TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
ĆAPETA
arna tabhairt an 5 Meitheamh 2025 ( 1 )
Cás C‑769/22
an Coimisiún Eorpach
v
an Ungáir
(Mainneachtain Bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar isteach bearta níos déine i gcoinne ‘ciontóirí péidifileach’ agus lena leasaítear dlíthe áirithe chun leanaí a chosaint – Reachtaíocht atá dírithe go príomha ar ábhar lena gcuirtear imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht chun cinn nó lena gcuirtear in iúl iad – Airteagal 56 CFAE – Treoir 2000/31/CE – Treoir 2006/123 – Treoir 2010/13/AE – Srian ar sholáthar seirbhísí – An Chairt um Chearta Bunúsacha – Airteagal 21– Neamh-idirdhealú – Airteagal 7 – Ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh – Airteagal 11 – Saoirse chun tuairimí a nochtadh – Airteagal 1 – Dínit an duine – Airteagal 2 CAE – Luachanna an Aontais Eorpaigh – Inbhreithnitheacht – Critéar chun sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh)
Clár
|
I. Réamhrá agus cúlra na díospóide sna himeachtaí |
|
|
A. An nós imeachta réamhdhlíthíochta agus an nós imeachta os comhair na Cúirte |
|
|
B. An dlí lena mbaineann agus achoimre ar an gcás seo |
|
|
1. Dlí an Aontais Eorpaigh |
|
|
2. Dlí na hUngáire |
|
|
3. Forbhreathnú ar an gcás |
|
|
II. Anailís – Cuid a hAon: Sárú ar chearta agus luachanna bunúsacha |
|
|
A. Croí na díospóide |
|
|
B. An cúigiú saincheist dlí ón gCoimisiún – Sárú ar chearta na Cairte |
|
|
1. Infheidhmeacht na Cairte |
|
|
2. Sárú ar Airteagal 21 den Chairt |
|
|
3. Sárú ar Airteagal 11 den Chairt |
|
|
4. Sárú ar Airteagal 7 den Chairt |
|
|
5. An bhféadtar bonn cirt a thabhairt le cur isteach ar chearta bunúsacha? |
|
|
6. Sárú ar Airteagal 1 den Chairt |
|
|
C. An séú saincheist dlí ón gCoimisiún – Sárú ar Airteagal 2 CAE |
|
|
1. Inbhreithnitheacht Airteagal 2 CAE |
|
|
(a) Ról Airteagal 2 CAE i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh |
|
|
(1) Féiniúlacht bhunreachtúil an Aontais Eorpaigh |
|
|
(2) Coinníoll maidir le feidhmiú dhlíchóras an Aontais Eorpaigh |
|
|
(b) Airteagal 2 CAE mar fhoráil atá ceangailteach ó thaobh dlí |
|
|
(1) Téacs, comhthéacs agus stair |
|
|
(2) Tábhacht a bhaineann le hAirteagal 49 CAE |
|
|
(c) Cúiseanna i bhfabhar agus i gcoinne inbhreithnitheacht Airteagal 2 CAE |
|
|
(1) Cúiseanna leis an inbhreithnitheacht |
|
|
(2) Ag plé na gcúiseanna i gcoinne inbhreithnitheachta |
|
|
(i) Airteagal 7 CAE |
|
|
(ii) Cineál ginearálta na luachanna in Airteagal 2 CAE |
|
|
(iii) Féiniúlacht bhunreachtúil náisiúnta |
|
|
(iv) An cuspóir atá le cinneadh neamhspleách maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE |
|
|
2. Conas a mheas cé acu ar trasnaíodh na ‘línte dearga’? |
|
|
(a) Séanadh luachanna mar an critéar chun sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh |
|
|
(b) Sárú ar chearta den Chairt agus idirphlé bunreachtúil |
|
|
3. Sárú ar Airteagal 2 CAE sa chás seo |
|
|
(a) Na rialacha atá i gceist lena ndéantar luachanna Airteagal 2 CAE a shéanadh |
|
|
(b) Cad iad na luachanna a sáraíodh? |
|
|
III. Anailís – Cuid a Dó: Sárú ar an dlí príomhúil agus tánaisteach a bhaineann le saorghluaiseacht seirbhísí agus RGCS |
|
|
A. An chéad saincheist dlí ón gCoimisiún |
|
|
1. Riail 4 |
|
|
2. Riail 6 |
|
|
3. Riail 3 |
|
|
4. Riail 5 |
|
|
B. An dara saincheist dlí ón gCoimisiún |
|
|
1. Cumhdaítear Rialacha 1 agus 3 le réimsí comhordaithe de réir bhrí na Treorach maidir le tráchtáil leictreonach |
|
|
2. Tagann Riail 1 faoi raon feidhme na Treorach maidir le tráchtáil leictreonach |
|
|
3. Le Rialacha 1 agus 3 cuirtear srian ar sheirbhísí na sochaí faisnéise |
|
|
C. An tríú saincheist dlí ón gCoimisiún |
|
|
1. Rialacha 1 agus 3 |
|
|
2. Riail 7 |
|
|
D. An ceathrú saincheist dlí ón gCoimisiún |
|
|
IV. Costais |
|
|
V. Conclúid |
I. Réamhrá agus cúlra na díospóide sna himeachtaí
|
1. |
Leis an gcaingean seo, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt a dhearbhú gur sháraigh an Ungáir dlí an Aontais trí leasuithe ar ionstraimí éagsúla reachtaíochta náisiúnta a tugadh isteach le ‘Dlí LXXIX de 2021 lena nglactar bearta níos déine i gcoinne ciontóirí ar péidifiligh iad agus lena leasaítear dlíthe áirithe chun mionaoisigh a chosaint’ (‘an Dlí Leasaitheach’). ( 2 ) |
|
2. |
Le cuid de na leasuithe sin, a tugadh isteach, de réir na hUngáire, d’fhonn mionaoisigh a chosaint, cuirtear toirmeasc nó srian ar rochtain ar ábhar lena gcuirtear ‘imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht chun cinn nó lena gcuirtear in iúl iad’ (ar mhaithe le gontacht, tagróidh mé ó am go ham d’ábhar den sórt sin mar ‘ábhar LADTI’ ( 3 )). |
|
3. |
De réir an Choimisiúin, leis na leasuithe atá i gceist sáraítear dlí an Aontais ar thrí leibhéal: ar an gcéad dul síos, sáraítear roinnt ionstraimí dlí thánaistigh a bhaineann le soláthar seirbhísí agus Airteagal 56 CFAE; ar an dara dul síos, leis na leasuithe sáraítear na cearta a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’); ( 4 ) ar deireadh, sáraítear leis na leasuithe Airteagal 2 CAE freisin, lena leagtar amach na luachanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe. |
|
4. |
Is éileamh nua é an t‑éileamh deireanach sin gur sháraigh an Ungáir Airteagal 2 CAE mar phléadáil neamhspleách chun cinneadh a dhéanamh maidir le sárú ar dhlí an Aontais. Ardaítear ceisteanna tábhachtacha leis, amhail an cheist an bhfuil an fhoráil sin inbhreithnithe in imeachtaí um shárú agus cathain go beacht ba cheart don Chúirt a dhearbhú go ndearnadh sárú ar Airteagal 2 CAE, mar aon le sáruithe ar na rialacha maidir leis an margadh inmheánach agus ar an gCairt. Chinn an Chúirt, mar sin, an cás seo a éisteacht agus í ina suí i bhfoirmíocht iomlánach. |
A. An nós imeachta réamhdhlíthíochta agus an nós imeachta os comhair na Cúirte
|
5. |
An 25 Bealtaine 2021, chuir beirt chomhaltaí de Pharlaimint na hUngáire bille faoi bhráid na Parlaiminte sin dar teideal ‘bearta níos déine a ghlacadh i gcoinne daoine a ciontaíodh i bpéidifilia agus dlíthe áirithe a leasú chun leanaí a chosaint’. |
|
6. |
An 10 Meitheamh 2021, mhol coiste reachtach na Parlaiminte leasuithe ar an mbille sin, a bhain le homaighnéasacht agus féiniúlachtaí inscne. |
|
7. |
An 15 Meitheamh 2021, ghlac reachtóir na hUngáire an Dlí Leasaitheach. Tháinig sé i bhfeidhm an 8 Iúil 2021. |
|
8. |
An 15 Iúil 2021, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an Ungáir inar shonraigh sé a thuairim, mar thoradh ar ghlacadh an Dlí Leasaithigh, gur theip ar an Ungáir a hoibleagáidí faoi fhorálacha éagsúla de dhlí an Aontais a chomhlíonadh. |
|
9. |
I litir dar dáta an 15 Meán Fómhair 2021, chuir an Ungáir i gcoinne aon sárú ar dhlí an Aontais. |
|
10. |
An 2 Nollaig 2021, d’eisigh an Coimisiún tuairim réasúnaithe inar áitigh sé gur sháraigh an Dlí Leasaitheach dlí an Aontais. Mar sin d’iarr an Coimisiún ar an Ungáir na bearta is gá a ghlacadh chun an tuairim réasúnaithe a chomhlíonadh laistigh de 2 mhí tar éis í a fháil. |
|
11. |
I litir dar dáta an 2 Feabhra 2022, d’fhreagair an Ungáir an tuairim réasúnaithe, ag athdhearbhú go raibh dlí an Aontais á chomhlíonadh ag an Dlí Leasaitheach. |
|
12. |
An 19 Nollaig 2022, thionscain an Coimisiún an chaingean seo os comhair na Cúirte Breithiúnais faoi Airteagal 258 CFAE. |
|
13. |
Thaisc an Ungáir a cosaint an 8 Márta 2023. |
|
14. |
Thaisc an Coimisiún agus an Ungáir, faoi seach, freagra agus athfhreagra an 20 Aibreán 2023 agus an 31 Bealtaine 2023. |
|
15. |
Le cinntí an 20 Márta, an 4 Bealtaine agus an 29 Meitheamh 2023, dheonaigh Uachtarán na Cúirte cead idiragairt a dhéanamh sa chás seo mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún do 16 Bhallstát, do Ríocht na Beilge, do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, d’Éirinn, don Phoblacht Heilléanach, do Ríocht na Spáinne, do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Fraince, d’Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Phoblacht Mhálta, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire, do Phoblacht na Portaingéile, do Phoblacht na Slóivéine, do Phoblacht na Fionlainne, do Ríocht na Sualainne agus do Pharlaimint na hEorpa, chomh maith. |
|
16. |
Chuir an Ungáir freagra isteach ar an idiragairt sin an 18 Eanáir 2024. |
|
17. |
Tionóladh éisteacht an 19 Samhain 2024, inar chuir an Coimisiún agus an Ungáir, chomh maith le Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na hEastóine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, chomh maith le Parlaimint na hEorpa, argóintí ó bhéal i láthair. |
B. An dlí lena mbaineann agus achoimre ar an gcás seo
1. Dlí an Aontais Eorpaigh
|
18. |
Sonraítear in Airteagal 2 CAE: ‘Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t‑iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.’ |
|
19. |
Baineann an cás seo freisin le hAirteagal 56 CFAE, le hAirteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt, agus leis na hionstraimí seo a leanas de dhlí tánaisteach an Aontais: an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach, ( 5 ) an Treoir um Sheirbhísí, ( 6 ) Treoir AVMS, ( 7 ) agus RGCS. ( 8 ) |
2. Dlí na hUngáire
|
20. |
Tá ocht leasú (‘na Rialacha’) atá sa Dlí Leasaitheach ábhartha don chás seo toisc gur tugadh isteach leo athruithe ar an sé phíosa reachtaíochta náisiúnta seo a leanas:
|
|
21. |
As na hocht Riail sin, measann an Coimisiún go bhfuil dlí an Aontais á shárú ag seacht gcinn díobh, cé gur chun críche comhthéacs amháin a thíolaic an Coimisiún Riail 2. ( 17 ) |
|
22. |
Tá foclaíocht chomhchosúil i rialacha 1, 3, 4, 6 agus 7. Toirmisctear leo (Rialacha 1, 3, 6 agus 7) nó cuirtear srian leo (Riail 4) ar rochtain a thabhairt do mhionaoisigh ar ábhar lena gcuirtear imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht chun cinn nó lena gcuirtear in iúl iad. Ní thoirmisctear le Riail 7 ach ábhar LADTI a chur chun cinn, ach ceadaítear ábhar LADTI a chur in iúl. |
|
23. |
Forchuirtear le Riail 5 oibleagáid ar an gComhairle Meán, i gcás ina sainaithnítear fadhbanna i dtaca leis na forálacha maidir le haicmiú nó le Dlí CIV de 2010 maidir le saoirse an phreasa (‘2010. évi CIV. törvény a sajtószabadságról és a médiatartalmak alapvető szabályairól’; an ‘Dlí um Shaoirse an Phreasa’), a iarraidh ar an mBallstát, ina bhfeidhmíonn, faoina dhlínse, an soláthraí seirbhíse meán a shonraítear i Riail 4, bearta éifeachtacha a chur chun feidhme agus chun deireadh a chur le haon sáruithe arna sainaithint ag Comhairle na Meán. |
|
24. |
Ceanglaítear le Riail 8 ar chomhlachtaí a bhfuil rochtain acu ar shonraí cláraithe rochtain dhíreach a thabhairt do ‘dhaoine údaraithe’ ar na sonraí sin, sonraí a tharchur arna iarraidh sin dóibh, sonraí a dheimhniú agus faisnéis a chomhroinnt faoi dhaoine aonair a chiontaítear i gcionta gnéis in aghaidh leanaí. |
3. Forbhreathnú ar an gcás
|
25. |
Leis an gcaingean seo, tá an Coimisiún ag díriú ar na seacht Riail sin. Maidir le Rialacha 1, 3, 4, 6 agus 7, líomhnaíonn sé go sáraítear roinnt forálacha de dhlí príomhúil nó tánaisteach an Aontais (Saincheisteanna Dlí 1 go 3), den Chairt (Saincheist Dlí 5) agus Airteagal 2 CAE (Saincheist Dlí 6). Maidir le Rialacha 5 agus 8, ní líomhnaíonn an Coimisiún sárú ar Airteagal 2 CAE, ach sárú ar dhlí tánaisteach an Aontais i ndáil le Riail 5 (Saincheist Dlí 1) agus ar dhlí tánaisteach an Aontais agus ar an gCairt, i leith Riail 8 (Saincheist Dlí 4). |
|
26. |
Chun an chaingean chasta seo a thuiscint, cuirtear pléadálacha an Choimisiúin mar a bhaineann siad le Rialacha náisiúnta éagsúla agus forálacha éagsúla de dhlí an Aontais i láthair ar bhealach scéimreach sa tábla thíos.
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
27. |
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt a dhearbhú go sáraítear forálacha dhlí an Aontais mar a chuirtear i láthair sa Tábla iad leis na Rialacha. Measann an Ungáir gur cheart don Chúirt caingean an Choimisiúin a dhíbhe ina hiomláine toisc í a bheith gan bhunús. |
II. Anailís – Cuid a hAon: Sárú ar chearta agus luachanna bunúsacha
|
28. |
Baineann na himeachtaí seo um shárú le sáruithe iolracha ar na rialacha maidir leis an margadh inmheánach mar a bhaineann siad leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus ar roinnt ceart atá sa Chairt. Rud atá tábhachtach, ardaítear leo freisin, den chéad uair, saincheist dlí ar leith maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE. |
|
29. |
De bharr phríomhthábhacht na gceisteanna maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE, spreagadh mé gan ord na saincheisteanna dlí um shárú arna dtionscnamh ag an gCoimisiún a leanúint. Toisc gur saincheisteanna teicniúla dlí iad go leor de na saincheisteanna a bhaineann leis an gcéad sraith de shaincheisteanna dlí a leagtar amach in iarraidh an Choimisiúin, agus toisc go mbaineann roinnt saincheisteanna dlí um shárú le dlí tánaisteach an Aontais amháin agus ní leis an gCairt agus le hAirteagal 2 CAE, déileálfaidh mé leis an gcéad sraith de shaincheisteanna dlí sin i gCuid a Dó de m’anailís. ( 18 ) |
|
30. |
Mar sin féin, a mhéid atá an chéad sraith seo de shaincheisteanna dlí tábhachtach chun an Chairt a thabhairt isteach sa chás seo, ( 19 ) ba cheart dom a mhíniú ón tús, i mo thuairim, go dtagann na leasuithe go léir atá i gceist faoi raon feidhme na dtreoracha a bhfuil an Coimisiún ag brath orthu agus/nó Airteagal 56 CFAE. ( 20 ) Dá bhrí sin, ní mór aon mhaolú ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar arna thabhairt isteach leis na leasuithe sin a chosaint ní hamháin ar chúiseanna leasa an phobail, arna bhaint amach ar bhealach comhréireach, ach ní féidir leis freisin aon cheann de na cearta a ráthaítear leis an gCairt a shárú. ( 21 ) |
|
31. |
D’ainneoin mo chinnidh an t‑ord ina dtabharfaidh mé aghaidh ar shaincheisteanna dlí an Choimisiúin a athrú, tá sé tábhachtach béim a leagan ar an bhfíoras, gur iarr an Coimisiún, ina iarraidh, ar an gCúirt a dhearbhú go ndearnadh sárú ar Airteagal 2 CAE i ndáil le sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus ar an gCairt. Dá bhrí sin, ardaítear an tsaincheist dlí maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE faoi raon feidhme dhlí an AE. |
|
32. |
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt, mar a leag sé béim air ag an éisteacht, a chinneadh go ndearnadh sárú ar Airteagal 2 CAE sna himthosca áirithe sin amháin. Déanfaidh mé tagairt do staid den sórt sin agus Airteagal 2 CAE a úsáid mar fhoras neamhspleách sáraithe, seachas é a úsáid mar fhoras uathrialach sáraithe. Bheadh an foras uathrialach sáraithe ann dá bhféadfaí sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh fiú lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais nó go neamhspleách ar sháruithe eile ar dhlí an Aontais. |
|
33. |
Ní thagann an cheist chun cinn sa chás seo maidir le cur i bhfeidhm uathrialach féideartha Airteagal 2 CAE chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht reachtaíocht na mBallstát nó ar ghníomhaíochtaí a dhéantar lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais. ( 22 ) Cé gur pléadh an cheist sin go pointe áirithe ag an éisteacht, níl sí os comhair na Cúirte sa chás seo, agus táim den tuairim gur cheart don Chúirt aon phlé den sórt sin a chur siar go dtí go dtiocfaidh cás cuí chun cinn sa todhchaí. |
|
34. |
Agus na ráitis tosaigh seo san áireamh, rachaidh mé ar aghaidh le mo Thuairim mar seo a leanas. I gCuid a hAon, faoi A, míneoidh mé cén fáth a mbaineann an cás seo, ina chroílár, le luachanna. Faoi B, cuirfidh mé argóintí ar fáil maidir le cén fáth a bhfuil reachtaíocht na hUngáire ina sárú ar chearta bunúsacha a chosnaítear faoi Airteagail 21, 11 agus 7 den Chairt, agus, níos tábhachtaí fós, cén fáth nach féidir bonn cirt leis na sáruithe sin a thabhairt. Míneoidh mé tuilleadh cén fáth arb ionann é sin agus sárú ar dhínit an duine, mar atá cumhdaithe in Airteagal 1 den Chairt. Faoi C, casfaidh mé ar an gceist an féidir glacadh le héileamh an Choimisiúin maidir le sárú neamhspleách ar Airteagal 2 CAE. I gCuid a Dó den Tuairim seo, tiocfaidh mé ar ais chuig argóintí an Choimisiúin agus chuig frithargóintí na hUngáire maidir le sárú fhorálacha nithiúla Chonradh FAE agus dhlí tánaisteach an Aontais. |
A. Croí na díospóide
|
35. |
Nuair a fiafraíodh dó ag an éisteacht faoi na cúiseanna atá aige le foras neamhspleách a thabhairt isteach lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 2 CAE, mhínigh an Coimisiún, agus scrúdú á dhéanamh aige ar sháruithe aonair ar ionstraimí tánaisteacha éagsúla an Aontais agus ar an gCairt, gur tháinig sé ar an tátal go bhfuil ‘rud éigin eile’ i láthair sa chás seo. |
|
36. |
Tá an ‘rud éigin eile’ seo, i mo thuairim, spreagtha ag an éagsúlacht bhunúsach i luachanna idir seasamh Rialtas na hUngáire agus seasamh an Choimisiúin mar a bhaineann siad leis na cúiseanna a thug an Ungáir a spreag í na leasuithe conspóideacha a ghlacadh agus mar bhonn cirt leo. |
|
37. |
Maíonn an Ungáir go bhfuil sé mar aidhm ag na leasuithe mionaoisigh a chosaint agus go bhfuil gá leo, toisc go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag a nochtadh do ‘ábhar LADTI’ ar a bhforbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta. Míníonn an Ballstát sin freisin gur cheart an cinneadh maidir le cathain ar cheart ‘ábhar LADTI’ a d’fhéadfadh a bheith dochrach a thaispeáint do mhionaoiseach a fhágáil dá thuismitheoirí nó dá chaomhnóirí dlíthiúla. |
|
38. |
Tá an Coimisiún den tuairim, le tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa agus na 16 Bhallstát is idiragraithe, nach féidir, trí mhionaoisigh a nochtadh d’ábhar ina léirítear saolta LADTI, ann féin, dochar a dhéanamh dá bhforbairt. |
|
39. |
Ag an bpointe seo, is gá a mhíniú nach gcuirtear cosc ná srian le reachtaíocht na hUngáire ar ábhar LADTI earótach nó pornagrafach a chur in iúl; ina ionad sin, cuirtear cosc ar ghnáthshaol daoine LADTI a léiriú. Is é sin le rá go gcuirtear cosc nó srian leis na Rialacha atá i gceist ar ‘ábhar LADTI’de bhreis ar ábhar pornagrafach, nó ábhar lena gcuirtear gnéasacht in iúl ar bhealach gan ghá, nó foréigean. ( 23 ) Chun leanaí a chosaint ar ábhar atá gnéasach go hoscailte, ní raibh sé riachtanach an reachtaíocht a leasú tríd an toirmeasc ar ‘ábhar LADTI’ a chur leis. Bhí an t‑ábhar sin gafa cheana féin ag na rialacha lena gcosnaítear mionaoisigh sular glacadh na leasuithe atá faoi chonspóid. |
|
40. |
Mar sin, ní fhéadtar ach teacht ar an gconclúid go bhfuil feidhm ag an toirmeasc breise ar ‘ábhar LADTI’, mar a tugadh isteach le leasuithe conspóideacha, maidir le gnáthshaol laethúil na ndaoine LADTI. Is sa chiall sin a úsáidfidh mé an nath ‘ábhar LADTI’. |
|
41. |
Níl cinneadh na hUngáire chun mionaoisigh a chosaint ó ‘ábhar LADTI’ bunaithe ar aon chruthúnas eolaíoch ar an dochar a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta na leanaí. Dá bhrí sin, tá sé bunaithe ar bhreith ar luacha, nó, mar a thug Parlaimint na hEorpa air, ar an réamhchlaonadh nach bhfuil luach ná stádas comhionann ag saol homaighnéasach agus neamh-chisinscneach mar shaol heitrighnéasach agus cisinscneach. Sin an fáth a gcreideann an Ungáir ‘go bhféadfadh rochtain a bheith ag mionaoisigh ar ábhar dá leithéid dul i bhfeidhm go diúltach ar a n‑íomhá féin nó ar a n‑íomhá den domhan.’ ( 24 ) |
|
42. |
Tá an‑difríocht ann idir an bhreith ar luacha ar a bhfuil reachtaíocht na hUngáire atá i gceist bunaithe agus na luachanna de dhínit an duine, den chomhionannas, agus d’urraim do chearta an duine mar a thuigtear iad san Aontas Eorpach agus sa chóras Eorpach níos leithne um chearta an duine, mar atá leagtha amach sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR). ( 25 ) |
|
43. |
Mar sin, is easaontas faoi luachanna é an t‑easaontas idir an Coimisiún agus an Ungáir sa chás seo. Mar sin féin, tá an cheist fós ann an bhféadfadh agus ar cheart go spreagfadh easaontas den sórt sin cur i bhfeidhm Airteagal 2 CAE. |
|
44. |
Sula rachaidh mé i mbun plé maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 2 CAE sa chás seo, léireoidh mé ar dtús go sáraítear roinnt cearta bunúsacha atá faoi chosaint na Cairte leis na rialacha atá faoi chonspóid, agus nach féidir bonn cirt a thabhairt le sárú na gceart sin ar na cúiseanna a chuireann an Ungáir chun cinn. |
B. An cúigiú saincheist dlí ón gCoimisiún – Sárú ar chearta na Cairte
|
45. |
Maíonn an Coimisiún go sáraítear le Rialacha 1, 3, 4, 6 agus 7 an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais inscne agus ghnéaschlaonta mar atá in Airteagal 21 den Chairt (2), saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil le hAirteagal 11 den Chairt (3), agus urraim ar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Chairt (4). Séanann an Ungáir na líomhaintí sin go léir, ag áitiú go bhfónann a cuid Rialacha chun na mionaoisigh a chosaint. Déanfaidh mé anailís i dtaobh an ionann na Rialacha atá i gceist agus cur isteach ar na cearta sin, tar éis dom míniú a thabhairt ar dtús go bhfuil feidhm ag an gCairt maidir leis na Rialacha atá i gceist (1). Mar a léireoidh mé, ní fhéadtar údar a thabhairt don chur isteach atá ann go deimhin (5), agus sin é an fáth a measaim gur cheart glacadh freisin le héileamh an Choimisiúin maidir le sárú ar dhínit an duine (6). |
1. Infheidhmeacht na Cairte
|
46. |
I gcomhréir le hAirteagal 51(1) den Chairt, ní bheidh Ballstáit faoi cheangal ag an gCairt ach amháin nuair a chuireann siad dlí an Aontais chun feidhme. Mar a mhínigh an Chúirt, ciallaíonn sé sin nach mór na cearta bunúsacha a ráthaítear leo a chomhlíonadh aon uair a thagann reachtaíocht náisiúnta faoi raon feidhme dhlí an Aontais. ( 26 ) I bhfocail eile, ní fhéadfaidh an Ungáir an Chairt a shárú ach amháin má thagann na Rialacha atá faoi chonspóid faoi raon feidhme Airteagal 56 CFAE agus/nó ionstraimí an dlí thánaistigh a sháraítear, de réir an Choimisiúin, leis na Rialacha sin. Sula ndéanfaidh mé measúnú ar na forais lena líomhnaítear sárú ar chearta bunúsacha, ba cheart dom a chinneadh ar dtús an dtagann na cúig Riail atá i gceist faoi raon feidhme dhlí an Aontais. |
|
47. |
Ní chuireann an Ungáir i gcoinne go dtagann Rialacha 3, 4 agus 6 faoi raon feidhme treorach amháin ar a laghad. Mar sin féin, measann sí go bhfuil Riail 1 agus Riail 7 lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais. |
|
48. |
Le Riail 1, cuirtear cosc ar ‘ábhar LADTI’ a chur in iúl agus a chur chun cinn do mhionaoisigh i gcomhthéacs an Dlí um Chosaint Leanaí. Áitíonn an Ungáir go bhfuil an Dlí dírithe ar an Stát, ar údaráis áitiúla agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha arna sainordú ag na húdaráis phoiblí chun raon cúng seirbhísí a chur ar fáil mar a bhaineann siad le cúram agus cosaint leanaí. Ní thairgtear seirbhísí den sórt sin ar luach saothair, agus ní thagann siad, dá bhrí sin, faoi choincheap na seirbhísí faoi Airteagal 56 CFAE. Ina theannta sin, ní dócha go gcuirfear seirbhísí den sórt sin ar fáil ar bhonn trasteorann. |
|
49. |
Áitíonn an Coimisiún, áfach, ar dtús, nach bhfuil raon feidhme an Dlí um Chosaint Leanaí chomh cúng sin, agus go bhfuil feidhm aige freisin maidir le hinstitiúidí a chuireann cúram ar fáil do leanaí ar luach saothair, amhail ionaid cúraim lae, ( 27 ) nó saoráidí cúraim altrama príobháideacha. D’fhéadfaidís teacht faoi choincheap soláthraí seirbhíse de réir bhrí dhlí an Aontais, má chuireann siad a gcuid seirbhísí ar fáil mar mhalairt ar luach saothair. |
|
50. |
Ina theannta sin, fiú mura gcuireann na seolaithe a bhfuil an Dlí um Chosaint Leanaí dírithe chucu seirbhísí ar fáil do leanaí mar mhalairt ar luach saothair, díspreagtar iad ó sheirbhísí a cheannach, lena n‑áirítear iad sin a thairgeann soláthraithe i mBallstáit eile, ina bhfuil ‘ábhar LADTI’. Toisc go bhfuil cosc orthu an t‑ábhar sin a úsáid agus iad ag tabhairt aire do leanaí, níl aon chúis acu le bheith ina bhfaighteoirí de sheirbhísí ina bhfuil ‘ábhar LADTI’. ( 28 ) |
|
51. |
Le hAirteagal 56 CFAE agus leis an Treoir um Sheirbhísí, toirmisctear srianta ar sholáthar agus ar fháil seirbhísí trasteorann araon. ( 29 ) Ina theannta sin, leis an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach, atá sáraithe, de réir an Choimisiúin, le Riail 1, toirmisctear freisin srianta ar sholáthar agus ar fháil sheirbhísí na sochaí faisnéise araon. ( 30 ) |
|
52. |
Mar a d’áitigh an Coimisiún, d’fhéadfadh sé nach mbeadh soláthar seirbhísí trasteorann chomh tarraingteach céanna de bharr an Dlí um Chosaint Leanaí, amhail, mar shampla, seó amharclannaíochta a insíonn scéal faoi theaghlach LADTI agus a chuireann a chuid seirbhísí d’ionaid chúram lae leanaí ar fáil ar fud an Aontais Eorpaigh. Sa chaoi chéanna, níl aon chúis ag saoráid cúraim altrama san Ungáir cartún a cheannach a chuireann ábhar oideachais ar fáil atá curtha in oiriúint do dhéagóirí faoi fhéiniúlacht inscne, arna thairiscint ar éileamh ó shuíomh gréasáin soláthraí seirbhíse atá lonnaithe sa Chróit. Mar sin cuirtear srian le Riail 1 ar sholáthar trasteorann sheirbhísí na sochaí faisnéise. |
|
53. |
Mar sin, measaim go bhféadfadh feidhm a bheith ag Riail 1, mar atá sa Dlí um Chosaint Leanaí, maidir le seirbhísí de réir bhrí dhlí an Aontais. |
|
54. |
Le Riail 7, atá sa Dlí Náisiúnta um Oideachas Poiblí, toirmisctear ‘ábhar LADTI’ a chur chun cinn sa ghnéasoideachas. |
|
55. |
Maíonn an Ungáir go dtagann an Riail seo lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais maidir le seirbhísí, toisc nach meastar oideachas poiblí a bheith ina sheirbhís a chuirtear ar fáil ar mhalairt ar luach saothair de réir bhrí dhlí an Aontais. |
|
56. |
Is fíor go meastar go ginearálta sa chásdlí nach ionann oideachas san earnáil phoiblí agus soláthar seirbhísí. ( 31 ) Mar sin féin, i mbreithiúnais éagsúla, chinn an Chúirt gur féidir gníomhaíochtaí oideachais a aicmiú mar sheirbhísí faoi dhlí an Aontais nuair a chuirtear ar fáil iad ar mhalairt ar luach saothair agus nuair a oibríonn siad lasmuigh den chóras oideachais stát‑mhaoinithe poiblí amháin. ( 32 ) Is féidir sin a bheith fíor freisin maidir le haon seirbhís a sholáthraíonn aoichainteoir seachtrach nó saineolaí a d’fhéadfadh idirghabháil a dhéanamh i bhforais oideachais. ( 33 ) |
|
57. |
Dá bhrí sin, measaim gur féidir feidhm a bheith ag Riail 7 freisin maidir le cásanna a chumhdaítear le dlí an Aontais. |
|
58. |
Mar fhocal scoir, tagann na cúig Riail go léir a gcuireann an Coimisiún ina gcoinne faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis an gCairt. |
|
59. |
I bhfianaise an Chairt a bheith is infheidhme, casfaidh mé anois ar mheasúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na Rialacha sin le cearta na Cairte arna n‑agairt ag an gCoimisiún. |
|
60. |
Mar chuimhneachán, tá foclaíocht chomhchosúil sna cúig Riail lena mbaineann an tsaincheist seo. Cuirtear srian nó cosc go léir ar rochtain ar ábhar lena gcuirtear chun cinn nó lena gcuirtear in iúl féiniúlachtaí inscne nach gcomhfhreagraíonn don inscne a sannadh dóibh ag breith, athrú gnéis nó homaighnéasacht a chur chun cinn do mhionaoisigh faoi bhun 18 mbliana d’aois, gan aon idirdhealú idir aoisghrúpaí. Tá rochtain ar ábhar den sórt sin srianta nó toirmiscthe go ginearálta (Riail 1), nuair a léirítear é i gcláir ar mheán closamhairc líneach (AVM) (Riail 4), mar theachtaireachtaí múscailte feasachta ar AVM (Riail 6) nó mar fhógraíocht in aon chineál meán (Riail 3). Le Riail 7, cuirtear cosc ar ‘ábhar LADTI’ a chur chun cinn amháin – agus ní ar é a chur in iúl – i gcomhthéacs an ghnéasoideachais. |
2. Sárú ar Airteagal 21 den Chairt
|
61. |
Le hAirteagal 21 den Chairt, toirmisctear idirdhealú, i measc forais eile, ar bhonn inscne agus gnéaschlaonta. |
|
62. |
De réir cásdlí seanbhunaithe, is ionann caitheamh le daoine ar bhealach níos lú fabhar mar gheall ar athrú inscne (‘trasghnéasachas’) ( 34 ) agus idirdhealú ar fhoras inscne. ( 35 ) Sa bhreithiúnas le déanaí in Mousse deimhnítear go mbaineann an toirmeasc ar idirdhealú inscne freisin le hidirdhealú ar fhoras féiniúlachtaí inscne ar imeacht í ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe agus nach n‑áirítear athrú fisiceach inscne (‘féiniúlacht thrasinscneach’). ( 36 ) |
|
63. |
Ar an taobh eile, tagann an homaighnéasacht, a ndírítear uirthi leis na Rialacha atá i gceist freisin, faoin gcoincheap ‘gnéaschlaonadh’. ( 37 ) |
|
64. |
Maíonn an Coimisiún gurb éard atá san idirdhealú sa chás seo ná an difríocht sa chaoi a gcaitear le daoine heitrighnéasacha agus cisinscneacha i gcomparáid le daoine LADTI. Cé go ndéantar difear leis na Rialacha atá i gceist do léiriú d’ábhar ina dtaispeántar saolta homaighnéasacha agus neamh-chisinscneacha do mhionaoisigh, ní chuirtear srian leo ar léiriú d’ábhar ina dtaispeántar saolta homaighnéasacha agus cisinscneacha. Ina theannta sin, is é is aidhm do na leasuithe atá i gceist, dar leis an gCoimisiún, daoine LADTI i sochaí na hUngáire a imeallú. |
|
65. |
Áitíonn an Ungáir nach bhfuil na Rialacha atá i gceist dírithe ar dhaoine LADTI, ach go bhfuil sé mar aidhm acu mionaoisigh a chosaint i líon teoranta cásanna nach féidir lena dtuismitheoirí ná a gcaomhnóirí smacht a bheith acu ar a nochtadh ‘d’ábhar LADTI’. |
|
66. |
De réir chásdlí na Cúirte, tarlaíonn idirdhealú ní hamháin nuair a chaitear le duine ar bhealach níos lú fabhair ná duine eile i gcás inchomparáide, ach freisin nuair a dhéantar idirdhealú le gníomh nó reachtaíocht ar bhonn critéar toirmiscthe. Is amhlaidh é sin, beag beann ar fhéiniúlacht na n‑íospartach a ndéantar difear dóibh de bharr iad bheith ag brath ar chritéar toirmiscthe den sórt sin, is é sin, cibé acu an duine de ghrúpa mionlaigh é an té atá cosanta leis an toirmeasc nó an duine nach leis an ngrúpa lena mbaineann é. ( 38 ) |
|
67. |
Agus an cásdlí sin á chur i bhfeidhm sa chás seo, is idirdhealaitheach go deimhin na Rialacha atá i gceist atá bunaithe go sainráite ar chritéar gnéis (féiniúlacht thrasghnéasach nó thrasinscneach) agus ar ghnéaschlaonadh (claonadh homaighnéasach). |
|
68. |
In ainneoin éileamh na hUngáire nach bhfuil na Rialacha sin dírithe ar an ngrúpa mionlaigh sin, tá siad bunaithe go soiléir mar sin féin ar idirdhealú atá bunaithe ar inscne agus ar ghnéaschlaonadh. Mar a míníodh níos luaithe (féach mír 39 den Tuairim seo), toirmisctear rochtain na mionaoiseach ar ábhar ina dtaispeántar gnáthshaol LADTI, agus ní hamháin ar léiriúcháin de shaol LADTI atá gnéasach nó pornagrafach go hoscailte. Níl rochtain ar ábhar ina léirítear gnáthshaol daoine heitrighnéasacha agus cisinscneacha toirmiscthe, áfach, ag aon cheann de Rialacha 1, 3, 4, 6 ná 7. |
|
69. |
Maidir le Riail 7, sonraíonn an Ungáir nach dtoirmisctear léi ach ‘ábhar LADTI’ a chur chun cinn agus i gcomhthéacs an ghnéasoideachais amháin. Mar sin féin, ní cosaint é sin ar éileamh an idirdhealaithe. Is féidir liom aontú nár cheart go mbeadh cur chun cinn aon chineál saoil mar chuid den oideachas, gur cheart go mbeadh sé chomh neamhchlaonta agus is féidir agus go gcuirfí ar chumas leanaí a dtuairimí féin a fhorbairt ar shaincheisteanna éagsúla. ( 39 ) Mar sin féin, ní thoirmisctear le Riail 7 ach ‘ábhar LADTI’ a chur chun cinn, ach ní thoirmisctear an t‑ábhar heitrighnéasach ná cisinscneach a chur chun cinn. Tá sé, mar sin, idirdhealaitheach ar fhorais inscne agus ghnéaschlaonta. |
|
70. |
Éilíonn an Ungáir freisin nár thug an Coimisiún samplaí ar bith ar aird de sháruithe nithiúla ar na rialacha frith-idirdhealaithe. |
|
71. |
Chuige sin, tá sé tábhachtach a chur san áireamh gur cleachtadh athbhreithnithe bhreithiúnaigh theibí iad imeachtaí um shárú. Is minic a dhíríonn an Coimisiún imeachtaí den sórt sin ar reachtaíocht Bhallstáit ann féin, agus is gá go mbaineann an t‑éileamh leis an gcumas reachtaíocht den sórt sin dlí an Aontais a shárú. I staideanna den sórt sin d’athbhreithniú breithiúnach teibí, ní dhéanann an Chúirt amhail is nach ndéanann cúirteanna bunreachtúla náisiúnta agus measúnú á dhéanamh acu ar bhunreachtúlacht na reachtaíochta, cinneadh ar sháruithe nithiúla ar chearta an duine aonair, ach déanann sí cinneadh maidir leis an bhféidearthacht a d’fhéadfadh bheith ag rialacha den sórt sin cearta bunúsacha daoine aonair nó grúpaí a shárú. |
|
72. |
Thug an Coimisiún argóintí leordhóthanacha ar aird chun a thaispeáint go bhféadfadh an reachtaíocht atá faoi chonspóid daoine aonair nó grúpaí éagsúla a chur faoi mhíbhuntáiste toisc go bhfuil an reachtaíocht sin bunaithe ar an gcritéar toirmiscthe. Tá aon soláthraí seirbhíse nó faighteoir seirbhíse faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar an toirmeasc ar sholáthar nó ar rochtain ar ábhar LADTI. Ní dhéanann an teorannú sin difear do dhaoine LADTI amháin, ach do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha i gcoitinne. |
|
73. |
Ina theannta sin, tá éifeachtaí stiogmataithe ag na leasuithe atá i gceist do dhaoine LADTI. Is éard is stiogmatú ann cás ina ndéantar saintréithe atá in‑athdhéanta go sóisialta a shannadh do bhaill de ghrúpa mionlaigh amháin, amhail daoine LADTI, ar bhonn a mballraíochta nó a mballraíochta braite sa ghrúpa sin, agus ar an mbonn sin amháin. |
|
74. |
De bharr stiogmatú, cuirtear daoine LADTI faoi mhíbhuntáiste ar mhargadh an tsaothair agus sa saol sóisialta. ( 40 ) |
|
75. |
Aontaím leis an gCoimisiún gur stiogmatú ann féin é toirmeasc a chur ar rochtain ar chur i láthair de ghnáthshaol daoine LADTI toisc go meastar go bhfuil siad díobhálach, ní hamháin do leanaí, ach do dhaoine fásta freisin. |
|
76. |
Ina theannta sin, tá an dearcadh diúltach ar an bpobal LADTI ag dul in olcas freisin tríd an léiriú ar ghnáthshaol LADTI a chur in iúl taobh le léirithe gan gá de ghnéasacht agus de phornagrafaíocht, agus d’fhoréigean chomh maith. |
|
77. |
Ar deireadh, trí na rialacha maidir le cosaint leanaí ar phéidifilia a chumasc sa Dlí Leasaitheach leis na rialacha a achtaíodh chun leanaí a chosaint ar ábhar LADTI, treisítear an éifeacht stiogmataithe atá ag na Rialacha iontu féin. |
|
78. |
Cosnaíonn an Ungáir í féin i gcoinne na hargóinte deiridh trína mhíniú gur gnáth-theicníc reachtach sa Bhallstát sin roinnt Dlíthe a leasú le píosa amháin reachtaíochta, agus nach bhfuil baint ar bith le péidifilia ag na Dlíthe arna leasú amhlaidh. |
|
79. |
Fiú dá bhféadfadh sé sin a bheith fíor mar ábhar dlí, i bhfianaise an éifeacht shochaíoch a d’fhéadfadh a bheith ag teicníc den sórt sin sa chás áirithe seo, d’fhéadfadh an Ungáir cinneadh a dhéanamh an dá Dhlí leasaitheacha a dheighilt agus aon fho-iarmhairtí stiogmataithe a sheachaint. Mar mhalairt air sin, chinn an Ballstát sin na leasuithe reachtacha éagsúla sin a chumasc. |
|
80. |
Ba cheart dom a shonrú gur aithníodh freisin i roinnt tuarascálacha ó institiúidí an Aontais ( 41 ) nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanann faireachán ar chearta an duine, ( 42 ) go bhfuil éifeacht stiogmataithe ag na Rialacha atá i gceist, mar a líomhain an Coimisiún. |
|
81. |
Is idirdhealú díreach é, dar liomsa, má chuireann Stát go gníomhach le stiogmatú grúpa mionlaigh, bíodh sé d’aon ghnó nó ná bíodh, toisc go bhfuil sé contrártha le fíorchineál phrionsabal an chomhionannais. ( 43 ) Trí stiogmatú déantar claontachtaí sóisialta a bhí ann cheana sa tsochaí a threisiú, rud a threoraíonn forbairt shóisialta ón gcomhionannas, seachas ina threo. Baineann sé sin an bonn de chuspóir na rialacha lena dtoirmisctear idirdhealú, is é sin comhionannas a bhaint amach in aon sochaí ar leith. ( 44 ) |
|
82. |
Léirítear i mbunreacht an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear na Conarthaí agus an Chairt, an rogha go gcaithfear go cothrom le daoine d’ainneoin a n‑inscne nó a ngnéaschlaonta. Cuirtear an rogha sin in iúl in Airteagal 21 den Chairt, lena n‑áirítear inscne agus gnéaschlaonadh mar fhorais toirmiscthe idirdhealaithe, agus in Airteagal 19 CFAE, atá ina bhunús dlí do bhearta an Aontais chun an cineál idirdhealaithe sin a chomhrac. |
|
83. |
Fiú dá bhféadfadh sé a bheith fíor, i roinnt sochaithe Eorpacha, nach bhfuil cearta comhionannais daoine LADTI inmheánaithe go hiomlán fós, is sárú ar Airteagal 21 den Chairt é Ballstát a ghlacann rialacha lena stiúrtar glacadh sochaíoch chomhionannas an ghrúpa mionlaigh sin ón sprioc sin. |
3. Sárú ar Airteagal 11 den Chairt
|
84. |
Ráthaítear le hAirteagal 11 den Chairt an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Áirítear leis an gceart sin an tsaoirse tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus smaointe a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí. Sonraítear in Airteagal 11(2) den Chairt go ndéanfar saoirse agus iolrachas na meán a chosaint freisin. |
|
85. |
De réir na Mínithe a bhaineann leis an gCairt, ( 45 ) comhfhreagraíonn na cearta a ráthaítear in Airteagal 11 den Chairt do na cearta a ráthaítear le hAirteagal 10 ECHR. Ón dearcadh sin, b’fhoinse luachmhar inspioráide é cinneadh ECtHR do chásdlí na Cúirte. |
|
86. |
Chuige sin, mhínigh an Chúirt go gcumhdaítear leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh an chaint a chuirtear in iúl trí aon mhodh cumarsáide, lena n‑áirítear an tIdirlíon (trí úsáid a bhaint as seirbhísí na sochaí faisnéise). ( 46 ) Dheimhnigh sí freisin go bhfuil feidhm ag Airteagal 11 maidir le gach cineál cainte, lena n‑áirítear caint tráchtála, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm fógraíochta. ( 47 ) |
|
87. |
Ní hamháin go gcosnaítear leis an tsaoirse sin comhroinnt ‘faisnéise’ nó ‘smaointe’ a nglactar go fabhrach leo nó a mheastar a bheith neamhurchóideach nó ina ábhar neamhshuime, ach cosnaítear léi freisin comhroinnt ‘faisnéise’ nó ‘smaointí’ gáirsiúil, millteanach nó atá ina ábhar imní; is amhlaidh iad sin agus éilimh an iolrachais, na caoinfhulaingthe agus na leathanintinneachta a bhfuil riachtanach d’aon ‘sochaí dhaonlathach’. ( 48 ) |
|
88. |
Ina fhianaise sin, áitíonn an Coimisiún go gcuireann na Rialacha atá i gceist isteach ní hamháin ar shaoirse an phobail LADTI an fhaisnéis agus na smaointe a bhaineann leis an bpobal sin a chur in iúl, ach freisin ar cheart an phobail i gcoitinne faisnéis a thabhairt agus a fháil faoin bpobal LADTI. Fiú má bhíonn na Rialacha dírithe ar mhionaoisigh, agus dá bhrí sin srian a chur ar a gceart chun faisnéis a fháil, ní féidir le ‘ábhar LADTI’ i bhfoirm fógraíochta, nó fógraí seirbhíse poiblí nó teachtaireachtaí múscailte feasachta duine ar bith a shroicheadh ná a thabhairt do dhuine ar bith. |
|
89. |
Aontaím leis an gCoimisiún go gcuirtear srian le haicmiú clár closamhairc mar chatagóir V, mar a cheanglaítear le Riail 4 má tá ábhar LADTI i gceist leo, ní hamháin ar mhionaoisigh ach freisin ar aon duine ar mhian leo a leithéid de chlár a fheiceáil toisc nach féidir é a chraoladh ach go déanach san oíche. Cuirtear srian leis freisin ar údair agus ar sholáthraithe seirbhísí closamhairc a chuireann na cláir sin i láthair. Más rud é nach féidir le húdar cartúin, a léiríonn saol teaghlaigh LADTI nó na fadhbanna a bhíonn ag beirt déagóirí agus iad ag déileáil lena ngnéasacht nó lena bhféiniúlacht inscne, ábhar den sórt sin a chraoladh ach le linn uaireanta teoranta agus mura féidir cartún dá leithéid a thaispeáint i scoil nó i spásanna poiblí eile, cuirtear srian ar cheart an duine sin a smaoineamh a chur in iúl agus ar cheart gach duine é a fháil, araon. ( 49 ) |
|
90. |
Ar deireadh, le Riail 3 den Dlí Fógraíochta, cuirtear isteach go soiléir ar chaint tráchtála. |
|
91. |
Ina cosaint i gcoinne na n‑éileamh go gcuirfí isteach ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, áitíonn an Ungáir nach bhfuil feidhm ag an srian ach amháin maidir le bealaí áirithe chun faisnéis a chomhroinnt. Cé go bhféadfadh sé sin a bheith ábhartha chun bonn cirt a thabhairt do ghníomhartha den sórt sin, ní athraíonn sé cinneadh féideartha go gcuirtear isteach ar an gceart sin. |
|
92. |
Argóint eile a ardaíonn an Ungáir chun a cur isteach a chosaint ná nach ndéantar difear díreach do cheart daoine LADTI faisnéis a thabhairt nó a fháil toisc nach gcuireann na Rialacha cosc ar dhaoine LADTI faisnéis a fháil nó a thabhairt, ach nach mbaineann siad ach le hábhar áirithe a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do mhionaoisigh. Is neamhábhartha í an argóint sin. Tá Airteagal 11 den Chairt dírithe ar chinsireacht a chosc agus tá feidhm aige maidir le rialacha lena gcuirtear toirmeasc nó srian ar ábhar áirithe. |
|
93. |
Dá bhrí sin, measaim, fiú má tá siad teoranta d’acmhainní agus do mhodhanna áirithe chun faisnéis a chur in iúl agus a fháil, go gcuirtear isteach leis na Rialacha atá faoi chonspóid ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. |
4. Sárú ar Airteagal 7 den Chairt
|
94. |
Ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt an ceart go n‑urramófar an saol príobháideach agus saol teaghlaigh. |
|
95. |
De réir na Mínithe a bhaineann leis an gCairt, comhfhreagraíonn na cearta a ráthaítear in Airteagal 7 den Chairt do na cearta a ráthaítear le hAirteagal 8 ECHR. Mar sin, díreach mar a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, tá cásdlí ECtHR ábhartha maidir le léiriú an chirt go n‑urramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh. ( 50 ) |
|
96. |
Mar a áitíonn an Coimisiún ina iarraidh, d’aithin ECtHR an coincheap ‘saol príobháideach’ mar choincheap leathan lena gcuimsítear sláine fhisiciúil agus shíceolaíoch duine, lena n‑áirítear an saol gnéasach. Áirítear leis freisin gnéithe den fhéiniúlacht fhisiciúil agus shóisialta, amhail sainaithint inscne, ainm, gnéaschlaonadh agus caidrimh phearsanta. ( 51 ) Le hAirteagal 8 ECHR ráthaítear freisin an ceart chun ‘saoil shóisialta phríobháidigh’, ( 52 ) arb é an ceart chun forbartha pearsanta agus an cumas caidreamh a dhéanamh le daoine eile agus leis an domhan lasmuigh. ( 53 ) |
|
97. |
Leis an stiogmatú a eascraíonn as reachtaíocht na hUngáire atá i gceist déantar difear do na gnéithe sin go léir den cheart chun saoil phríobháidigh agus teaghlaigh. Mheas ECtHR go bhfuil oibleagáid dhearfach ar Stáit a áirithiú go n‑urramaítear saolta príobháideacha daoine aonair. ( 54 ) D’aithin an Chúirt Bhreithiúnais freisin go bhfuil oibleagáidí dearfacha den sórt sin ann sa mhéid a bhaineann le saol príobháideach daoine trasinscneacha a chosaint. ( 55 ) |
|
98. |
Tugann an Coimisiún le fios go bhfuil difríocht idir an staid sna cásanna a chinn ECtHR agus staid an cháis seo, toisc gur gníomhartha daoine aonair nó grúpaí eile a bhí sna gníomhartha stiogmataithe, agus chinn an chúirt sin gurbh ionann sárú an chirt chun saoil phríobháidigh agus mainneachtain an Stáit gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc nó aghaidh a thabhairt orthu. |
|
99. |
Aontaím leis an gCoimisiún, sa chás seo, go bhfuil sárú an chirt chun saoil phríobháidigh níos measa fós toisc go dtarlaíonn stiogmatú dhaoine LADTI mar gheall ar ghníomh reachtach an Bhallstáit. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag éifeachtaí stiogmataithe reachtaíocht na hUngáire, lena gcruthaítear timpeallacht naimhdis i leith daoine LADTI, ar mhothúcháin féiniúlachta, féinmheasa agus féinmhuiníne dhaoine LADTI. Bíonn tionchar acu ar mhionaoisigh, ach ar dhaoine fásta freisin. Déantar difear ar leith do mhionaoisigh a bhaineann leis an bpobal LADTI, toisc go gcuirtear cosc orthu leis an mbaint faisnéise faoi shaolta LADTI ón réimse poiblí a thuiscint nach saol neamhghnách é a saol. Déantar difear freisin dá nglacadh ag a bpiaraí, ar scoil nó i dtimpeallachtaí eile agus mar sin bíonn tionchar aige ar a gceart chun ‘saoil shóisialta phríobháidigh’ chomh maith. Mar sin, seachas mionaoisigh a chosaint ar dhíobháil, leathnaítear díobháil den sórt sin leis an reachtaíocht atá faoi chonspóid. |
|
100. |
Maidir le líomhain an Choimisiúin i ndáil le sárú ar Airteagal 7 den Chairt, áitíonn an Ungáir nár léirigh an Coimisiún go bhfuil aon éifeacht stiogmataithe mar thoradh ar an reachtaíocht atá i gceist. |
|
101. |
Mar sin féin, i bpróiseas an athbhreithnithe bhreithiúnaigh theibí, mar a mhínigh mé cheana, is leor argóintí a thabhairt ar aird go bhfuil an cumas ag an reachtaíocht atá i gceist éifeachtaí stiogmataithe a chruthú. Tá argóintí leordhóthanacha tugtha ar aird ag an gCoimisiún maidir leis an bhfáth a gcuireann ábhar reachtaíocht na hUngáire, a struchtúr, agus an nós imeachta inar glacadh í le timpeallacht dhiúltach i léith LADTI san Ungáir a chruthú. |
|
102. |
Mar fhocal scoir, aontaím leis an gCoimisiún go gcuireann reachtaíocht na hUngáire isteach ar shaolta príobháideacha dhaoine LADTI. |
5. An bhféadtar bonn cirt a thabhairt le cur isteach ar chearta bunúsacha?
|
103. |
De réir Airteagal 52(1) den Chairt, féadfar na cearta a chuirtear in iúl inti a bheith teoranta. Ní mór foráil a dhéanamh sa dlí d’aon teorannú agus ní mór éirim an chirt atá i gceist a urramú. Ionas go mbeidh bonn cirt leis na rialacha teorannaithe, ar an gcéad dul síos, ní mór dóibh a bheith dírithe ar leas ginearálta arna aithint ag an Aontas nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Ar an dara dul síos, ní mór don srian a bheith comhréireach leis an aidhm atá á saothrú leis. |
|
104. |
I bhfianaise an mhéid sin, sonraíonn an Ungáir go bhfuil bonn cirt le cur isteach ar chearta bunúsacha de bharr aidhmeanna na reachtaíochta atá faoi chonspóid – forbairt shláintiúil na mionaoiseach a chosaint agus cearta na dtuismitheoirí chun a leanaí a thógáil de réir a gciontuithe pearsanta a chosaint. ( 56 ) |
|
105. |
Trí aidhmeanna den sórt sin a shaothrú, áitíonn an Ungáir go gcosnaíonn sí cearta bunúsacha leanaí agus tuismitheoirí, mar atá sa Chairt. Braitheann sí ar Airteagal 24(2) den Chairt, lena gceanglaítear leas an linbh a chosaint, agus Airteagal 14(3) de, ina luaitear an ceart atá ag tuismitheoirí oideachas agus teagasc a gcuid leanaí a áirithiú i gcomhréir lena n‑áitiúis reiligiúnacha, fhealsúnacha agus oideolaíocha. |
|
106. |
Maidir leis an gcéad bhonn cirt arna agairt ag an Ungáir, dearbhaíonn an Coimisiún nár thug an Ungáir aon chineál fianaise ar aird go bhféadfaí dochar a dhéanamh ar dhóigh ar bith d’fhorbairt shláintiúil na mionaoiseach má bhreathnaíonn siad ar ábhar lena léirítear gnáthshaol daoine homaighnéasacha nó neamh-chisinscneacha. A mhalairt ar fad, ní hamháin go measann an Coimisiún, le tacaíocht ó na Ballstáit is idiragraithe agus ón bParlaimint, nach féidir le ‘ábhar LADTI’ a bheith díobhálach do leanaí, ach go bhféadfadh dochar a dhéanamh d’fhorbairt agus do shóisialú daoine óga mura nochtar mionaoisigh ‘d’ábhar LADTI’. |
|
107. |
Freagraíonn an Ungáir don argóint sin trí agairt a dhéanamh, sa chéad áit, do phrionsabal an réamhchúraim agus, sa dara háit, ar an lamháil discréide a bhíonn ag Ballstáit agus iad ag cinneadh cad atá díobhálach do leanaí, i gcomhréir lena dtraidisiúin mhorálta, reiligiúnacha nó chultúrtha. |
|
108. |
Maidir le prionsabal an réamhchúraim, áitíonn an Ungáir go bhfuil baol díobhála ann d’fhorbairt mhionaoisigh má nochtar iad ‘d’ábhar LADTI’ gan treoir ó dhaoine fásta. Measann an Ballstát sin, laistigh dá lánrogha féin, go bhféadfaidh sé bearta cosanta a ghlacadh ‘gan fanacht go dtí go dtiocfaidh fírinne agus tromchúis na rioscaí féideartha chun solais go hiomlán’. ( 57 ) |
|
109. |
Is féidir liom aontú, a mhéid is gur saincheist sláinte í forbairt fhisiciúil, mheabhrach agus mhorálta na mionaoiseach a chosaint, go bhféadfaí brath ar phrionsabal an réamhchúraim chun bonn cirt a thabhairt do bhearta rialála. ( 58 ) |
|
110. |
Mar sin féin, más fíor go bhfuil an coincheap sin doscartha ó mhéid áirithe d’éiginnteacht eolaíoch, chinn an Chúirt nach féidir an measúnú ar an riosca a bhunú ar ‘chur chuige hipitéiseach amháin i leith riosca, bunaithe ar thoimhdí amháin nach bhfuil fíoraithe go heolaíoch fós’. ( 59 ) Ní mór do Bhallstáit atá ag brath ar argóintí den sórt sin ar a laghad roinnt fianaise eolaíoch prima facie a thabhairt ar aird gur dócha go dtarlódh an riosca atá i gceist. Murach sin, mar a mheasann an Coimisiún, ní bheadh i reachtaíocht na hUngáire atá faoi chonspóid ach reachtaíocht threallach. |
|
111. |
Fiú nuair a d’iarr an Chúirt uirthi go sainráite roinnt fianaise a sholáthar a thacódh lena héilimh gur féidir le nochtadh ‘d’ábhar LADTI’ amháin dochar a dhéanamh d’fhorbairt mionaoiseach, ní dhearna an Ungáir ach a athdhearbhú go bhfuil riosca féideartha den sórt sin ann, agus í ag brath ar ráitis an‑ghinearálaithe. |
|
112. |
Mar sin, mhínigh an Stát sin go n‑eascraíonn an riosca ó chumhacht na meán cur ina luí, ach go mbíonn claonadh ag leanaí agus daoine fásta óga rudaí a thástáil agus nach bhfuil siad fós in ann measúnú criticiúil a dhéanamh ar cad atá chun leasa dóibh. Ag an am céanna, má tá ‘ábhar LADTI’ inrochtana do mhionaoisigh, d’fhéadfadh go gcaillfidh tuismitheoirí an deis cinneadh a dhéanamh cathain atá a gcuid leanaí, a bhfuil an aithne is fearr acu orthu, réidh le bheith nochta d’ábhar den sórt sin nó le fáil réidh leis an mearbhall a d’fhéadfadh a bheith orthu. |
|
113. |
Cé gur féidir glacadh leis go héasca gur cuid de bheith ag fás aníos é mearbhall a bheith ar dhaoine óga, seachas ráiteas ginearálta den sórt sin, níor mhínigh an Ungáir riamh cén fáth go bhféadfadh an nochtadh ‘d’ábhar LADTI’ a bheith níos mearbhlaí do leanaí ná aon ábhar eile a d’fhéadfadh a bheith ina rud nuálach dóibh, agus cén fáth go háirithe go meastar go bhféadfadh ‘ábhar LADTI’ a bheith díobhálach. |
|
114. |
Is féidir liom aontú leis an gCoimisiún go bhféadfadh cosaint d’fhorbairt shláintiúil mionaoiseach a bheith, in abstracto, ina chúis leasa ghinearálta a d’fhéadfadh bonn cirt a thabhairt le srianta ar chearta áirithe. Mar sin féin, ós rud é nár chuir an Ungáir aon chruthúnas ar fáil maidir le díobháil a d’fhéadfadh teacht as nochtadh mionaoiseach do ‘ábhar LADTI’, ní féidir léi brath ar fhírinniú den sórt sin. |
|
115. |
Agus iad aistrithe go teanga dhlíthiúil na comhréireachta, féadtar teacht ar dhá chonclúid. Ar an gcéad dul síos, is féidir a shonrú nach bhfuil cúis inghlactha leasa ghinearálta ag an Ungáir a d’fhéadfadh sí a chur ar fáil mar bhonn cirt leis an gcur isteach a rinne sí ar na trí cheart den Chairt arna n‑agairt ag an gCoimisiún. Más amhlaidh an cás, ní gá céimeanna athbhreithnithe comhréireachta ina dhiaidh sin a chur i bhfeidhm mar níl aon bhonn cirt leis. Mar mhalairt air sin, is féidir linn glacadh leis an ngá atá le forbairt shláintiúil leanaí a chosaint mar chúis níos teibí de leas ginearálta. Mar sin féin, sa chás sin, teipeann ar na Rialacha atá i gceist tástáil na comhréireachta, toisc nach bhfuil siad leordhóthanach ná riachtanach chun leanaí a chosaint ar dhíobháil fhéideartha dá bhforbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta. |
|
116. |
I gceachtar cás, ní féidir leis an Ungáir bonn cirt a thabhairt lena cur isteach ar rialacha frith-idirdhealaithe, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ná ar an gceart chun saoil phríobháidigh mar gheall ar an ngá atá le mionaoisigh a chosaint ar dhíobháil. |
|
117. |
Mar sin, in easnamh ar aon chruthúnas ar an mbaol go bhféadfadh riosca díobhála a bheith ann d’fhorbairt shláintiúil na mionaoiseach, ní féidir glacadh leis gur inmharthana é an bonn cirt atá ag an Ungáir. |
|
118. |
Ar an gcúis chéanna, ní féidir a thuiscint go bhfuil reachtaíocht na hUngáire atá faoi chonspóid á glacadh chun leas an linbh a áirithiú, ar ceann de na cearta bunúsacha a shamhlaítear leis an gCairt, a d’fhéadfaí, i bprionsabal, a chothromú i gcoinne cearta eile, amhail neamh-idirdhealú, an ceart chun saoil phríobháidigh agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Níor chuir an Ungáir aon fhianaise ar fáil gurb é chun leasanna an linbh iad a chosaint ó ábhar LADTI. |
|
119. |
Ina theannta sin, chun a dhearbhú go bhfuil sí i dteideal a mheas go dteastaíonn cosaint ó ábhar LADTI ó mhionaoisigh, braitheann an Ungáir ar an mbreithiúnas in Omega. ( 60 ) Ar bhonn an bhreithiúnais sin, maíonn sí go bhfuil lamháil leathan discréide ag na Ballstáit agus iad ag cinneadh an bheartais phoiblí ar féidir leo brath air chun bonn cirt a thabhairt dá mbearta. Cuireann an Stát sin i bhfios go láidir go raibh an Chúirt, sa bhreithiúnas sin, den tuairim nach gá gurb ionann an coincheap maidir le conas atá cearta bunúsacha nó leasanna eile a chosaint i ngach Ballstát, ach go bhféadfadh difríocht a bheith ann ag brath ar na cúinsí morálta, reiligiúnacha nó cultúrtha atá i bhfeidhm sa Stát sin. |
|
120. |
Maíonn an Ungáir, mar sin, gur faoi gach Ballstát, dá bhrí sin, atá sé an rogha maidir le conas forbairt fhisiciúil, mheabhrach agus mhorálta mionaoiseach a chosaint, nó conas cearta tuismitheoirí a choimirciú. |
|
121. |
Chun a mhaíomh go bhfuil feidhm ag an gcásdlí Omega freisin maidir le forbairt shláintiúil mionaoiseach a chosaint, braitheann an Ungáir ar bhreithiúnas na Cúirte le déanaí in Booky.fi, ( 61 ) ina raibh an díospóid cosúil leis an gceann sa chás seo, toisc gur bhain sé le haicmiú agus lipéadú clár closamhairc chun leanaí a chosaint. Sa bhreithiúnas sin, d’athdhearbhaigh an Chúirt a cinntí in Omega, agus mheas sí go bhfuil lamháil discréide ag na Ballstáit ina measúnú ar an ngá atá le bearta chun leanaí a chosaint, agus dheimhnigh sí go bhféadfadh na measúnuithe sin a bheith éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. |
|
122. |
Mar sin féin, mar a d’áitigh Rialtas na Fionlainne, an Stát ónar tháinig an cás Booky.fi, níl lamháil discréide den sórt sin gan teorainn; ní mór do rogha an Bhallstáit cearta bunúsacha a urramú, amhail an toirmeasc ar bhearta idirdhealaitheacha. ( 62 ) Sáraíonn na Rialacha atá i gceist, mar atá léirithe thuas, cearta bunúsacha, agus is é sin an phríomhchúis nach féidir brath ar na breithiúnais in Omega nó Booky.fi chun bonn cirt a thabhairt leis na Rialacha sin. |
|
123. |
Ar deireadh, is cosúil go n‑éilíonn an Ungáir, trí thorthaí an reifrinn faoi na leasuithe a agairt, go dtacaíonn a daonra leis na leasuithe sin. ( 63 ) Fiú dá mbeadh sé sin fíor, ní fhéadfaí glacadh le ( 64 )‘fíoras’ den sórt sin mar bhonn cirt le sárú ar fhorálacha an mhargaidh inmheánaigh agus níos lú fós mar bhonn cirt le sárú ar chearta bunúsacha. I ndaonlathais bhunreachtúla, amhail san Aontas Eorpach, cosnaítear cearta na mionlach ar chinntí an tromlaigh gan údar. ( 65 ) |
|
124. |
Is é an dara bonn cirt a chuireann an Ungáir ar fáil maidir lena Rialacha ná an riachtanas atá ann ceart na dtuismitheoirí a gcuid leanaí a thógáil de réir a n‑áitiús a choimirciú. Níl aon chúis ann, i bprionsabal, le diúltú do chúis beartais phoiblí den sórt sin mar fhoras féideartha fírinnithe. Mar sin féin, díreach mar a bhaineann leis an mbonn cirt atá le cosaint ar dhíobháil, ní mhíníonn an Ungáir conas a dhéanann an reachtaíocht atá i gceist cearta tuismitheoirí den sórt sin a chur chun cinn nó a chosaint. |
|
125. |
Tá saoirse ag tuismitheoirí, mar a mhaígh go leor Ballstáit is idiragraithe, ceisteanna a bhaineann le claonadh homaighnéasach nó féiniúlacht inscne a phlé lena leanaí agus a mhíniú dóibh, fiú má thagann páistí ar a leithéid d’ábhar sna meáin. ( 66 ) Dá bhrí sin, níl na Rialacha atá i gceist oiriúnach ná riachtanach chun an aidhm dhlisteanach a bhfuil an Ungáir ag brath uirthi a bhaint amach. ( 67 ) |
|
126. |
Áitíonn an Ungáir freisin go bhfuil cearta tuismitheoirí chun a leanaí a thógáil de réir a n‑áitiús ní hamháin ina rogha cultúir agus beartais ach mar cheann de na cearta bunúsacha atá leagtha amach in Airteagal 14(3) den Chairt. |
|
127. |
Mar sin féin, tá an ceart sin, a thugtar do thuismitheoirí leis an gCairt, níos cúinge ná an ceart a éilíonn an Ungáir a bheith cosanta leis na Rialacha. Is cuid d’fhoráil na Cairte é a bhaineann leis an gceart chun oideachais. Mar a shonraítear sna Mínithe a bhaineann leis an gCairt, tá Airteagal 14 bunaithe ar chomhthraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát agus ar Airteagal 2 den Phrótacal a ghabhann le ECHR. Chinn ECtHR nach bhfuil i gceart na dtuismitheoirí a luaitear sa dara habairt d’Airteagal 2 den Phrótacal a ghabhann le ECHR ach ‘aguisín den cheart bunúsach chun oideachais’. ( 68 ) Dá bhrí sin, ní chuirtear le ceart na dtuismitheoirí, mar atá in Airteagal 14(3) den Chairt, ar chumas tuismitheoirí ach amháin oideachas agus teagasc a gcuid leanaí a áirithiú i gcomhréir lena n‑áitiúis reiligiúnacha, fhealsúnacha agus oideolaíocha i gcomhthéacs na saoirse chun forais oideachais de thraidisiúin éagsúla a bhunú. Ní féidir leis an Ungáir, dá bhrí sin, brath ar cheart na Cairte sin chun bonn cirt a thabhairt le sárú ar chearta bunúsacha chun neamh-idirdhealaithe, chun saoil phríobháidigh agus saoirse faisnéise i réimsí éagsúla de sholáthar na seirbhísí a chumhdaítear leis na Rialacha. |
|
128. |
Mar sin ní féidir leis an Ungáir brath ar chearta na dtuismitheoirí chun a gcuid leanaí a thógáil de réir a n‑áitiús pearsanta ar mhaithe le leas an phobail ná mar cheart bunúsach tuismitheoirí a chosnaítear leis an gCairt. |
|
129. |
Chuir an Ungáir argóint bhreise chun cinn freisin maidir le líomhain an Choimisiúin gur sáraíodh Airteagal 21 den Chairt. Déanann sí an breithiúnas in WABE ( 69 ) a agairt chun a dhearbhú gur féidir leis an gceart atá ag tuismitheoirí oideachas a leanaí a áirithiú i gcomhréir lena n‑áitiúis reiligiúnacha, fhealsúnacha nó oideolaíocha bonn cirt a thabhairt leis an difríocht sa chóireáil. |
|
130. |
Fiú más fíor gur ghlac an Chúirt, sa bhreithiúnas sin, leis an mbonn cirt le hidirdhealú bunaithe ar reiligiún, d’eascair an t‑idirdhealú sa chás sin as riail neodrach, a raibh tionchar níos mó aici, áfach, ar reiligiúin áirithe ná ar reiligiúin eile. Mheas an Chúirt, mar sin, gurbh ionann an staid sa chás sin agus idirdhealú indíreach. Ar an taobh eile, mar a áitíonn an Coimisiún, ní de bharr beart neodrach a thagann an t‑idirdhealú a eascraíonn as na Rialacha atá i gceist, ach tá sé bunaithe go díreach ar fhorais toirmiscthe inscne agus ghnéaschlaonta. |
|
131. |
Mar sin, i dteannta le mo thuairim nach gcosnaítear leis na Rialacha atá i gceist cearta tuismitheora, ní féidir leis an Ungáir brath ar an mbreithiúnas in WABE chun bonn cirt a thabhairt leis an idirdhealú ar a bhfuil a Rialacha bunaithe. |
|
132. |
Mar fhocal scoir, ní fhéadtar brath ar chosaint mionaoiseach ná ar chosaint cearta tuismitheora mar bhonn cirt leis an gcur isteach ar an gceart bunúsach gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais inscne nó ghnéaschlaonta, ar an tsaoirse chun faisnéis a thabhairt agus a fháil, agus ar an gceart chun saoil phríobháidigh a eascraíonn as an Dlí Leasaitheach agus as na Rialacha a leanann as sin. |
|
133. |
Dá réir sin, le Rialacha 1, 3, 4, 6 agus 7 sáraítear Airteagail 21, 11 agus 7 den Chairt. |
6. Sárú ar Airteagal 1 den Chairt
|
134. |
De réir na Mínithe leis an gCairt a bhaineann le hAirteagal 1, ní hamháin gur ceart bunúsach ann féin é dínit an duine, ach is ionann é agus an fíorbhonn le cearta bunúsacha eile. Is iad an chosaint ar an idirdhealú, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun saoil phríobháidigh na léirithe is nithiúla ar dhínit an duine mar a chuirtear in iúl sa Chairt iad. ( 70 ) |
|
135. |
Luaitear sna Mínithe freisin gur cuid de shubstaint na gceart eile atá leagtha síos sa Chairt í dínit an duine agus mar sin nach mór í a urramú, fiú nuair a chuirtear srian ar na cearta eile sin. |
|
136. |
Dar liomsa, leanann sé ó na Mínithe sin go sáraítear dínit an duine nuair nach bhféadtar bonn cirt a thabhairt le srianta ar chearta eile arb iad a léiriú níos nithiúla. |
|
137. |
D’aithin an Chúirt go sáraítear dínit an duine nuair a sháraítear cearta absalóideacha, amhail toirmeasc ar íde agus ar chéasadh atá mídhaonna agus táireach, nach bhféadfaí bonn cirt a thabhairt lena sárú riamh. ( 71 ) I mo thuairim, de réir analaí, nuair a sháraítear cearta bunúsacha neamhabsalóideacha, a bhfuil dlúthbhaint acu le dínit an duine, amhail na cearta atá i gceist sa chás seo, toisc nach bhféadfaí bonn cirt a thabhairt leis an gcur isteach, ní mór a chinneadh go ndearnadh sárú ar dhínit an duine mar thoradh air sin freisin. |
|
138. |
Mar sin, toisc nach bhféadfadh an Ungáir cúiseanna inghlactha a chur ar fáil chun bonn cirt a thabhairt leis an idirdhealú, leis na srianta ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus leis an gcur isteach ar an gceart chun saoil phríobháidigh a eascraíonn as a reachtaíocht, is ionann an reachtaíocht sin agus sárú ar dhínit an duine freisin. Sáraítear léi dínit dhaoine LADTI agus gach duine eile a bhfuil cosc orthu caitheamh leis na daoine LADTI sin ar comhchéim leis an gcuid eile den tsochaí. |
|
139. |
Measaim mar sin toisc gur theip ar an Ungáir bonn cirt a thabhairt leis an gcur isteach ar na cearta bunúsacha ar léiriú ar dhínit an duine iad, go sáraítear Airteagal 1 den Chairt le Rialacha 1, 3, 4, 6 agus 7. |
|
140. |
Mar fhocal scoir, trí Rialacha 1, 3, 4, 6 agus 7 a ghlacadh, sháraigh an Ungáir Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt. |
|
141. |
Tugann sé sin mé chuig an tsaincheist atá fós gan réiteach maidir le cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh sárú ar roinnt forálacha de dhlí príomha agus tánaisteach an Aontais, agus ar chearta atá bunaithe ar an gCairt chomh maith, bheith ina chúis le cinneadh neamhspleách de shárú ar Airteagal 2 CAE, agus cad iad na coinníollacha faoina bhféadfadh sárú den sórt sin a bheith i gceist. |
C. An séú saincheist dlí ón gCoimisiún – Sárú ar Airteagal 2 CAE
|
142. |
Lena séú saincheist dlí, iarrann an Coimisiún ar an gCúirt a dhearbhú, trí ghlacadh leis an Dlí Leasaitheach, ba shiocair le Rialacha 1, 3, 4, 6 agus 7, go ndearna an Ungáir Airteagal 2 CAE a shárú, chomh maith le forálacha sonracha de dhlí príomhúil agus tánaisteach an Aontais agus roinnt forálacha den Chairt. |
|
143. |
Séanann an Ungáir an fhéidearthacht go bhféadfaí sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh ar leithligh ó shárú rialacha eile an Aontais. Ina tuairim, tá sé ‘dochreidte go gcáinfeadh an Chúirt Bhreithiúnais Stát ar bhonn Airteagal 2 CAE agus ar an mbonn sin amháin, gan an Chúirt sin a dhearbhú go ndearnadh sárú ar oibleagáid shonrach éigin eile a shamhlaítear le dlí an Aontais.’ ( 72 ) |
|
144. |
Sa mhéid go gcuirtear i gcoinne leis an argóint seo spleáchas uathrialach ar Airteagal 2 CAE, ní bhaineann sí le hábhar. Mar atá ráite agam ag tús m’anailíse, sa chás seo, ní gá aghaidh a thabhairt ar an bhféidearthacht de bheith ag brath ar Airteagal 2 CAE lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais. D’ardaigh an Coimisiún saincheist dlí maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais, tar éis dó iarraidh ar an gCúirt a chinneadh go ndearnadh sáruithe ar an gConradh, ar roinnt ionstraimí de dhlí tánaisteach an Aontais, agus ar an gCairt freisin. |
|
145. |
Áitíonn an Ungáir freisin nach féidir Airteagal 2 CAE a úsáid mar shaincheist dlí neamhspleách le haghaidh caingean um shárú laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais. Áitíonn an Ballstát sin gur argóint é an fíoras go nascann an Coimisiún sárú ar Airteagal 2 CAE le sárú ar fhorálacha nithiúla dhlí an Aontais agus na Cairte nach bhféadtar Airteagal 2 CAE a úsáid mar fhoras neamhspleách do shárú. Cuireann sí roinnt argóintí eile ar fáil, a dtabharfaidh mé aghaidh orthu sa chuid eile den roinn seo den Tuairim. |
|
146. |
Leis na hargóintí sin cuirtear an chéad cheist thábhachtach i láthair don Chúirt: an cineál forála é Airteagal 2 CAE ar a bhféadfaí brath in imeachtaí um shárú? Níos ginearálta, is í an cheist ná an bhfuil éileamh lena líomhnaítear sárú ar luachanna inbhreithnithe; an féidir leis na cúirteanna cinneadh a dhéanamh ar éileamh den sórt sin ar chor ar bith, nó an bhfuil an cheist sin le cinneadh ag an bpróiseas polaitíochta? |
|
147. |
Más rud é go bhfuil Airteagal 2 CAE inbhreithnithe, is í an chéad cheist eile a ardaítear ná na critéir ba cheart a bheith mar threoir don Chúirt chun cinneadh a dhéanamh ar tharla sárú neamhspleách ar Airteagal 2 CAE. Comhaontaíonn na rannpháirtithe sna himeachtaí seo nach bhféadtar nach féidir cur i bhfeidhm Airteagal 2 CAE a ghníomhachtú ach ar bhonn eisceachtúil amháin, nuair atá leibhéal áirithe tromchúise ag gabháil leis an sárú. I gcomhthéacs an cháis atá ar láimh, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir na staideanna ina sáraítear Airteagal 2 CAE de bharr sáruithe ar chearta bunúsacha agus na staideanna inar cheart don Chúirt, in ainneoin an chinnidh go ndearnadh sáruithe ar an gCairt nó ar phrionsabail bhunúsacha eile de dhlí an Aontais, staonadh ó dhearbhú gur sáraíodh Airteagal 2 CAE. |
|
148. |
Tá an‑aird tugtha ag scoláirí ar Airteagal 2 CAE, agus scrúdú á dhéanamh acu ó pheirspíochtaí éagsúla. Sa Tuairim seo, ní féidir liom machnamh a dhéanamh ar na saincheisteanna go léir a d’ardaigh na tuairimí acadúla sin. Ba cheart gur leor an dá phríomhcheist a luaitear thuas a fhreagairt, mar a d’ardaigh na páirtithe agus na hidiragraithe sa chás seo, chun a chur ar chumas na Cúirte cinneadh a dhéanamh ar sháraigh an Ungáir, tríd an reachtaíocht atá faoi chonspóid a ghlacadh, Airteagal 2 CAE de bhreis ar sháruithe líomhainte eile. |
|
149. |
Dá bhrí sin pléifidh mé ar dtús inbhreithnitheacht Airteagal 2 CAE. Tar éis dom a chinneadh nach bhfuil aon bhacainní ar an gCúirt éileamh sáraithe a éisteacht bunaithe ar Airteagal 2 CAE i gcúinsí amhail imthosca an cháis seo, fiafróidh mé ar cheart don Chúirt glacadh leis an séú saincheist dlí ón gCoimisiún. Déanfaidh mé measúnú ginearálta ar an tsaincheist sin ar dtús sula gcuirfear na cinntí sin i bhfeidhm ar an gcás atá idir lámha. |
1. Inbhreithnitheacht Airteagal 2 CAE
|
150. |
Féadfaidh bríonna éagsúla a bheith i gceist leis an téarma ‘inbhreithnitheacht’. Úsáidfidh mé é chun a chur in iúl gur féidir le cúirteanna foráil dhlíthiúil, amhail Airteagal 2 CAE, a úsáid chun rialú a thabhairt i gcás. |
|
151. |
Is féidir le cúirteanna rialacha dlí a úsáid chun críocha éagsúla: mar uirlis léirithe chun brí a thabhairt do rialacha dlí eile, mar fhoinsí cearta d’ábhair dhlí aonair, nó mar shlat tomhais chun dlíthiúlacht rialach eile a mheasúnú. |
|
152. |
Sa chás seo, ní ardaítear ach an cheist i dtaobh an bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais Airteagal 2 CAE a úsáid sa cheann deiridh de na trí úsáid a luaitear thuas, is é sin, chun athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar reachtaíocht Ballstáit i gcomhthéacs nós imeachta um shárú. |
|
153. |
Dá bhrí sin, ní ardaítear sa chás seo an cheist maidir le héifeacht dhíreach nó éifeacht léiritheach d’Airteagal 2 CAE. ( 73 ) |
|
154. |
Is é an chéad choinníoll chun riail a úsáid le haghaidh athbhreithniú breithiúnach ná go bhfuil oibleagáidí de chineál dlíthiúil sa riail sin. Sula bhfiafróidh mé an bhfuil Airteagal 2 CAE ina riail dhlíthiúil den sórt sin, míneoidh mé cad iad, i mo thuairim, an dá ról is tábhachtaí atá ag an bhforáil sin i ndlíchóras an Aontais, ós rud é go bhfuil tionchar acu ar fhreagra na ceiste faoi chineál dlíthiúil na forála sin. |
(a) Ról Airteagal 2 CAE i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh
(1) Féiniúlacht bhunreachtúil an Aontais Eorpaigh
|
155. |
In Airteagal 2 CAE, cuirtear in iúl an rogha a bhí ag bunaitheoirí an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcineál sochaí a gheall na Ballstáit a chruthú le chéile faoi chuimsiú an Aontais Eorpaigh. |
|
156. |
D’fhéadfaí sochaithe éagsúla a shamhlú: uathlathais nach bhfuil bunaithe ar scaradh na gcumhachtaí; sochaithe nach bhfuil an tromlach tofa teoranta ag an gceanglas maidir le cearta an duine a urramú; sochaithe atá á rialú ag fir, agus ní de réir an dlí; sochaithe nach gcaitear go cothrom le mionlaigh iontu agus ina gcoinnítear dínit an duine don tromlach amháin; nó sochaithe nach n‑aithnítear iontu go bhfuil mná comhionann le fir. Tá sochaithe den sórt sin ann go deimhin, agus tá siad ag teacht chun cinn, ar fud an domhain. |
|
157. |
Is fís dhifriúil í an fhís ar cad é dea-shochaí i mbunreacht an Aontais. Cuirtear an fhís sin in iúl in Airteagal 2 CAE. Nuair a léitear le chéile na luachanna a áirítear san fhoráil sin: urraim do dhínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, lena n‑áirítear cearta daoine ar chuid de mhionlaigh iad, cuirtear pictiúr i láthair de dhaonlathas bunreachtúil lena n‑urramaítear cearta an duine. ( 74 ) |
|
158. |
Cuirtear an rogha sin in iúl i bhforáil tosaigh na gConarthaí, agus, mar sin, mar atá mínithe ag an gCúirt, is ionann é agus féiniúlacht an Aontais Eorpaigh é féin. ( 75 ) Go hachomair, gan na luachanna sin, scoirfeadh an tAontas Eorpach de bheith ina Aontas mar a shamhlaítear leis na Conarthaí. |
(2) Coinníoll maidir le feidhmiú dhlíchóras an Aontais Eorpaigh
|
159. |
Ní hamháin go bhfuil tábhacht ag Airteagal 2 CAE chun féiniúlacht an Aontais Eorpaigh a shainiú. Tá tábhacht phraiticiúil shuntasach ag baint leis freisin, toisc go gcumasaíonn sé feidhmiú dhlíchóras an Aontais. |
|
160. |
Is córas ilchodach é dlíchóras an Aontais, comhdhéanta de rialacha a achtaítear ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Tá na rialacha ar leibhéal an Aontais ag brath ar na rialacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar fheidhmiú cuí dhlíchórais na mBallstát. Ionas go mbeidh dlíchóras ilchodach den sórt sin ann, tá sé fíor-riachtanach go n‑urramófar luachanna coiteanna ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. ( 76 ) |
|
161. |
Chinn an Chúirt go comhsheasmhach ó Thuairim 2/13‘go bhfuil struchtúr dlíthiúil an Aontais sin bunaithe ar an mbuntuiscint go gcomhroinneann gach Ballstát leis na Ballstáit eile go léir, agus go n‑aithníonn siad go roinneann siad leis, sraith comhluachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe, mar a shonraítear in Airteagal 2 CAE. Leis an réamhleagan sin, tugtar le tuiscint go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit go ndéanfar na comhluachanna sin a aithint agus, dá bhrí sin, go n‑urramófar dlí an Aontais lena ndéantar iad a chur chun feidhme, agus tugann an réamhleagan sin an bonn cirt leis an méid sin.’ ( 77 ) |
|
162. |
Mura bhfuil na Ballstáit ábalta muinín a bheith acu as a chéile maidir le hurramú do na luachanna, ní fhéadfaí dlíchóras an Aontais atá bunaithe go mór ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm. Is é an prionsabal sin go beacht, ó tugadh an breithiúnas in Cassis de Dijon, ( 78 ) lena gceadaítear d’éagsúlacht a choinneáil idir na réitigh dhlíthiúla arna nglacadh ag na Ballstáit, agus mar sin féin lena gceadaítear do shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine, caipitil agus cinntí breithiúnacha ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. |
|
163. |
Dá bhrí sin, is é urraim do na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE an coinníoll polaitiúil agus praiticiúil chun dlíchóras an Aontais a bheith ann. |
(b) Airteagal 2 CAE mar fhoráil atá ceangailteach ó thaobh dlí
|
164. |
Sna breithiúnais choinníollachta, chinn an Chúirt ‘[nach] ráiteas treoirlínte beartais ná rún amháin é Airteagal 2 CAE, ach clúdaítear luachanna leis agus is dlúthchuid iad d’fhéiniúlacht an Aontais Eorpaigh mar dhlíchóras coiteann; léirítear na luachanna sin go nithiúil i bprionsabail lena gcuirtear na Ballstáit faoi oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh an dlí.’ ( 79 ) |
|
165. |
D’fhéadfaí an ráiteas sin a léamh ar dhá bhealach éagsúla ar a laghad. D’fhéadfaí a mhaíomh, ar cosúil gur seasamh de chuid an Choimisiúin, na Parlaiminte agus na mBallstát is idiragraithe é, gur foráil é Airteagal 2 CAE, nach ráiteas polaitiúil amháin é, ina bhfuil oibleagáidí dlíthiúla ar na Ballstáit. Ar an taobh eile, mar gheall ar an gcuid dheireanach den abairt, d’fhéadfaí a áitiú, mar a dhéanann an Ungáir, nach bhfuil na hoibleagáidí cruthaithe le hAirteagal 2 CAE é féin, ach gur gá iad a chomhdhlúthú le prionsabail dhlíthiúla chun slat tomhais a chruthú le haghaidh smacht sna himeachtaí um shárú os comhair na Cúirte. |
|
166. |
Aontaím leis an seasamh atá curtha chun cinn ag an gCoimisiún, mar a thacaigh an 16 Bhallstát is idiragraithe agus an Pharlaimint. Is é mo thuairim go bhforchuirtear oibleagáidí áirithe ar na Ballstáit go díreach ar bhonn Airteagal 2 CAE. Molaim don Chúirt leas a bhaint as an deis a chuirtear ar fáil leis an gcás seo chun léamh den sórt sin ar an mír dá dtagraítear dá breithiúnais choinníollachta a dheimhniú. Molfaidh mé roinnt argóintí ar son a leithéid de léiriú. |
(1) Téacs, comhthéacs agus stair
|
167. |
Féadfar fórsa atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur i leith Airteagal 2 CAE ar bhonn a áite sna Conarthaí. Is cuid de chorp normatach de CAE é, agus ní cuid dá Bhrollach. D’fhéadfaí a mhaíomh dá mbeadh dréachtóirí an Chonartha ag iarraidh feidhm dhlíthiúil a bhaint d’Airteagal 2 CAE, go gcuirfidís in iúl an tiomantas do luachanna sa Bhrollach ina ionad sin. ( 80 ) Mar sin, ba cheart aitheantas na Cúirte nach bhfuil san fhoráil sin ‘ráiteas treoirlínte beartais ná rún amháin’ a thuiscint mar fhoráil lena sonraítear go bhfuil feidhm oibleagáide dlí ag luachanna Airteagal 2. ( 81 ) |
|
168. |
Ní eisiatar leis an bhfoclaíocht, a bhraitheann ar an téarma ‘luachanna’ go bhfuil Airteagal 2 CAE ceangailteach ó thaobh dlí. |
|
169. |
Sna leaganacha roimhe seo den Chonradh ar an Aontas Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de do phrionsabail, seachas luachanna: ‘Tá an tAontas fothaithe ar na prionsabail den tsaoirse, den daonlathas, de mheas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, agus de smacht an dlí, ar comhluachanna ag Ballstáit na prionsabail sin.’ ( 82 ) Níor úsáideadh ach an téarma ‘luachanna’ ó Chonradh Liospóin, a ghlac an fhoclaíocht chéanna leis an bhfoclaíocht a moladh sa Choinbhinsiún ar Bhunreacht na hEorpa. ( 83 ) Níorbh fhéidir an t‑athrú ar an bhfoclaíocht sin a léiriú mar rún chun cineál dlíthiúil na luachanna in Airteagal 2 CAE mar atá inniu ann a dhiúltú nó a laghdú. Ar a mhalairt ar fad air sin; tugtar le fios i dtaifid ó obair an Choinbhinsiúin ar Bhunreacht na hEorpa go raibh sé beartaithe, i ndáiríre, roinnt oibleagáidí dlíthiúla a thabhairt isteach do na Ballstáit. Agus an fhoráil maidir le luachanna á moladh, leag an Praesidium béim ar an ngá atá le liosta gearr de bhunluachanna a bhfuil ‘bunús dlí soiléir neamhchonspóideach acu ionas gur féidir leis na Ballstáit na hoibleagáidí a eascraíonn astu a thuiscint’. ( 84 ) |
|
170. |
Ina theannta sin, úsáidtear sna Conarthaí iad féin na téarmaí luachanna agus prionsabail go hidirmhalartach, ( 85 ) mar a úsáideann an Chúirt. ( 86 ) |
|
171. |
Tá an tagairt d’Airteagal 2 CAE i bhforálacha eile de na Conarthaí i bhfabhar freisin a léiriú gur oibleagáid dhlíthiúil é urraim do luachanna. Sonraítear mar sin go ginearálta sa chéad mhír d’Airteagal 3 CAE gurb é is aidhm don Aontas an tsíocháin agus a luachanna a chur chun cinn, agus foráiltear i mír 5 den fhoráil sin go ndéanfaidh an tAontas a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach ina chaidreamh leis an domhan mór. Déantar tábhacht na luachanna i bhforbairt an chaidrimh le comharsana an Aontais a shonrú arís in Airteagal 8 CAE, agus déantar an oibleagáid atá ar an Aontas Eorpach a luachanna a chosaint ina chaidreamh eachtrach a fhorbairt tuilleadh in Airteagal 21(2)(a) CAE, Airteagal 32 agus Airteagal 42(5) de. Foráiltear leis an bhforáil tosaigh maidir le hinstitiúidí an Aontais, Airteagal 13 CAE, go mbeidh creat institiúideach ag an Aontas a mbeidh sé mar aidhm aige luachanna an Aontais a chur chun cinn. |
|
172. |
Leis na forálacha sin féadtar teacht ar an gconclúid gur oibleagáid ar institiúidí an Aontais é luachanna Airteagal 2 CAE a choimeád agus a chur chun cinn nuair a ritheann siad reachtaíocht go hinmheánach nó nuair a ghníomhaíonn siad go seachtrach. An bhforchuirtear oibleagáid den sórt sin ar na Ballstáit freisin? |
|
173. |
Is argóint thábhachtach é Airteagal 7 CAE, lena dtugtar isteach nós imeachta speisialta a d’fhéadfadh bheith mar chúis le fionraí a chur ar chearta vótála Ballstáit a sháraíonn luachanna Airteagal 2 CAE ar bhealach tromchúiseach agus leanúnach, i bhfabhar na conclúide gur oibleagáid é urraim na luachanna sin a chuirtear ar na Ballstáit leis na Conarthaí. |
|
174. |
Chuige sin, athdhearbhaítear sa Bhrollach a ghabhann le Conradh FAE nach mór do na Ballstáit luachanna Airteagal 2 CAE a urramú trí thagairt a dhéanamh d’Airteagal 49 agus d’Airteagal 7 CAE. |
|
175. |
Dar liomsa, is é Airteagal 49 CAE an fhoráil is tábhachtaí as a dtagann an chonclúid go gcruthaítear oibleagáidí dlíthiúla do na Ballstáit le hAirteagal 2 CAE. |
(2) Tábhacht a bhaineann le hAirteagal 49 CAE
|
176. |
Le hAirteagal 49 CAE, osclaítear doirse an Aontais Eorpaigh d’aon stát Eorpach a urramaíonn na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE agus atá tiomanta dá gcur chun cinn. |
|
177. |
Dá bhrí sin, agus iad ag aontú leis an Aontas Eorpach, aontaíonn na Ballstáit nua freisin do rogha bhunreachtúil maidir le dea-shochaí a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE. |
|
178. |
Tá dhá impleacht thábhachtacha ag Airteagal 49 CAE. Ar an gcéad dul síos, tá sé bunaithe ar an mbonn go roghnaíonn Stát dul isteach san Aontas Eorpach toisc gurb iad luachanna Airteagal 2 CAE rogha bhunreachtúil an Stáit sin freisin. Go deimhin, mar a d’aithin an Chúirt, ( 87 ) sula ligfear isteach san Aontas Eorpach é, ní mór do Stát is iarrthóir na Ballstáit eile a shásamh go gcomhlíonann sé ‘critéir pholaitiúla Chóbanhávan’, lena léirítear luachanna Airteagal 2. ( 88 ) |
|
179. |
Leis an ngné sin d’Airteagal 49 CAE, cuirtear ar chumas na Cúirte a chinneadh go bhfuil ‘an tAontas Eorpach comhdhéanta de Stáit a aontaíonn, dá saorthoil féin, leis na comhluachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, a urramaíonn na luachanna sin agus a gheallann iad a chur chun cinn’. ( 89 ) |
|
180. |
Leanann an gealltanas do luachanna Airteagal 2 de bheith ann le linn ballraíocht iomlán Ballstáit san Aontas Eorpach. I bhfocail na Cúirte, ‘ní féidir oibleagáid a dhéanamh den urraim do na luachanna sin, arbh oibleagáid é nach mór Stát is iarrthóir a chomhlíonadh chun aontú don Aontas Eorpach, ach a bhféadfadh sé neamhaird a dhéanamh air tar éis a aontachais.’ ( 90 ) |
|
181. |
In Repubblika, chinn an Chúirt sa bhreis air sin ‘ gur coinníoll é do Bhallstát chun leas a bhaint as na cearta go léir a eascraíonn ó chur i bhfeidhm na gConarthaí go gcomhlíonfadh sé na luachanna atá in Airteagal 2 CAE’. ( 91 ) |
|
182. |
In Airteagal 49 CAE tagraítear do thiomantas na mBallstát chun luachanna Airteagal 2 a chur chun cinn. Eascraíonn dhá chineál oibleagáide ar na Ballstáit as seo: an oibleagáid maidir le neamh-chúlchéimniú agus an oibleagáid bearta a ghlacadh chun luachanna Airteagal 2 CAE a bhaint amach. Oibleagáidí maidir le toradh a fhorchuirtear ar na Ballstáit iad an dá oibleagáid sin, mar a dhearbhaigh an Chúirt cheana féin maidir le luach an smachta reachta. ( 92 ) |
|
183. |
Is í an chéad ghné den oibleagáid sin maidir le toradh ná go gcoimeádfadh na Ballstáit ar a laghad leibhéal cosanta na luachanna a bhí ann nuair a tháinig siad isteach san Aontas Eorpach. Chuige sin, d’aithin an Chúirt go bhfuil oibleagáid neamh-chúlchéimnithe ar na Ballstáit. I bhfocail eile, toirmisctear ar Bhallstáit a gcuid reachtaíocht a leasú ar bhealach a laghdóidh an chosaint ar luachanna an Aontais. ( 93 ) Cé nach raibh an deis ag an gCúirt prionsabal an neamh-chúlchéimnithe a shuí agus a dhaingniú ach amháin i gcásanna a bhaineann le luach an smachta reachta, ( 94 ) níl aon chúis ann lena meas nach bhfuil feidhm ag prionsabal an neamh-chúlchéimnithe céanna maidir leis na luachanna uile a leagtar amach in Airteagal 2 CAE. |
|
184. |
Le géarchéim an smachta reachta, as ar tháinig roinnt breithiúnas ón gCúirt, múineadh dúinn nár cheart talamh slán a dhéanamh de luachanna. Ní mór do na Ballstáit oibriú go gníomhach, ní hamháin chun an leibhéal cosanta atá ann cheana a choinneáil ag an bpointe iontrála san Aontas Eorpach, ach ní mór dóibh freisin na bearta is gá a ghlacadh chun aon chonstaicí atá ann cheana lena gcuirtear bac ar urramú iomlán na luachanna sin ina sochaithe a bhaint. |
|
185. |
Fiú mura bhfuil an deis fós ag an gCúirt oibleagáid dhearfach den sórt sin a chur in iúl go díreach, táim den tuairim go dteastaíonn iarracht dhearfach freisin ó na focail ‘a chur chun cinn’ in Airteagal 49 CAE chun na luachanna d’Airteagal 2 a bhaint amach laistigh de shochaithe de gach ceann de na Ballstáit. Tá sé sin tábhachtach maidir le scaradh na gcumhachtaí agus breithiúnacht neamhspleách a athbhunú. Tá sé chomh tábhachtach céanna maidir le luachanna eile, mar shampla, comhionannas. Má tá neamhionannas struchtúrach i sochaí, amhail an ceann ar cosúil go bhfuil i láthair maidir leis an mionlach LADTI san Ungáir, ba cheart don Bhallstát oibriú go gníomhach chun fadhb struchtúrach den sórt sin a réiteach, agus ní mór dó, a fortiori, staonadh ón bhfadhb sin a dhéanamh níos measa. |
|
186. |
Ba cheart don Chúirt a mhíniú, dá bhrí sin, ina ráiteas a atáirgeadh i mír 164 den Tuairim seo, nach raibh sé i gceist aici cumas Airteagal 2 CAE a dhiúltú chun oibleagáidí neamhspleácha a fhorchur ar na Ballstáit. Os a choinne sin, tá oibleagáid ar na Ballstáit na luachanna a áirítear in Airteagal 2 CAE a choinneáil ar bun agus a chur chun cinn go gníomhach, ar bhonn na forála sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49 CAE. |
|
187. |
D’fhéadfaí an ráiteas dá dtagraítear i mír 164 den Tuairim seo a athshonrú mar seo a leanas: ‘Ní ráiteas ar threoirlínte beartais ná ar rúin amháin atá in Airteagal 2 CAE, ach tá luachanna ann, ar cuid dhílis iad d’fhéiniúlacht an Aontais Eorpaigh mar dhlíchóras coiteann, agus ceanglaítear ar na Ballstáit iad a choinneáil ar bun agus a chur chun cinn. Tugtar léiriú nithiúil ar na luachanna sin i bprionsabail ina bhfuil oibleagáidí níos beaichte atá ceangailteach ó thaobh an dlí de do na Ballstáit.’ |
|
188. |
Ní chiallaíonn cinneadh go bhfuil oibleagáidí dlíthiúla maidir le toradh ar na Ballstáit in Airteagal 2 CAE go fóill go bhfuil na hoibleagáidí sin inaitheanta agus infhorfheidhmithe go breithiúnach. Tiocfaidh mé ar aghaidh leis an gceist sin anois. |
(c) Cúiseanna i bhfabhar agus i gcoinne inbhreithnitheacht Airteagal 2 CAE
(1) Cúiseanna leis an inbhreithnitheacht
|
189. |
Sainítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 19(1) CAE cúram na Cúirte Breithiúnais mar chúram lena n‑áirithítear go gcomhlíontar an dlí agus na Conarthaí á léiriú agus á gcur i bhfeidhm. |
|
190. |
Agus an cúram sin á comhlíonadh, is cinnte go bhfuiltear ag súil go gcinnteoidh an Chúirt go n‑urramaítear dlí an Aontais de chineál bunreachtúil. Is foráil den sórt sin é Airteagal 2 CAE, mar a mhínítear; tá sé thar a bheith tábhachtach do dhlíchóras an Aontais, toisc go sainmhínítear a fhéiniúlacht agus go gcumasaítear a fheidhmiú. |
|
191. |
Comhlíonann an Chúirt a ról bunreachtúil laistigh de na nósanna imeachta a eagraítear leis na Conarthaí. I measc na nósanna imeachta sin tá na himeachtaí um shárú, arna rialú ag Airteagail 258 go 260 CFAE. |
|
192. |
Faoi Airteagal 258 CFAE, tá sé d’inniúlacht ag an gCúirt a chinneadh gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh. ( 95 ) |
|
193. |
Ós rud é, mar a míníodh níos luaithe, go gcruthaítear oibleagáidí dlíthiúla do na Ballstáit le hAirteagal 2 CAE, tá forfheidhmiú na n‑oibleagáidí sin trí dhearbhú sáraithe in imeachtaí arna dtionscnamh de bhun Airteagal 258 CFAE mar chuid de ghnáthinniúlachtaí na Cúirte Breithiúnais faoi na Conarthaí. |
|
194. |
Mar a thug an Coimisiún le fios, tá imeachtaí faoi Airteagal 258 CFAE de chineál oibiachtúil, ( 96 ) agus ní gá don Chúirt ach a shuí cé acu ar sáraíodh nó nár sáraíodh foráil dhlíthiúil. Dá bhrí sin, ós rud é gur foráil dhlíthiúil é Airteagal 2 CAE, mura rud é go n‑eisiatar a dlínse maidir leis an bhforáil sin, féadfaidh an Chúirt a chinneadh cé acu ar sáraíodh é. |
|
195. |
Nuair a bhí máistrí na gConarthaí ag iarraidh dlínse na Cúirte a eisiamh maidir le forálacha áirithe de dhlí an Aontais, foráladh go sainráite dó sin sna Conarthaí. ( 97 ) Chuige sin, murab ionann agus na leaganacha roimhe seo de na Conarthaí, ( 98 ) níl dlínse na Cúirte ar Airteagal 2 CAE eisiata ná teoranta. |
(2) Ag plé na gcúiseanna i gcoinne inbhreithnitheachta
(i) Airteagal 7 CAE
|
196. |
Ba é Airteagal 7 CAE ceann de na hargóintí a chuir an Ungáir i láthair chun cur i gcoinne dhlínse na Cúirte Breithiúnais chun sárú neamhspleách ar Airteagal 2 CAE a chinneadh. |
|
197. |
Is í an argóint nach bhfuil an cheist maidir le sárú ar luachanna in Airteagal 2 CAE, fiú mura mbaintear í go sainráite ó dhlínse na Cúirte le haon fhoráil de na Conarthaí, ag teacht faoi dhlínse na Cúirte toisc go dtugtar dlínse eisiach le hAirteagal 7 CAE ar an gceist sin d’institiúidí polaitiúla. ( 99 ) |
|
198. |
D’úsáid an Ungáir argóintí comhchosúla cheana féin sna cásanna as ar tháinig na breithiúnais choinníollachta, á éileamh gurb é Airteagal 7 CAE an t‑aon nós imeachta lena gcuirtear ar chumas institiúidí an Aontais measúnú a dhéanamh i dtaobh sáruithe ar Airteagal 2 CAE agus pionóis a fhorchur ina leith. ( 100 ) Ina breithiúnais sna cásanna sin, dhiúltaigh an Chúirt d’argóintí dá leithéid. Chinn sí ‘murab ionann agus a éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, i dteannta an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7 CAE, go dtugtar, i roinnt forálacha de na Conarthaí, arna gcur chun feidhme ag gníomhartha éagsúla de reachtaíocht thánaisteach, an inniúlacht d’institiúidí an Aontais sáruithe ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a rinneadh i mBallstát a scrúdú, a shuíomh agus, i gcás inarb iomchuí, a phionósú’. ( 101 ) |
|
199. |
Sna breithiúnais sin, chinn an Chúirt cheana féin nach bhféadfaí Airteagal 7 CAE a léiriú mar rogha bhunreachtúil chun rialú agus smachtbhanna sáruithe ar Airteagal 2 CAE a chur faoin nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 7 CAE go heisiach. |
|
200. |
Ní féidir an fhoráil sin, dá bhrí sin, a fhorléiriú mar fhoráil lena n‑eisiatar dlínse na Cúirte Breithiúnais. ( 102 ) |
(ii) Cineál ginearálta na luachanna in Airteagal 2 CAE
|
201. |
Is é an dara hargóint, a thíolaic an Ungáir chun cur i gcoinne dhlínse na Cúirte Breithiúnais chun sárú neamhspleách ar Airteagal 2 CAE a chinneadh, ná cineál ginearálta agus ábhar neamhchinntithe na luachanna a áirítear léi. |
|
202. |
Go deimhin, fiú má fhorchuirtear le hAirteagal 2 CAE oibleagáidí maidir le toradh ar na Ballstáit – gan cúlú maidir le leibhéal cosanta na luachanna agus iad a chur chun cinn laistigh dá sochaithe – ní chinntear ábhar nithiúil gach ceann de na luachanna leis an bhforáil sin. |
|
203. |
É sin ráite, tá luachanna teibí d’aon ghnó. ( 103 ) Fágann a n‑ábhar oscailte go bhféadfaí idirphlé bunreachtúil a dhéanamh idir na Ballstáit agus go bhféadfaí ‘réitithe’ éagsúla ar luachanna a bheith ann ag an am céanna. ( 104 ) |
|
204. |
An gcuirtear cosc leis an ábhar oscailte sin de luachanna Airteagal 2 CAE ar a úsáid ag an gCúirt Bhreithiúnais chun críocha athbhreithnithe bhreithiúnaigh? |
|
205. |
Ar an gcéad dul síos, chinn an Chúirt cheana féin nach gá gur bac é cineál ginearálta phrionsabail an Aontais maidir lena n‑úsáid chun críocha athbhreithnithe bhreithiúnaigh. ( 105 ) |
|
206. |
Ar an dara dul síos, is gnáthghníomhaíocht do chúirteanna é coincheapa neamhchinntithe a léiriú, agus, i bhfianaise na neamhchinnteachta a bhíonn i gceist go minic i noirm de chineál bunreachtúil, tá sé ar cheann de phríomhthascanna na gcúirteanna bunreachtúla. |
|
207. |
Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an Chúirt ag cur feoil ar na cnámha go treallach agus i bhfolús. Mar a míníodh cheana, cuirtear na luachanna in iúl ar shlí níos iomláine i roinnt prionsabal níos nithiúla atá sna Conarthaí, sa Chairt agus i bhforálacha dhlí tánaisteach an Aontais, atá mar thoradh ar an bpróiseas reachtach, agus a bhaineann leis na Ballstáit uile. ( 106 ) Mar sin is de thoradh ar chomhphlé faoi bhrí luachanna ar leibhéal an dlí phríomhúil nó an dlí thánaistigh é an daingniú de luachanna. |
|
208. |
I sraith breithiúnas, ag tosú leis na breithiúna Portaingéalacha, ( 107 ) mheas an Chúirt go bhfuil luach an smachta reachta fíoraithe leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE. Sna cásanna ina dhiaidh sin, d’fhorbair an Chúirt tuiscint níos mionsonraithe ar an gceanglas maidir le neamhspleáchas breithiúna mar rud lena bhfíoraítear, trí Airteagal 19 CAE agus Airteagal 47 den Chairt, luach an smachta reachta. ( 108 ) Ar an gcaoi chéanna, rinne an Chúirt léiriú ar Airteagal 10(1) CAE, lena bhforáiltear go bhfeidhmeoidh an tAontas ar bhonn an daonlathais ionadaíoch, i bhfianaise an daonlathais mar luach a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE. ( 109 ) Ar an tslí chéanna, déantar luach an chomhionannais a dhaingniú in Airteagal 19 CFAE agus glactar le hionstraimí an dlí thánaistigh ar a bhonn. |
|
209. |
Ní chiallaíonn sé sin go gcaithfidh athbhreithniú breithiúnach a bheith bunaithe ar an norm daingniúcháin agus ní go díreach ar Airteagal 2 CAE é féin, ná nach féidir athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh ach amháin má dhéantar luach a dhaingniú. Mar sin féin, más amhlaidh an cás, ní mór don Chúirt daingniú luacha den sórt sin a chur san áireamh, agus níor cheart di luach atá contrártha leis an bhforáil sin a fhorléiriú. |
|
210. |
Ar an tríú dul síos, ní gá go mbeadh leibhéal beachtas rialach dlíthiúla a úsáidtear mar shlat tomhais in athbhreithniú breithiúnach chomh hard leis an mbeachtas agus an tsoiléireacht atá riachtanach d’éifeacht dhíreach. ( 110 ) |
|
211. |
In imeachtaí um shárú, iarrtar ar an gCúirt a dhearbhú go bhfuil reachtaíocht áirithe ar neamhréir le dlí an Aontais. Sa chás seo, agus í ag cinneadh ar an séú saincheist dlí ón gCoimisiún, ní iarrtar ar an gCúirt a chinneadh, ná ní féidir léi a chinneadh cad ba cheart don Ungáir a dhéanamh chun a hoibleagáidí Airteagal 2 CAE a chomhlíonadh. Ní mór di ach cinneadh a dhéanamh an gcuirtear cosc le hAirteagal 2 CAE ar an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist. |
|
212. |
Ar bhonn Airteagal 2 CAE féin, tá an Chúirt in ann a chinneadh cad nach féidir glacadh leis; féadfaidh sí teacht ar an gconclúid ar thrasnaigh Ballstát ‘línte dearga’. ( 111 ) Sna himthosca sin, ní gá don Chúirt ábhar na luachanna lena mbaineann a líonadh a thuilleadh. |
|
213. |
Ar aon chuma, in imthosca an cháis seo, iarrtar ar an gCúirt sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh tar éis di a shuíomh go sáraítear leis na Rialacha conspóideacha reachtaíocht an Aontais agus cearta bunúsacha áirithe na Cairte freisin. Leis na rialacha sin, léirítear ar bhealach níos nithiúla luachanna Airteagal 2 CAE atá i gceist sa chás seo: dínit an duine, comhionannas agus urraim do chearta an duine. Mar sin, tá ábhar substainteach na luachanna atá i gceist daingnithe cheana féin den chuid is mó. |
|
214. |
Mar fhocal scoir, moladh go bhféadfadh tionchar diúltach a imirt ar dhlisteanacht na Cúirte trí Airteagal 2 CAE a úsáid mar fhoras sáraithe neamhspleách, toisc go bhféadfaí an Chúirt a mheas mar rud polaitiúil, i bhfianaise ábhar oscailte na luachanna. ( 112 ) |
|
215. |
Is cúirt bhunreachtúil í an Chúirt Bhreithiúnais, agus is minic a bhíonn bunphrionsabail bhunreachtúla, ag an am céanna, polaitiúil agus dlíthiúil. Sa mhéid is go gcuirtear in iúl in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an rogha maidir le daonlathas bunreachtúil lena n‑urramaítear cearta an duine, ní a rogha pholaitiúil í cosaint na Cúirte Breithiúnais ar na luachanna sin, ach a cúram bunreachtúil. |
|
216. |
Ina breithiúnais choinníollachta, chinn an Chúirt nach mór don Aontas Eorpach a bheith in ann luachanna an Aontais a chosaint laistigh de theorainneacha a chumhachtaí mar atá leagtha síos sna Conarthaí. ( 113 ) Is í an chumhacht a thugtar leis na Conarthaí don Chúirt Bhreithiúnais an chumhacht chun a bhforálacha dlíthiúla a léiriú agus, faoin nós imeachta um shárú, chun athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta, i measc nithe eile, ionas go mbeidh sí i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla sin. |
|
217. |
Is uirlisí iad caingne um shárú chun aidhmeanna de chineál dlíthiúil a bhaint amach: sáruithe dlí a bhrath d’fhonn deireadh a chur leo. Áirítear leis sin sáruithe ar Airteagal 2 CAE. I gcásanna saincheisteanna íogaire sóisialta atá faoi chonspóid, amhail cearta LADTI, níl breithiúnas na Cúirte ach mar chuid den réiteach chun comhionannas agus dínit an duine a bhaint amach do dhaoine LADTI. D’fhonn ailíniú dlíthiúil a bhaint amach beidh gá le hailíniú áirithe ar luachanna sóisialta freisin. Ní chiallaíonn sé sin, áfach, gur cheart don Chúirt staonadh ó shárú ar na luachanna sin a dhearbhú nuair a tharlaíonn sé. |
|
218. |
Mar fhocal scoir, ní constaic é cineál ginearálta na luachanna in Airteagal 2 CAE maidir le bheith ag brath orthu os comhair na Cúirte chun críche athbhreithniú breithiúnach ar an reachtaíocht náisiúnta in imeachtaí um shárú. |
(iii) Féiniúlacht bhunreachtúil náisiúnta
|
219. |
Ina cosaint, braitheann an Ungáir freisin ar a féiniúlacht bhunreachtúil náisiúnta, nach mór a urramú mar ábhar de dhlí bunreachtúil an Aontais ar bhonn Airteagal 4(2) CAE. |
|
220. |
Chuige sin, ní mór a shonrú ar dtús, mar a mhínigh an Chúirt cheana féin, nach gcuirtear cosc le luachanna Airteagal 2 CAE ar éagsúlacht bhunreachtúil. ( 114 ) Ní bhunaítear leo ach an creat inar féidir freastal ar réitigh bhunreachtúla náisiúnta éagsúla. |
|
221. |
Mar sin féin, ní féidir le roghanna bunreachtúla náisiúnta dul thar an gcreat coiteann sin. Chuige sin, mar a mhol mé cheana, d’fhéadfaí a thuiscint go bhforchuirtear ‘línte dearga’ le hAirteagal 2 CAE, rud a éilíonn, dá mbainfí amach é, freagairt d’fhonn samhail bhunreachtúil an Aontais a chosaint. |
|
222. |
Ní sárú é sin ar an urraim d’fhéiniúlachtaí bunreachtúla náisiúnta. ( 115 ) Mar a míníodh cheana, agus iad ag aontú leis an Aontas Eorpach, ghlac gach Ballstát leis an gcreat sin de chomhluachanna a urramú. Go deimhin, measadh gurbh é sin rogha bhunreachtúil inmheánach an Stáit sin tráth an aontachais. |
|
223. |
Mar a luaigh mé cheana (féach mír 211 den Tuairim seo), sa nós imeachta um shárú, ní féidir leis an gCúirt ach a dhearbhú gur tharla imeacht ó luachanna an Aontais. Le cinneadh den sórt sin, cruthaítear oibleagáid ar an Stát deireadh a chur le dímheas ar luachanna Airteagal 2 CAE, ós rud é go leanann a n‑urramú de bheith ina choinníoll do bhallraíocht san Aontas. Is faoi rogha an Bhallstáit i gceist i gcomhréir lena fhéiniúlacht bhunreachtúil a fhágtar an modh chun cinneadh na Cúirte a chomhlíonadh. |
|
224. |
Dá bhrí sin, ní chuirtear cosc le gealltanas an Aontais féiniúlachtaí bunreachtúla náisiúnta a urramú ar an gCúirt a chinneadh, trí reachtaíocht áirithe a ghlacadh, gur thrasnaigh Ballstát na ‘línte dearga’ a fhorchuirtear le hAirteagal 2 CAE. |
(iv) An cuspóir atá le cinneadh neamhspleách maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE
|
225. |
Ina háitiú, séanann an Ungáir go bhféadfadh aon chuspóir fóinteach a bheith le cinneadh neamhspleách maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE, chomh maith le cinneadh maidir le sárú ar chearta bunúsacha nó ar rialacha eile de dhlí an Aontais. |
|
226. |
Leanann sé go soiléir ón gcásdlí gurb é cuspóir na n‑imeachtaí um shárú ná cinneadh a dhéanamh maidir le díospóid idir an Coimisiún agus an Ballstát i dtaobh an bhfuil sárú ar dhlí an Aontais ann, agus, má shuítear, dreasacht a thabhairt don Stát chun deireadh a chur leis an sárú sin. ( 116 ) |
|
227. |
Tá sé dlisteanach, dá bhrí sin, a fhiafraí conas a rannchuidíonn cinneadh maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE, mar aon le cinneadh maidir le sárú ar fhorálacha áirithe de reachtaíocht an Aontais agus den Chairt, le mainneachtain Ballstáit comhlíonadh lena oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a shainaithint agus a fhoirceannadh. |
|
228. |
Cuireadh ceisteanna comhchosúla cheana féin maidir leis an gcuspóir chun sárú ar an gCairt a chinneadh i gcásanna ina bhfuil sárú ar riail an Chonartha nó ar dhlí tánaisteach an Aontais bunaithe cheana féin. Chuige sin, ina Tuairim in an Coimisiún v an Ungáir (Ardoideachas), chuir an tAbhcóide Ginearálta Kokott an míniú seo a leanas ar fáil: ‘níl aon iarmhairt ar leith ag baint le cinneadh ar shárú ar leith ar cheart bunúsach sa chás seo, toisc go bhfuil bunús maith cheana féin leis an gcaingean mar gheall ar mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh de bharr go ndearnadh sáruithe ar an Treoir um Sheirbhísí agus ar Airteagal 49 CFAE. Mar sin féin léirítear sa scrúdú ar leithligh ar na cearta bunúsacha tábhacht agus cineál an tsáraithe ar bhealach níos soiléire.’ ( 117 ) |
|
229. |
D’fhéadfaí réasúnaíocht chomhchosúil a chur i bhfeidhm freisin chun bonn cirt a thabhairt leis an gcúis a bhféadfadh an Coimisiún cinneadh neamhspleách maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE a lorg, fiú dá mba leor an cinneadh gur sáraíodh forálacha eile de chuid dhlí an AE agus den Chairt chun a shuíomh gur mhainnigh Ballstát a chuid oibleagáidí atá bunaithe ar dhlí an Aontais a chomhlíonadh. |
|
230. |
Ní hamháin go mbeadh feidhm shiombalach ag cinneadh den sórt sin, trí thábhacht ar leith an tsáraithe a léiriú, ach bheadh cuspóir diagnóiseach leis freisin. ( 118 ) Dhéanfaí an fhíorchúis de sháruithe eile a nochtadh. |
|
231. |
Bheadh sé sin tábhachtach do roghanna an Bhallstáit mainneachtana maidir le conas an mhainneachtain a fhoirceannadh, agus le haghaidh fhaireachán an Choimisiúin ar cé acu a chuir nó nár chuir an Ballstát atá i gceist deireadh leis an sárú a dearbhaíodh leis an mbreithiúnas. ( 119 ) |
|
232. |
I dteannta le cúis den sórt sin, dá suífí sárú neamhspleách ar Airteagal 2 CAE bheadh tionchar aige sin ar ríomh smachtbhannaí faoi Airteagal 260 CFAE mura gcuirfí deireadh leis an mainneachtain tar éis bhreithiúnas na Cúirte. ( 120 ) |
|
233. |
Mar fhocal scoir, is é an cuspóir atá leis an gcinneadh neamhspleách maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE ná a shainaithint agus a dhearbhú, trí reachtaíocht áirithe a ghlacadh, gur thrasnaigh Ballstát na ‘línte dearga’ atá cumhdaithe san fhoráil sin. Léiríonn sé sin ansin gurb é an chúis atá le sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann leis na himeachtaí céanna ná imeacht an Bhallstáit ó luachanna bunreachtúla an Aontais. |
|
234. |
Tugann sé sin mé chuig an cheist dheireanach a ardaítear sa chás seo: conas ba cheart don Chúirt a mheas cé acu ar trasnaíodh ‘línte dearga’ agus teacht ar chonclúid cé acu ar tharla sárú neamhspleách ar Airteagal 2 CAE? |
2. Conas a mheas cé acu ar trasnaíodh na ‘línte dearga’?
|
235. |
De réir an Choimisiúin, tharla sárú neamhspleách ar Airteagal 2 CAE sa chás seo toisc go bhfuil na sáruithe arna ndéanamh ag an Ungáir ‘fíorthromchúiseach, iomadúil agus follasach agus gur sárú ginearálaithe agus comhordaithe ar na cearta bunúsacha atá i gceist leo’. ( 121 ) Measann roinnt Ballstát is idiragraithe freisin go dteastaíonn ardleibhéal tromchúise maidir leis na sáruithe chun brath ar Airteagal 2 CAE go neamhspleách. |
|
236. |
Níor chuir an Ungáir a tuairim in iúl faoi na critéir a d’fhéadfadh a bheith ann chun sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh, toisc gurb é a seasamh nach féidir sárú den sórt sin a shuíomh ar chor ar bith sna himeachtaí seo atá os comhair na Cúirte. |
(a) Séanadh luachanna mar an critéar chun sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh
|
237. |
Dar liomsa, ní hé an critéar a spreagann an cinneadh maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE cainníocht ná tromchúis na sáruithe ar chearta bunúsacha nó ar phrionsabail bhunúsacha eile de dhlí an Aontais, ach ina ionad sin, séanadh luachanna Airteagal 2 CAE ag Ballstát. |
|
238. |
I ndáiríre, d’fhonn a mheas an féidir glacadh le reachtaíocht Ballstáit laistigh de chóras luachanna an Aontais, is í an cheist is ceart a chur ná an ndéanann Ballstát, tríd an reachtaíocht a ghlacadh, ceann amháin nó níos mó de na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE a shéanadh. |
|
239. |
B’fhéidir gur chuir rannpháirtithe na n‑imeachtaí seo béim ar an gcritéar tromchúise toisc go bhfuil sé seo ar cheann den dá chritéar a úsáidtear in Airteagal 7 CAE, lena bhforáiltear nach bhféadfar ach sárú tromchúiseach leanúnach ar luachanna in Airteagal 2 CAE an nós imeachta sin a spreagadh. ( 122 ) |
|
240. |
Mar sin féin, tagraíonn sárú tromchúiseach a cheanglaítear le hAirteagal 7 CAE do thromchúis an tsáraithe ar Airteagal 2 CAE é féin, agus ní do thromchúis na sáruithe líomhainte eile, a bhaineann, sa chás seo, le roinnt rialacha de chuid an Aontais lena gcuirtear chun feidhme an tsaoirse soláthair seirbhísí agus roinnt cearta bunúsacha. |
|
241. |
Dar liomsa, ní tharlaíonn sárú ar Airteagal 2 CAE toisc go bhfuil na sáruithe eile tromchúiseach. ( 123 ) Is ar mhalairt air sin a tharlaíonn sé: toisc gurb é bunchúis na sáruithe sin ná séanadh na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE, éiríonn siad iad féin dáiríre agus córasach araon. |
|
242. |
Ní inmheánach do Bhallstát í an éifeacht a bhíonn ag imeacht ó luachanna, ach bíonn tionchar aige ar fheidhmiú dhlíchóras an Aontais. Laghdaítear cumas an Bhallstáit sin oibleagáidí eile faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh. ( 124 ) Léirítear sa chás seo go ndéantar difear leis an imeacht ó luachanna do chumas na hUngáire cloí leis na rialacha lena rialaítear saorghluaiseacht seirbhísí. Tugtar bonn cirt leis sin le hidirghabháil na Cúirte trí imeachtaí um shárú. ( 125 ) |
|
243. |
Chun a chinneadh an ndéanann Ballstát luach arna chur in iúl in Airteagal 2 CAE a shéanadh, ní mór don Chúirt imscrúdú a dhéanamh ar imthosca sonracha gach cáis ar leith. |
|
244. |
Ba cheart don Chúirt a mheasúnú, dá bhrí sin, an bhfuil sárú ar chearta bunúsacha, arna chosaint ag an gCairt, mar thoradh ar shéanadh Ballstáit ar luach a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE. |
|
245. |
Seachas séanadh luachanna a bheith ina chritéar, ní mheasaim gur féidir foirmle níos cruinne a fhorbairt in abstracto mar uirlis a fhéadfaidh an Chúirt a úsáid. |
|
246. |
Mar sin féin, d’fhéadfadh líon na sáruithe ar bhunrialacha agus ar rialacha tánaisteacha an Aontais, agus ar an gCairt, mar aon leis an mbealach ina ndearnadh na sáruithe sin, feidhmiú mar tháscairí go bhféadfaí gurb é bunús na sáruithe sin ná an séanadh de luachanna. |
|
247. |
Dá bhrí sin, is é an critéar chun sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh ná séanadh de luachanna atá mar bhunchúis le sáruithe eile ar dhlí an Aontais. Ní fhéadfaidh tromchúis agus/nó cainníocht na sáruithe eile sin inti féin, go cinntitheach agus go huathoibríoch, feidhmiú mar chritéar chun sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh, cé go bhféadfadh gnéithe den sórt sin a bheith ina chomhartha tábhachtach de shéanadh de luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE. |
(b) Sárú ar chearta den Chairt agus idirphlé bunreachtúil
|
248. |
Dá bhrí sin d’fhéadfadh sáruithe aonair, go háirithe má bhaineann siad le cearta bunúsacha nó le prionsabail bhunúsacha eile de dhlí an Aontais, a bheith ina chomhartha tábhachtach go luíonn cúis leis an dímheas ar dhlí an Aontais leis an séanadh de luachanna. Tá sé sin fíor go háirithe, má tá sáruithe den sórt sin iomadúil, follasach agus ginearálaithe. Mar sin féin, ní leor é sin ann féin, i mo thuairim, áfach, chun sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh, toisc go bhféadfadh sáruithe ar chearta den Chairt a bheith mar chuid d’idirphlé bunreachtúil an Aontais, agus ní mar chuid den séanadh de luachanna. |
|
249. |
Forbraítear dlíchóras an Aontais trí idirphlé den sórt sin. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh físeanna éagsúla a bheith ann faoin gcaoi ar cheart comhluachanna a dhaingniú. |
|
250. |
Chuige sin, d’fhéadfadh sáruithe ar chearta bunúsacha a bheith mar thoradh, ar an gcéad dul síos, ar an difríocht idir an chaoi a ndearnadh dhá cheart bhunúsacha a chothromú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, nó, ar an dara dul síos, ar an ábhar éagsúil a shanntar do cheart bunúsach ar leith le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Sa dá chás, is é is cúis leis na sáruithe sin, mar sin, ná i réimse an idirphlé laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos ag luachanna, gan na luachanna iad féin a shéanadh. |
|
251. |
Sa chéad chás, ina gcaithfear dhá cheart bhunúsacha a chothromú, d’fhéadfadh go ndéanfaí difríocht thábhachtach i reachtaíocht lena ndaingnítear na cearta sin dá dtabharfaí níos mó seasaimh do cheann amháin nó do cheann eile. Mar shampla, féadfaidh an ceart chun maoine (intleachtúla) teacht salach ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. D’fhéadfadh Ballstát, mar sin, cinneadh a dhéanamh toirmeasc a chur ar shaothar atá faoi chosaint cóipchirt de bharr tuairimí polaitiúla a nochtadh gan cead an údair. Agus réiteach den sórt sin á ghlacadh aige, tá níos mó seasaimh tugtha ag an mBallstát sin don cheart chun maoine intleachtúla ná mar atá tugtha don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ní chiallaíonn an réiteach sin, ann féin, go séanann an Ballstát an tábhacht a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ar mhaithe le luach an daonlathais. Mar sin féin, dá mbainfeadh reachtóir an Aontais cothromaíocht eile amach níos déanaí, rud a chuirfeadh níos mó seasaimh don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, bheadh ar an mBallstát i dtrácht rogha den sórt sin a chomhlíonadh sna réimsí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais. ( 126 ) |
|
252. |
Is féidir sampla den dara cás – a bhaineann le difríocht sa chaoi a dtuigtear ábhar cirt bhunúsaigh gan difríocht dá leithéid ag léiriú séanadh de luachanna – a thógáil ó Max-Planck. ( 127 ) Sa chás sin, chinn an Chúirt gur sáraíodh ábhar bunriachtanach an chirt bhunúsaigh chun saoire bhliantúil le pá leis an reachtaíocht náisiúnta lena mbaintear an ceart chun liúntais in ionad saoire bhliantúil nár tógadh ar fhoirceannadh an chaidrimh fostaíochta. An gciallaíonn sé sin gur sháraigh an Ghearmáin, a raibh a reachtaíocht i gceist, Airteagal 2 CAE? ( 128 ) Dar liomsa, agus fiú dá mba shárú ar bhunbhrí cirt bhunúsaigh an rud a bhí i gceist, is é an freagra a bheadh air sin ná nár sháraigh. A luaithe a athraíonn an Ghearmáin a reachtaíocht, dhéanfaí an sárú a leigheas. Trí thuiscint dhifriúil a bheith aici ar an gceart chun saoire bhliantúil ná mar a bhí ag léiriú an Aontais sa chás áirithe sin, níor shéan an Ghearmáin a thábhachtaí atá an ceart chun saoire bhliantúil le pá maidir le luachanna Airteagal 2 CAE a chosaint. |
|
253. |
Dá bhrí sin, níor cheart go gcinnfí go ndearnadh sárú ar Airteagal 2 CAE mar thoradh ar easaontais faoi ábhar na gceart bunúsach nó na n‑éagsúlachtaí maidir le dhá cheart bhunúsacha nó níos mó a chothromú. Tá siad mar chuid den idirphlé bunreachtúil i ndlíchóras an Aontais, lena gceadaítear do dhaingniú éagsúil de chearta. ( 129 ) Ní shéantar le heasaontais den sórt sin na luachanna iad féin, áfach. |
|
254. |
Níor cheart cinneadh a dhéanamh maidir le sárú ar Airteagal 2 CAE ach amháin má thagann an Chúirt ar an tátal gur sháraigh Ballstát ceart den Chairt toisc go ndearna sé an luach a dhaingnítear leis an gceart sin a shéanadh. |
3. Sárú ar Airteagal 2 CAE sa chás seo
|
255. |
Agus na breithnithe thuasluaite á gcur san áireamh, an bhfuil sé léirithe ag an gCoimisiún go bhfuil an sárú a rinne an Ungáir trí ghlacadh leis an Dlí Leasaitheach, as ar tháinig na Rialacha atá faoi chonspóid, amhail bonn cirt a thabhairt le cinneadh gur sáraíodh Airteagal 2 CAE? |
|
256. |
Is é mo thuairim gur cheart an cheist sin a fhreagairt go dearfach in imthosca an cháis seo. |
(a) Na rialacha atá i gceist lena ndéantar luachanna Airteagal 2 CAE a shéanadh
|
257. |
Is comhartha láidir go deimhin go bhfuil sárú féideartha ar Airteagal 2 CAE é an cinneadh go gcuirtear srian leis an reachtaíocht atá faoi chonspóid ar shaorghluaiseacht seirbhísí ar bhealaí iomadúla, agus níos suntasaí fós, an cinneadh gur sáraíodh na ceithre cheart a ráthaítear leis an gCairt leis na Rialacha céanna sin. |
|
258. |
Níos tábhachtaí fós, tá cúis amháin agus an chúis chéanna leis na sáruithe ar fhorálacha iolracha dhlí an Aontais sa chás seo: rún na hUngáire mionaoisigh a chosaint ó ‘ábhar LADTI’, rud a mheasann an Ballstát a bheith díobhálach. Léirítear leis sin seasamh reachtóir na hUngáire gur cuid nach bhfuil inmhianaithe den tsochaí iad daoine LADTI nach bhfuil cóir chomhionann tuillte acu. |
|
259. |
Is ábhar atá íogair go sóisialta fós iad cearta LADTI, go háirithe na ceisteanna a bhaineann le féiniúlachtaí inscne. ( 130 ) Ar cheart é sin a bheith ina chúis le déileáil le reachtaíocht na hUngáire atá i gceist mar chuid d’idirphlé bunreachtúil an Aontais, agus ní mar shárú ar Airteagal 2 CAE? |
|
260. |
Dar liomsa, tá an sárú sa chás seo difriúil ó na samplaí d’idirphlé bunreachtúil a thugtar thuas ar bhealach suntasach amháin. Sna samplaí sin, ní raibh séanadh na luachanna a bhí i gceist mar chúis leis an toradh éagsúil a tháinig as cothromú, ná ní raibh sé mar chúis leis an tuiscint dhifriúil ar ábhar na gceart bunúsach. I gcomparáid leis sin, sa chás seo, le reachtaíocht na hUngáire atá i gceist, déantar na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE a shéanadh. |
|
261. |
Is é an séanadh de chomhionannas dhaoine LADTI, atá taobh thiar den reachtaíocht atá faoi chonspóid, an bhunchúis leis na sáruithe go léir sa chás seo. Ní tharlódh na sáruithe eile mura measfadh an Ungáir go bhfuil ábhar LADTI díobhálach d’fhorbairt mionaoiseach. |
|
262. |
Táim den tuairim nach bhfuil daoine LADTI a bhfuil comhurraim tuillte acu sna Ballstáit oscailte do chonspóid trí idirphlé. Is iad dímheas agus imeallú grúpa i sochaí na ‘línte dearga’ lena bhforchuirtear le luachanna an chomhionannais, dínit an duine agus urraim do chearta an duine. |
|
263. |
D’fhéadfadh difríocht a bheith idir an chaoi a gcuirtear comhionannas dhaoine LADTI i bhfeidhm agus féadfar í a phlé, ach tá an rogha phrionsabail chun idirdhealú ar fhoras inscne nó gnéis nó gnéaschlaonta a thoirmeasc bunaithe go daingean i gcreat bunreachtúil an Aontais. Is amhlaidh atá, fiú má tá saincheisteanna LADTI íogair ó thaobh sóisialta de. Dá gcuirfí foras nach bhfuil chomh conspóideach céanna ó thaobh sóisialta de in ionad an fhorais cosanta, ar nós dath craicinn nó reiligiún, bheadh sé soiléir go ndéanfaí an comhionannas a shéanadh trí reachtaíocht amhail an reachtaíocht atá i gceist sa chás seo. |
|
264. |
Dá bhrí sin, in ainneoin íogaireacht na saincheiste, táim den tuairim go sásaíonn reachtaíocht na hUngáire atá faoi chonspóid an critéar maidir le séanadh luachanna chun sárú ar Airteagal 2 CAE a chinneadh. |
(b) Cad iad na luachanna a sáraíodh?
|
265. |
Nuair is é an chúis atá le sáruithe ar dhlí an Aontais ná an séanadh de luachanna, is gá gur imeacht é sin ó mhúnla na sochaí mar atá leagtha amach in Airteagal 2 CAE. Tá na luachanna sin idirghaolmhar, agus is léiriú é an cinneadh gur sáraíodh ceann amháin díobh gur shéan an Ballstát atá i gceist samhail an daonlathais bhunreachtúil bunaithe ar urramú chearta an duine. |
|
266. |
Sa chás seo, mhaígh an Coimisiún gurb iad na luachanna a sáraíodh leis an reachtaíocht atá faoi chonspóid ná comhionannas, dínit an duine agus urraim do chearta an duine. |
|
267. |
Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh go mbeadh an cinneadh maidir le sáruithe ar chearta bunúsacha ina tháscaire ar na luachanna a ndearnadh a shéanadh leis na sáruithe sin. Dar liomsa, is iad na cearta bunúsacha go léir a mheasaim a sáraíodh sa chás seo, ná léiriú agus daingniú na luachanna a cumhdaítear in Airteagal 2 CAE, arna n-agairt ag an gCoimisiún. |
|
268. |
Ar an gcéad dul síos, tá sárú ar Airteagal 21 den Chairt, arb é atá ann idirdhealú ar bhaill de ghrúpa mionlaigh LADTI agus a stiogmatú agus a n‑imeallú, ar neamhréir go láidir le luachanna an chomhionannais agus na caoinfhulaingthe, chomh maith le dínit an duine. |
|
269. |
Ar an dara dul síos, sáraítear le sárú na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, a ráthaítear le hAirteagal 11 den Chairt, bunsraith riachtanach de shochaí iolraíoch, dhaonlathach, mar a shamhlaítear in Airteagal 2 CAE ( 131 ) arb é an réamhriachtanas é don chomhionannas agus do dhínit an duine. |
|
270. |
Ar an tríú dul síos, tá an sárú ar an gceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt, i gcodarsnacht mhór le luach dhínit an duine. |
|
271. |
Ní hamháin gur ceart bunúsach é dínit an duine, rud a shéantar leis na Rialacha atá i gceist, ach is croíluach é a chuirtear in iúl le hAirteagal 2 CAE. Chun sliocht a thabhairt ó Abhcóide Ginearálta eile, ‘is é luach dhínit an duine fíor Grundnorm (norm bunúsach) an bhunreachtúlachta Eorpaigh iar-chogaidh i gcoinne uafáis an ollsmachtachais a dhiúltaigh aon luach don duine daonna.’ ( 132 ) |
|
272. |
Níos mó ná riamh, i bhfianaise forbairtí reatha an domhain, tá sé tábhachtach gan dearmad a dhéanamh ar an bhfáth ar dhearbhaigh an tAontas Eorpach na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE agus cén fáth a bhfuil sé ríthábhachtach na luachanna sin a athdhearbhú agus a chosaint. |
|
273. |
Mar fhocal scoir, táim den tuairim go léirítear leis na sáruithe sin ar chearta bunúsacha an t‑imeacht thábhachtach atá déanta leis na Rialacha atá i gceist ó shamhail an daonlathais bhunreachtúil lena n‑urramaítear cearta an duine, a léirítear in Airteagal 2 CAE. |
|
274. |
Is é an séanadh sin de luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE an ‘rud éigin níos mó’ doshonraithe, rud a spreag an Coimisiún chun an séú saincheist dlí a thabhairt isteach. |
|
275. |
Ar na cúiseanna roimhe seo, táim den tuairim gur cheart don Chúirt a chinneadh, tríd an Dlí Leasaitheach ba shiocair le Rialacha 1, 3, 4, 6 agus 7 a ghlacadh, go ndearna an Ungáir sárú ar Airteagal 2 CAE. |
III. Anailís – Cuid a Dó: Sárú ar an dlí príomhúil agus tánaisteach a bhaineann le saorghluaiseacht seirbhísí agus RGCS
|
276. |
Sa chuid seo den Tuairim seo, tabharfaidh mé aghaidh ar na hargóintí eile a bhaineann le héilimh an Choimisiúin gur sháraigh an Ungáir rialacha sonracha de dhlí príomhúil agus tánaisteach an Aontais maidir le saorghluaiseacht seirbhísí agus RGCS (an chéad saincheist dlí go dtí an ceathrú saincheist dlí ón gCoimisiún). |
A. An chéad saincheist dlí ón gCoimisiún
|
277. |
Maíonn an Coimisiún, trí Rialacha 3, 4, 5 agus 6 a ghlacadh, gur sháraigh an Ungáir Treoir AVMS. |
|
278. |
Cosúil le hionstraimí eile lena rialaítear saorghluaiseacht seirbhísí sa mhargadh inmheánach, tá Treoir AVMS bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, arna chur in iúl mar an prionsabal um ‘tír dhúchais’ nó ‘tír thionscnaimh’. Ciallaíonn an prionsabal sin, atá cumhdaithe in Airteagal 2(1) de Threoir AVMS, go n‑oibríonn soláthraithe AVMS i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe. |
|
279. |
Agus an prionsabal sin á chur i bhfeidhm, le hAirteagal 3(1) de Threoir AVMS cuirtear oibleagáid ar an Stát óstach (a fhaigheann an tseirbhís AVM) an tsaoirse glactha a áirithiú gan srian a chur ar tharchur ó sholáthraithe ó Bhallstáit eile ar aon cheann de na cúiseanna a thagann faoi réim na réimsí a chomhordaítear leis an Treoir. |
1. Riail 4
|
280. |
Ceanglaítear le hAirteagal 6a de Threoir AVMS ar Bhallstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun forbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta mionaoiseach a chosaint. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist leis na bearta sin teorainn a chur leis an am craolta, agus ní mór dóibh a bheith comhréireach leis an dochar féideartha den chlár. Má urramaíonn na rialacha atá dírithe ar mhionaoisigh a chosaint leis an gclár sa Stát baile, ba cheart é a tharchur gan bhac chuig críoch aon Bhallstáit eile. |
|
281. |
Agus an creat reachtach sin san áireamh, cuireann an Coimisiún isteach ar dtús nach bhféadtar Riail 4, a éilíonn aicmiú clár ina bhfuil ‘ábhar LADTI’ mar chatagóir V, rud a chiallaíonn nach bhféadtar iad a chraoladh ach idir 22.00 agus 5.00, a thuiscint mar chur chun feidhme d’Airteagal 6a de Threoir AVMS, agus dá bhrí sin is ionann é agus srian ar shaorghluaiseacht sheirbhísí AVM. |
|
282. |
Ina cosaint, maíonn an Ungáir, ar dtús, gur achtaíodh Riail 4 mar chuid de chur chun feidhme Airteagal 6a de Threoir AVMS. Ní dhéantar comhchuibhiú leis an treoir ar na cineálacha clár a mheastar a bheith díobhálach do mhionaoisigh, seachas a cheangal go mbeadh ábhar lena dtaispeántar foréigean gan ghá agus pornagrafaíocht faoi réir na mbeart is déine. I bhfianaise comhchuibhiú íosta den sórt sin, áitíonn an Ungáir go dtagann sé faoi neamhspleáchas na mBallstát, bunaithe ar a luachanna cultúrtha agus morálta féin, a chinneadh cé na cláir atá díobhálach do leanaí. |
|
283. |
Mar sin féin, mar a d’áitigh an Coimisiún, ní mór cinneadh maidir le hábhar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do leanaí a bheith bunaithe ar roinnt fianaise eolaíoch ar an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ag ábhar áirithe. |
|
284. |
Mar a míníodh níos luaithe (mír 111 den Tuairim seo), níor thug an Ungáir aon fhianaise ar aird go bhfuil cláir ina bhfuil ‘ábhar LADTI’ díobhálach d’fhorbairt mionaoiseach. Ina theannta sin, suíodh (féach an chuid den Tuairim seo ina dtugtar freagra ar an gcúigiú saincheist dlí ón gCoimisiún) go gcuireann srian den sórt sin isteach ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus ar an gceart chun saoil phríobháidigh, chomh maith le bheith idirdhealaitheach agus a bheith contrártha le dínit an duine de dhaoine LADTI. Ós rud é nach mór d’aon srianta ar shaorghluaiseacht seirbhísí, ( 133 ) lena n‑áirítear AVMS, ( 134 ) cearta bunúsacha a urramú, ní féidir glacadh leis go bhfreastalaíonn Riail 4 ar chosaint na mionaoiseach. |
|
285. |
Ní fhéadfar, dá bhrí sin, Riail 4 a léiriú mar chur chun feidhme d’Airteagal 6a de Threoir AVMS. |
|
286. |
Maíonn an Ungáir freisin nach mbaineann an ceanglas aicmithe ach le cláir arb é ‘ábhar LADTI’ an ghné lárnach díobh, ach nach gá cláir nach bhfuil ábhar den sórt sin cinntitheach, ach atá treallach amháin, a aicmiú mar chatagóir V. Chiallódh sé sin nach mór scannán a bhfuil saol teaghlaigh LADTI mar théama aige, nó clár faisnéise ina bpléitear athrú gnéis, a aicmiú mar chatagóir V san Ungáir. Mar sin féin, ní gá cláir nach bhfuil iontu ach radhairc threallacha ina léirítear ‘ábhar LADTI’, mar lánúin homaighnéasach atá i ngreim láimhe ina chéile, a aicmiú mar chatagóir V. |
|
287. |
Ní chuireann dearcadh na hUngáire i gcoinne an mhaímh go bhfuil srian ar an tsaoirse chun cláir a chraoladh arb é ‘ábhar LADTI’ a bpríomhfhócas. De réir an chásdlí, tá srian ar sholáthar seirbhísí ní hamháin nuair a chuirtear cosc le beart náisiúnta ar sholáthar seirbhísí, ach freisin nuair a chuirtear bac ar ghníomhaíochtaí soláthraí seirbhísí atá bunaithe i mBallstát eile nó nuair a fhágann sé nach bhfuil siad chomh tarraingteach sin. ( 135 ) Níl údar comhleanúnach le srian den sórt sin, mar a míníodh roimhe seo, trí fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta mionaoiseach a chosaint nó trí cheart na dtuismitheoirí a leanaí a thógáil de réir a n‑áitiús pearsanta. |
|
288. |
Mar sin is ionann Riail 4 agus srian gan údar ar sholáthar sheirbhísí AVM. |
2. Riail 6
|
289. |
Foráiltear le dlí na hUngáire d’eisceacht ón oibleagáid aicmithe maidir le fógraí leasa phoiblí agus teachtaireachtaí múscailte feasachta. ( 136 ) Mar sin féin, foráiltear le Riail 6 nach féidir déileáil amhlaidh le fógra ina bhfuil ‘ábhar LADTI’. Ní mór fógraí sna meáin a bhfuil ‘ábhar LADTI’ iontu, mar shampla faisnéis faoi eagrú paráide mórtais, a aicmiú agus féadfar (is dócha) iad a aicmiú mar chatagóir V, is é sin, nach féidir a tharchur ach amháin le linn na n‑uaireanta teoranta thuasluaite. |
|
290. |
Maidir le Riail 6, áitíonn an Coimisiún gur sháraigh an Ungáir Airteagal 6a de Threoir AVMS. |
|
291. |
Ina cosaint, tugann an Ungáir bonn cirt lena gníomhartha d’fhonn mionaoisigh a chosaint agus cearta na dtuismitheoirí a choimirciú. |
|
292. |
Mar sin féin, ar an gcúis chéanna le Riail 4, ní féidir bonn cirt a thabhairt le Riail 6 leis an riachtanas sin. In éineacht le Riail 4, tá sé contrártha freisin do shaoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus don cheart chun saoil phríobháidigh dhaoine LADTI, agus tá sé idirdhealaitheach ar fhorais inscne agus ghnéaschlaonta, toisc nach gcuirtear ach fógraí leasa phoiblí ina bhfuil ábhar LADTI, agus ní fógraí a bhaineann le saol daoine heitrighnéasacha agus cisinscneacha, faoi réir na hoibleagáide aicmithe. ( 137 ) |
|
293. |
Mar sin, is ionann Riail 6 agus srian gan údar ar sholáthar sheirbhísí AVM, rud atá contrártha le hAirteagal 6a de Threoir AVMS. |
3. Riail 3
|
294. |
Cé go mbaineann Riail 6 le fógraí neamhthráchtála, baineann Riail 3, atá sa Dlí Fógraíochta, le cumarsáid tráchtála. Toirmisctear leis fógraí tráchtála ina bhfuil ‘ábhar LADTI’ a chur ar fáil do mhionaoisigh nó rochtain orthu a thabhairt do mhionaoisigh. |
|
295. |
Maíonn an Coimisiún go bhfuil Riail 3 ina sárú ar Airteagal 9(1)(c)(ii) de Threoir AVMS, lena bhforáiltear nach mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann cumarsáidí tráchtála closamhairc arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí meán leis an toirmeasc ar idirdhealú ar bhonn, i measc nithe eile, inscne agus gnéaschlaonta. Is léiriú í an fhoráil sin de Threoir AVMS ar an bprionsabal ginearálta lena gcuirtear toirmeasc ar idirdhealú. |
|
296. |
Ní chumhdaítear le Treoir AVMS ach na cumarsáidí tráchtála sin a ghabhann le AVMS nó atá san áireamh in AVMS. ( 138 ) Sin líon mór cumarsáide fós, amhail na cinn atá liostaithe in Airteagal 1(h) de Threoir AVMS, eadhon fógraíocht teilifíse, urraíocht, teilishiopadóireacht agus suíomh táirgí. Tagann cumarsáid den sórt sin faoi raon feidhme Threoir AVMS. |
|
297. |
Mar sin féin, ina cosaint i scríbhinn agus ina hathfhreagra, maíonn an Ungáir nach mór an Dlí Fógraíochta a léamh i gcomhar leis an Dlí um Shaoirse an Phreasa agus le Dlí na Meán, agus nach bhfuil craoladh tráchtála ar na meáin AV cumhdaithe leis an Acht Fógraíochta. |
|
298. |
Léirítear i Mír 1(3) den Dlí Fógraíochta, ina gcuirtear Riail 3 isteach, nach mór Acht CIV 2010 (an Dlí um Shaoirse an Phreasa) agus Acht CLXXXV de 2010 (Dlí na Meán) a chur i bhfeidhm ar fhógraí i seirbhísí meán closamhairc agus raidió. Mar sin féin, ní léiríonn sí nach bhfuil feidhm ag an Acht Fógraíochta. Dá mbeadh sé ar intinn ag reachtóir na hUngáire a shonrú nach rialaítear ach an dá Dhlí seo fógráin teilifíse agus raidió, is dócha go n‑úsáidfí foirmiú sriantach sa téacs (amhail ‘go heisiach’ nó ‘ní bheidh feidhm ach ag na dlíthe seo amháin’). Ós rud é nach ndéantar, tá an Dlí Fógraíochta infheidhme fós taobh leo. |
|
299. |
Mar sin, tá an Dlí Fógraíochta laistigh de raon feidhme Threoir AVMS, agus trí ábhar LADTI a thoirmeasc, cuirtear srian ar sholáthar seirbhísí atá á rialú ag Treoir AVMS. Ar an mbealach céanna agus a cuireadh in iúl roimhe seo maidir le Rialacha 4 agus 6, is ionann Riail 3 agus srian gan údar ar sholáthar sheirbhísí AVM, rud atá contrártha le hAirteagal 9(1)(c)(ii) de Threoir AVMS. |
4. Riail 5
|
300. |
Ceanglaítear le Riail 5 ar Chomhairle na Meán a iarraidh ar Bhallstát eile gníomhú i leith sáruithe arna ndéanamh ag soláthraí AVMS faoi dhlínse an Stáit sin a chraolann san Ungáir agus a sháraigh rialacha aicmithe na hUngáire maidir le hábhar LADTI. |
|
301. |
Maíonn an Coimisiún go sáraítear prionsabal na tíre tionscnaimh le Riail 5, a chuirtear in iúl in Airteagal 2 agus in Airteagal 3(1) de Threoir AVMS, sa mhéid is go mbunaítear léi sásra trína bhféachann an Ballstát glactha chun ceangal a chur ar an mBallstát tionscnaimh a áirithiú go gcomhlíonfar a rialacha faoi choinníollacha seachas na coinníollacha dá bhforáiltear sa Treoir. |
|
302. |
Foráiltear le hAirteagal 3(2) de Threoir AVMS go bhféadfaí maolú sealadach a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar an mBallstát glactha ionas go bhféadfar seirbhísí AVM a chraoltar ó Bhallstáit eile a ghlacadh. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin má sháraíonn soláthraí sa Bhallstát eile Airteagal 6(1)(a) nó Airteagal 6a(1) de Threoir AVMS go follasach, go tromchúiseach agus go mór. |
|
303. |
Mar sin féin, i dtuairim an Choimisiúin, agus aontaím leis, ní féidir Airteagal 3(2) a léiriú ar shlí a cheadódh do Bhallstát foráil shonrach chomhthreomhar a chruthú ina dhlí náisiúnta d’fhonn a rialacha a leathnú chuig soláthraithe seirbhísí atá faoi dhlínse Ballstáit eile agus chun tairseach idirghabhála a chur i bhfeidhm faoi bhun na tairsí sin a leagtar síos le hAirteagal 3(2). |
|
304. |
Áitíonn an Ungáir, áfach, nach raibh sé i gceist le Riail 5 Airteagal 3(2) de Threoir AVMS a chur chun feidhme, ach Airteagal 4(2) di. |
|
305. |
De bhun na forála sin, féadfaidh Ballstáit a bhfuil a saoirse feidhmithe acu rialacha níos mionsonraithe nó níos déine a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí meán i gcomhréir le hAirteagal 4(1), go heisceachtúil, a iarraidh ar an mBallstát tionscnaimh iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí atá faoina ndlínse na rialacha sin a chomhlíonadh, agus sin sa chás amháin ina bhfuil a seirbhísí meán dírithe go hiomlán nó go príomha ar chríoch an Bhallstáit glactha. ( 139 ) |
|
306. |
Dá bhrí sin ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin ach amháin má tá leas bainte ag Ballstát as an bhféidearthacht atá ar fáil dó rialacha níos déine a achtú i réimsí comhordaithe. |
|
307. |
Go deimhin, is réimse é cosaint mionaoiseach ar sheirbhísí AVM a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, a chomhordaítear le hAirteagal 6a(1) de Threoir AVMS. |
|
308. |
Mar sin féin, ní féidir na Rialacha maidir le haicmiú na gclár AVMS (Rialacha 4 agus 6) a léiriú mar rialacha níos déine faoi Airteagal 4(1) de Threoir AVMS, toisc nach mór do rialacha den sórt sin, de réir fhoclaíocht na forála céanna sin, a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais. |
|
309. |
Mar a míníodh níos luaithe, níl na rialacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais, toisc go gcuirtear srian ar sholáthar sheirbhísí AVM agus go sáraítear roinnt cearta bunúsacha a ráthaítear leis an gCairt gan aon bhonn cirt inghlactha a bheith leo. ( 140 ) Is é sin le rá, ní fhéadfaidh foráil náisiúnta atá ina sárú ar Airteagal 6a(1) de Threoir AVMS a bheith ina riail ‘níos mionsonraithe nó níos déine’ de réir bhrí Airteagal 4(2) de, ós rud é nach féidir le riail atá bunaithe ar shárú ar an Treoir sin a bheith ina cur chun feidhme dlisteanach ar eisceacht Airteagal 4. |
|
310. |
Ar an gcúis sin, ní féidir leis an Ungáir brath ar Airteagal 4(2) de Threoir AVMS chun bonn cirt a thabhairt le carachtar sriantach Riail 5. |
|
311. |
Ar na cúiseanna thuas, sáraítear Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) de Threoir AVMS le Riail 5. |
B. An dara saincheist dlí ón gCoimisiún
|
312. |
Maíonn an Coimisiún go gcuirtear srian le Rialacha 1 agus 3 ar sholáthar sheirbhísí na sochaí faisnéise agus go bhfuil siad ina sárú, mar sin, ar an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach. |
|
313. |
Le Riail 1, cuirtear cosc ar na seolaithe a bhfuil an Dlí um Chosaint Leanaí dírithe chucu ( 141 )‘ábhar LADTI’ a chur ar fáil do mhionaoisigh. Mar a míníodh cheana, cuirtear cosc le Riail 3 ar ‘ábhar LADTI’ a chur ar fáil do mhionaoisigh i gcumarsáid tráchtála. Measann an Coimisiún go gcuirtear srian leis an dá Riail ar sholáthar sheirbhísí na sochaí faisnéise, contrártha le hAirteagal 3(2) den Treoir maidir le tráchtáil leictreonach, lena gcuirtear toirmeasc, ar an gcaoi chéanna le hAirteagail 2 agus 3(1) de Threoir AVMS, ar na Ballstáit ghlactha srianta i réimsí comhordaithe a fhorchur ar sholáthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise ó Bhallstáit eile. |
1. Cumhdaítear Rialacha 1 agus 3 le réimsí comhordaithe de réir bhrí na Treorach maidir le tráchtáil leictreonach
|
314. |
Is é príomhchosaint na hUngáire faoi chuimsiú na saincheiste seo ná nach bhfuil an dá Riail sin cumhdaithe ag Airteagal 3(2) den Treoir maidir le tráchtáil leictreonach, nach mbaineann ach le réimsí comhordaithe, agus nach mbaineann an dá Riail atá i gceist le réimsí den sórt sin. |
|
315. |
De réir na hUngáire, níl feidhm ag Riail 1 maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise. Tá sé dírithe ar institiúidí amháin a sholáthraíonn cúram leanaí agus cosaint nach féidir le teaghlaigh a sholáthar, agus baineann sé le hoibleagáidí na n‑institiúidí sin i leith na leanaí dá soláthraíonn siad cúram. Toisc nach leagtar síos i Riail 1 ceanglais do sholáthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise, maíonn an Ungáir nach bhfuil feidhm ag Airteagal 3(2) den Treoir maidir le tráchtáil leictreonach maidir leis an Riail sin. |
|
316. |
Ar an gcaoi chéanna, áitíonn an Ungáir nach bhfuil Riail 3 laistigh de réimsí comhordaithe na Treorach, toisc nach ndéantar seirbhísí na sochaí faisnéise a rialáil shonrach leis an Dlí Fógraíochta. |
|
317. |
De réir Airteagal 2(a) den Treoir maidir le tráchtáil leictreonach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(1)(b) de Threoir (AE) 2015/1535, ( 142 ) is éard atá i ‘seirbhísí sochaí faisnéise’ ná ‘aon seirbhís a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, go cianda, trí mheán leictreonach agus ar iarratas aonair ó fhaighteoir seirbhísí’. ( 143 ) [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
318. |
Faoi Airteagal 2(h) den Treoir maidir le tráchtáil leictreonach, tuigfear réimsí comhordaithe na Treorach sin mar ‘na ceanglais arna leagan síos i ndlíchórais na mBallstát is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí na sochaí faisnéise nó seirbhísí na sochaí faisnéise, beag beann ar cibé acu de chineál ghinearálta iad nó deartha go sonrach dóibh’. ( 144 ) |
|
319. |
Dá bhrí sin, de réir na forála sin, is iad na réimsí comhordaithe freisin na ceanglais a fhorchuireann na Ballstáit ar sheirbhísí na sochaí faisnéise iad féin. Mínítear san fhoráil chéanna freisin nach gá na ceanglais sin a bheith forchurtha go sonrach ar sheirbhísí na sochaí faisnéise, ach gur féidir iad a fhorchur go ginearálta. Mar sin, tagann forchur de shrian ar ábhar seirbhíse a fhéadfar a sholáthar mar sheirbhís sochaí faisnéise faoi na réimsí comhordaithe, fiú mura bhfuil an Dlí náisiúnta atá i gceist dírithe go sonrach ar sheirbhísí na sochaí faisnéise a rialáil. |
|
320. |
Deimhnítear é seo leis an dara fleasc d’Airteagal 2(h)(i) den Treoir maidir le tráchtáil leictreonach, ina sonraítear go sonrach go mbaineann na réimsí comhordaithe le ceanglais nach mór don soláthraí seirbhíse a chomhlíonadh i ndáil le, i measc nithe eile, ‘ceanglais maidir le cáilíocht nó ábhar na seirbhíse lena n‑áirítear na ceanglais is infheidhme maidir le fógraíocht …’. |
|
321. |
Le Riail 1 agus Riail 3 araon, eisiatar an fhéidearthacht ábhar áirithe a chur i láthair do leanaí a d’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí sochaí faisnéise a thairiscint. Tagann siad mar sin faoi na réimsí comhordaithe. |
2. Tagann Riail 1 faoi raon feidhme na Treorach maidir le tráchtáil leictreonach
|
322. |
Maidir le Riail 1, áitíonn an Ungáir nach soláthraíonn a cuid seolaithe seirbhísí na sochaí faisnéise, ná aon seirbhísí de réir mar a shainítear le dlí an Aontais an coincheap sin, toisc nach gcuirtear a gcuid gníomhaíochtaí ar fáil, i bprionsabal, ar mhalairt ar luach saothair. Áitíonn sí mar sin nach dtagann Riail 1 faoi raon feidhme na Treorach maidir le tráchtáil leictreonach. |
|
323. |
Chuige sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, ‘go bhfuil an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar chun leasa na soláthraithe agus na bhfaighteoirí seirbhísí araon.’ ( 145 ) |
|
324. |
Dá bhrí sin, fiú mura soláthraíonn seolaithe Riail 1 seirbhísí sochaí faisnéise, díspreagtar iad mar sin féin, ó sheirbhísí den sórt sin a úsáid. Mar shampla, níl aon chúis ag ionad cúraim lae leanaí úsáid a bhaint as scannáin nó cartúin atá ar fáil ar ardán digiteach i mBallstáit eile má tá ‘ábhar LADTI’ ann. Ní bheadh aon chúis ag an institiúid sin, ná ag aon institiúid eile ar a ndírítear le Riail 1, siopadóireacht ar líne a úsáid chun leabhar nó aon ábhar eile a bhfuil ábhar LADTI ann a cheannach, i bhfianaise nach bhféadfaidís an t‑ábhar sin a úsáid ina ngníomhaíochtaí faoi Riail 1. Is ionann an srian sin ar úsáid seirbhísí áirithe ag faighteoirí ionchasacha agus srian ar sholáthar seirbhísí den sórt sin ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. ( 146 ) |
|
325. |
Mar sin, féadfaidh staideanna a rialaítear le Riail 1 teacht faoi raon feidhme na Treorach maidir le tráchtáil leictreonach. |
3. Le Rialacha 1 agus 3 cuirtear srian ar sheirbhísí na sochaí faisnéise
|
326. |
Le Riail 1 agus Riail 3 araon, cuirtear srian ar sholáthar sheirbhísí na sochaí faisnéise, más rud é, agus más rud é amháin, nach bhfuil glacadh na seirbhísí sin chomh tarraingteach céanna d’ábhair na rialacha sin (amhail i gcás Riail 1). |
|
327. |
Ní féidir bonn cirt a thabhairt le srianta den sórt sin toisc nach bhfuil údar maith inmharthana acu ar mhaithe le leas an phobail agus go sáraítear roinnt ceart a chosnaítear leis an gCairt, mar a léiríodh níos luaithe thuas. ( 147 ) |
|
328. |
Mar sin, le Riail 1 agus Riail 3, sáraítear Airteagal 3(2) den Treoir maidir le tráchtáil leictreonach. |
C. An tríú saincheist dlí ón gCoimisiún
|
329. |
Maíonn an Coimisiún go gcuirtear srian le Rialacha 1, 3 agus 7 freisin ar sholáthar seirbhísí seachas seirbhísí closamhairc nó sochaí faisnéise. Bheadh srianta den sórt sin contrártha le hAirteagail 16 agus 19 den Treoir um Sheirbhísí, agus le hAirteagal 56 CFAE, chomh maith. |
|
330. |
In éineacht le hAirteagal 56 CFAE, forchuirtear leis an Treoir um Sheirbhísí rialacha ginearálta lena gcumasaítear cur i bhfeidhm an aitheantais fhrithpháirtigh i réimse seirbhísí seachas seirbhísí closamhairc nó seirbhísí na sochaí faisnéise. ( 148 ) Le hAirteagail 16 agus 19 den Treoir um Sheirbhísí, cuirtear toirmeasc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí nó ar fhaighteoirí seirbhísí, faoi seach, nach bhfuil údar maith leo ar chúiseanna leasa ghinearálta an phobail agus nach bhfuil comhréireach leis na cúiseanna sin. |
1. Rialacha 1 agus 3
|
331. |
Is féidir a shamhlú go deimhin go gcuirtear srian le Riail 1 ar sholáthar cineálacha seirbhísí seachas seirbhísí closamhairc nó seirbhísí sochaí faisnéise ar an mbealach céanna a chuirtear srian ar na seirbhísí sin. Is leor sampla amháin chun an pointe sin a chruthú. Dhíspreagfaí soláthraithe cúraim leanaí faoi Riail 1 seó amharclainne puipéad a fhostú a léiríonn saol dhaoine LADTI, toisc go bhfuil cosc orthu é a thaispeáint do na leanaí atá faoina gcúram. ( 149 ) |
|
332. |
Toisc go bhfuil seolaithe Riail 1 gafa le rialacha an Aontais mar fhaighteoirí seirbhíse agus ní mar sholáthraithe seirbhíse, ní bhaineann le hábhar an díolúine seirbhísí sóisialta, dá bhforáiltear in Airteagal 2(2)(j) den Treoir um Sheirbhísí. |
|
333. |
Mar an gcéanna, maidir le Riail 3, níorbh fhéidir fógraíocht a dhéantar trí mheáin AVMS nó go leictreonach, mar shampla ar phóstaeir, dá gcuimseofaí ábhar LADTI inti, a thaispeáint san Ungáir in áiteanna ina bhféadfadh leanaí iad a fheiceáil, rud a chiallaíonn ar a laghad gach limistéar poiblí. |
|
334. |
Dá bhrí sin, is léir go sáraítear go soiléir le Riail 1 agus Riail 3, ar bhealach nach bhfuil bonn cirt leis, rialacha ginearálta maidir le toirmeasc ar sheirbhísí a chur ar fáil atá in Airteagail 16 agus 19 den Treoir um Sheirbhísí agus in Airteagal 56 CFAE. |
2. Riail 7
|
335. |
Níl ach Riail 7 fágtha anois. Is cuid den Dlí Náisiúnta um Oideachas Poiblí í an riail sin agus cuirtear cosc léi ar ‘ábhar LADTI’ a chur chun cinn (ach gan a léiriú) i gcomhthéacs an ghnéasoideachais. |
|
336. |
Áitíonn an Ungáir go bhféadfadh feidhm a bheith ag dlí an Aontais maidir le gníomhaíochtaí oideachais, agus áitíonn sí nach féidir le Riail 7, dá bhrí sin, an Treoir um Sheirbhísí nó Airteagal 56 CFAE a shárú. |
|
337. |
Mhínigh mé cheana i mír 56 den Tuairim seo go dtagann seirbhísí oideachais, nuair a chuirtear ar fáil ar luach saothair iad, faoi raon feidhme dhlí an Aontais. Ina fhianaise sin, is féidir le Riail 7 go deimhin srian a chur ar sheirbhísí a bhaineann le hoideachas a chur ar dhaoine óga nó iad a chur ar an eolas faoi ghnéasacht nuair a sholáthraítear iad lasmuigh den chóras oideachais phoiblí, nó laistigh den chóras sin, ach i gcás gur soláthraithe seirbhíse seachtracha a sholáthraíonn iad. |
|
338. |
Ós rud é nach dtoirmisctear le Riail 7 ach cur chun cinn agus ní léiriú ar ‘ábhar LADTI’, d’fhéadfadh go mbeadh bonn cirt le srian ar sholáthar seirbhísí mar gheall ar an ngá atá le ‘neamhchlaontacht’ san oideachas. Mar sin féin, mar a míníodh cheana, níl an riail sin neodrach, ach is riail í atá idirdhealaitheach go díreach, toisc nach gcuirtear cosc ar aon chineál saoil nó iompair ghnéasach a chur chun cinn, ach go gcuirtear cosc ar chur chun cinn shaol gnéis nó iompar dhaoine LADTI amháin. |
|
339. |
Ar na cúiseanna atá comhionann leis na cúiseanna a thugtar maidir le Rialacha 1, 3, 4, 5 agus 6, sáraítear cearta bunúsacha le Riail 7, go háirithe Airteagal 21 den Chairt, agus dá bhrí sin ní féidir údar a thabhairt léi. |
|
340. |
Dá bhrí sin, sáraítear an Treoir um Sheirbhísí agus Airteagal 56 CFAE le Riail 1, Riail 3 agus Riail 7. |
D. An ceathrú saincheist dlí ón gCoimisiún
|
341. |
Maíonn an Coimisiún go sáraítear Airteagal 10 RGCS i gcomhar le hAirteagal 8(2) den Chairt le Riail 8, atá sa Dlí maidir leis an gcóras taifead coiriúil. |
|
342. |
Le Riail 8, tugtar sainordú do chomhlachtaí a bhfuil rochtain acu ar shonraí cláraithe rochtain dhíreach a sholáthar do ‘dhaoine údaraithe’ ar thaifid choiriúla daoine aonair a chiontaítear i gcionta gnéis i gcoinne leanaí. Maidir le ‘daoine údaraithe’ a aicmiú, luaitear le Mír 75/B(3) den Dlí maidir leis an gcóras taifead coiriúil nach gceadófar sonraí cláraithe a chur ar fáil ach amháin más duine fásta é an duine a iarrann na sonraí sin ar gaol é nó í le duine, nó a chuireann oideachas ar, a dhéanann maoirsiú nó a thugann aire do dhuine nach bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici. |
|
343. |
De réir an Choimisiúin, tharla sárú toisc nach sonraítear i Riail 8 le sách soiléireachta cé atá údaraithe iarratas ar shonraí a chur isteach agus mar sin ní thugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le cearta agus saoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí maidir le coinníollacha rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta. |
|
344. |
Ina cosaint, áitíonn an Ungáir gur gá Riail 8 a léamh i gcomhar le Mír 8:1 (1) de Chód Sibhialta na hUngáire (Polgári törvénykönyv), ina sainmhínítear an coincheap ‘garghaol’ mar choincheap lena gcuimsítear céilí, tuismitheoirí díreacha, leanaí (lena n‑áirítear leanaí uchtaithe, leasleanaí agus leanaí altrama), siblíní, comhpháirtithe, gaolta céile agus daoine eile a bhfuil gaol teaghlaigh acu leo. Cuireann an Ballstát sin in iúl freisin, i gcomhréir le forálacha éagsúla den Chód Sibhialta, go bhfuil daoine aonair atá freagrach as coimeád nó cothabháil mionaoiseach – amhail tuismitheoirí a bhfuil údarás tuismitheora acu, caomhnóirí, tuismitheoirí uchtála agus iad siúd a thacaíonn le tuismitheoir agus iad ina gcónaí sa teaghlach céanna – i dteideal rochtain a iarraidh ar shonraí faoin Dlí maidir leis an gcóras taifead coiriúil freisin. Ar na cúiseanna sin, áitíonn an Ungáir go bhfuil an liosta de dhaoine údaraithe sainmhínithe go leordhóthanach agus, go deimhin, go bhfuil sé faoi chosaint bhreise ag na critéir rochtana, is é sin (a) nach mór don duine údaraithe a mheas ‘gur dócha go bhfuil gá’ leis na sonraí ábhartha chun críocha na n‑imeachtaí, agus (b) ‘go mbeadh sé deacair go díréireach eolas a fháil ar na sonraí ábhartha ar bhealach eile’. |
|
345. |
Mar réamhphointe, is éard atá sa chuspóir atá á shaothrú ag RGCS, dá bhforáiltear in Airteagal 1 agus in aithrisí 1 agus 10 de, inter alia, ardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe a gceart chun príobháideachais maidir le próiseáil sonraí pearsanta, mar atá cumhdaithe in Airteagal 8(1) den Chairt agus Airteagal 16(1) CFAE, lena dtugtar, ar bhealach comhchosúil, an ceart do gach duine aonair a gcuid sonraí pearsanta a chosaint. Go háirithe, chun na críche sin, foráiltear le RGCS nach mór d’aon phróiseáil ar shonraí pearsanta cloí leis na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí a bhunaítear in Airteagal 5 RGCS. D’fhonn an phróiseáil a bheith dleathach, ní mór ceann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 6 den Rialachán sin a chomhlíonadh. ( 150 ) |
|
346. |
Ar an ábhar sin, beidh próiseáil sonraí dleathach faoi Airteagal 6(1)(e) RGCS más gá ‘chun cúram éigin a chur i gcrích a dhéantar chun leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil’. Forchuirtear le hAirteagal 10 srianta breise ar phróiseáil sonraí taifead coiriúil, lena gceanglaítear rialú ó údarás oifigiúil nó údarú le dlí le coimircí iomchuí. |
|
347. |
Shoiléirigh an Chúirt nach gcuirtear toirmeasc iomlán le RGCS ar údaráis phoiblí ó thaobh sonraí pearsanta a nochtadh, fad is go bhfreastalaíonn an nochtadh ar leas dlisteanach poiblí agus go n‑áirítear cosaint leordhóthanach do chearta agus do shaoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí. ( 151 ) Ar an mbealach céanna, sonraítear in Airteagal 8(2) den Chairt nach mór sonraí pearsanta, a phróiseáil, go háirithe, ‘ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí’. |
|
348. |
Níl aon dabht ach gur leas poiblí ríthábhachtach é mionaoisigh a chosaint orthu siúd a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh, rud a d’fhéadfadh údar a thabhairt, dá bhrí sin, le sonraí pearsanta a nochtadh. Ag an am céanna, tá sonraí taifid choiriúil an‑íogair agus d’fhéadfadh stiogma a bheith mar thoradh orthu. D’fhéadfadh go mbeadh tionchar tromchúiseach ag a nochtadh ar shaol príobháideach agus gairmiúil duine, agus mar sin tá gá le fírinniú docht agus coimircí dlíthiúla soiléire. ( 152 ) |
|
349. |
Dá bhrí sin, agus an dá leas sin á gcothromú, ní mór na bearta náisiúnta atá ceaptha chun an sprioc maidir le cosaint mionaoiseach a bhaint amach a mheasúnú i dtéarmaí cheanglais na comhréireachta. |
|
350. |
Chuige sin, áitíonn an Ungáir go bhfuil bonn cirt leis an gcóras sonraí arna bhunú le Riail 8 agus go bhfuil sé comhréireach i bhfianaise a aidhme. |
|
351. |
Ní aontaím leis sin. Dar liomsa, téann Riail 8 thar a bhfuil riachtanach chun mionaoisigh a chosaint. |
|
352. |
Ar an gcéad dul síos, tá an chatagóir de dhaoine atá údaraithe chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta faoi chiontuithe coiriúla a bhaineann le cionta gnéis i gcoinne leanaí faoi Riail 8 ró-mhionchruinn agus róleathan chun Airteagal 10 RGCS a chomhlíonadh. I gcomhthéacs rochtain ar shonraí pearsanta a cheadú d’údaráis náisiúnta inniúla, chinn an Chúirt, chun ceanglas na comhréireachta a shásamh, nach mór don reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear an rochtain sin ‘rialacha soiléire mionsonraithe a fhoráil lena rialófar raon feidhme agus cur i bhfeidhm an bhirt atá i gceist agus lena bhforchuirfear íoscheanglais, ionas go mbeadh cosaintí leordhóthanacha ag na daoine a ndéantar difear dóibh chun na sonraí sin a chosaint go héifeachtúil ar an mbaol go mbainfí mí-úsáid astu.’ ( 153 ) Ba cheart go mbeadh feidhm aige seo mar an gcéanna maidir le rochtain ag daoine príobháideacha ar shonraí pearsanta. Ina theannta sin, ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta, mar atá cumhdaithe in Airteagal 5(1) RGCS, go mbeadh aon fhaisnéis agus aon chumarsáid a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta sin ‘inrochtana go héasca’. |
|
353. |
I bhfianaise an mhéid sin, ní mheasaim go bhfuil an chatagóir de ‘daoine údaraithe’ a cheadaítear iarratas ar shonraí a dhéanamh faoi Riail 8 sách sainmhínithe agus teoranta leis na forálacha éagsúla atá le fáil sa Dlí maidir leis an gcóras taifead coiriúil agus i gCód Sibhialta na hUngáire araon. |
|
354. |
Ba cheart go mbeadh sé trédhearcach do dhaoine nádúrtha go ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leo a bhailiú, a phróiseáil agus a nochtadh ar bhealach atá comhsheasmhach le prionsabail na cosanta sonraí. Ní bheidh sé seo amhlaidh má cheanglaítear ar ábhar sonraí dul i ngleic le raon casta agus neamheagraithe d’fhorálacha dlí náisiúnta, nach léirítear in aon cheann díobh a n‑idirghaolmhaireacht go soiléir, rud a chruthódh mearbhall gan ghá agus neamhéifeachtúlacht nós imeachta. |
|
355. |
Ar an dara dul síos, níl na coinníollacha substainteacha le haghaidh rochtana sainmhínithe sách beacht sa dlí náisiúnta ionas go bhféadfaidh an t‑údarás inniúil a sheiceáil go bhfuil údar maith le rochtain den sórt sin agus go bhfuil gá léi. |
|
356. |
Tagraím go háirithe do Mhír 75/B(3)(b) den Dlí maidir leis an gcóras taifead coiriúil, ina sonraítear go dtabharfar rochtain don duine údaraithe a chreideann go bhfuil gá le rochtain ar na sonraí chun críocha sonracha, agus a mbeadh deacrachtaí follasacha aige nó aici iarracht a dhéanamh iad a fháil ar bhealaí eile. |
|
357. |
Go cinntitheach, mar sin, tá Riail 8, in éineacht le Mír 75/B(3)(b) den Dlí maidir leis an gcóras taifead coiriúil, á rialú ag féindearbhú amháin, agus go héifeachtach cuirtear an measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht i lámha an iarrthóra seachas an t‑údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar rochtain ar thaifid choiriúla. |
|
358. |
Dar liomsa, tá féindearbhú riachtanais ar neamhréir le hAirteagal 10 RGCS agus le hAirteagal 8 den Chairt, agus tá sé oiriúnach do chur i bhfeidhm lánroghnach. |
|
359. |
Dá bhrí sin, ní cosaintí leordhóthanacha iad na coinníollacha a leagtar síos le Riail 8 agus le forálacha eile den Dlí maidir leis an gcóras taifead coiriúil chun críocha fhorálacha RGCS agus Airteagal 8 den Chairt. |
|
360. |
Mar sin, sáraítear le Riail 8 Airteagal 10 RGCS agus Airteagal 8(2) den Chairt, mar a mhaíonn an Coimisiún. |
IV. Costais
|
361. |
Mhaígh an Coimisiún gur cheart a ordú don Ungáir na costais a íoc. Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Ós rud é nár éirigh leis an Ungáir, ní mór go n‑ordófaí di na costais a íoc. |
|
362. |
I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha sin, íocfaidh na Ballstáit is idiragraithe agus Parlaimint na hEorpa a gcostais féin. |
V. Conclúid
|
363. |
I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais:
|
( 1 ) Bunteanga: an Béarla.
( 2 ) A pedofil bűnelkövetőkkel szembeni szigorúbb fellépésről, valamint a gyermekek védelme érdekében egyes törvények módosításáról szóló 2021. évi LXXIX. törvény.
( 3 ) Is é LADTI an giorrúchán do dhaoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha agus Idirghnéasacha, arna aithint ag Cumann Idirnáisiúnta na Leispiach, na nDaoine Aeracha, na nDéghnéasach, na dTrasinscneach agus na nIdirghnéasach (ILGA). Féach https://www.ilga-europe.org/about‑us/who-we-are/glossary/(rochtain faighte an 18 Feabhra 2025). Úsáideann an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) an giorrúchán sin nuair a dhéanann sí breithniú ar cheisteanna comhchosúla. Féach, mar shampla, breithiúnas ECtHR an 23 Eanáir 2023, Macatė v an Liotuáin, (CE:ECHR:2023:0123JUD006143519). Baineadh úsáid as an ngiorrúchán freisin i gcásdlí na Cúirte. Féach, mar shampla, breithiúnas an 23 Aibreán 2020, Associazione Avvocatura per i diritti LGBTI (C‑507/18, EU:C:2020:289). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Medina in Asociación Estatal de Entidades de Servicios de Atención a Domicilio (ASADE) (C‑436/20, EU:C:2022:77, mír 2).
( 4 ) Tá an Coimisiún ag brath ar Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt.
( 5 ) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1).
( 6 ) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO 2006 L 376, lch. 36) (‘an Treoir um Sheirbhísí’).
( 7 ) Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe atá leagtha síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO 2010 L 95 lch. 1), arna leasú le Treoir 2018/1808 (‘Treoir AVMS’).
( 8 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1) (‘RGCS’).
( 9 ) Is é an toradh a bhí ar Mhír 1(2) den Dlí Leasaitheach ná Mír 6/A den Dlí um Chosaint Leanaí, a léitear anois mar a leanas: ‘Chun a chinntiú go gcomhlíontar na cuspóirí atá leagtha amach sa Dlí seo agus go gcuirfear cearta an linbh chun feidhme, tá toirmeasc ar rochtain a thabhairt do dhaoine nach bhfuil [18] mbliana d’aois slánaithe acu ar ábhar atá pornagrafach nó lena gcuirtear gnéasacht in iúl ar bhealach gan ghá nó lena gcuirtear féiniúlachtaí inscne nach gcomhfhreagraíonn don inscne a sannadh dóibh ag breith chun cinn nó lena gcuirtear in iúl iad.’
( 10 ) Is é an toradh a bhí ar Mhír 2(2) den Dlí Leasaitheach ná Mír 4/D nua den Dlí um Thráchtáil Leictreonach. Le Riail 2, tugtar cumhacht agus sainordú do chomhlacht ar a dtugtar an Cruinniú Comhchéime Idirlín um Chosaint Leanaí bearta áirithe a ghlacadh maidir le soláthraithe seirbhísí leictreonacha. Is féidir leis an gcomhlacht sin measúnú a dhéanamh ar chásanna aonair agus moltaí a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse chun a chur ina luí orthu scor de ghníomhaíochtaí aindleathacha agus, má dhiúltaíonn siad an moladh sin a leanúint, féadfaidh sé an t‑ábhar a tharchur chuig an Údarás Náisiúnta Meán agus Teileachumarsáide. Tá sé de chumhacht ag an gcomhlacht atá i gceist freisin clár a choinneáil de na cineálacha ábhair a mheastar a bheith díobhálach d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach agus mhorálta na mionaoiseach.
( 11 ) Is é an toradh a bhí ar Mhír 3 den Dlí Leasaitheach ná Mír 8(1a) nua den Dlí Fógraíochta, a léitear anois mar a leanas: ‘Toirmeascfar rochtain a thabhairt do dhaoine nach bhfuil [18] mbliana d’aois slánaithe acu ar fógraíocht lena gcuirtear gnéasacht in iúl ar bhealach gan ghá nó lena gcuirtear féiniúlachtaí inscne nach gcomhfhreagraíonn don inscne a sannadh dóibh ag breith chun cinn nó lena gcuirtear in iúl iad.’
( 12 ) Is é an toradh a bhí ar Mhír 9(2) den Dlí Leasaitheach ná Mír 9(6) nua de Dlí na Meán, a léitear anois mar a leanas: ‘Déanfar cláir a aicmiú i gcatagóir V má tá sé de cumas orthu tionchar diúltach a imirt ar fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta na mionaoiseach, go háirithe mar thoradh ar a bhfócas ar fhoréigean nó ar fhéiniúlachtaí inscne nach gcomhfhreagraíonn don inscne a sannadh dóibh ag breith a chur chun cinn nó a chur in iúl, nó ar an léiriú díreach, nádúraíoch nó gan ghá den ghnéasacht. Déanfar na cláir sin a rátáil mar seo a leanas: míchuí do lucht féachana faoi bhun [18] mbliana d’aois.’ Is é an toradh atá ar an aicmiú sin, ná faoi Mhír 10 de Dhlí na Meán (nach bhfuil leasaithe ag an Dlí Leasaitheach), nach bhféadfar cláir den sórt sin, a aicmítear mar chatagóir V, a chraoladh ach idir 10.00 p.m. agus 5.00 a.m.
( 13 ) Is é an toradh a bhí ar Mhír 9(5) den Dlí Leasaitheach ná Mír 179(2) nua de Dhlí na Meán.
( 14 ) Is é an toradh a bhí ar Mhír 9(3) den Dlí Leasaitheach ná Mír 32(4a) nua de Dhlí na Meán, a léitear anois mar a leanas: ‘Ní cháileofar cláir mar fhógraí seirbhíse poiblí ná mar fhógraí faoi shaoráidí pobail má tá sé de chumas orthu tionchar diúltach a imirt ar fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta na mionaoiseach, go háirithe mar thoradh ar a bhfócas ar léiriú gan ghá ar ghnéasacht, pornagrafaíocht, nó féiniúlachtaí inscne nach gcomhfhreagraíonn don inscne a sannadh dóibh ag breith a chur chun cinn nó a chur in iúl.’
( 15 ) Is é an toradh a bhí ar Mhír 11 den Dlí Leasaitheach ná Mír 9(12) nua den Dlí Náisiúnta um Oideachas Poiblí, a léitear anois mar a leanas: ‘Agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cultúr gnéasach, saol gnéis, gnéaschlaonadh agus forbairt ghnéasach á seoladh, tabharfar aird ar leith ar fhorálacha Airteagal XVI(1) de Dhlí Bunúsach [na hUngáire (Magyarország alaptörvénye)]. Ní féidir le gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith dírithe ar fhéiniúlachtaí inscne nach gcomhfhreagraíonn don inscne a sannadh dóibh ag breith a chur chun cinn.’
( 16 ) Is é an toradh a bhí ar Mhír 4(1) den Dlí Leasaitheach ná Mír 67(1)(a) go (d) nua den Dlí maidir leis an gcóras taifead coiriúil.
( 17 ) De réir mhír 8 d’iarratas an Choimisiúin, treisítear le Riail 2 na sáruithe a dhéantar le Rialacha 1 agus 3 go 7. Ní iarrann an Coimisiún go ndearbhódh an Chúirt go bhfuil Riail 2 contrártha le dlí an Aontais agus míníonn sé gur chuimsigh sé Riail 2 ina chaingean díreach mar gheall go dtreisítear na rialacha eile atá mar chríoch de na himeachtaí um shárú.
( 18 ) Ciallaíonn sé sin go dtabharfaidh mé aghaidh go mion ar an gcéad saincheist dlí go dtí an ceathrú saincheist dlí de chuid an Choimisiúin sa dara cuid den Tuairim seo. Sa chéad chuid den Tuairim seo, tabharfaidh mé aghaidh ar an gcúigiú agus ar an séú saincheist dlí a chuir an Coimisiún ar aghaidh.
( 19 ) De réir Airteagal 51(1), ní bheidh an Chairt is infheidhme maidir leis na Ballstáit ach amháin nuair a bhíonn ‘dlí an Aontais á chur chun feidhme acu’. Rinne an Chúirt léiriú ar an gcoincheap sin sa chaoi go gcuimsítear leis gach cás a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais [féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Feabhra 2013, Åkerberg Fransson (C‑617/10, EU:C:2013:105, mír 19 agus mír 21)], lena n‑áirítear iad siúd a bhfuil na Ballstáit ag brath ar mhaoluithe ar shaoirsí an mhargaidh inmheánaigh arna gceadú le dlí an Aontais Eorpaigh [féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Meitheamh 1991, ERT (C‑260/89, EU:C:1991:254, mír 43)].
( 20 ) Déanfar plé níos mionsonraithe ar an seasamh sin sa dara cuid de mo Thuairim.
( 21 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 18 Meitheamh 1991, ERT (C‑260/89, EU:C:1991:254, míreanna 42 go 44); an 14 Deireadh Fómhair 2004, Omega (C‑36/02, EU:C:2004:614, míreanna 37 agus 38 agus an cásdlí dá dtagraítear); agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Mirin (C‑4/23, EU:C:2024:845, mír 62).
( 22 ) Fiú dá mbeadh sé deacair sáruithe ar Airteagal 2 CAE a shamhlú nach mbeadh aon tionchar acu ar aon fhoráil eile de dhlí an Aontais, d’fhéadfaí cás den sórt sin a shamhlú, áfach. Féach, chuige sin, Rossi, L.S., ‘“Concretised,”“Flanked”, or “Standalone”? Some Reflections on the Application of Article 2 TEU’, European Papers, 2025, lch. 23.
( 23 ) Chuige sin, toirmisctear ‘ábhar LADTI’ le Rialacha 1 agus 3 mar aon le hábhar pornagrafach agus ábhar lena gcuirtear gnéasacht ar bhealach gan ghá in iúl; le Riail 4 mar aon leis an toirmeasc ar ábhar a bhfuil foréigean nó léiriú gan ghá den ghnéasacht mar phríomhghné aige; agus le Riail 6 mar aon leis an toirmeasc ar phornagrafaíocht agus gnéasacht a chur in iúl gan ghá. Ní thoirmisctear le Riail 7, áfach, ach ábhar LADTI a chur chun cinn.
( 24 ) Ina iarraidh, luaigh an Coimisiún an ráiteas seo ó fhreagra na hUngáire ar an litir fógra fhoirmiúil. Féach mír 250 d’iarraidh an Choimisiúin.
( 25 ) Féach, mar shampla, ECtHR, breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2010, Alekseyev v an Rúis, (CE:ECHR:2010:1021JUD000491607, § 86), inar mhínigh an chúirt sin nach bhfuil ‘fianaise eolaíoch ná sonraí socheolaíocha ann... a thabharfadh le tuiscint go ndéanfadh tagairt shimplí don homaighnéasacht, nó díospóireacht phoiblí oscailte faoi stádas sóisialta na mionlach gnéasach, dochar do leanaí’. Féach freisin ECtHR, breithiúnas an 20 Meitheamh 2017, Bayev agus páirtithe eile v an Rúis, (CE:ECHR:2017:0620JUD006766709, § 82), inar chinn ECtHR, sa mhéid gur nochtadh na mionaoisigh a chonaic an feachtas i bhfabhar LADTI do smaointe na héagsúlachta, an chomhionannais agus na caoinfhulaingthe, nach bhféadfadh glacadh na dtuairimí sin ach cuidiú le comhtháthú sóisialta, rud a deimhníodh freisin i mbreithiúnas ECtHR le déanaí an 23 Eanáir 2023, Macatė v an Liotuáin, (CE:ECHR:2023:0123JUD006143519, § 211).
( 26 ) Breithiúnas an 26 Feabhra 2013, Åkerberg Fransson (C‑617/10, EU:C:2013:105, mír 21).
( 27 ) Féach, chuige sin, Airteagal 41 den Dlí um Chosaint Leanaí.
( 28 ) Féach, de réir analaí, cásanna a bhaineann le húsáid táirgí inar mheas an Chúirt gur bearta iad na rialacha lena gcuirtear srian ar úsáid táirge atá coibhéiseach le srianta cainníochtúla a thoirmisctear le hAirteagal 34 CFAE. Féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Feabhra 2009, an Coimisiún v an Iodáil (leantóirí) (C‑110/05, EU:C:2009:66), agus an 4 Meitheamh 2009, Mickelsson agus Roos (C‑142/05, EU:C:2009:336, go háirithe míreanna 26 go 28).
( 29 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2009, an Coimisiún v an Spáinn (C‑153/08, EU:C:2009:618, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an 2 Márta 2023, Recreatieprojecten Zeeland agus páirtithe eile (C‑695/21, EU:C:2023:144, mír 13 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 30 ) Féach, chuige sin, an coincheap maidir le faighteoir seirbhísí in Airteagal 2(d) den Treoir maidir le tráchtáil leictreonach: ‘aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann seirbhís sochaí faisnéise, chun críoch gairmiúil nó ar shlí eile, go háirithe chun faisnéis a lorg nó chun í a dhéanamh inrochtana’.
( 31 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Meán Fómhair 1988, Humbel agus Edel (263/86, EU:C:1988:451, míreanna 17 go 19), agus an 7 Nollaig 1993, Wirth (C‑109/92, EU:C:1993:916, míreanna 15 agus 16).
( 32 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Nollaig 1993, Wirth (C‑109/92, EU:C:1993:916, mír 17); an 11 Meán Fómhair 2007, an Coimisiún v an Ghearmáin (C‑318/05, EU:C:2007:495, mír 69); agus an 20 Bealtaine 2010, Zanotti (C‑56/09, EU:C:2010:288, mír 32).
( 33 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Meitheamh 2017, Congregación de Escuelas Pías Provincia Betania (C‑74/16, EU:C:2017:496, míreanna 41 et seq.).
( 34 ) Ní hionann an difríocht idir athrú gnéis (‘trasghnéasachas’) agus féiniúlacht inscne atá difriúil ón ngnéas breithe (‘féiniúlacht thrasinscneach’) sa mhéid is go dtugtar le tuiscint le hathrú gnéis idirghabhálacha leighis nó fisiciúla, cé go mbaineann an téarma ‘trasinscneach’ níos mó le féiniúlacht ná le gnéithe fisiciúla nó leighis.
( 35 ) Breithiúnais an 30 Aibreán 1996, P. v S. (C‑13/94, EU:C:1996:170, mír 20); an 7 Eanáir 2004, K.B. (C‑117/01, EU:C:2004:7, mír 34); an 27 Aibreán 2006, Richards (C‑423/04, EU:C:2006:256, mír 24); agus an 26 Meitheamh 2018, MB (Athrú inscne agus pinsean scoir) (C‑451/16, EU:C:2018:492, mír 35).
( 36 ) Breithiúnas an 9 Eanáir 2025, Mousse (C‑394/23, EU:C:2025:2, míreanna 61 agus 62).
( 37 ) Le haghaidh léiriú ar chás idirdhealaithe bunaithe ar an gcoincheap gnéaschlaonadh féach, mar shampla, breithiúnas an 12 Eanáir 2023, TP (Eagarthóir Closamhairc don teilifís phoiblí) (C‑356/21, EU:C:2023:9, mír 66).
( 38 ) Féach, chuige sin, maidir le hidirdhealú eitneach, breithiúnas an 16 Iúil 2015, CHEZ Razpredelenie Bulgaria (C‑83/14, EU:C:2015:480, mír 56). Féach freisin mo Thuairim in Slagelse Almennyttige Boligselskab, Afdeling Schackenborgvænge (C‑417/23, EU:C:2025:98, míreanna 105 go 120).
( 39 ) Agus an dara habairt d’Airteagal 2 den Chéad Phrótacal de ECHR á léiriú aici, maidir leis an gceart chun oideachais, mheas ECtHR go dtugtar le tuiscint leis ‘nach mór don Stát, agus na feidhmeanna a ghlacann sé air féin maidir le hoideachas agus teagasc á gcomhlíonadh aige, cúram a ghlacadh go gcuirtear faisnéis nó eolas atá sa churaclam in iúl ar bhealach oibiachtúil, criticiúil agus iolraíoch. Tá cosc ar an Stát aidhm shíolteagaisc a shaothrú a d’fhéadfaí a mheas mar aidhm nach n‑urramaítear ciontuithe reiligiúnacha agus fealsúnacha na dtuismitheoirí.’ Féach ECtHR, breithiúnais an 7 Nollaig 1976, Kjeldsen, Busk Madsen agus Pedersen v an Danmhairg, (CE:ECHR:1976:1207JUD000509571, § 53), agus an 18 Márta 2011, Lautsi agus páirtithe eile v an Iodáil, (CE:ECHR:2011:0318JUD003081406, § 62).
( 40 ) Féach, chuige sin, an suirbhé a rinne an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, ‘LADTIQ Equality at a crossroads: progress and challenges’, 11 Bealtaine 2024, ar fáil ag https://fra.europa.eu/en/publication/2024/LADTIq-equality-crossroads-progress-and-challenges
( 41 ) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2021 maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais agus ar chearta saoránach LADTIA san Ungáir mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a ghlac Parlaimint na hUngáire (2021/2780(RSP)).
( 42 ) Coimisiún na Veinéise, Tuairim maidir le comhoiriúnacht le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine d’Acht LXXIX [de 2021] lena leasaítear gníomhartha áirithe chun leanaí a chosaint, arna ghlacadh ag Coimisiún na Veinéise ag a 129ú seisiún iomlánach (an Veinéis agus ar líne, 10-11 Nollaig 2021), míreanna 24 agus 25. Féach freisin, Amnesty International, From freedom to censorship; the consequences of Hungarian Propaganda Law, Amnesty international, Búdaipeist, 2024; Háttér Society, The Anti-LGBTQI Law of Hungary in Action: A Combination of State- and Self-Enforcement, Samhain 2024; ar fáil ag: https://en.hatter.hu/sites/default/files/dokumentum/kiadvany/hatter-anti-lgbtqi-law-2024-november.pdf. Ag an éisteacht, chuir an Ungáir i gcoinne roinnt cinntí sonracha ón tuarascáil sin.
( 43 ) Féach chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2015, CHEZ Razpredelenie Bulgaria (C‑83/14, EU:C:2015:480, míreanna 84 agus 87). Féach freisin mo Thuairim in Slagelse Almennyttige Boligselskab, Afdeling Schackenborgvænge (C‑417/23, EU:C:2025:98), míreanna 147 go 158.
( 44 ) Mar sin, foráiltear le hAirteagal 19(1) CFAE bunús dlí chun idirdhealú a chomhrac. Mínítear i roinnt ionstraimí arna nglacadh ar bhonn na forála sin gurb é is aidhm dóibh prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme. Féach teideal Threoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO 2000 L 180, lch. 22), agus Airteagal 1 di ina sonraítear: ‘is é is cuspóir don Treoir seo creat a leagan síos chun an t‑idirdhealú ar fhorais tionscnaimh chiníoch nó eitnigh a chomhrac, d’fhonn prionsabal na córa comhionainne a chur i bhfeidhm sna Ballstáit.’ Úsáidtear foclaíocht chomhchosúil in Airteagal 1 de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).
( 45 ) IO 2007 C 303, lch. 17.
( 46 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2021, VG Bild-Kunst (C‑392/19, EU:C:2021:181, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 47 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Nollaig 2015, Neptune Distribution (C‑157/14, EU:C:2015:823, mír 64 agus an cásdlí ábhartha ECtHR dá dtagraítear), agus an 3 Feabhra 2021, Fussl Modestraße Mayr (C‑555/19, EU:C:2021:89, mír 81).
( 48 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Márta 2001, Connolly v an Coimisiún (C‑274/99 P, EU:C:2001:127, mír 39 agus cásdlí ábhartha ECtHR dá dtagraítear), agus an 12 Eanáir 2023, Migracijos departamentas (Cúiseanna le géarleanúint ar fhoras na tuairime polaitiúla) (C‑280/21, EU:C:2023:13, mír 30).
( 49 ) Ina bhreithiúnas an 23 Eanáir 2023, Macatė v an Liotuáin, (CE:ECHR:2023:0123JUD006143519, § 181), mhínigh ECtHR ‘go ndearnadh difear do chumas an iarratasóra a smaointe a chur in iúl gan bhac de bharr mharcáil an leabhair mar leabhar a bheadh díobhálach don aoisghrúpa a raibh sé beartaithe dó.’
( 50 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Mirin (C‑4/23, EU:C:2024:845, míreanna 62 go 65).
( 51 ) ECtHR, breithiúnas an 14 Eanáir 2020, Beizaras agus Levickas v an Liotuáin, (CE:ECHR:2020:0114JUD004128815, § 109 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin an breithiúnas níos luaithe an 22 Deireadh Fómhair 1981, Dudgeon v an Ríocht Aontaithe, (CE:ECHR:1981:1022JUD000752576, § 41).
( 52 ) ECtHR, breithiúnais an 29 Aibreán 2002, Pretty v an Ríocht Aontaithe, (CE:ECHR:2002:0429JUD000234602, § 61), agus an 5 Meán Fómhair 2017, Bărbulescu v an Rómáin, (CE:ECHR:2017:0905JUD006149608, § 77).
( 53 ) ECtHR, breithiúnas an 5 Meitheamh 2009, Schlumpf v an Eilvéis, (CE:ECHR:2009:0108JUD002900206, § 77).
( 54 ) ECtHR, breithiúnas an 16 Feabhra 2021, Budinova agus Chaprazov v an Bhulgáir, (CE:ECHR:2021:0216JUD001256713, § 87).
( 55 ) Breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Mirin (C‑4/23, EU:C:2024:845, mír 65). Féach freisin, chuige sin, breithiúnais an 9 Eanáir 2025, Mousse (C‑394/23, EU:C:2025:2), agus an 13 Márta 2025, Deldits (C‑247/23, EU:C:2025:172, mír 47).
( 56 ) Braitheann an Ungáir cheana féin ar na bonn cirt sin sna réamhbharúlacha ina cosaint i scríbhinn agus míníonn sí iad, agus ansin maidir le líomhaintí an Choimisiúin i ndáil le sárú nó srianadh na rialacha a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Tugann sí an chuid is mó dá hargóintí ar aird mar fhreagra ar an gcéad saincheist dlí ón gCoimisiún, a bhaineann le sárú ar Airteagal 6a de Threoir AVMS. Braitheann an Ungáir, áfach, ar argóintí comhchosúla chun a Rialacha a chosaint i gcomhthéacs saincheisteanna dlí eile, lena n‑áirítear iad siúd lena líomhnaítear sárú ar chearta bunúsacha, go minic ag tagairt siar dá hargóintí a tugadh ar aird i ndáil leis an gcéad saincheist dlí.
( 57 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 2020, B S agus C A (Margaíocht cannaibidhé-óil (CBD)) (C‑663/18, EU:C:2020:938, mír 90 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 58 ) I gcomhthéacs bonn cirt le bearta an Aontais, dheimhnigh an Chúirt go bhfuil prionsabal an réamhchúraim is infheidhme maidir le rialáil shláinte an duine. Féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Bealtaine 1998, National Farmers’ Union agus páirtithe eile (C‑157/96, EU:C:1998:191, mír 64), agus an 12 Iúil 2005, Alliance for Natural Health agus páirtithe eile (C‑154/04 agus C‑155/04, EU:C:2005:449, mír 68).
( 59 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2003, Monsanto Agricoltura Italia agus páirtithe eile (C‑236/01, EU:C:2003:431, mír 106), a athshonraítear sa chásdlí ina dhiaidh sin, mar shampla i mbreithiúnas an 19 Samhain 2020, B S agus C A (Margaíocht cannaibidhé-óil (CBD)) (C‑663/18, EU:C:2020:938, mír 90).
( 60 ) Breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2004, Omega (C‑36/02, EU:C:2004:614; ‘Omega’). Bhí an Ungáir ag brath ar mhíreanna 31, 37 agus 38 den bhreithiúnas sin.
( 61 ) Breithiúnas an 23 Márta 2023, Booky.fi (C‑662/21, EU:C:2023:239, míreanna 56 agus 57).
( 62 ) Féach, ex multis, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Mirin (C‑4/23, EU:C:2024:845, mír 62).
( 63 ) Reáchtáladh reifreann an 3 Aibreán 2022. Thacaigh tromlach leis na leasuithe a tugadh isteach leis an Dlí Leasaitheach. Mar sin féin, ghlac níos lú ná 50 % de na vótálaithe cláraithe páirt, agus mar sin, ní fhéadfaí na torthaí a dhearbhú.
(
64
) Is cosúil go léiríonn suirbhéanna san Ungáir tacaíocht láidir do chúrsaí LADTI. Féach, chuige sin, Rutai, L, ‘From Censorship To Solidarity: The Surprising Consequences Of Hungary's LGBT Law, Radio Free Europe, Radio Liberty, 31 Eanáir 2024
https://www.rferl.org/a/hungary-lgbt‑law-censorship-solidarity/32800032.html; Háttér Society, ‘Social attitudes towards LGBTQI issues in Hungary. November 2023’, Bealtaine 2024, https://en.hatter.hu/publications/social-attitudes-towards-lgbtqi-issues-in‑hungary-november-2023?_gl= 1*1n8bpx0*_gcl_au*NzM0OTcwNzI4LjE3Mzk4MDg1NTk.*_ga*NzQxNjkyMDM0LjE3Mzk4MDg1NTg.*_ga_GZEK8GB25Y*MTc0MzUxMTU5MC40LjEuMTc0MzUxMTc3OC42MC4wLjUyMjk5NTQ.
( 65 ) Féach, chuige sin, óráid Frans Timmermans, a bhí mar Chéad Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún ag an am, a tuairiscíodh in Editorial, CMLRev, 2015 ag lgh. 627-628, inar luaigh sé, ag diúltú don fhéidearthacht ‘daonlathas neamhliobrálach’, i measc nithe eile: ‘Ní fhéadtar dhá thrian nó níos mó de thromlach polaitiúil trí vótaí daonlathacha a úsáid chun cearta an duine i mBallstát a lagú.’
( 66 ) I gcomhthéacs theagasc an Ioslam laistigh de ranganna éigeantacha reiligiúin sa Tuirc, mhínigh ECtHR ‘go bhféadfaidh tuismitheoirí i gcónaí léargas agus comhairle a thabhairt dá leanaí, feidhmeanna nádúrtha tuismitheora mar oideachasóirí a fheidhmiú maidir lena leanaí, nó a leanaí a threorú ar chonair i gcomhréir le háitiúis reiligiúnacha nó fealsúnachta na dtuismitheoirí féin’, breithiúnas ECtHR an 16 Meán Fómhair 2014, Mansur Yalçin agus páirtithe eile v an Tuirc (CE:ECHR:2014:0916JUD002116311, § 75). Féach freisin, ECtHR, breithiúnas 20 Meitheamh 2017, Bayev agus páirtithe eile v an Rúis, (CE:ECHR:2017: 0620JUD006766709, § 81 agus 82).
( 67 ) Measann an Coimisiún go gcuireann na Rialacha atá i gceist srian, i ndáiríre, ar chearta na dtuismitheoirí sin, toisc go mbaintear ábhair áirithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu chun a leanaí a thógáil.
( 68 ) ECtHR, breithiúnas 25 Feabhra 1982, Campbell and Cosans v an Ríocht Aontaithe, (CE:ECLI:CE:ECHR:1982:0225JUD000751176, § 40).
( 69 ) Breithiúnas an 15 Iúil 2021, WABE agus MH Müller Handel (C‑804/18 agus C‑341/19, EU:C:2021:594).
( 70 ) Mar sin, mheas an Chúirt gurb ionann glacadh le hidirdhealú a eascraíonn as gnéaschlaonadh nó as féiniúlachtaí inscne agus mainneachtain urraim a thabhairt don dínit agus don tsaoirse a bhfuil aon duine ina teideal. Féach breithiúnas an 30 Aibreán 1996, P. v S. (C‑13/94, EU:C:1996:170, mír 22).
( 71 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Aibreán 2016, Aranyosi agus Căldăraru (C‑404/15 agus C‑659/15 PPU, EU:C:2016:198, mír 85); an 19 Márta 2019, Jawo (C‑163/17, EU:C:2019:218, mír 78); agus an 17 Deireadh Fómhair 2024, Ararat (C‑156/23, EU:C:2024:892, mír 36).
( 72 ) Alt 293 den aighneacht i scríbhinn ón Ungáir mar chosaint. Chuige sin, luann an Ungáir míreanna 132 agus 133 de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Pikamäe in an tSlóivéin v an Chróit (C‑457/18, EU:C:2019:1067).
( 73 ) Ba cheart dom a shonrú, ina ainneoin sin, dá nglacfadh an Chúirt le cumas agartha neamhspleách d’Airteagal 2 CAE, is é is dóichí go n‑athosclódh sé sin an plé ar an difríocht idir cumas agartha an ionadaithe agus cumas agartha d’eisiamh rialacha an Aontais ar a mbraitheann páirtithe os comhair cúirteanna náisiúnta.
( 74 ) Ina dhara habairt, luaitear in Airteagal 2 CAE freisin iolrachas, neamh-idirdhealú, caoinfhulaingt, ceartas, dlúthpháirtíocht agus comhionannas idir fir agus mná. D’fhéadfaí a thuiscint go bhfuil na luachanna sin a luaitear sa bhreis air sin riachtanach chun na luachanna a luaitear sa chéad abairt a bhaint amach. Mar sin, mar shampla, is réamhchoinníoll do shochaí dhaonlathach é an t‑iolrachas; is réamhchoinníollacha don chomhionannas iad an chaoinfhulaingt, an neamh-idirdhealú agus an comhionannas idir mná agus fir; de bhrí go bhféadfaí ceartas agus dlúthpháirtíocht a thuiscint mar choinníoll chun dínit an duine a urramú. Measann scoláirí áirithe nár cheart aon idirdhealú a dhéanamh idir na luachanna a áirítear sa chéad agus sa dara habairt. Mar shampla, Wouters, J., ‘Revisiting Art. 2 TEU: A True Union of Values?’, European Papers, 2020, lch. 255, ag lgh. 258-259. Ní gá sa Tuairim seo plé a dhéanamh ar na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis an dá abairt atá in Airteagal 2 CAE agus na difríochtaí eatarthu. Le haghaidh plé den sórt sin, féach Rossi, L.S., fonóta 22, op. cit., lgh 1-24, ó lch. 11.
( 75 ) Breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 127), agus an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑157/21, EU:C:2022:98, mír 145). Tagróidh mé anseo feasta do na breithiúnais seo mar ‘na breithiúnais choinníollachta’.
( 76 ) I dTuairim 1/17 (Comhaontú CET AE-Ceanada) an 30 Aibreán 2019 (EU:C:2019:341, mír 110), chinn an Chúirt go bhfuil creat bunreachtúil ag an Aontas atá uathúil dó, lena n‑áirítear na luachanna a áirítear in Airteagal 2 CAE.
( 77 ) Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le ECHR) an 18 Nollaig 2014 (EU:C:2014:2454, mír 168); breithiúnais an 6 Márta 2018, Achmea (C‑284/16, EU:C:2018:158, mír 34); an 25 Iúil 2018, An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais (Easnaimh sa chóras ceartais) (C‑216/18 PPU, EU:C:2018:586, mír 35); agus an 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 62).
( 78 ) Breithiúnas an 20 Feabhra 1979, Rewe-Zentral (120/78, EU:C:1979:42).
( 79 ) Breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 232), agus an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑157/21, EU:C:2022:98, mír 264) (béim curtha leis). Shonraigh an Chúirt an mhír sin arís i mbreithiúnais ina dhiaidh sin. Féach, mar shampla, breithiúnais an 29 Iúil 2024, Valančius (C‑119/23, EU:C:2024:653, mír 47); an 10 Meán Fómhair 2024, KS agus páirtithe eile v an Chomhairle agus páirtithe eile (C‑29/22 P agus C‑44/22 P, EU:C:2024:725, mír 68); agus an 19 Samhain 2024, an Coimisiún v an Pholainn (Cumas seasamh i dtoghchán agus ballraíocht i bpáirtí polaitíochta) (C‑814/21, EU:C:2024:963, mír 157).
( 80 ) Chuige sin féach, mar shampla, Petit, Y., ‘Article L’, in Constantinesco, V., Kovar, R., Simon, S. (eag.), Traité sur l’Union européenne, Commentaire article par article, Economica, Páras, 1995, lch. 866.
( 81 ) Féach, chuige sin, Spieker, L., EU Values before the Court of Justice, OUP, Oxford, 2023, lch. 35; Hillion, C., ‘Overseeing the Rule of Law in the EU, Legal Mandate and Means’, in Closa, C. and Kochenov, D. (eag), Reinforcing Rule of Law Oversight in the European Union, Cambridge University Press, Cambridge, 2016, lgh. 59-81; Rossi, L.S., ‘La valeur juridique des valeurs’, Revue trimestrielle de droit européen, 2020, lch. 639; Tridimas, T., ‘Wreaking the Wrongs: Balancing Rights and the Public Interest the EU Way’, The Columbia Journal of European Law, 2023, lgh. 185-213; Dupont, P., Les dispositions liminaires du traité sur l’Union européenne devant la Cour de justice de l’Union européenne, doctoral thesis defended at the Université Paris, Panthéon‑Assas, Samhain 2024, Caibidil 1 (ar comhad ag an údar).
( 82 ) An Conradh ar an Aontas Eorpach ina leagan tar éis na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Amstardam. Féach Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite 1997) (IO 1997 C 340, lch. 145); féach freisin leaganacha Comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO 2006 C 321E, lch. 1).
( 83 ) Ina fhoclaíocht reatha, in Airteagal 2 CAE déantar Airteagal I-2 den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a mhacasamhlú go beacht.
( 84 ) Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Eorpaigh, Dréacht Airteagail 1 go 16 den Chonradh Bunreachtúil, CONV 528/03, lch. 11, ar fáil ag https://www.europarl.europa.eu/meetdocs/committees/empl/20030219/conv528en.pdf. Le haghaidh cuntas mionsonraithe, féach Spieker, L., fonóta 81, op. cit., lgh 43-47. Féach freisin von Bogdandy, A., ‘Founding Principles’, in von Bogdandy, A. agus Bast, J. (eag.), Principles of European Constitutional Law, 2ú heagrán, Hart, Oxford, 2009, 11, ag 22.
( 85 ) Tar éis tagairt a dhéanamh do ‘na luachanna uilechoiteanna arb éard iad na cearta dosháraithe doshannta atá ag an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta’, daingnítear ansin sa Bhrollach a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach a gcion ‘le prionsabail na saoirse, an daonlathais agus urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus smachta reachta’ (béim curtha leis).
( 86 ) Mar sin, mar shampla i mír 69 dá bhreithiúnas an 25 Iúil 2018, An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais (Easnaimh sa chóras ceartais) (C‑216/18 PPU, EU:C:2018:586), tagraíonn an Chúirt do ‘luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE’, agus athraíonn sí ansin an fhoclaíocht go ‘prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2 CAE’ sna míreanna 70 go 71 seo a leanas (le fáil in Spieker, L., fonóta 81, op. cit., lch. 41).
( 87 ) Féach, mar shampla, breithiúnas an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank (C‑132/20, EU:C:2022:235, mír 104).
( 88 ) Bhunaigh an Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 na critéir nach mór do Stáit is iarrthóirí a chomhlíonadh ionas go ligfí isteach san Aontas Eorpach iad. Mar chuid de na critéir sin, dá ngairtear critéir pholaitiúla Chóbanhávan de ghnáth, ceanglaítear nach mór do Stát a chinntiú go bhfuil ‘lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach’. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh aige an bhfuil meas ag Stát is iarrthóir ar na luachanna sin, cuireann an Coimisiún san áireamh gach gné de shochaí an Stáit sin, lena n‑áirítear iad siúd nach bhfuil faoi inniúlacht rialála an Aontais Eorpaigh, amhail eagrú na mbreithiúna agus riarachán stáit, nó urraim do ENRanna agus iolrachas na meán. An Chomhairle Eorpach, ‘Conclúidí na hUachtaránachta’, an Chomhairle Eorpach, Cóbanhávan – 21–22 Meitheamh 1993; ar fáil ag: http://www.europarl.europa.eu/enlargement/ec/pdf/cop_en.pdf.
( 89 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas na Cúirte Uachtaraí) (C‑619/18, EU:C:2019:531, mír 42).
( 90 ) Breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 126). Féach freisin breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 68).
( 91 ) Breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Republikka (C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 63).
( 92 ) Féach ar na breithiúnais choinníollachta, [breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2022:9, mír 231) agus an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑157/21, EU:C:2022:98, mír 263)] ina meabhraíonn an Chúirt gur léiriú sonrach í an oibleagáid an smacht reachta atá sa Rialachán maidir le Coinníollacht a urramú ar na ceanglais a eascraíonn as, do na Ballstáit, de bharr a mballraíochta san Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 2 CAE. Míníonn sí ansin go dtagann an oibleagáid maidir le toradh as an bhforáil sin den Rialachán maidir le Coinníollacht go díreach ó na gealltanais a rinne na Ballstáit i leith a chéile agus maidir leis an Aontas Eorpach.
( 93 ) Breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Republikka (C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 63).
( 94 ) Mar shampla, breithiúnais an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia Forumul Judecătorilor din România agus páirtithe eile (C‑83/19, C‑127/19, C‑195/19, C‑291/19, C‑355/19 agus C‑397/19, EU:C:2021:393, mír 162); an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Réimeas araíonachta do bhreithiúna) (C‑791/19, EU:C:2021:596, mír 51); an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 74); agus an 7 Meán Fómhair 2023, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’ (C‑216/21, EU:C:2023:628, mír 69).
( 95 ) Ó thráth luath, mheas an Chúirt go gciallaíonn an abairt sin nach mór go mbeadh oibleagáidí dlíthiúla don Stát sin sa riail a n‑éilítear sárú ina leith ag Ballstát. Féach breithiúnas an 10 Iúil 1980, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe (32/79, EU:C:1980:189, mír 11).
( 96 ) Féach, ex multis, breithiúnais an 10 Samhain 2020, an Coimisiún v an Iodáil (Luachanna teorann – PM10) (C‑644/18, EU:C:2020:895, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear), nó an 28 Eanáir 2020, an Coimisiún v an Iodáil (Treoir maidir le híocaíocht dhéanach a chomhrac) (C‑122/18, EU:C:2020:41, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear). Leag an Chúirt béim ar chineál oibiachtúil na n‑imeachtaí um shárú chun míniú a thabhairt nach mbaineann le hábhar cúiseanna an Choimisiúin le himeachtaí áirithe a thionscnamh agus nach féidir le Stát is cosantóir iad a úsáid mar chosaint. A luaithe a dhéanann an Coimisiún an t‑éileamh go bhfuil sárú déanta ar fhoráil dhlíthiúil ar leith, ní mór don Chúirt a fhíorú cibé an raibh sé amhlaidh, ó thaobh dlí agus i ndáiríre, d’ainneoin na bhforas ar a raibh an Coimisiún ag brath. Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Ardoideachas) (C‑66/18, EU:C:2020:792, mír 56).
( 97 ) Ar bhonn Airteagal 24 CAE agus 275 CFAE, eisiatar dlínse na Cúirte maidir le forálacha an chomhbheartais eachtraigh agus slándála. Mar sin féin, tá léiriú cúng déanta ag an gCúirt ar an eisiamh sin. Féach breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2024, KS agus páirtithe eile v an Chomhairle agus páirtithe eile (C‑29/22 P agus C‑44/22 P, EU:C:2024:725). Tá dlínse na Cúirte teoranta freisin maidir leis an nós imeachta um easnamh rialtais iomarcach, ar bhonn Airteagal 126(10) CFAE. Ar deireadh, cuireann Airteagal 269 CFAE teorainn le dlínse na Cúirte chun dlíthiúlacht na ngníomhartha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 7 CAE a rialú. Ní fhéadfaidh an Ballstát lena mbaineann rialú den sórt sin a thionscnamh ach amháin le cinneadh den sórt sin, agus i ndáil le gnéithe nós imeachta d’Airteagal 7 CAE amháin.
( 98 ) Faoi Airteagal 46(d) CAE, sa leagan a tháinig i ndiaidh Chonradh Nice, ní raibh dlínse ag an gCúirt ach amháin maidir le hAirteagal 6(2) CAE ag an tráth sin ach ní maidir leis na ‘prionsabail’ in Airteagal 6(1), a athainmníodh níos déanaí mar ‘luachanna’.
( 99 ) Baineadh úsáid as an gcineál seo argóinte i gcleachtas bunreachtúil na Stát Aontaithe faoin ainm ‘foirceadal ceiste polaitíochta’. Ceann de na cúiseanna, mar a rinneadh achoimre orthu in Baker v Carr, 369 U.S. 186, 217 (1962), is é an fáth a bhféadfadh Cúirteanna Cónaidhme na Stát Aontaithe saincheist a mheas mar mhíchuí le haghaidh réiteach breithiúnach ná ‘tiomantas bunreachtúil atá inléirithe go téacsúil ar an tsaincheist do roinn pholaitiúil chomhordaithe’.
( 100 ) Breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 155), agus an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑157/21, EU:C:2022:98, mír 195).
( 101 ) Breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 159), agus an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑157/21, EU:C:2022:98, mír 328).
( 102 ) Ina theannta sin, le hAirteagal 269 CFAE, lena bhforáiltear i gcaingean le haghaidh neamhniú arna dtionscnamh i gcoinne cinneadh arna ghlacadh faoi chuimsiú nós imeachta Airteagal 7 CAE ag Ballstát ar a ndírítear an cinneadh sin, nach bhfuil dlínse ag an gCúirt chun measúnú a dhéanamh ach amháin ar sáraíodh coinníollacha nós imeachta Airteagal 7 CAE, nach ndéantar difear do dhlínse na Cúirte in imeachtaí um shárú arna dtionscnamh i gcoinne Ballstáit agus lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 2 CAE, agus sa chás sin amháin.
( 103 ) Chuige sin, féach Dubout, E., ‘Peut‑on défendre les valeurs de l’Union européenne par le droit?’, RDLF, 2024 chron. Uimh. 80.
( 104 ) Léirítear é sin go breá leis na himthosca as ar tháinig breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2004, Omega (C‑36/02, EU:C:2004:614). Tuigeadh, faoi Bhunreacht na Gearmáine, gur sárú ar dhínit an duine a bhí sa chluiche a raibh aithris ar lámhach agus marú daoine i léasardróm i gceist leis, cé nár chosúil gur measadh go raibh fadhbanna ag baint leis an gcluiche céanna ó thaobh dhínit an duine de i mBallstáit eile.
( 105 ) Mar sin, mar shampla, i mbreithiúnas an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn (C‑848/19 P, EU:C:2021:598), a bhain le hathbhreithniú breithiúnach ar ghníomh de chuid an Aontais, mhaígh an Ghearmáin gur coincheap teibí, polaitiúil amháin é prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh, a luaitear in Airteagal 194(1) CFAE, agus dá bhrí sin nach féidir é a bheith ina chritéar dlíthiúil chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht gnímh de chuid institiúid an Aontais (féach mír 27 den bhreithiúnas sin). Níor ghlac an Chúirt leis an argóint sin. Mheas sé nach gcuirtear cosc le cineál teibí phrionsabal na dlúthpháirtíochta air oibleagáidí a chruthú do na Ballstáit agus don Aontas Eorpach. Féadfaidh sé feidhmiú mar shlat tomhais dá bhrí sin chun dlíthiúlacht bhearta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh a mheasúnú (míreanna 42 go 45).
( 106 ) Chuige sin, chuir Boeckestein tábla ar fáil ina ndéantar luachanna aonair Airteagal 2 CAE a chomhghaolú le forálacha nithiúla éagsúla de na Conarthaí agus den Chairt. Féach Boeckestein, T.L., ‘Making Do with What We Have: On the Interpretation and Enforcement of the EU’s Founding Values’, German Law Journal, 2022, lgh. 431-451.
( 107 ) Breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 32).
( 108 ) Tháinig an cásdlí sin ó bhreithiúnas an 5 Samhain 2019, an Coimisiún v an Pholainn(Neamhspleáchas na ngnáthchúirteanna) (C‑192/18, EU:C:2019:924, mír 98). Is é an ceann is déanaí i sraith de na cásanna sin breithiúnas an 6 Márta 2025, D.K. agus páirtithe eile (Cásanna a tharraingt siar ó bhreitheamh) (C‑647/21 agus C‑648/21, EU:C:2025:143, mír 66).
( 109 ) Breithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies (C‑502/19, EU:C:2019:1115, mír 63); an 19 Nollaig 2019, Puppinck agus páirtithe eile v an Coimisiún (C‑418/18 P, EU:C:2019:1113, mír 64); agus an 19 Samhain 2024, an Coimisiún v an Pholainn (Cumas seasamh i dtoghchán agus ballraíocht i bpáirtí polaitíochta) (C‑814/21, EU:C:2024:963, mír 112).
( 110 ) Ní thagann an cheist maidir le héifeacht dhíreach fhéideartha Airteagal 2 CAE chun cinn sa nós imeachta um shárú os comhair na Cúirte Breithiúnais. Ní gá, dá bhrí sin, féachaint an bhfuil na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit faoi Airteagal 2 CAE dlite do dhaoine aonair. Chun cearta a chruthú go díreach do dhaoine aonair is gá go mbeadh norm an Aontais sách soiléir agus beacht maidir le hábhar an chirt atá ag duine.
( 111 ) Féach, chuige sin, von Bogdandy, A., ‘Towards a Tyranny of values’, in von Bogdandy, A., et al. (eag.), Defending Checks and Balances in EU Member States, Springer, Beirlín, 2021, lch. 92.
( 112 ) Bonnelli, M., ‘Infringement Actions 2.0: How to Protect EU Values before the Court of Justice’, European Constitutional Law Review, 2022, ó lch. 49.
( 113 ) Breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 127) agus an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑157/21, EU:C:2022:98, mír 145).
( 114 ) Breithiúnais an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile (C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, mír 229), agus an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht cinntí cúirte bunreachtúla) (C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 43). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Spielmann in an Coimisiún v an Pholainn (Athbhreithniú ultra vires ar chásdlí na Cúirte Príomhacht dhlí an Aontais) (C‑448/23, EU:C:2025:165, míreanna 90 agus 93).
( 115 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 233) agus an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑157/21, EU:C:2022:98, mír 265). Féach freisin breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 72).
( 116 ) Féach, mar shampla, breithiúnas an 8 Márta 2022, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe (Gníomh chun calaois tearcluachála a chomhrac) (C‑213/19, EU:C:2022:167, mír 180). Mheas an Chúirt, fiú amháin, nach bhfuil de chuspóir ag an nós imeachta faoi Airteagal 260 CFAE pionós a ghearradh ar an Stát, ach Ballstát mainneachtana a spreagadh chun breithiúnas a chomhlíonadh, agus leis sin deireadh a chur le sárú ar oibleagáid atá bunaithe ar dhlí an Aontais. Féach, freisin, breithiúnas an 12 Iúil 2005, an Coimisiún v an Fhrainc (C‑304/02, EU:C:2005:444, mír 80).
( 117 ) C‑66/18, EU:C:2020:172, mír 180.
( 118 ) Chuige sin, féach Scheppele, K.L., Kochenov, D. agus Grabowska-Moroz, B., ‘EU Values Are Law, after All: Enforcing EU Values through Systemic Infringement Actions by the European Commission and the Member States of the European Union’, Yearbook of European Law, 2020, lgh. 3-121. Cháin scoláirí roinnt imeachtaí um shárú níos luaithe, amhail an ceann a bhain le hathrú na teorann aoise do bhreithiúna dul ar scor san Ungáir i mbreithiúnas an 6 Samhain 2012, an Coimisiún v an Ungáir (C‑286/12, EU:C:2012:687), as fíorchúiseanna an tsáraithe a cheilt. D’fhonn a mheabhrú, thug an Coimisiún an chaingean um shárú sin ar bhonn sárú ar Threoir 2000/78 lena dtoirmisctear idirdhealú ar bhonn aoise, rud a chuir i bhfolach an bhunfhadhb maidir le dímheas ar phrionsabail an smachta reachta.
( 119 ) Is chuige sin a thuigim freagra an Choimisiúin a cuireadh ar fáil ag an éisteacht go mbeadh sé sásta gur cuireadh deireadh le sárú ar Airteagal 2 CAE dá mba rud é ‘go gcuirfeadh an Ungáir deireadh le hidirdhealú i ndáil leis an mionlach sin; gach eilimint ábhartha; má táimid sásta, ar leibhéal níos doimhne, gur cuireadh gach rud faoi chois, agus nuair a deirim gach rud, ciallaíonn sé sin gur cuireadh deireadh le gach cineál idirdhealaithe.’
( 120 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Meitheamh 2024, an Coimisiún v an Ungáir (Fáiltiú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta II) (C‑123/22, EU:C:2024:493).
( 121 ) Mír 247 d’iarraidh an Choimisiúin.
( 122 ) Is féidir an áiteamh ar thromchúis agus marthanacht an tsáraithe luachanna in Airteagal 7 CAE a mhíniú trí dhéine na smachtbhannaí is féidir a leanúint má shásaítear na critéir sin. Faoi Airteagal 7 CAE, féadfar Ballstát a eisiamh ó chinnteoireacht ar leibhéal an Aontais. Os a choinne sin, ní fhéadfaidh iarmhairt den sórt sin a bheith mar thoradh ar chinneadh de shárú ar Airteagal 2 CAE in imeachtaí um shárú. Is é is aidhm dó iarmhairt den sórt sin a sheachaint, trí Bhallstát a spreagadh deireadh a chur leis an sárú.
( 123 ) Ba mhaith liom a chur in iúl freisin nach bhfuil an critéar againn chun a chinneadh cén sárú ar cheart bunúsach atá tromchúiseach agus nach bhfuil.
( 124 ) Féach chuige sin, Poiares Maduro, M. agus Menezes Queiroz, B.,‘A Hard Law Approach to States Systemic Violations of Article 2 of the Treaty of the European Union: Reasons and Means’, in Fisher, E., King, J. agus Young, A. (eag.), The Foundations and Future of Public Law: Essays in Honour of Paul Craig, OUP, Oxford, 2020, lch. 363-380.
( 125 ) Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Poiares Maduro in Centro Europa 7 (C‑380/05, EU:C:2007:505, mír 20).
( 126 ) Mar shampla de chothromú an dá cheart sin ar leibhéal an Aontais chun an coincheap scigaithris a léiriú mar atá corpraithe sa Treoir um Chóipcheart (Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise), (IO 2001 L 167, lch. 10), féach breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2014, Deckmyn agus Vrijheidsfonds (C‑201/13, EU:C:2014:2132).
( 127 ) Breithiúnas an 6 Samhain 2018, Max-Planck-Gesellschaft zur Förderung der Wissenschaften (C‑684/16, EU:C:2018:874).
( 128 ) Níorbh í sin, ar ndóigh, an cheist a cuireadh sa chás sin. Ardaím í ar mhaithe le plé amháin.
( 129 ) Mar sin féin, a luaithe a dhéantar an cothromú ar leibhéal an Aontais, nó a luaithe a chomhlánaíonn reachtóir an Aontais ábhar an chirt ar bhealach níos cruinne, ní féidir leis na Ballstáit réitigh éagsúla a choinneáil ar bun a thuilleadh laistigh de na réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. Chuige sin, féach, mar shampla, breithiúnas an 26 Feabhra 2013, Melloni (C‑399/11, EU:C:2013:107).
( 130 ) Ar an ábhar sin, measadh, in Bonelli, M. agus Claes, M., ‘Crossing the Rubicon? The Commission’s use of Article 2 TEU in the infringement action on LGBTIQ+ rights in Hungary’, Maastricht Journal of European and Comparative Law, 2023, lgh. 3-14, nach cás maith é an cás seo chun a chinneadh an bhféadfaí Airteagal 2 CAE a úsáid mar fhoras neamhspleách um shárú.
( 131 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello (C‑163/10, EU:C:2011:543, mír 31), agus an 23 Aibreán 2020, Associazione Avvocatura per i diritti LGBTI (C‑507/18, EU:C:2020:289, mír 48).
( 132 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Pitruzzella in X (Easpa cúiseanna le foirceannadh) (C‑715/20, EU:C:2023:281, mír 76).
( 133 ) Féach na tagairtí i bhfonóta 21 den Tuairim seo.
( 134 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2011, Mesopotamia Broadcast agus Roj TV (C‑244/10 agus C‑245/10, EU:C:2011:607, mír 33), inar mhínigh an Chúirt nach mór d’aon bhearta lena gcuirtear srian ar tharchur ó Bhallstáit eile a bheith ag luí le cearta bunúsacha na Cairte. Athdhearbhaítear é sin in aithris 16 de Threoir AVMS.
( 135 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Iúil 1991, Säger (C‑76/90, EU:C:1991:331, mír 12), agus an 13 Nollaig 2007, an Coimisiún v an Iodáil (C‑465/05, EU:C:2007:781, mír 17).
( 136 ) Mhínigh an Ungáir gur cumarsáid faisnéise é fógra leasa an phobail a bhfuil sé mar aidhm aige aird an phobail a tharraingt ar shaincheist leasa an phobail, ach go bhfuil sé mar aidhm ag teachtaireacht múscailte feasachta ní hamháin aird a tharraingt ach freisin tionchar a imirt ar an bpobal.
( 137 ) Chuige sin, tagraím ar ais don chuid den Tuairim seo ina ndéantar anailís ar an gcúigiú saincheist dlí ón gCoimisiún.
( 138 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Feabhra 2018, Peugeot Deutschland (C‑132/17, EU:C:2018:85, míreanna 27 agus 28).
( 139 ) Forchuirtear an dá chritéar seo le hAirteagal 4(2)(a) agus 4(2)(b) de Threoir AVMS, faoi seach.
( 140 ) Féach B.5 de Chuid a Dó den Tuairim seo.
( 141 ) De bhun Airteagal 1(1), lena n‑áirítear an Stát, údaráis áitiúla, daoine aonair, agus eintitis dhlíthiúla atá freagrach as cosaint leanaí, chomh maith le heagraíochtaí eile gan pearsantacht dhlítheanach.
( 142 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO 2015 L 241, lch. 1).
( 143 ) De bhun Airteagal 1(1)(b)(ii) de Threoir 2015/1535, ciallaíonn ‘trí mheán leictreonach’ go seoltar agus go bhfaightear an tseirbhís ag a ceann scríbe le trealamh leictreonach próiseála agus stórála sonraí (lena n‑áirítear comhbhrú digiteach), agus a tharchuirtear, a iompraítear agus a fhaightear go hiomlán ar sreang, ar raidió, ar mhodh optach nó ar mhodh leictreamaighnéadach eile’.
( 144 ) Béim curtha leis. Féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2020, A (Fógraíocht agus díol táirgí míochaine ar líne) (C‑649/18, EU:C:2020:764, míreanna 87 agus 88).
( 145 ) Féach na tagairtí i bhfonóta 29 den Tuairim seo.
( 146 ) Féach na tagairtí i bhfonóta 28 den Tuairim seo.
( 147 ) Féach Cuid a hAon, B den Tuairim seo a bhaineann leis an gcúigiú saincheist dlí ón gCoimisiún.
( 148 ) Tá cineálacha áirithe seirbhísí eisiata, áfach, ó raon feidhme na Treorach um Sheirbhísí le hAirteagal 2(2) de.
( 149 ) Dhéanfaí iad a aimsiú mar fhaighteoirí ionchasacha na seirbhísí sin leis an Treoir um Sheirbhísí, nó, má tá an tseirbhís atá i gceist lasmuigh de raon feidhme na Treorach um Sheirbhísí de bhua Airteagal 2(2) di (amhail, mar shampla, seirbhís cúraim sláinte), go díreach le hAirteagal 56 CFAE. Féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2016, Promoimpresa agus páirtithe eile (C‑458/14 agus C‑67/15, EU:C:2016:558, mír 62).
( 150 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Eanáir 2025, Mousse (C‑394/23, EU:C:2025:2, míreanna 21 go 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 151 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Márta 2024, Endemol Shine Finland (C‑740/22, EU:C:2024:216, míreanna 46 go 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 152 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Márta 2024, Endemol Shine Finland (C‑740/22, EU:C:2024:216, míreanna 52 go 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 153 ) Breithiúnais an 2 Márta 2021, H.K. (C-746/18, EU:C:2021:152, mír 48) agus an 24 Feabhra 2022, Valsts ieņēmumu dienests (Próiseáil sonraí pearsanta chun críocha cánach) (C-175/20, EU:C:2022:124, mír 55).