19.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 140/12


CINNEADH (AE) 2022/785 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Bealtaine 2022

lena bhformheastar an Plean Feidhmíochta Líonra athbhreithnithe don tríú tréimhse thagartha de scéim feidhmíochta an Aerspáis Eorpaigh Aonair (2020-2024)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3022)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 19(3) de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 10(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá Plean Feidhmíochta an Líonra le tarraingt suas ag Bainisteoir an Líonra, plean a dhéanfaidh an Coimisiún a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 19(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(2)

Chuir Bainisteoir an Líonra dréachtphlean feidhmíochta líonra don tríú tréimhse thagartha (“RP3”) faoi bhráid an Choimisiúin ar dtús an 1 Deireadh Fómhair 2019. Mar gheall ar an athrú a tháinig ar na himthosca de dheasca ráig phaindéim COVID-19, rud a tharla tar éis an dréachtphlean feidhmíochta líonra a chur isteach, níor thug an Coimisiún an measúnú ar an bplean sin chun críche. Leis na bearta eisceachtúla do RP3 a ghlac an Coimisiún mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (2), ní mór do Bhainisteoir an Líonra dréachtphlean feidhmíochta líonra athbhreithnithe do RP3 a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2021.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 agus le hAirteagal 3(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, tá dréachtphlean feidhmíochta líonra athbhreithnithe tarraingthe suas ag Bainisteoir an Líonra do RP3 (3), a d’fhormhuinigh Bord Bainistíochta an Líonra, a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (4). Chuir Bainisteoir an Líonra an dréachtphlean feidhmíochta líonra athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Meán Fómhair 2021.

(4)

De bhun Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún, le cúnamh ón gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta, measúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta líonra athbhreithnithe i gcomparáid leis na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. Léiríodh sa mheasúnú sin go gcomhlíonann an dréachtphlean feidhmíochta líonra athbhreithnithe na critéir sin.

(5)

Is iomchuí, dá bhrí sin, go bhformheasfaidh an Coimisiún an leagan deiridh den phlean feidhmíochta líonra athbhreithnithe do RP3, arna tharraingt suas ag Bainisteoir an Líonra agus arna chur faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Meán Fómhair 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar an plean feidhmíochta líonra athbhreithnithe don tríú tréimhse thagartha de scéim feidhmíochta an Aerspáis Eorpaigh Aonair (2020-2024), arna chur isteach ag Bainisteoir an Líonra an 30 Meán Fómhair 2021.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Eurocontrol mar Bhainisteoir Líonra (5).

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(3)  Plean feidhmíochta líonra athbhreithnithe a tharraing Bainisteoir an Líonra suas don tríú tréimhse thagartha 2020-2024 den scéim feidhmíochta, arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Aerspás Aonair an Aontais Eorpaigh (https://webgate.ec.europa.eu/eusinglesky/node_en).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1).

(5)  Cinneadh C(2019) 3228 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2019.