European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2416

1.12.2025

CINNEADH (AE) 2025/2416 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Deireadh Fómhair 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le liosta de chatagóirí, cineálacha agus leibhéil tromchúise sáruithe tromchúiseacha a bhféadfaí dea-cháil oibreora tarlaithe de bhóthar a chailleadh dá ndeasca

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(2)

Le hAirteagal 6, Roinn 1, Cuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos coinníollacha mionsonraithe a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil le haghaidh oibreoir tarlaithe de bhóthar. Go háirithe, leagtar síos i míreanna 2 agus 3 den Airteagal sin na coinníollacha faoina bhféadfaidh nós imeachta riaracháin a dhéanfadh na húdaráis inniúla sa Pháirtí bunaíochta a bheith mar thoradh ar sháruithe a liostaítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal sin arna dtabhú ag oibreoir, agus faoina bhféadfaí dea-cháil a chailleadh. Leagtar síos freisin i bhFoscríbhinn 31-A-1-1 a ghabhann le hIarscríbhinn 31 liosta de na seacht sárú is tromchúisí. I gcás inar thabhaigh oibreoir pionós as ceann de na sáruithe sin, tá an t-údarás inniúil sa Pháirtí bunaíochta le nós imeachta riaracháin a chur i gcrích.

(3)

De bhun Airteagal 6(3), Roinn 1, Cuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, tugtar de chumhacht don Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, a bunaíodh le hAirteagal 8(1), pointe (o), den Chomhaontú sin (‘an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar’), cinneadh a ghlacadh maidir le liosta de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise na sáruithe tromchúiseacha, sa bhreis orthu sin a leagtar amach i bhFoscríbhinn 31-A-1-1, a bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá mbarr.

(4)

Le liosta coiteann de sháruithe ar an gComhaontú Trádála agus Comhair nó ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta a bhaineann leis na hábhair a liostaítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1), Roinn 1, Cuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, is féidir cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair san earnáil tarlaithe de bhóthar a fheabhsú. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 6(3), Roinn 1, Cuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart don Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar cinneadh a ghlacadh maidir le liosta dá leithéid.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a bhunú, ós rud é go mbeidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

(6)

D’fhéadfadh sé gur ghá creataí dlíthiúla náisiúnta a oiriúnú chun freastal ar thabhairt isteach na sáruithe tromchúiseacha breise atá sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar atá i gceangal leis an gCinneadh seo. Thairis sin, chun go mbeidh an dá Pháirtí in ann teacht ar chomhaontú maidir leis na módúlachtaí malartaithe faisnéise a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha arna ndéanamh sa Pháirtí nach é an Páirtí bunaíochta é i gcomhréir le hAirteagal 14(5), Roinn 1, Cuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh atá beartaithe a bhunú. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar ón 1 Nollaig 2025 ar aghaidh.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, arna bhunú le hAirteagal 8(1), pointe (o), den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘An Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar’), maidir le liosta de chatagóirí, cineálacha agus leibhéil tromchúise sáruithe tromchúiseacha a bhféadfaí dea-cháil oibreora tarlaithe de bhóthar a chailleadh dá ndeasca, leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. JENSEN


(1)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/689/oj).


DRÉACHT

CINNEADH UIMH. …/2025 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM IOMPAR DE BHÓTHAR ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

an …

maidir le liosta de chatagóirí, cineálacha agus leibhéil tromchúise sáruithe tromchúiseacha a bhféadfaí dea-cháil oibreora tarlaithe de bhóthar a chailleadh dá ndeasca

TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM IOMPAR DE BHÓTHAR,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal 468(5) agus Airteagal 6(3) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 463(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair nach mór d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar a dhéanann turais dá dtagraítear in Airteagal 462 den Chomhaontú Trádála agus Comhair ceadúnas bailí a bheith acu i gcomhréir le hAirteagal 463(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Leagtar síos le pointe (b) d’Airteagal 3 de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair nach mór dea-cháil a bheith ar oibreoir tarlaithe de bhóthar, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

(2)

Le hAirteagal 6 de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos coinníollacha mionsonraithe a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil le haghaidh oibreoir tarlaithe de bhóthar. Go háirithe, leagtar síos i míreanna 2 agus 3 den Airteagal sin na coinníollacha faoina bhféadfaidh nós imeachta riaracháin a dhéanfadh na húdaráis inniúla sa Pháirtí bunaíochta a bheith mar thoradh ar sháruithe a liostaítear i bpointe (b) de mhír 1 arna dtabhú ag oibreoir, agus faoina bhféadfaí dea-cháil a chailleadh. Leagtar síos freisin i bhFoscríbhinn 31-A-1-1 a ghabhann le hIarscríbhinn 31 liosta de na seacht sárú is tromchúisí faoinar gá don údarás inniúil sa Pháirtí bunaíochta nós imeachta riaracháin a thionscnamh.

(3)

Le liosta coiteann de sháruithe ar an gComhaontú Trádála agus Comhair nó ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta a bhaineann leis na hábhair a liostaítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, is féidir cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair san earnáil tarlaithe de bhóthar a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart liosta de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise sáruithe tromchúiseacha a bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá mbarr, sa bhreis orthu sin a leagtar amach i bhFoscríbhinn 31-A-1-1 a ghabhann le hIarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, a ghlacadh le Cinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, de bhun Airteagal 6(3) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

(4)

D’fhéadfadh sé gur ghá creataí dlíthiúla náisiúnta a oiriúnú chun freastal ar thabhairt isteach na sáruithe tromchúiseacha breise atá sa Chinneadh seo. Thairis sin, chun go mbeidh an dá Pháirtí in ann teacht ar chomhaontú maidir leis na módúlachtaí malartaithe faisnéise a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha arna ndéanamh sa Pháirtí nach é an Páirtí bunaíochta é i gcomhréir le hAirteagal 14(5) de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm don Chinneadh seo a bhunú. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Nollaig 2025 ar aghaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Catagóirí, cineálacha agus leibhéil tromchúise na sáruithe

Bunaítear leis an gCinneadh seo an liosta de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise na sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair maidir le hiompar earraí de bhóthar, ar sáruithe iad lena bhféadfaí dea-cháil oibreora tarlaithe de bhóthar a chailleadh dá mbarr, mar a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo, sa bhreis orthu sin a leagtar amach i bhFoscríbhinn 31-A-1-1 d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2025.

Arna dhéanamh in/sa …, …

Thar Ceann an Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO AE L 149, 30.04.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.


IARSCRÍBHINN I

Sna táblaí seo a leanas tá catagóirí agus cineálacha sáruithe tromchúiseacha ar Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, arna roinnt i dtrí chatagóir thromchúise de réir mar a d’fhéadfadh na sáruithe sin a bheith ina gcúis le riosca báis nó gortuithe tromchúiseacha agus/nó leis an iomaíocht sa mhargadh iompair de bhóthar a shaobhadh: MSI = an sárú is tromchúisí, VSI = sárú an-tromchúiseach agus SI = sárú tromchúiseach.

(1)   Grúpaí sáruithe ar Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, mura sonraítear a mhalairt

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

Tréimhsí tiomána

1.

Airteagal 4(1) agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Téitear thar an am tiomána laethúil de 9h mura gceadaítear é a shíneadh go 10h

10h ≤ … < 11h

 

 

X

2.

11h ≤ …

 

X

 

3.

Téitear thar an am tiomána laethúil 9h 50 % nó níos mó

13h30 ≤ …

X

 

 

4.

Téitear thar an am tiomána laethúil 10h má cheadaítear síneadh ama

11h ≤ … < 12h

 

 

X

5.

12h ≤ …

 

X

 

6.

Téitear thar an am tiomána laethúil 10h 50 % nó níos mó

15h ≤ …

X

 

 

7.

Airteagal 4(2) agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Téitear thar an am tiomána seachtainiúil

60h ≤ … < 65h

 

 

X

8.

65h ≤ … < 70h

 

X

 

9.

Téitear thar an am tiomána seachtainiúil 9h 25 % nó níos mó

70h ≤ …

X

 

 

10.

Airteagal 4(3) agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Téitear thar an am tiomána iomlán uasta i rith 2 seachtaine as a chéile

100h ≤ … < 105h

 

 

X

11.

105h ≤ … < 112h30

 

X

 

12.

Téitear thar an am tiomána iomlán uasta i rith 2 seachtaine as a chéile 25 % nó níos mó

112h30 ≤ …

X

 

 

Sosanna

13.

Airteagal 5

Téitear thar am tiomána 4,5 uair an chloig gan bhriseadh sula dtógtar sos

5h ≤ … < 6h

 

 

X

14.

6h ≤ …

 

X

 

Tréimhsí sosa

15.

Airteagal 6(2)

Tréimhse sosa laethúil neamhleor níos lú ná 11h mura gceadaítear tréimhse sosa laethúil laghdaithe

8h30 ≤ … < 10h

 

 

X

16.

… < 8h30

 

X

 

17.

Tréimhse sosa laethúil laghdaithe neamhleor níos lú ná 9h má cheadaítear laghdú

7h ≤ … < 8h

 

 

X

18.

… < 7h

 

X

 

19.

Tréimhse sosa laethúil scoilte neamhleor níos lú ná 3h + 9h

3h + [7h ≤ … < 8h]

 

 

X

20.

3h + [… < 7h]

 

X

 

21.

Airteagal 6(5)

Tréimhse sosa laethúil neamhleor níos lú ná 9h le haghaidh sealaíocht tiomána

7h ≤ … < 8h

 

 

X

22.

… < 7h

 

X

 

23.

Airteagal 6(6)

Tréimhse sosa seachtainiúla laghdaithe neamhleor níos lú ná 24h

20h ≤ … < 22h

 

 

X

24.

… < 20h

 

X

 

25.

Tréimhse sosa seachtainiúla neamhleor níos lú ná 45h mura gceadaítear tréimhse sosa seachtainiúla laghdaithe

36h ≤ … < 42h

 

 

X

26.

… < 36h

 

X

 

27.

Téitear thar 6 thréimhse 24 uair an chloig as a chéile i ndiaidh na tréimhse sosa seachtainiúla roimhe sin

3h ≤ … < 12h

 

 

X

28.

12h ≤ …

 

X

 

29.

Airteagal 6(7)

Níl aon sos cúitimh i leith dhá thréimhse sosa seachtainiúla laghdaithe as a chéile

 

 

X

 

30.

Airteagal 6(9)

Tréimhse sosa seachtainiúla rialta nó aon tréimhse sosa seachtainiúla os cionn 45 uair an chloig a ghlactar i bhfeithicil

 

 

X

 

31.

Ní chlúdaíonn an fostóir costais cóiríochta lasmuigh den fheithicil

 

 

 

X

Eagrú na hoibre

32.

Airteagal 6(10)

Ní eagraíonn an gnóthas iompair obair na dtiománaithe sa chaoi gur féidir leis na tiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra, nó filleadh ar áit chónaithe na dtiománaithe

 

X

 

33.

Airteagal 7(1)

An nasc idir pá/íocaíocht agus an t-achar taistil, an luas seachadta agus/nó méid na n-earraí arna n-iompar

 

X

 

34.

Airteagal 7(2)

Ní eagraítear obair an tiománaí nó eagraítear go míchuí í, ní thugtar aon treoir don tiománaí ionas gur féidir leis an dlí a chomhlíonadh nó tugtar treoracha míchuí dó

 

X

 

(2)   Grúpaí sáruithe ar Roinn 4 de Chuid B agus ar Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

Tacagraf a shuiteáil

1.

Airteagail 3 agus 5 de Roinn 2 de Chuid C agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Níl an tacagraf cineálcheadaithe suiteáilte agus ní úsáidtear é

X

 

 

Tacagraf, cárta tiománaí nó leathán taifid a úsáid

2.

Airteagal 6(1) de Roinn 2 de Chuid C

Úsáidtear tacagraf nach ndéanann ceardlann cheadaithe cigireacht air

 

X

 

3.

Airteagal 3 de Roinn 4 de Chuid B agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Níos mó ná cárta tiománaí amháin a bheith ina sheilbh ag tiománaí agus/nó á úsáid aige

 

X

 

4.

Tiomáintear le cárta tiománaí falsaithe (a mheastar go bhfuil an tiománaí ag tiomáint gan cárta tiománaí)

X

 

 

5.

Tiomáintear le cárta tiománaí nach sealbhóir an chárta sin é an tiománaí (a mheastar go bhfuil an tiománaí ag tiomáint gan cárta tiománaí)

X

 

 

6.

Tiomáintear le cárta tiománaí a fuarthas ar bhonn dearbhuithe bréagacha agus/nó ar bhonn doiciméid bhrionnaithe (a mheastar go bhfuil an tiománaí ag tiomáint gan cárta tiománaí)

X

 

 

7.

Airteagal 7(1) de Roinn 4 de Chuid B agus Airteagal 15(1) de Roinn 2 de Chuid C

Níl an tacagraf ag feidhmiú i gceart (e.g.: ní dhéantar cigireacht cheart air, níl sé calabraithe ná séalaithe mar is ceart)

 

X

 

8.

Ní úsáidtear an tacagraf mar is ceart (e.g.: baintear mí-úsáid as d’aon ghnó, nó baintear mí-úsáid dheonach as nó forchuirtear an mhí-úsáid as an tacagraf, tá easpa treoracha ann maidir le húsáid cheart, etc.)

 

X

 

9.

Airteagal 7(2) de Roinn 4 de Chuid B agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Tá gaireas calaoiseach san fheithicil nó baintear úsáid as gaireas calaoiseach, ar gaireas é atá in ann taifid an tacagraif a mhodhnú

X

 

 

10.

Déantar sonraí arna dtaifeadadh ar na leatháin taifid nó arna stóráil agus arna n-íoslódáil ón tacagraf agus/nó ón gcárta tiománaí a fhalsú, a cheilt, a shochtadh nó a scriosadh

X

 

 

11.

Airteagal 15(2) de Roinn 2 de Chuid C

Ní choinníonn an gnóthas leatháin taifid, asphriontaí ná sonraí a íoslódáladh

 

X

 

12.

Níl sonraí arna dtaifeadadh agus arna stóráil ar fáil go ceann bliana ar a laghad

 

X

 

13.

Airteagal 6(1) de Roinn 4 de Chuid B

Baintear úsáid mhícheart as na leatháin taifid/as an gcárta tiománaí

 

X

 

14.

Déantar na leatháin taifid nó an cárta tiománaí a tharraingt siar gan údarás, rud a bhfuil tionchar aige ar thaifeadadh na sonraí ábhartha

 

X

 

15.

Baintear úsáid as leathán taifid nó cárta tiománaí chun tréimhse níos faide ná an tréimhse dá bhfuil sé beartaithe a chumhdach agus cailltear sonraí

 

X

 

16.

Airteagal 6(2) de Roinn 4 de Chuid B

Baintear úsáid as leatháin taifid nó cártaí tiománaí atá salach nó a bhfuil damáiste déanta dóibh agus níl na sonraí inléite

 

X

 

17.

Airteagal 6(3) de Roinn 4 de Chuid B

Ní bhaintear úsáid as ionchur de láimh nuair is gá sin a dhéanamh

 

X

 

18.

Airteagal 6(4) de Roinn 4 de Chuid B

Ní bhaintear úsáid as an leathán taifid ceart nó níl an cárta tiománaí sa sliotán ceart (sealaíocht tiomána)

 

 

X

19.

Airteagal 6(5) de Roinn 4 de Chuid B

Baintear úsáid mhícheart as sásra laisc

 

X

 

Faisnéis a thabhairt ar aird

20.

Airteagal 6(5), pointe (b)(v) de Roinn 4 de Chuid B

Baintear úsáid mhícheart as an gcomhartha báid farantóireachta/traenach nó ní bhaintear úsáid as

 

 

X

21.

Airteagal 6(6) de Roinn 4 de Chuid B

Ní chuirtear an fhaisnéis is gá ar an leathán taifid

 

X

 

22.

Airteagal 6(7) de Roinn 4 de Chuid B

Sna taifid ní thaispeántar siombailí na dtíortha ar thrasnaigh an tiománaí a dteorainneacha le linn na tréimhse oibre laethúla

 

 

X

23.

Airteagal 6(7) de Roinn 4 de Chuid B

Sna taifid ní thaispeántar siombailí na dtíortha ar cuireadh tús agus deireadh le tréimhse oibre laethúil an tiománaí iontu

 

 

X

24.

Airteagal 10 de Roinn 4 de Chuid B

Diúltú seiceáil a bheith déanta

 

X

 

25.

Níltear in ann taifid de láimh agus asphriontaí a rinneadh an lá sin agus na 56 lá roimhe sin a thabhairt ar aird

 

X

 

26.

Ní féidir cárta tiománaí a thabhairt ar aird, má tá cárta tiománaí i seilbh an tiománaí

 

X

 

Mífheidhmiú

27.

Airteagal 16(1) agus Airteagal 5(1) de Roinn 2 de Chuid C

Níl an tacagraf deisithe ag feisteoir ceadaithe ná ceardlann cheadaithe

 

X

 

28.

Airteagal 11 de Roinn 4 de Chuid B

Ní dhéanann an tiománaí an fhaisnéis go léir is gá a mharcáil le haghaidh na dtréimhsí ama, ar faisnéis í nach bhfuiltear á taifeadadh a thuilleadh agus an tacagraf neamhfhóinteach nó fad a bhíonn mífheidhm leis

 

X

 

(3)   Grúpaí sáruithe ar Roinn 3 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

An t-uas-am oibre seachtainiúil

1.

Airteagal 3

Téitear thar an am tiomána seachtainiúil de 48h má tá na féidearthachtaí é a shíneadh go 60h ídithe cheana

56h ≤ … 60h

 

 

X

2.

60h ≤ …

 

X

 

3.

Sáraítear an t-am oibre seachtainiúil uasta 60h mura ndeonaítear aon mhaolú faoi Airteagal 7

65 ≤ … < 70h

 

 

X

4.

70h ≤ …

 

X

 

Sosanna

5.

Airteagal 4

Ní leor an sos éigeantach a ghlactar nuair a mhaireann an t-am oibre idir 6 uair agus 9 n-uair an chloig

10 < … ≤ 20 nóim

 

 

X

6.

… ≤ 10 nóim

 

X

 

7.

Ní leor an sos éigeantach a ghlactar nuair a mhaireann an t-am oibre níos faide ná 9 n-uair an chloig

20 ≤ … < 30 nóim

 

 

X

8.

… ≤ 20 nóim

 

X

 

Obair oíche

9.

Airteagal 6

Am oibre laethúil gach 24h nuair a dhéantar obair oíche mura ndeonaítear aon mhaolú faoi Airteagal 7

11h ≤ … < 13h

 

 

X

10.

13h ≤ …

 

X

 

Taifid

11.

Airteagal 8

Fostóirí a fhalsaíonn taifid ama oibre nó a dhiúltaíonn taifid a sholáthar don oifigeach cigireachta

 

X

 

12.

Tiománaithe fostaithe nó féinfhostaithe a fhalsaíonn taifid ama oibre nó a dhiúltaíonn taifid a sholáthar don oifigeach cigireachta

 

X

 

(4)   Grúpaí sáruithe ar Roinn 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

Meáchain

1.

Airteagal 1 agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Na meáchain uasta is incheadaithe d’fheithiclí N3 a shárú

5 % ≤ … < 10 %

 

 

X

2.

10 % ≤ … < 20 %

 

X

 

3.

20 % ≤ …

X

 

 

4.

An meáchan uasta is incheadaithe d’fheithiclí N2 a shárú

5 % ≤ … < 15 %

 

 

X

5.

15 % ≤ … < 25 %

 

X

 

6.

25 % ≤ …

X

 

 

Faid

7.

Airteagal 1

An t-uasfhad is incheadaithe a shárú

2 % < … < 20 %

 

 

X

8.

20 % ≤ …

 

X

 

Leithead

9.

Airteagal 1

An t-uasleithead is incheadaithe a shárú

2,65 ≤ … < 3,10 méadar

 

 

X

10.

3,10 méadar ≤ …

 

X

 

(5)   Grúpaí sáruithe ar rialacha maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

Ródacmhainneacht

1.

Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(iv) agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Tiomáint gan cruthúnas bailí ar thástálacha ródacmhainneachta ar éirigh an fheithicil iontu, mar a cheanglaítear le dlí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe

X

 

 

2.

Gan bail ródacmhainneach shábháilte a choinneáil ar fheithicil, rud a d’fhágfadh go mbeadh easnamh an-tromchúiseach sa chóras coscánaithe, sna nascáil stiúrtha, sna rothaí/boinn, sa chrochadh nó san fhonnadh a chruthódh a oiread sin de bhaol láithreach do shábháilteacht ar bhóithre go gcinnfí bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh

X

 

 

(6)   Grúpaí sáruithe ar rialacha maidir le teorantóirí luais

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

1.

Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(vii)

Níl an teorantóir luais feistithe

X

 

 

2.

Ní chomhlíonann an teorantóir luais na ceanglais theicniúla is infheidhme

 

X

 

3.

Níl an teorantóir luais feistithe ag ceardlann cheadaithe

 

 

X

4.

Tá gaireas calaoiseach san fheithicil agus/nó baintear úsáid as gaireas lena bhféadfar sonraí an teorantóra luas a fhalsú nó tá teorantóir luais calaoiseach san fheithicil agus/nó baintear úsáid as

X

 

 

(7)   Grúpaí sáruithe ar Roinn 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

Oiliúint agus Ceadúnas

1.

Airteagal 3

Iompraítear earraí gan cáilíocht tosaigh éigeantach agus/nó oiliúint thréimhsiúil éigeantach

 

X

 

2.

Airteagal 9 agus Foscríbhinn 31-B-1-2

An cárta cáilíochta bailí nó an ceadúnas tiomána a bhfuil an marcáil air, níl an tiománaí in ann é sin a thaispeáint, mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta (e.g.: caillte, ligthe i ndearmad, damáistithe, doléite)

 

 

X

(8)   Grúpaí sáruithe ar cheanglais maidir le ceadúnais tiomána

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

1.

Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(viii) agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Iompraítear earraí gan ceadúnas tiomána bailí

X

 

 

2.

Úsáidtear ceadúnas tiomána atá damáistithe nó doléite nó nach bhfuil i gcomhréir leis an múnla coiteann

 

 

X

(9)   Grúpaí sáruithe ar rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

1.

Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(vi) agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Earraí contúirteacha a iompar a bhfuil toirmeasc ar a n-iompar

X

 

 

2.

 

Earraí contúirteacha a iompar i gcineál gabhdáin toirmiscthe nó nach bhfuil formheasta, sa chaoi gur a oiread sin de chúis contúirte a bheadh iontu don bheatha nó don chomhshaol go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh

X

 

 

3.

 

Earraí contúirteacha a iompar gan taispeáint ar an bhfeithicil gur earraí contúirteacha iad, sa chaoi gur a oiread sin de chúis contúirte a bheadh iontu don bheatha nó don chomhshaol go gcinnfear bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil dá thoradh

X

 

 

4.

 

Sceitheadh substaintí contúirteacha

 

X

 

5.

 

Iompar i mbulc i gcoimeádán nach bhfuil feidhmiúil ó thaobh struchtúir de

 

X

 

6.

 

Iompar i bhfeithicil gan deimhniú formheasa iomchuí

 

X

 

7.

 

Ní chomhlíonann an fheithicil na caighdeáin formheasa a thuilleadh agus is baol láithreach í

 

X

 

8.

 

Níor comhlíonadh na rialacha lena rialaítear daingniú agus stuáil an ualaigh

 

X

 

9.

 

Níor comhlíonadh na rialacha lena rialaítear luchtú measctha pacáistí

 

X

 

10.

 

Níor comhlíonadh na forálacha lena dteorannaítear na cainníochtaí atá údaraithe lena n-iompar in aon aonad iompair amháin, lena n-áirítear céimeanna ceadaithe maidir le líonadh umar nó pacáistí;

 

X

 

11.

 

An fhaisnéis a bhaineann leis an tsubstaint atá á hiompar, agus lena gcumasaítear cion de leibhéal tromchúise a chinneadh, tá sí ar iarraidh (e.g. uimhir NA, ainm ceart loingseoireachta, grúpa pacála)

 

X

 

12.

 

Níl deimhniú gairmoiliúna bailí ag an tiománaí

 

X

 

13.

 

Tá tine nó solas neamhchosanta á úsáid

 

X

 

14.

 

Níl an cosc ar chaitheamh tobac á chomhlíonadh.

 

X

 

15.

 

Níl maoirseacht cheart á déanamh ar an bhfeithicil nó níl sí páirceáilte i gceart

 

 

X

16.

 

Tá níos mó ná leantóir/leathleantóir amháin san aonad iompair

 

 

X

17.

 

Ní chomhlíonann an fheithicil na caighdeáin formheasa a thuilleadh ach ní baol láithreach í

 

 

X

18.

 

Níl múchtóirí dóiteáin atá ag obair á n-iompar ar an bhfeithicil de réir mar is gá

 

 

X

19.

 

Níl an trealamh is gá in ADR nó sna treoracha i scríbhinn á iompar ar an bhfeithicil

 

 

X

20.

Iompraítear pacáistí a bhfuil pacáistíocht damáistithe orthu, IBCanna nó mórphacáistíocht nó pacáistíocht damáistithe fholamh nár glanadh

 

 

X

21.

Iompar earraí pacáistithe i gcoimeádán nach bhfuil feidhmiúil ó thaobh struchtúir de

 

 

X

22.

Ní dhearnadh umair/coimeádán umair (lena n-áirítear cinn atá folamh agus nár glanadh) a dhúnadh i gceart

 

 

X

23.

Lipéadú, marcáil nó póstaeir mhícheart ar an bhfeithicil agus/nó ar an gcoimeádán

 

 

X

24.

Níl aon treoir i scríbhinn atá ag cloí le ADR, nó níl na treoracha i scríbhinn ábhartha maidir leis na hearraí a iompraítear

 

 

X

(10)   Grúpaí sáruithe ar Theideal I de Cheannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair, mura sonraítear a mhalairt

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

Ceadúnais

1.

Airteagal 463(1) agus Foscríbhinn 31-A-1-1

Iompraítear earraí gan ceadúnas tiomána bailí (i.e.: níl ceadúnas ann, tá an ceadúnas falsaithe, tarraingthe siar, imithe in éag, etc.)

X

 

 

2.

Airteagal 463(3)

Ní féidir leis an ngnóthas tarlaithe ná leis an tiománaí ceadúnas bailí nó cóip dhílis dheimhnithe bhailí den cheadúnas a thaispeáint don oifigeach cigireachta (i.e.: ceadúnas nó cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas caillte, ligthe i ndearmad, damáistithe, etc.)

 

X

 

Fianú tiománaí

3.

Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(v)

Tiománaithe a iompraíonn earraí gan fianú bailí tiománaí (i.e. ní ann d’fhianú an tiománaí, fianú an tiománaí atá falsaithe; tarraingthe siar, imithe in éag, etc.)

 

X

 

4.

Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1 Airteagal 6(1)(b)(v)

Ní féidir leis an tiománaí ná leis an ngnóthas tarlaithe fianú tiománaí bailí nó fíorchóip dheimhnithe bhailí d’fhianú an tiománaí a thaispeáint don oifigeach cigireachta (i.e. fianú tiománaí nó fíorchóip dheimhnithe d’fhianú an tiománaí, atá caillte, dearmadta, damáistithe etc.)

 

 

X

Oibríochtaí iompair sonracha a cheadaítear faoin gComhaontú Trádála agus Comhair

5.

Mír 3 go mír 7 d’Airteagal 462

Cabatáiste nó oibríochtaí iompair eile a dhéanamh nach gcomhlíonann na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin, lena n-áirítear teorainneacha ar líon na dturas, atá i bhfeidhm sa Pháirtí óstach.

 

X

 

(11)   Grúpaí sáruithe ar rialacha maidir le hiompar ainmhithe

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

1.

Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(x)

Níl na spiaraí láidir go leor chun meáchan na n-ainmhithe a sheasamh

 

X

 

2.

Rampaí lódála nó díluchtaithe a úsáid a bhfuil dromchlaí sleamhain orthu, nach bhfuil cosaintí cliathánacha acu nó atá róghéar

 

 

X

3.

Ardáin ardaithe nó urláir uachtaracha a úsáid nach bhfuil bacainní sábháilteachta acu lena gcuirtear cosc ar ainmhithe titim nó éalú le linn oibríochtaí luchtaithe agus díluchtaithe

 

 

X

4.

Modhanna iompair nach bhfuil formheasta le haghaidh turais fhada, nó nach bhfuil formheasta don chineál ainmhí atá á iompar.

 

 

X

5.

Iompar gan doiciméadacht bhailí riachtanach, loga turais nó údarú iompróra nó deimhniú inniúlachta

 

 

X

(12)   Grúpaí sáruithe ar na dlíthe is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

1.

Iarscríbhinn 31, Cuid A, Roinn 1, Airteagal 6(1)(b)(xii)

An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a shárú

 

X

 

(13)   Grúpaí sáruithe ar Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair

 

BUNÚS DLÍ

AN CINEÁL SÁRAITHE

LEIBHÉAL TROMCHÚISE

MSI

VSI

SI

1.

Airteagal 6(1), pointe (a)

Faisnéis neamhiomlán faoin dearbhú postála

 

 

X

2.

Gan dearbhú postála a chur isteach chuig an tír (1) a ndéantar an tiománaí a phostú chuici tráth nach déanaí ná tús an phostála

 

X

 

3.

Airteagal 6(1), pointe (b)

Dearbhú postála falsaithe le haghaidh tiománaithe

 

X

 

4.

Ní fhéadann an tiománaí dearbhú postála bailí a thaispeáint

 

X

 

5.

Gan dearbhú postála bailí a chur ar fáil don tiománaí

 

X

 

6.

Airteagal 6(1), an dara fomhír

Gan na doiciméid a iarradh a chur faoi bhráid na tíre óstaí (1) laistigh de 8 seachtaine ó dháta na hiarrata. Sonraítear in Airteagal 6(1), pointe (c), na cineálacha doiciméad nach mór a sholáthar

 

X

 

7.

Airteagal 6(4)

Ní choinníonn an t-oibreoir na dearbhuithe postála cothrom le dáta sa chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI

 

 

X


(1)  Tagraíonn tír do Bhallstát den Aontas Eorpach i gcás an Aontais Eorpaigh, agus do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i gcás Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.


IARSCRÍBHINN II

Leibhéil tromchúise na sáruithe tromchúiseacha

(1)

Is iad seo a leanas leibhéil tromchúise na sáruithe: tromchúiseach (‘SI’), an-tromchúiseach (‘VSI’) agus is tromchúisí (‘MSI’).

(2)

Maidir le sáruithe tromchúiseacha agus an-tromchúiseach, nuair a dhéanann an t-oibreoir céanna iad arís agus arís eile, measfaidh an t-údarás inniúil sa Pháirtí bunaíochta gur sáruithe níos tromchúisí iad. Agus minicíocht na sáruithe a dhéantar arís agus arís eile á ríomh, cuirfidh na húdaráis inniúla sa Pháirtí na tosca seo a leanas san áireamh:

—

Tromchúis na sáruithe (SI nó VSI);

—

An t-am (atráth bliana amháin ar a laghad ó dháta rialaithe);

—

An líon feithiclí arna n-úsáid le haghaidh na ngníomhaíochtaí iompair arna mbainistiú ag an mbainisteoir iompair (meán in aghaidh na bliana).

(3)

Agus á chur san áireamh go bhféadfadh riosca a bheith ann don tsábháilteacht ar bhóithre, déanfar minicíocht uasta na sáruithe tromchúiseacha, ar ina ndiaidh sin ba cheart iad a mheas ina sáruithe níos tromchúisí, a leagan síos mar seo a leanas:

—

3 SI/in aghaidh na feithicle agus in aghaidh na bliana = 1 VSI;

—

3 VSI/in aghaidh na feithicle agus in aghaidh na bliana = nós imeachta náisiúnta maidir le dea-cháil a sheoladh.

(4)

Is éard atá sa líon sáruithe in aghaidh na feithicle in aghaidh na bliana meánfhigiúr arna ríomh trí líon iomlán na sáruithe go léir ar an leibhéal céanna tromchúise (SI nó VSI) a roinnt ar mheánlíon na bhfeithiclí a úsáideadh le linn na bliana. Foráiltear leis an bhfoirmle mhinicíochta maidir le tairseach uasta le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a bheith á ndéanamh agus i gcás ina rachfaí thar na tairseacha sin measfar gur sáruithe níos tromchúisí iad. Féadfaidh údaráis inniúla sna Páirtithe tairseacha níos déine a bhunú más é sin atá beartaithe ina nós imeachta riaracháin náisiúnta chun dea-cháil a mheasúnú.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2416/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)