18.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 139/143


CINNEADH (AE) 2022/772 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Aibreán 2022

maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Poblacht na Seice isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2293)

(Is é an téacs Seicise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an chéad mhír, de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta le bunú. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna ghlacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta molta atá sna dréachtphleananna arna dtarraingt suas ag na Ballstáit comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 á úsáid aige.

(2)

Ó bhí an chéad ráithe den bhliain féilire 2020 ann, bhí tionchar suntasach ag ráig phaindéim COVID-19 ar earnáil an aeriompair agus tá méid an aerthráchta laghdaithe go mór i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an paindéim a shrianadh.

(3)

Leagadh spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu.

(4)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais amach i leith TT3.

(5)

Tugann an Coimisiún dá aire gurb é a thuartar le réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go sroichfidh an t-aerthrácht ar an leibhéal uile-Aontais na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim le linn 2023 agus go sáróidh sé na leibhéil sin in 2024. Mar sin féin, tá leibhéal ard éiginnteachta fós ag baint le forbairt an tráchta mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le forbairt staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire, freisin, go meastar go dtiocfaidh téarnamh míchothrom ar an aerthrácht sna Ballstáit éagsúla.

(6)

Tá dréachtphleananna feidhmíochta, agus spriocanna áitiúla feidhmíochta iontu i leith TT3, tiomsaithe agus glactha ag na Ballstáit uile, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiún iad lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis a fhíorú don Choimisiún arbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar Bhallstáit dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoina bhráid faoin 17 Samhain 2021. An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, is ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir Poblacht na Seice isteach atá sé bunaithe.

(7)

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus comhairle uaidh inti maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith TT3.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá beartaithe ag Poblacht na Seice ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú, i leith gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta a bhaineann leis, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

(9)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir Poblacht na Seice faoina bhráid maidir lena héifeachtaí a dhéanann soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta bainistíocht ar an tsábháilteacht, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(10)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a mholann Poblacht na Seice i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:

Poblacht na Seice

Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

2021

2022

2023

2024

ANS CR

Beartas sábháilteachta agus cuspóirí

C

C

C

C

Bainistiú riosca sábháilteachta

D

D

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

Cur chun cinn na sábháilteachta

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

(11)

Tá sé suite ag an gCoimisiún gurb ionann na dréachtspriocanna sábháilteachta a mholann Poblacht na Seice le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (ANS CR) agus na spriocanna sábháilteachta uile-Aontais i leith bhliain féilire 2024 mar aon leis na blianta roimhe den tréimhse thagartha.

(12)

Tugann an Coimisiún dá aire go leagann an dréachtphlean feidhmíochta a chuir Poblacht na Seice isteach bearta le haghaidh ANS CR chun na spriocanna áitiúla na sábháilteachta a bhaint amach, amhail córais tuairiscithe dheonacha agus éigeantacha a fhorbairt a thuilleadh, Bord Sábháilteacht a mbeidh NSA agus ANS CR air a chur ar bun agus tacú leis an gcóras bainistithe a bhaineann le riosca strustuirse.

(13)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (11) agus (12), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT3, eadhon 2024, ba cheart, maidir leis na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta Phoblacht na Seice, gurb é an measúnú a dhéantar orthu go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta.

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

(14)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir Poblacht na Seice isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta Phoblacht na Seice i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(15)

I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc fheidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024.

(16)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mholann Poblacht na Seice, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i leith TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír:

 

2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna comhshaoil eitiltí faoi bhealach Phoblacht na Seice, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitiltí faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír

2,05  %

2,05  %

2,05  %

2,05  %

Luachanna tagartha le haghaidh Phoblacht na Seice

2,05  %

2,05  %

2,05  %

2,05  %

(17)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna comhshaoil a mholann Poblacht na Seice agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

(18)

Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire gur thíolaic Poblacht na Seice sa dréachtphlean feidhmíochta roinnt beart chun na spriocanna comhshaoil áitiúla a bhaint amach, lena n-áirítear limistéarú nua do Réigiún Faisnéise Eitilte Phrág, deireadh a chur le bealaí i Limistéar Ainlithe Críochfoirt Praha (TMA) chomh maith le comhar trasteorann méadaithe.

(19)

Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil cur chun feidhme an aerspáis saorbhealaigh curtha i gcrích ag Poblacht na Seice cheana idir leibhéal eitilte 95 agus leibhéal eitilte 660 ó mhí Feabhra 2021.

(20)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (17) agus (19), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta Phoblacht na Seice go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil.

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

(21)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir Poblacht na Seice isteach maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta Poblacht na Seice i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochta Gréasáin a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(22)

I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024.

(23)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a mholann Poblacht na Seice i leith TT3,arna sloinneadh i nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Líonra:

 

2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach Phoblacht na Seice i nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,06

0,11

0,11

0,11

Luachanna tagartha le haghaidh Phoblacht na Seice

0,06

0,11

0,11

0,11

(24)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna acmhainneachta a mholann Poblacht na Seice agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

(25)

Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil raon beart curtha i láthair ag Poblacht na Seice sa dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin an t-aistriú chuig córas bainistithe nua aerthráchta (ATM), tionscadal optamaithe agus athstruchtúraithe ATM a chur chun feidhme, uirlis bainistithe aerspáis a thabhairt isteach, limistéarú nua chomh maith le méadú suntasach ar an líon rialtóirí aerthráchta (ATCOnna) i mbun oibríochtaí faoi dheireadh TT3.

(26)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (24) agus (25), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta Phoblacht na Seice go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta.

Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(27)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás Phoblacht na Seice.

(28)

Go sonrach, fuair an Coimisiún amach gurb airde i bhfad na spriocanna le haghaidh na meánmhoille ATFM isteach i leith TT3, mar atá 0,40 nóiméad i leith bhlianta féilire 2021 go 2024 ná an fheidhmíocht a baineadh amach ó thaobh moille ATFM de le linn an dara tréimhse tagartha, mar atá, moill i raon idir 0,01 agus 0,16 nóiméad in aghaidh na heitilte.

(29)

Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart do Phoblacht na Seice, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, breis údair a thabhairt maidir leis na spriocanna acmhainneachta críochfoirt i leith TT3 i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach in aithris (28), sin nó ba cheart di na spriocanna sin a athbhreithniú anuas.

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

(30)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir Poblacht na Seice isteach maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh (“CAAS”) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta eitiltí faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin treocht an aonaid costais arna shuíomh le linn TT3, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn TT2 agus TT3 (2015-2024), agus luach bonnlíne an aonaid costais arna shuíomh ar leibhéil an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu.

(31)

Rinneadh measúnú ar na spriocanna éifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na príomhfhachtóirí agus na príomhpharaiméadair is bunús leis na spriocanna sin, mar a shonraítear i bpointe 2.1(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(32)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach a mholann Poblacht na Seice i leith TT3:

Limistéar muirearaithe eitiltí faoi bhealach Phoblacht na Seice

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 - 2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach arna sloinneadh mar chostas aonaid arna shuíomh eitiltí faoi bhealach (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

CZK 1 224,0

CZK 1 103,6

CZK 2 090,6

CZK 1 557,2

CZK 1 381,7

CZK 1 212,0

EUR 46,52

EUR 41,95

EUR 79,46

EUR 59,18

EUR 52,51

EUR 46,06

(33)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht CAAS eitiltí faoi bhealach Phoblacht na Seice ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, +2,4 % in aghaidh na bliana, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, +1,0 %.

(34)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht fhadtéarmach CAAS eitiltí faoi bhealach Phoblacht na Seice le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, -0,1 % in aghaidh na bliana, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %.

(35)

Ba cheart a chur san áireamh, áfach, agus comparáid á déanamh idir na treochta CAAS áitiúla agus uile-Aontais dá dtagraítear in aithrisí (33) agus (34), go dtuartar i réamhaisnéis STATFOR Eurostat gur lú go mór an fás a thiocfaidh ar thrácht eitiltí faoi bhealach Phoblacht na Seice le linn TT3 ná an fás tráchta meánach ar an leibhéal uile-Aontais. Fágann sé sin gur deacra do Phoblacht na Seice na treochta CAAS uile-Aontais sin a bhaint amach.

(36)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne CAAS Phoblacht na Seice, mar atá, EUR 41,95 i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (“EUR2017”), 8,0 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 38,85 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go méadaíonn an difríocht fós le linn TT3, óir tá costas aonaid Phoblacht na Seice arna shuíomh i leith 2024 12,4 % níos airde ná meán an ghrúpa comparáide.

(37)

Scrúdaigh an Coimisiún a thuilleadh an féidir a mheas gur gá agus gur comhréireach, faoi phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, na diallais a thugtar faoi deara in aithrisí (33), (34) agus (36), ar an gcoinníoll gur i ngeall ar chostais bhreise arna suíomh a bhaineann le bearta is gá chun na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, nó i ngeall ar bhearta athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2(18) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus i ngeall orthu siúd amháin, atá na diallais ón treocht uile-Aontais CAAS agus ón treocht fhadtéarmach uile-Aontais CAAS a thugtar faoi deara.

(38)

Maidir leis an gcritéar a shonraítear faoi phointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go leagann Poblacht na Seice amach, ina dréachtphlean feidhmíochta, raon leathan de bhearta a chuirfidh ANSP (ANS CR) i gcrích chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta a bhaint amach. Áitíonn Poblacht na Seice nach mbeadh ANS CR in ann freastal ar an leibhéal tráchta a taifeadadh in 2019, sa chomhthéacs réamh phaindéim COVID, mura ndéanfaí mórinfheistíocht i gcórais, i nósanna imeachta agus i bhfoireann oibríochtúil le linn RP3, ós rud é go bhfuil an trácht ag éirí níos casta i rith an ama.

(39)

Go deimhin, is é is aidhm do na bearta feabhsaithe acmhainneachta a leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta méadú struchtúrach ar acmhainneacht agus ar tháirgiúlacht a chur ar fáil i ndáil le seirbhísí eitiltí faoi bhealach, go háirithe trína chur ar chumas do rialtóirí aerthráchta a raibh an fhreagracht orthu roimhe seo as aeradróim a rialú ag aerfoirt réigiúnacha freagrachtaí nua a ghabháil orthu féin i ndáil le rialú aerspáis níos ísle i leith eitiltí faoi bhealach. I measc na mbeart bunúsach tá próiseas oiliúna tiomnaithe do na rialtóirí aerthráchta lena mbaineann, atheagrú na hoibre laistigh den chuideachta agus athlimistéarú an aerspáis. Ag tarraingt ar an tionscnamh seo agus ar rialtóirí aerthráchta nua a earcú, léiríonn an líon rialtóirí aerthráchta atá beartaithe go bhfuil méadú suntasach ann le linn RP3 i gcomparáid le leibhéil 2019. Tá coinne le rannchuidiú dearfach eile ón gcóras nua BAT atá beartaithe a chur i mbun oibríochta in 2022.

(40)

Ar bhonn na hanailíse mionsonraithe ón gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, measann an Coimisiún go bhfuil fíorghá leis na bearta ábhartha a leagtar amach i ndréachtphlean feidhmíochta Phoblacht na Seice chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta a bhaint amach. Thairis sin, agus ag féachaint don mheastóireacht a rinne an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, is féidir a shuí gur mó costais bhreise na mbeart sin ná na diallais ón treocht uile-Aontais CAAS agus ón treocht fhadtéarmach uile-Aontais CAAS dá dtagraítear in aithrisí (33) agus (34).

(41)

I bhfianaise na mbreithnithe in aithrisí (38) go (40), suíonn an Coimisiún go gcomhlíontar, i leith Phoblacht na Seice, an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i).

(42)

De bhun na mbreithnithe thuasluaite is léir nach gá a scrúdú a thuilleadh an gcomhlíonfaí, i leith Phoblacht na Seice, an critéar a leagtar amach faoi phointe 1.4(d)(ii).

(43)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (33) agus (42), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta Phoblacht na Seice go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta.

Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(44)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás Phoblacht na Seice.

(45)

Nuair a chuirtear an CAAS críochfoirt i gcomparáid le feidhmíocht aerfort inchomparáide i leith TT3, tugann an Coimisiún faoi deara go meastar gurb airde i bhfad CAAS le haghaidh aerfort Phrág ná CAAS airmheánach na n-aerfort ábhartha.

(46)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart do Phoblacht na Seice, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, breis údair a thabhairt maidir leis na spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt i leith TT3 i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach in aithris (45), sin nó ba cheart di na spriocanna sin a athbhreithniú anuas.

Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na dréachtspriocanna acmhainneachta

(47)

I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, maidir leis na dréachtspriocanna acmhainneachta, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú le hathbhreithniú ar na dréachtscéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na dréachtscéimeanna dreasachtaí na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtscéimeanna dreasachtaí atá i ndréachtphlean feidhmíochta Phoblacht na Seice.

(48)

Tugann an Coimisiún faoi deara, maidir leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht eitiltí faoi bhealach a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta Phoblacht na Seice agus leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht críochfoirt a mholtar ann araon, go gcuimsíonn siad uas-mhíbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,50 % de na costais arna suíomh agus uasbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,50 % de na costais arna suíomh.

(49)

Maidir leis na scéimeanna dreasachtaí sin, tá an Coimisiún go mór in amhras, ar bhonn comhairle shaineolach a sholáthair an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, an imreodh an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais a mholtar, arb ionann é agus 0,50 % de na costais arna suíomh, aon tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(50)

Ba cheart do Phoblacht na Seice, dá bhrí sin, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachtaí chun na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach agus acmhainneachta críochfoirt a bhaint amach sa chaoi go socrófar na huas-mhíbhuntáistí de bhun na scéimeanna dreasachtaí sin ar leibhéal a imreoidh tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear go sonrach faoi Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus is é tuairim an Choimisiúin gur cheart go socrófaí, mar thoradh air sin, an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais ar leibhéal is ionann agus 1 % de na costais arna suíomh nó níos airde ná sin.

CONCLÚIDÍ

(51)

Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (9) go (50), tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Poblacht na Seice isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

(52)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé tugtha le fios ag roinnt Ballstát go bhfuil sé i gceist acu ítimí costais a bhaineann le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt a chur lena mbonn costais i leith TT3. Ní raibh an Coimisiún in ann a shuí go beacht, ar bhonn na n-eilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, cé mhéad a chuir na Ballstáit costais shuite den chineál sin lena mbonn costais i leith TT3, ná, i gcásanna inar chuir, cé mhéad a thabhaítear iad i ndáil le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir a mheas gur costais incháilithe iad faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá iarraidh ad hoc ar fhaisnéis curtha ag seirbhísí an Choimisiún chuig na Ballstáit uile chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad tuilleadh scrúdaithe ar na costais a thuairiscítear maidir le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt i gcomhthéacs an fhíoraithe ar chomhlíontacht na rátaí aonaid. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí ná do chonclúidí an Choimisiúin maidir le costais braite na ladrann.

(53)

Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí Rúiseacha, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht, ar chairtfhostú, nó faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag aon eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi, nó eitilt thairsti. Tá laghdú ag teacht ar an aerthrácht san aerspás os cionn chríoch an Aontais i ngeall ar na bearta sin. Níor cheart, ámh, go mbeadh an tionchar ar an leibhéal uile-Aontais inchomparáide leis an laghdú ar an aerthrácht de dheasca ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann faoi láthair le haghaidh chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe le linn TT3 a choinneáil ar bun.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Poblacht na Seice isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na Seice a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

Na spriocanna feidhmíochta atá san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Poblacht na Seice isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha.

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA

Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

Poblacht na Seice

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, ó leibhéal EASA A go D

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2021

2022

2023

2024

ANS CR

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

D

D

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

Cur chun cinn na sábháilteachta

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

 

2021

2022

2023

2024

Dréacht de spriocanna comhshaoil faoi bhealach Phoblacht na Seice, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

2,05  %

2,05  %

2,05  %

2,05  %

Luachanna tagartha do Phoblacht na Seice

2,05  %

2,05  %

2,05  %

2,05  %

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA

Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte

 

2021

2022

2023

2024

Dréacht de spriocanna acmhainneachta faoi bhealach Phoblacht na Seice, i nóiméid ar mhoill ATFM in aghaidh na heitilte

0,06

0,11

0,11

0,11

Luachanna tagartha do Phoblacht na Seice

0,06

0,11

0,11

0,11

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach Phoblacht na Seice

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 -2021

2022

2023

2024

Dréacht de spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

1 224,0 CZK

1 103,6 CZK

2 090,6 CZK

1 557,2 CZK

1 381,7 CZK

1 212,0 CZK

EUR 46,52

EUR 41,95

EUR 79,46

EUR 59,18

EUR 52,51

EUR 46,06