|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2592 |
30.9.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2592 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meán Fómhair 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais mar fhreagra ar Litir Stáit ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar na teorainneacha dliteanais a rinne ICAO faoi Airteagal 24 den Choinbhinsiún maidir le haontú rialacha áirithe i dtaca le hiompar idirnáisiúnta d’aer (‘Coinbhinsiún Montréal’)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas an Coinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer (‘Coinbhinsiún Montréal’) arna dhéanamh in Montréal an 28 Bealtaine 1999 a fhormheas trí bhíthin Chinneadh 2001/539/CE ón gComhairle (1). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 24(1) de Choinbhinsiún Montréal, tá an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), mar Thaiscí Choinbhinsiún Montréal, le hathbhreithniú a dhéanamh ar na teorainneacha dliteanais dá bhforáiltear in Airteagail 21, 22 agus 23 de ag eatraimh 5 bliana. |
|
(3) |
Mar thoradh ar an athbhreithniú is déanaí a rinne ICAO, is gá na teorainneacha dliteanais dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus in Airteagal 22(1), (2) agus (3) de Choinbhinsiún Montréal a choigeartú, mar a leagtar amach i Litir Stáit LE 3/38.1-IND/24/4 arna heisiúint ag ICAO an 28 Meitheamh 2024 (‘Litir Stáit ICAO’). De réir Litir Stáit ICAO, tá na coigeartuithe sin le teacht i bhfeidhm le haghaidh na Stát is Páirtithe ar fad 6 mhí tar éis a bhfógartha, mura rud é, laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra, go gcláraíonn tromlach na Stát is Páirtithe a míshástacht le ICAO. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ICAO a bhunú, ós rud é go mbeidh na teorainneacha dliteanais athbhreithnithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 22(1), (2) agus (3) de Choinbhinsiún Montréal, agus ós rud é gur cuid dhílis é de dhlíchóras an Aontais. |
|
(5) |
I bhfianaise chineál teicniúil an athbhreithnithe sin, lena leantar an modh ríofa a shainítear go soiléir agus a leagtar síos i gCoinbhinsiún Montréal, níl aon chúis ann go gcuirfeadh an tAontas i gcoinne an athbhreithnithe. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais gan míshástacht a chlárú maidir leis na teorainneacha dliteanais nua atá molta mar a leagtar amach i Litir Stáit ICAO. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais mar fhreagra ar Litir Stáit ICAO LE 3/38.1-IND/24/4, arna heisiúint ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta an 28 Meitheamh 2024 gan míshástacht a chlárú maidir leis na teorainneacha dliteanais nua atá molta a leagtar amach sa Litir Stáit sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
LÓGA M.
(1) Cinneadh 2001/539/CE ón gComhairle an 5 Aibreán 2001 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer (Coinbhinsiún Montréal) ag an gComhphobal Eorpach (IO L 194, 18.7.2001, lch. 38).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2592/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)