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le bonneagar coisctheach agus bearta um chosaint maidir le hoidhreacht chultúrtha a dhaingniú, ar fiú EUR 75,9 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas le cóiríocht shealadach agus le seirbhísí tarrthála ar fiú EUR 22 mhilliún é sin. Na costais a bhaineann le glanadh an limistéir ar bhuail an tubaiste é, is fiú EUR 18,8 milliún iad.
(10)Rinneadh Treoir 2007/60/CE a thrasuí go hiomlán san Ostair le leasú 2011 ar an Acht um Dhlí Uisce (WRG).
(11)Ar an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas, ní raibh an Ostair faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.
(12)Chuir údaráis na hOstaire in iúl nach mbíonn bonneagar poiblí faoi árachas san Ostair de ghnáth. Dá bhrí sin, ní áirítear costais árachaithe sna costais incháilithe.
2.2An Pholainn – tubaiste nádúrtha réigiúnach: tuilte i mí Mheán Fómhair 2024
(1)An 29 Samhain 2024, chuir an Pholainn iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(2)Rinne an Pholainn iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 11 Meán Fómhair 2024. Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 4 de Rialachán CDAE san iarratas.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Chuir údaráis na Polainne an t‑iarratas isteach faoin gcritéar ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) de Rialachán CDAE, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal 2 NUTS de Stát incháilithe as a n‑eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1,5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin. Is é EUR 3,04 billiún meastachán údaráis na Polainne ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. De réir Rialachán CDAE, i gcás ina mbaineann an tubaiste nádúrtha le roinnt réigiún ar leibhéal NUTS 2, cuirfear an tairseach i bhfeidhm maidir le meán-olltáirgeacht intíre na réigiún sin, ualaithe de réir sciar an damáiste iomláin i ngach réigiún. Is é 8,46 % an damáiste díreach arna shloinneadh mar chéatadán de OTI réigiúnach ualaithe iomlán chúigí Dolnośląskie, Opolskie, Śląskie agus Lubuskie. Is mó an méid sin ná 1,5 % de mheán-OTI ualaithe réigiúnach chúigí Dolnośląskie, Opolskie, Śląskie agus Lubuskie.
(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.
(6)Níor iarr an Pholainn go n‑íocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE.
(7)Bhí báisteach throm in iardheisceart na Polainne idir an 11 agus an 16 Meán Fómhair 2024, agus bhí tuilte i roinnt aibhneacha dá dheasca sin. Ba iad cúigí Dolnośląskie, Opolskie, Śląskie agus Lubuskie ba mhó a bhí buailte. Dá dheasca sin, fágadh beagnach 10 600 foirgneamh cónaithe agus níos mó ná 2000 foirgneamh feirme faoi uisce. Bhí níos mó ná 200 000 duine buailte ag an tubaiste. Bhí ar go leor gnólachtaí a n‑oibríochtaí a chur ar fionraí go sealadach nó a laghdú go suntasach, agus bhí caillteanais airgeadais mhóra ann dá dheasca sin.
(8)D’iarr údaráis na Polainne cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Ar na rudaí a raibh gá leo, bhí díghalráin, díthaisirí, buataisí rubair, lámhainní agus vacsaíní. Fuarthas cúnamh ón mBeilg, ón nDanmhairg, ón nGearmáin, ón Liotuáin, ón tSlóivéin, ón tSualainn agus ón Ostair.
(9)Ba é EUR 2 755,2 milliún meastachán na Polainne ar chostas na n‑oibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó de chostais na n‑oibríochtaí éigeandála le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 2 721,3 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas leis an limistéar ar bhuail an tubaiste é, ar fiú EUR 19,8 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas le cóiríocht shealadach agus le seirbhísí tarrthála, agus is fiú EUR 14,2 milliún é sin.
(10)Rinneadh Treoir 2007/60/CE a thrasuí go hiomlán sa Pholainn.
(11)Ar an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas, ní raibh an Pholainn faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.
(12)Chuir údaráis na Polainne in iúl nár áirithíodh costais árachaithe sna costais incháilithe.
2.3An tSeicia – mórthubaiste nádúrtha: tuilte i mí Mheán Fómhair 2024
(1)An 4 Nollaig 2024, cuir an tSeicia iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024. An 4 Aibreán 2025, chuir an tSeicia soiléirithe breise isteach maidir leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis a soláthraíodh in iarratas CDAE.
(2)Rinne an tSeicia iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 12 Meán Fómhair 2024. Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 4 de Rialachán CDAE san iarratas.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Is é EUR 2,82 billiún meastachán údaráis na Seicia ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. Is mó an méid sin ná an tairseach ‘mórthubaiste nádúrtha’ le haghaidh na Seicia arb é atá ann 0,6 % dá hOllioncam Náisiúnta (OIN), arbh fhiú EUR 1,58 billiún in 2024. Dá bhrí sin, cáilíonn an tubaiste mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ de réir Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE.
(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.
(6)Níor iarr an tSeicia go n‑íocfaí airleacan maidir leis an ranníocaíocht de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE.
(7)Bhí gaoth an-mhór agus báisteach throm ar fud na tíre idir an 12 agus an 17 Meán Fómhair 2024, agus bhí tuilte ann dá dheasca sin. Ba iad réigiúin na Moráive is na Siléise agus Olomouc ba mhó a bhí buailte. Scriosadh nó rinneadh damáiste do na scórtha tithe agus thart ar 1000 droichead bóthair agus iarnróid agus 2 000 km de bhóithre agus línte iarnróid. Fágadh níos mó ná 350 scoil faoi uisce. Fágadh os cionn 250 000 teaghlach gan leictreachas, teas agus uisce óil. Dá dheasca sin, ba ghá os cionn 13 000 duine, chomh maith le roinnt ospidéal, a aslonnú. Maraíodh ochtar de dheasca na dtuilte freisin.
(8)Níor iarr údaráis na Seicia cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
(9)Ba é EUR 1 699,5 milliún meastachán na Seicia ar chostas na n‑oibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó de na costais le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce, an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 1 583,9 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le cóiríocht shealadach agus le seirbhísí tarrthála, ar fiú EUR 80 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas leis an limistéar ar bhuail an tubaiste é, ar fiú EUR 33,3 milliún é sin. Baineann an ceathrú sciar is mó de chostas oibríochtaí éigeandála le bonneagar coisctheach agus bearta um chosaint maidir le hoidhreacht chultúrtha a dhaingniú, ar fiú EUR 2,4 milliún é sin.
(10)Rinneadh Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thrasuí sa tSeicia go príomha trí Acht Uimh. 254/2001 Coll. maidir le huiscí, arna leasú. Is í an tsaincheist maidir le cosaint ar thuilte is ábhar do Theideal IX den Acht sin.
(11)Ar an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas, ní raibh an tSeicia faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.
(12)Níor luaigh údaráis na Seicia aon chumhdach árachais le haghaidh an chostais incháilithe.
2.4An tSlóvaic – tubaiste nádúrtha i dtír chomharsanach: tuilte i mí Mheán Fómhair 2024
(1)An 7 Nollaig 2024, chuir an tSlóvaic iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(2)Rinne an tSlóvaic iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 15 Meán Fómhair 2024. Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 4 de Rialachán CDAE san iarratas.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Chuir údaráis na Slóvaice an t‑iarratas isteach faoin gcritéar tubaiste ‘i dtír chomharsanach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(4) de Rialachán CDAE, ina sonraítear go bhféadfar cúnamh ó CDAE a shlógadh freisin le haghaidh aon tubaiste nádúrtha i Stát incháilithe ar mórthubaiste nádúrtha é freisin i stát incháilithe comharsanach. Is é EUR 84,3 milliún meastachán na Slóvaice ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. Is éard atá sa mhéid sin 0,07 % d’Ollioncam Náisiúnta (OIN) na Slóvaice in 2022. Ós rud é go gcáilíonn an tubaiste nádúrtha lena mbaineann mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ sa tSeicia, tá an t‑iarratas ón tSlóvaic incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CDAE gan tairseach shonrach.
(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.
(6)Níor iarr an tSlóvaic go n‑íocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE.
(7)Ón 15 Meán Fómhair 2024, bhí tuilte móra sa tSlóvaic, go háirithe sa Bhratasláiv agus sna réigiúin máguaird. D’ardaigh leibhéal an uisce in aibhneacha na Danóibe agus na Moráive go mór, agus bhí tréimhsí fillte níos mó ná 100 bliain i roinnt suíomhanna. Bhí suas le 400 mm báistí carnaí i réigiún Záhorie, rud a ghéaraigh na hiarmhairtí. Dúradh gurbh iad na haibhneacha níos lú ba chúis leis an gcuid is measa den damáiste, mar ar tuairiscíodh bristeacha cladán, rud a rinne na tuilte níos measa agus a rinne scrios ar cheantair thuaithe agus uirbeacha araon. Bhí bóithre, droichid agus bonneagar criticiúil eile buailte go dona, rud a chuir brú ar iarrachtaí freagartha éigeandála.
(8)Níor iarr údaráis na Slóvaice cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
(9)Ba é EUR 3,7 milliún meastachán na Slóvaice ar chostas na n‑oibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó de chostas na n‑oibríochtaí éigeandála le glanadh an limistéir ar bhuail an tubaiste é, ar fiú EUR 2,3 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, agus an iompair, ar fiú EUR 1,4 milliún é sin.
(10)Rinne an tSlóvaic Treoir 2007/60/CE a thrasuí ina dlí náisiúnta trí Acht Uimh. 7/2010 Coll.
(11)Ar an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas, ní raibh an tSlóvaic faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.
(12)Chuir údaráis na Slóvaice in iúl nár áirithíodh costais árachais sna costais incháilithe.
2.5An Mholdóiv - tubaiste nádúrtha réigiúnach: tuilte i mí Mheán Fómhair 2024
(1)An 5 Nollaig 2024, chuir an Mholdóiv iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(2)Rinne an Mholdóiv iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 14 Meán Fómhair 2024. Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 4 de Rialachán CDAE san iarratas.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Chuir údaráis na Moldóive an t‑iarratas isteach faoin gcritéar ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) de Rialachán CDAE, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal 2 NUTS de Stát incháilithe as a n‑eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1,5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin. Is é EUR 7,8 milliún meastachán údaráis na Moldóive ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. De réir Rialachán CDAE, i gcás ina mbaineann an tubaiste nádúrtha le roinnt réigiún ar leibhéal NUTS 2, cuirfear an tairseach i bhfeidhm maidir le meán-olltáirgeacht intíre na réigiún sin, ualaithe de réir sciar an damáiste iomláin i ngach réigiún. Is é 51,74 % an damáiste díreach arna shloinneadh mar chéatadán de OTI réigiúnach ualaithe iomlán réigiúin NUTS 2 na Moldóive Láir agus na Moldóive Theas. Is mó an méid sin ná 1,5 % de mheán-OTI ualaithe réigiúnach na réigiún ‘an Mholdóiv Láir’ agus ‘an Mholdóiv Theas’.
(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.
(6)Is tír í an Mholdóiv atá rannpháirteach i gcaibidlíocht aontachais leis an Aontas agus atá incháilithe do chúnamh ó CDAE dá bhrí sin. Mar sin féin, ós rud nach Ballstát í, níl sí incháilithe don íocaíocht airleacain de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE.
(7)Bhí báisteach dhuartanach ann idir an 14 agus an 16 Meán Fómhair 2024, agus bhí Cantemir, Hincesti, Leova, Straseni, Floresti agus Telenesti, ar ceantair de chuid na Moldóive iad, buailte ag na tuilte dá dheasca sin. Bhí níos mó ná 200 000 duine buailte ag an tubaiste. Scriosadh nó rinneadh damáiste do 20 droichead, 8 n‑institiúid oideachais agus roinnt foirgneamh poiblí. Fágadh na scórtha tithe agus siléir faoi uisce agus ba ghá 60 duine a tharrtháil.
(8)Níor iarr údaráis na Moldóive cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
(9)Ba é EUR 7,2 milliún meastachán na Moldóive ar chostas na n‑oibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann formhór mór chostas na n‑oibríochtaí éigeandála le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an iompair, agus an oideachais.
(10)Rinneadh Treoir 2007/60/CE a thrasuí go páirteach sa Moldóiv.
(11)Chuir údaráis na Moldóive in iúl nár áirithíodh costais árachaithe sna costais incháilithe.
2.6An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin – mórthubaiste nádúrtha: tuilte i mí Dheireadh Fómhair 2024
(1)An 27 Nollaig 2024, chuir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(2)Rinne an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 4 Deireadh Fómhair 2024. Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 4 de Rialachán CDAE san iarratas.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Is é EUR 841,85 milliún meastachán údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. Is mó an méid sin ná an tairseach ‘mórthubaiste nádúrtha’ le haghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine arb é atá ann 0,6 % den Ollioncam Náisiúnta (OIN), arbh fhiú EUR 138,33 milliún in 2024. Dá bhrí sin, cáilíonn an tubaiste mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ de réir Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE.
(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.
(6)Is tír í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin atá rannpháirteach i gcaibidlíocht aontachais leis an Aontas agus atá incháilithe do chúnamh ó CDAE dá bhrí sin. Mar sin féin, ós rud nach Ballstát í, níl sí incháilithe don íocaíocht airleacain de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE.
(7)Bhí báisteach throm sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin idir an 3 agus an 17 Deireadh Fómhair 2024, agus bhí tulcaí, sciorrthaí talún agus tuilte tubaisteacha i lár, i ndeisceart agus in iarthar na tíre dá dheasca sin. Ba iad Heirseagaivéin-Neretva, an Bhoisnia Láir, Zenica-Doboj agus Cantún 10 na cantúin ba mhó a bhí buailte. I dteannta na n‑éarthaí cumhachta a bhí le roinnt laethanta agus bristeacha seirbhísí línte talún agus fón póca, cuireadh isteach go hiomlán ar iompar de bhóthar agus d’iarnród freisin. Dá dheasca sin, rinneadh damáiste tromchúiseach fisiciúil agus airgeadais d’fhoirgnimh chónaithe agus tráchtála agus do na córais iompair, uisce agus séarachais freisin. Maraíodh 27 duine agus gortaíodh 22 duine de dheasca na dtuilte. Ba ghá do go leor teaghlach a dtithe a fhágáil agus tugadh lóistín dóibh i ndídean sealadach.
(8)An 5 Deireadh Fómhair 2024, d’iarr údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Thug 8 mBallstát agus 5 stát rannpháirteacha freagra ar an iarraidh san iomlán.
(9)Ba é EUR 792,15 milliún meastachán na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar chostas na n‑oibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó de na costais le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce, an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 782,93 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le cóiríocht shealadach agus le seirbhísí tarrthála, ar fiú EUR 5,68 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas leis an limistéar ar bhuail an tubaiste é, ar fiú EUR 3,45 milliún é sin. Baineann an ceathrú sciar is mó de chostas oibríochtaí éigeandála le bonneagar coisctheach agus bearta um chosaint maidir le hoidhreacht chultúrtha a dhaingniú, ar fiú EUR 82,41 míle é sin.
(10)Sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, tá Treoir 2007/60/CE á trasuí faoi láthair.
(11)Chuir údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine in iúl nár áirithíodh costais árachaithe sna costais incháilithe.
2.7Conclúid
I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach thuas agus tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, measann an Coimisiún go gcomhlíonann na tubaistí, dá dtagraítear san iarratas a chuir an Ostair, an Pholainn, an tSeicia, an tSlóvaic, an Mholdóiv an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin isteach, na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CDAE chun CDAE a shlógadh.
3.Maoiniú
Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (‘Rialachán CAI’ anseo feasta), déantar foráil maidir le CDAE a shlógadh i gcomhthéacs an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála. Le pointe 10 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (IIA), chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, leagtar síos na módúlachtaí le haghaidh shlógadh CDAE i gcomhthéacs an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála.
Ós rud é gurbh í an dlúthpháirtíocht, den chuid is mó, ba bhonn dlisteanachta le bunú CDAE, is dóigh leis an gCoimisiún gur cheart an chabhair a bheith ina cabhair fhorásach. Dá bhrí sin, ba cheart déine cabhrach is airde ná an sciar den damáiste atá faoi bhun na tairsí a bheith ann mar thoradh ar an sciar den damáiste ar mó é ná tairseach ‘na mórthubaiste nádúrtha’ chun CDAE a shlógadh (i.e. 0,6 % de OIN nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu is lú, cf. Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE. Ciallaíonn sé sin go ríomhtar méid na cabhrach do thír atá buailte ag tubaiste a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh ‘mórthubaiste nádúrtha’ trí dhá mhéid a shuimiú: 2,5 % den damáiste díreach iomlán faoin tairseach agus 6 % don chuid den damáiste díreach iomlán os cionn na tairsí.
Is é 2,5 % den damáiste díreach iomlán an ráta a chuirtear i bhfeidhm chun na méideanna cabhrach a shainiú le haghaidh ‘tubaistí nádúrtha réigiúnacha’, ráta atá faoi bhun na tairsí náisiúnta i gcónaí. Agus iarratas á dhéanamh ar chúnamh CDAE bunaithe ar an gcritéar tubaiste ‘i dtír chomharsanach’, níl aon tairseach ann don damáiste díreach iomlán a ndéantar. Is ionann an ráta a chuirtear i bhfeidhm chun méid cabhrach a shainiú le haghaidh tubaiste faoi chritéar tubaiste ‘i dtír chomharsanach’ agus an ráta a úsáidtear i gcás ‘tubaiste réigiúnach’, i.e. 2,5 % den damáiste díreach iomlán. Ní fhéadfaidh ranníocaíocht CDAE a bheith níos mó ná costas iomlán measta na n‑oibríochtaí incháilithe.
Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil CDAE 2002-2003, agus ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa léi.
Dá bhrí sin, molann an Coimisiún don údarás buiséadach na méideanna seo a leanas a shlógadh:
|
Tubaiste
|
Damáiste díreach iomlán (EUR)
|
Tairseach tubaistí a chuirtear i bhfeidhm
(EUR)
|
2,5 % den damáiste díreach iomlán (suas leis an tairseach i gcás mórthubaistí) (EUR)
|
6 % den damáiste díreach os cionn na tairsí i gcás mórthubaistí (EUR)
|
2,5 % den damáiste díreach iomlán
|
Méid iomlán na cabhrach atá beartaithe (EUR)
|
Airleacan arna íoc
(EUR)
|
An t‑iarmhéid atá le híoc
(EUR)
|
|
An Ostair-Tuilte
(tubaiste i dtír chomharsanach)
|
1 711 563 002
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
42 789 075
|
42 789 075
|
10 663 587
|
32 125 488
|
|
An Pholainn-tuilte
(tubaiste réigiúnach)
|
3 039 957 574
|
538 909 893
|
N/B
|
N/B
|
75 998 939
|
75 998 939
|
N/B
|
75 998 939
|
|
An tSeicia
(mórthubaiste)
|
2 821 143 019
|
1 579 680 000
|
39 492 000
|
74 487 781
|
N/B
|
113 979 781
|
N/B
|
113 979 781
|
|
An tSlóvaic-tuilte
(tubaiste i dtír chomharsanach)
|
84 327 482
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
2 108 187
|
2 108 187
|
N/B
|
2 108 187
|
|
An Mholdóiv-tuilte
(tubaiste réigiúnach)
|
7 807 840
|
226 331
|
N/B
|
N/B
|
195 196
|
195 196
|
N/B
|
195 196
|
|
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin-tuilte
(mórthubaiste)
|
841 851 670
|
138 325 000
|
3 458 125
|
42 211 600
|
N/B
|
45 669 725
|
N/B
|
45 669 725
|
|
IOMLÁN
|
280 740 903
|
10 663 587
|
270 077 316
|
Le Rialachán 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, roinntear an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála in dhá ionstraim ar leith: an Cúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála. Úsáidfear an Cúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta ag a bhfuil méid bliantúil EUR 1 016 mhilliún (i bpraghsanna 2018, agus atá coibhéiseach le EUR 1 167,1 milliún i bpraghsanna 2025) le haghaidh cúnamh chun freagairt do chásanna éigeandála a chumhdaítear le CDAE.
I gcomhréir le hAirteagal 3(7) de Rialachán CDAE agus le hAirteagal 9(2), an dara fomhír, de Rialachán CAI leasaithe, ní mór 25 % de leithdháileadh bliantúil CDAE (i.e. EUR 291,8 milliún le haghaidh 2025) a chur ar fáil an 1 Deireadh Fómhair gach bliain.
Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 4a(4) de Rialachán CDAE, cuireadh EUR 50 000 000 isteach i mbuiséad ginearálta 2025 an Aontais (i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí) cheana chun airleacain a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a íoc.
Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán CAI, féadfar aon chuid den mhéid bliantúil, nár úsáideadh i mbliain ar leith ‘n’, a úsáid suas go dtí bliain ‘n+1’. Dá bhrí sin, tugadh EUR 194,3 milliún anonn ó 2024.
Dá bhrí sin, is é EUR 908,95 milliún an t‑uasmhéid is féidir a úsáid faoi CDAE faoi láthair (gan an cúlchiste le haghaidh airleacan ná an méid a chuirfear ar fáil an 1 Deireadh Fómhair a áireamh). Tar éis an tslógaidh sin beidh EUR 980,64 milliún fós ar fáil le haghaidh na slógaí atá le teacht.
|
An méid atá ar fáil faoi CDAE in 2025 (EUR):
|
|
|
Leithdháileadh iomlán bliantúil CDAE 2025 (lena n‑áirítear tráinse an 1 Deireadh Fómhair)
|
1 167 064 638
|
|
An méid a tugadh anonn ó 2024 (lena n‑áirítear airleacain nár úsáideadh) (+)
|
194 316 161
|
|
Creidmheasanna arna gcur i leataobh le haghaidh réamhíocaíochtaí (-)
|
50 000 000
|
|
An méid a úsáideadh cheana féin le haghaidh airleacain a íoc leis an Spáinn agus an Ostair (-)
|
110 663 587
|
|
An méid nach bhfuil ar fáil ach tar éis an 1 Deireadh Fómhair (-)
|
291 766 160
|
|
An méid iomlán atá ar fáil faoi láthair (gan cúlchiste le haghaidh airleacan agus thráinse an 1 Deireadh Fómhair a áireamh)
|
908 951 052
|
|
An méid atá beartaithe lena shlógadh faoin gCinneadh reatha maidir le Slógadh (an méid atá le híoc amháin)
|
270 077 316
|
|
An méid atá fágtha le haghaidh iarratais amach anseo (lena n‑áirítear le haghaidh airleacan agus thráinse an 1 Deireadh Fómhair)
|
980 639 896
|
2025/0138 (BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic agus don Mholdóiv i ndáil le tuilte a tharla i mí Mheán Fómhair 2024 agus don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin i ndáil le tuilte a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2024
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 10 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) a chur ar a chumas don Aontas freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha nó mór-éigeandáil sláinte poiblí iad.
(2)Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle a bheith sa Chiste.
(3)An 29 Samhain 2024, chuir an Ostair iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(4)An 29 Samhain 2024, chuir an Pholainn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(5)An 4 Nollaig 2024, chuir an tSeicia iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(6)An 7 Nollaig 2024, chuir an tSlóvaic iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(7)An 5 Nollaig 2024, chuir an Mholdóiv iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Mheán Fómhair 2024.
(8)An 27 Nollaig 2024, chuir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Dheireadh Fómhair 2024.
(9)Comhlíonann na hiarratais sin na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(10)Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic, don Mholdóiv agus don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin.
(11)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:
(a)soláthrófar EUR 42 789 075 don Ostair i ndáil leis na tuilte i mí Mheán Fómhair 2024;
(b)soláthrófar EUR 75 998 939 don Pholainn i ndáil leis na tuilte i mí Mheán Fómhair 2024;
(c)soláthrófar EUR 113 979 781 don tSeicia i ndáil leis na tuilte i mí Mheán Fómhair 2024;
(d)soláthrófar EUR 2 108 187 don tSlóvaic i ndáil leis na tuilte i mí Mheán Fómhair 2024;
(e)soláthrófar EUR 195 196 don Mholdóiv i ndáil leis na tuilte i mí Mheán Fómhair 2024;
(f)soláthrófar EUR 45 669 725 don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin i ndáil leis na tuilte i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán