European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2183

30.9.2026

CINNEADH (AE) 2026/2183 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Meán Fómhair 2026

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Gearmáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 13 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/954 (2) ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 13 Bealtaine 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle (3).

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Volker-Gerd WESTPHAL a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na Gearmáine Markus NIGGEMANN, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Staatssekretär im Ministerium für Wirtschaft, Energie, Klimaschutz und Europa des Landes Brandenburg (Státrúnaí, Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha, Fuinnimh, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Gnóthaí Eorpacha, Stát Brandenburg), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Markus NIGGEMANN, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Staatssekretär im Ministerium für Wirtschaft, Energie, Klimaschutz und Europa des Landes Brandenburg (Státrúnaí, Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha, Fuinnimh, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Gnóthaí Eorpacha, Stát Brandenburg), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2025/954 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 13 Bealtaine 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/71 (IO L, 2025/954, 22.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/954/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2183/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)