|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1986 |
30.9.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1986 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena n-údaraítear Poblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 168 de Threoir 2006/112/CE, bunaítear ceart an duine inchánach cáin bhreisluacha (‘CBL’) a mhuirearaítear ar sholáthairtí earraí nó seirbhísí a fhaigheann siad chun críocha a n-idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Tá ceanglas in Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, cuntas a thabhairt ar CBL nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach daoine inchánacha nó a bhfoirne nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas críocha a ngnó. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle (2), údaraíodh Poblacht na Polainne (‘an Pholainn’), go dtí an 31 Nollaig 2025, teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint maidir le mótarfheithiclí bóthair áirithe a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, a allmhairiú, a fhruiliú, nó a léasú, agus caiteachas a bhaineann leis na feithiclí sin, i gcás nach n-úsáidtear na feithiclí sin chun críoch gnó amháin, agus faoiseamh a thabhairt don duine inchánach ón ngá atá le caitheamh le húsáid neamhghnó feithiclí den sórt sin mar sholáthar seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE (‘na bearta speisialta’). |
|
(3) |
Tá Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE le dul in éag an 31 Nollaig 2025. |
|
(4) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 25 Feabhra 2025, d’iarr an Pholainn údarú chun leanúint de na bearta speisialta a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse eile go dtí an 31 Nollaig 2028 (‘an iarraidh’). |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 3, an dara mír, de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE, chuir an Pholainn tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, in éineacht leis an iarraidh, maidir le cur i bhfeidhm na mbeart speisialta, lenar áiríodh athbhreithniú ar an teorannú céatadáin a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an gceart CBL a asbhaint. Ar bhonn na faisnéise sin, measann an Pholainn go bhfuil ráta 50 % fós iomchuí. Measann sí freisin go bhfuil gá fós leis an maolú ar an gceanglas in Airteagal 26(1), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE chun cánachas dúbailte a sheachaint. Tá údar cuí leis na bearta speisialta sin mar gheall ar an ngá atá le simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le CBL a bhailiú agus cosc a chur ar imghabháil mar thoradh ar choimeád taifead mícheart agus dearbhuithe cánach bréagacha. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 10 Aibreán 2025. Le litir dar dáta an 11 Aibreán 2025, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(7) |
Beidh éifeacht dhiomaibhseach ag cur i bhfeidhm na mbeart speisialta tar éis an 31 Nollaig 2025 ar an méid iomlán ioncaim cánach a bhailíonn an Pholainn ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dhéanfaidh sé dochar d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL. |
|
(8) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an údarú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE. Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh na mbeart speisialta ionas go mbeifear in ann meastóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus ar an teorannú céatadáin iomchuí a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Pholainn a údarú leanúint de na bearta speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2028. |
|
(10) |
I gcás ina measann an Pholainn go bhfuil gá leis na bearta speisialta tar éis dháta éaga Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE, ba cheart tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na mbeart speisialta a bheith ag gabháil leis an iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú a leagtar amach ann, lena n-áirítear athbhreithniú ar an teorannú céatadáin a cuireadh i bhfeidhm agus ba cheart í a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2028 chun a áirithiú go ndéanfar é a scrúdú go tráthúil. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE:
‘Airteagal 3
Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2028.
Déanfar aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2028. Beidh tuarascáil ag gabháil leis an iarraidh sin, lena n-áireofar athbhreithniú ar an teorannú céatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint ar bhonn an Chinnidh seo.’.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. JENSEN
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena n-údaraítear Poblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a), agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 353, 28.12.2013, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2013/805/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1986/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)