|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4192 |
21.7.2025 |
Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1481 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1480 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
(C/2025/4192)
Dírítear aird na ndaoine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1481 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán (AE) 2025/1480 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Ceanglaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/2147 arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1480, ar na daoine tuairisc a thabhairt laistigh de 6 seachtaine tar éis dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gurb éard atá inti, imchéimniú na mbeart maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha.
Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1480.
(1) IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj.
(2) IO L, 2025/1481, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1481/oj.
(3) IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.
(4) IO L, 2025/1480, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1480/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4192/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)