|
2.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 30/14 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/218 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Eanáir 2023
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/676/AE lena n-údaraítear don Rómáin leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE, beidh cáin bhreisluacha (“CBL”), mar riail ghinearálta, iníoctha ag an duine inchánach a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2010/583/AE ón gComhairle (2) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/676/AE ón gComhairle (3), údaraíodh don Rómáin beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE chun an duine inchánach, a ndéantar soláthairtí táirgí adhmaid ag daoine inchánach leis, a ainmniú mar an duine atá faoi dhliteanas CBL a íoc ar na soláthairtí sin (“an beart speisialta”). Cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta go dtí an 31 Nollaig 2022. |
|
(3) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 11 Aibreán 2022, d’iarr an Rómáin údarú breise chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 2022. Le litir dar dáta an 28 Meitheamh 2022, d’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise. Thug an Rómáin í i litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 22 Lúnasa 2022. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Rómáin chuig na Ballstáit eile, cé is moite den Spáinn, le litir dar dáta an 1 Meán Fómhair 2022. Le litir dar dáta an 2 Meán Fómhair 2022, tharchuir an Coimisiún an iarraidh sin chuig an Spáinn. Le litir dar dáta an 5 Meán Fómhair 2022, thug an Coimisiún fógra don Rómáin go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(5) |
De réir na faisnéise a chuir an Rómáin ar fáil, níor tháinig aon athrú ar an staid fhíorasach a thug údar maith leis an mbeart speisialta a chur i bhfeidhm. Thairis sin, léirítear san anailís a chuir údaráis na Rómáine ar fáil go bhfuil an beart speisialta éifeachtach chun imghabháil cánach a laghdú. Ina theannta sin, níl aon drochthionchar ag an mbeart speisialta ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL. |
|
(6) |
Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil sé teoranta d’oibríochtaí an-sonrach in earnáil a chruthaíonn fadhbanna suntasacha maidir le himghabháil agus seachaint cánach. Thairis sin, ní bheadh aon drochthionchar ag cur i bhfeidhm leanúnach an bhirt speisialta ar chalaois a chosc ar an leibhéal miondíola, in earnálacha eile nó i mBallstáit eile. |
|
(7) |
Údaraítear bearta speisialta go ginearálta ar feadh tréimhse theoranta chun measúnú a éascú i dtaobh na bearta sin a bheith iomchuí agus éifeachtach nó gan a bheith. Tugann bearta speisialta am do na Ballstáit gnáthbhearta eile a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseacht na n-ábhar, ar íocaíocht CBL, agus ar chomhlíontacht na ndaoine inchánach. Le bearta speisialta, ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha go dtí go rachaidh siad in éag, rud a d’fhágfadh go mbeadh síneadh a n-údarú iomarcach. Ní dheonaítear údaruithe le haghaidh bearta speisialta lena gceadaítear úsáid a bhaint as an nós imeachta aistrithe táillí ach amháin ar bhonn eisceachtúil i gcomhair réimsí sonracha ina dtarlaíonn calaois, agus is rogha dheiridh iad bearta speisialta sin den sórt sin. Dá bhrí sin, sula rachaidh an beart speisialta in éag den chéad uair eile, ba cheart don Rómáin gnáthbhearta eile a chur chun feidhme chun dul i ngleic le calaois CBL agus chun í a chosc i margadh an adhmaid, ionas nach mbeadh gá a thuilleadh le síneadh eile a chur leis an mbeart speisialta. |
|
(8) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an mbeart speisialta. Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh an bhirt speisialta ionas go mbeidh an Coimisiún in ann a éifeachtacht agus a oiriúnacht a mheas. |
|
(9) |
D’fhonn a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí arna saothrú leis an mbeart speisialta, lena n-áirítear go gcuirfear an beart speisialta i bhfeidhm gan bhriseadh, agus lena soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an tréimhse chánach, is iomchuí údarú a dheonú chun síneadh a chur leis an mbeart speisialta le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Ós rud é gur iarr an Rómáin údarú an 11 Aibreán 2022 chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm agus go bhfuil an córas dlí a bunaíodh faoina dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/676/AE ón 1 Eanáir 2023, urramaítear ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar is cuí. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/676/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/676/AE, cuirtear an dáta “31 Nollaig 2025” in ionad an dáta “31 Nollaig 2022”.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. KULLGREN
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2010/583/AE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2010 lena n-údaraítear don Rómáin beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 256, 30.9.2010, lch. 27).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/676/AE ón gComhairle an 15 Samhain 2013 lena n-údaraítear don Rómáin leanúint de bheart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 316, 27.11.2013, lch. 31).