|
13.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 136/102 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/733 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Bealtaine 2022
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2170 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragaill tiontairí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 7 agus Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa leaganacha Seicise agus Ungáirise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 1(1) a athraíonn brí an téacs. |
|
(2) |
Tá an earráid chéanna in Airteagal 1(1) sa leaganacha Seicise agus Ungáirise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2170 ón gCoimisiún (3). |
|
(3) |
Sa leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2170 agus sa leagan Ungáirise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983, tá earráid bhreise in Airteagal 1(1). |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Seicise agus Ungáirise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 agus de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2170 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 216, 18.6.2021, lch. 142).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2170 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragaill tiontairí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 438, 8.12.2021, lch. 46).