|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1687 |
13.6.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1687 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Meitheamh 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 16ú seisiúin de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc — vaigíní lasta’, maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc — torann’, maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh, agus maidir leis an bhfochóras ‘feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta’
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (‘COTIF’), trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1) agus leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún COTIF (2). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 13(1)(f) de COTIF, cuireadh Coiste Saineolaithe Teicniúla (‘CTE’) OTIF ar bun. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 20(1)(b) de COTIF, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de na Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le Caighdeáin Theicniúla a Bhailíochtú agus Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a Ghlacadh is infheidhme maidir le hÁbhar Iarnróid le haghaidh úsáid sa Trácht Idirnáisiúnta (APTU) — Foscríbhinn F a ghabhann le COTIF, tá CTE inniúil chun Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha (UTP) a ghlacadh nó a leasú, inter alia, na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc – Vaigíní Lasta’ (UTP WAG), maidir leis an bhfochóras ‘Rothstoc — Torann’ (UTP Torann), maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh (UTP TCRC), agus maidir le ‘feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta’ (UTP TAF). |
|
(4) |
Maidir leis an 16ú seisiún dá chuid a bheidh ar siúl an 11 agus an 12 Meitheamh 2024 tá togra curtha ag CTE ar an gclár oibre le haghaidh cinntí maidir le hathbhreithniú ar UTP WAG, UTP Torann, agus UTP TCRC, agus maidir le modhnú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CTE a leagan síos mar beidh na cinntí atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas de bhun Airteagal 6(1) APTU agus Airteagal 35(3) agus (4) COTIF. |
|
(6) |
Is iad cuspóirí na gcinntí sin UTP WAG, UTP Torann, agus UTP TCRC a ailíniú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1694 ón gCoimisiún (3), agus na tagairtí a ailíniú do Dhoiciméid Theicniúla na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na ‘feidhmchláir theileamaitice do lasta’ (STI FTL) de chuid Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh maidir le STI TAF a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF. |
|
(7) |
Tá na cinntí atá beartaithe ó OTIF i gcomhréir le dlí agus le cuspóirí straitéiseacha an Aontais toisc go rannchuidíonn siad le hailíniú reachtaíocht OTIF le forálacha coibhéiseacha dhlí an Aontais, agus dá bhrí sin ba cheart don Aontas tacú leo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 16ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla (CTE) na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an tSaintreoir Theicniúil Aonfhoirmeach (UTP), a bhaineann leis an bhfochóras ‘Rothstoc — Vaigíní Lasta’ (UTP WAG), a bhaineann leis an bhfochóras ‘Rothstoc Torann’ (UTP Torann), a bhaineann le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh (UTP TCRC), agus a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do Dhoiciméid Theicniúla na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na ‘feidhmchláir theileamaitice do lasta’ (STI FTL) a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP a bhainnean le ‘feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta’ (UTP TAF), a thabhairt cothrom le dáta:
|
(1) |
vótáil i bhfabhar an athbhreithnithe atá beartaithe ag CTE ar UTP WAG,, (Doiciméad Oibre CTE TECH-24003 UTP WAG), agus faoi réir na leasuithe seo a leanas:
|
|
(2) |
vótáil i bhfabhar an athbhreithnithe atá beartaithe ag CTE ar UTP Torann (CTE TECH-24004 UTP maidir le Torann); |
|
(3) |
vótáil i bhfabhar an athbhreithnithe atá beartaithe ag CTE ar UTP TCRC (Doiciméad Oibre CTE TECH-24005 UTP TCRC); |
|
(4) |
vótáil i bhfabhar thogra CTE na tagairtí do na Doiciméid Theicniúla maidir le STI TAF a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le UTP TAF a thabhairt cothrom le dáta, (Doiciméad Oibre CTE TECH-24005 UTP TAF); |
|
(5) |
féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar na gníomhartha a leagtar amach san Airteagal seo, gan cinneadh eile ón gComhairle. |
Airteagal 2
A luaithe a ghlacfar na cinntí ó CTE, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus dáta a dteacht i bhfeidhm á shonrú.
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1).
(2) Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 8).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1694 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1299/2014, (AE) Uimh. 1300/2014, (AE) Uimh. 1301/2014, (AE) Uimh. 1302/2014, (AE) Uimh. 1304/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/777 (IO L 222, 8.9.2023, lch. 88).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1687/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)