|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2912 |
20.11.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2912 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Samhain 2024
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Chonradh an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (2), agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (3), ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena leasaítear na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor trí ghníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis, ar gníomhartha iad nach ndéantar gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Creat Windsor a leasú ná a ionadú leo. |
|
(3) |
Is gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais iad Rialacháin (AE) 2024/1392 (4) agus (AE) 2024/1501 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor, i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme maidir leo de réir an dlí, agus ba cheart iad a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. Leis na Rialacháin sin, cuirtear síneadh bliana eile leis na bearta um léirscaoileadh trádála sealadach atá ann cheana don Úcráin agus don Mholdóiv, a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2023/1077 (6) agus (AE) 2023/1524 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi seach. Cuireadh na Rialacháin dheireanacha sin le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor an 28 Meán Fómhair 2023 le Cinneadh Uimh. 4/2023 ón gComhchoiste (8). Chuaigh Rialachán (AE) 2023/1077 in éag an 5 Meitheamh 2024 agus chuaigh Rialachán (AE) 2023/1524 in éag an 24 Iúil 2024. |
|
(4) |
Ba cheart don Chomhchoiste, ag a chéad chruinniú eile, cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor lena gcuirtear gníomhartha nuaghlactha an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhchoiste’), leagfar amach an seasamh sin sa dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(2) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
(3) Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).
(4) Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L, 2024/1392, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj).
(5) Rialachán (AE) 2024/1501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L, 2024/1501, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1501/oj).
(6) Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 144, 5.6.2023, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 185, 24.7.2023, lch. 1).
(8) Cinneadh Uimh. 4/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 28 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor (IO L, 2023/2471. 7.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2471/oj).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/2024 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an …
lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (an ‘Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 13(4) de Chreat Windsor tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (an ‘Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme agus tá na héifeachtaí dlíthiúla céanna ag na cinntí sin agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar. |
|
(3) |
Is gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais iad Rialacháin (AE) 2024/1392 (3) agus (AE) 2024/1501 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlea thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor, i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme maidir leo de réir an dlí, agus ba cheart iad a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. Leis na Rialacháin sin, cuirtear síneadh bliana eile leis na bearta um léirscaoileadh trádála sealadach atá ann cheana don Úcráin agus don Mholdóiv, a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2023/1077 (5) agus (AE) 2023/1524 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi seach. Cuireadh na Rialacháin dheireanacha sin lehIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor an 28 Meán Fómhair 2023 le Cinneadh Uimh. 4/2023 ón gComhchoiste (7). Chuaigh Rialachán (AE) 2023/1077 in éag an 5 Meitheamh 2024 agus chuaigh Rialachán (AE) 2023/1524 in éag an 24 Iúil 2024. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, cuirfear é le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 4 ‘Gnéithe ginearálta a bhaineann leis an trádáil’;
2. Rialachán (AE) 2024/1501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, cuirfear é le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 4, ‘Gnéithe ginearálta a bhaineann leis an trádáil’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dáta a ghlactha.
Arna dhéanamh …,
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
(1) IO AE L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(2) Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 (IO AE L 102, 17.4.2023, lch. 87).
(3) Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L, 2024/1392, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj).
(4) Rialachán (AE) 2024/1501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L, 2024/1501, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1501/oj) .
(5) Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 144, 5.6.2023, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 185, 24.7.2023, lch. 1).
(7) Cinneadh Uimh. 4/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 28 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor (IO L, 2023/2471. 7.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2471/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2912/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)