|
30.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 207/34 |
CINNEADH (CBES) 2020/904 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meitheamh 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1424 ón gComhairle i dtaca leis an dáta éaga maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí ESCE a bhaineann le mionairm, airm éadroma agus gnáth-armlón a laghdú i bPoblacht na Macadóine Thuaidh agus sa tSeoirsia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 4 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1424 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de. |
|
(2) |
Síníodh an comhaontú maoinithe le Rúnaíocht na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), arb é an t-eintiteas cur chun feidhme le haghaidh Chinneadh (CBES) 2017/1424, an 7 Meán Fómhair 2017 agus rachaidh sé in éag an 6 Meán Fómhair 2020. |
|
(3) |
An 27 Aibreán 2020, d’iarr Fóram um Chomhar Slándála ESCE go gcuirfí síneadh gan chostas sé mhí le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2017/1424 go dtí an 6 Márta 2021, de dheasca phaindéim COVID-19 agus na srianta ar an taisteal idirnáisiúnta. |
|
(4) |
Níl aon impleacht maidir le hacmhainní airgeadais ag leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/1424 go dtí an 6 Márta 2021. |
|
(5) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2017/1424 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1424 mar seo a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Cinneadh (CBES) 2017/1424 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2017 chun tacú le gníomhaíochtaí ESCE chun an riosca a laghdú maidir le gáinneáil aindleathach agus carnadh iomarcach mionarm agus arm éadrom agus gnáth-armlóin i bPoblacht na Macadóine Thuaidh agus sa tSeoirsia”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2): “2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 6 Márta 2021.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh (CBES) 2017/1424 an 4 Lúnasa 2017 chun tacú le gníomhaíochtaí ESCE chun an riosca a laghdú maidir le gáinneáil aindleathach agus carnadh iomarcach mionarm agus arm éadrom agus gnáth-armlóin in Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine agus sa tSeoirsia (IO L 204, 5.8.2017, lch. 82).