Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL V: FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2: Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála - Roinn 1: Forálacha coiteanna - Airteagal 40 (sean-Airteagal 47 CAE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0037 - 0037
Airteagal 40 (sean-Airteagal 47 CAE) Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus do raon chumhachtaí na n-institiúidí dá bhforáiltear sna Conarthaí chun na hinniúlachtaí Aontais dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú. Mar an gcéanna, ní dhéanfaidh cur chun feidhme na mbeartas atá liostaithe sna hAirteagail sin difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus do raon chumhachtaí na n-institiúidí a leagtar síos sna Conarthaí chun na hinniúlachtaí Aontais faoin gCaibidil seo a fheidhmiú. --------------------------------------------------