|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2242 |
12.10.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/2242 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Deireadh Fómhair 2026
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333 (1). |
|
(2) |
Le Rún 2292 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA), údaraíodh Ballstáit na Náisiún Aontaithe, ag gníomhú dóibh go náisiúnta nó trí eagraíochtaí réigiúnacha, cigireacht a dhéanamh ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia ar aon soitheach a bhfuil forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhfuil airm nó ábhar gaolmhar á n-iompar acu chuig an Libia nó ón Libia, go díreach nó go hindíreach, de shárú ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an Libia. Ina theannta sin, foráladh leis an Rún sin, má aimsítear earraí a thoirmisctear leis an trádbhac arm ar an Libia le linn na gcigireachtaí sin, go ndéanfaidh Ballstáit na Náisiún Aontaithe na hearraí sin a urghabháil agus a dhiúscairt. |
|
(3) |
Leasaíodh Cinneadh (CBES) 2015/1333 dá réir sin. |
|
(4) |
Tá feidhm ag an údarú a leagtar amach i Rún 2292 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go dtí an 25 Bealtaine 2026. |
|
(5) |
Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCinneadh (CBES) 2015/1333, leasaítear Airteagal 5a mar a leanas:
|
(1) |
i mír 1, scriostar na focail ‘agus Rún 2292(2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe’; |
|
(2) |
scriostar míreanna 2 agus 3. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 9 Deireadh Fómhair 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. HARRIS
(1) Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1333/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2242/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)