|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2449 |
30.10.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/2449 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Deireadh Fómhair 2026
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Máratáine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, úsáidfear an tSaoráid Eorpach Síochána chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla, gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú a mhéid a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta. |
|
(2) |
Is príomh-chomhpháirtí í an Mháratáin i dtionscnaimh réigiúnacha, Eorpacha agus idirnáisiúnta atá dírithe ar an tsíocháin agus ar an bhforbairt i réigiún na Saiheile a neartú. Tá an tír an-tiomanta don imirce neamhrialta ar bhealach na hAfraice Thiar a chomhrac. Tá comhpháirtíocht láidir idir an tAontas agus rialtas na Máratáine, agus é mar aidhm aige forbairt fhadtéarmach a dhéanamh trí chur chuige cuimsitheach comhtháite. |
|
(3) |
An 19 Bealtaine 2026, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ón Máratáin ar chabhair ón Aontas d’Fhórsaí Armtha na Máratáine maidir le príomhthrealamh a sholáthar chun a n-acmhainneacht a fheabhsú. |
|
(4) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána. |
|
(5) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe na Máratáine (‘an tairbhí’), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).
Is iad seo a leanas cuspóirí an bhirt cúnaimh:
|
(a) |
an comhar idir an tAontas agus an tairbhí a neartú i réimse na slándála agus na cosanta; |
|
(b) |
cumais fhoriomlána mhíleata agus chosanta an tairbhí a threisiú; |
|
(c) |
tacú le forbairt acmhainneachtaí faireachais Fhórsaí Armtha na Máratáine gar do theorainneacha an tairbhí; |
|
(d) |
tacú le feasacht staide an tairbhí a threisiú, agus le cumas na tíre an chríoch náisiúnta a chosaint ar bhagairtí seachtracha, lena n-áirítear grúpaí armtha agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, agus a cheannasacht chríochach a chosaint; |
|
(e) |
feabhas a chur ar dhálaí slándála don phobal sibhialta; |
|
(f) |
cobhsaíocht na tíre agus an réigiúin a fheabhsú. |
2. Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeartas cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh:
|
— |
sócmhainní faireachais. |
Maoineofar leis an mbeart cúnaimh freisin soláthairtí gaolmhara, oibreacha agus seirbhísí bonneagair, lena n-áirítear oiliúint, i gcás inar gá.
3. Mairfidh an beart cúnaimh 36 mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 20 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh na haonaid dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré; |
|
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh ag deireadh a saolré, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis eile seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Cuirfidh Economat des Armées (EdA) na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-áirítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid Fhórsaí Armtha na Máratáine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú seachadta, nuair atá deimhnithe seachadta SES le síniú ag na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh, tráth a aistreofar úinéireacht; |
|
(b) |
tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-ítimí ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí na Saoráide chun seiceálacha ar an láthair agus iniúchtaí na Saoráide a dhéanamh, arna iarraidh sin. |
3. Ar thabhairt chun críche an bhirt cúnaimh, déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh air chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(1) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leath-bhliantúla faoi bhráid an Choiste Pholaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. O’BRIEN
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).
(2) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99 ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2449/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)