European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4101

19.7.2025

Fógra le haghaidh na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2025/1461 ón gComhairle, agus i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1469 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

(C/2025/4101)

Dírítear aird na n-eintiteas a luaitear in Iarscríbhinn I agus II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2025/1461 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1469 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na heintitis sin a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES agus i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. Tugtar na forais leis na heintitis sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.

Tugtar ar aird na n-eintiteas sin gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 28 Samhain 2025 ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Tugtar ar aird na n-eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)   IO L, 2025/1461, 19.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1461/oj.

(3)   IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.

(4)   IO L, 2025/1469, 19.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1469/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4101/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)