|
17.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 193/9 |
CINNEADH (CBES) 2020/792 ÓN GCOMHAIRLE
an 11 Meitheamh 2020
lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (1) (EULEX KOSOVO)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 4 Feabhra 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES (2). |
|
(2) |
An 8 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/856 (3), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES agus lena gcuirtear síneadh leis an Misean go dtí an 14 Meitheamh 2020. |
|
(3) |
An 16 Aibreán 2020, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) gur cheart, i ngeall ar na himthosca a bhaineann le paindéim COVID-19, síneadh bliain amháin a chur le EULEX KOSOVO leis an sainordú céanna, ar tréimhse í a fhéadfar a athbhreithniú nuair is féidir sin a dhéanamh de réir na n-imthosca. |
|
(4) |
Ba cheart méid tagartha do thréimhse a tsinídh a dheonú do EULEX KOSOVO. |
|
(5) |
Ina theannta sin, chomhaontaigh CPS an 14 Bealtaine 2020 gur cheart do Lars-Gunnar WIGEMARK, a ceapadh mar Cheann Misin an 28 Samhain 2019 le Cinneadh (CBES) 2019/1991 ó CPS (4), leanúint den fheidhm seo a chomhlíonadh go ceann tréimhse bliain amháin eile. |
|
(6) |
Níor cheart a thuiscint go ndéanann aon ní sa Chinneadh seo dochar do neamhspleáchas agus d’uathriail na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí i gcomhthéacs EULEX KOSOVO. |
|
(7) |
Ós rud é go bhfuil saintréithe speisialta ag roinnt le gníomhaíochtaí EULEX KOSOVO de thaca leis na himeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh laistigh de Bhallstát, is iomchuí a shainaithint sa Chinneadh seo an méid a bheartaítear chun an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha sin a athlonnaíodh a chumhdach agus foráil a dhéanamh maidir leis an gcuid sin den bhuiséad a chur chun feidhme trí bhíthin deontais. |
|
(8) |
Ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES a leasú dá réir. |
|
(9) |
Cuirfear EULEX KOSOVO i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES mar seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis:: “11. Beidh Lars-Gunnar WIGEMARK ina Cheann Misin don tréimhse ón 15 Meitheamh 2020 go dtí an 14 Meitheamh 2021.”. |
|
(2) |
In Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh: “Is é EUR 83 745 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun caiteachas EULEX KOSOVO a chumhdach ón 15 Meitheamh 2020 go dtí an 14 Meitheamh 2021. As an méid dá dtagraítear sa seachtú fomhír déag, is é EUR 38 700 000 a bheidh sa mhéid a bheartaítear chun caiteachas EULEX KOSOVO a chumhdach lena shainordú a chur chun feidhme sa Chosaiv agus is é EUR 45 045 000 a bheidh sa mhéid a bheartaítear chun an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh laistigh de Bhallstát a chumhdach. Síneoidh an Coimisiún comhaontú deontais le cláraitheoir a bheidh ag gníomhú thar ceann clárlainne a bheidh i gceannas ar riaradh na n-imeachtaí breithiúnacha athlonnaithe ar shuim EUR 45 045 000. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le deontais dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) maidir leis an gcomhaontú deontais seo. Cinnfidh an Chomhairle an méid tagartha airgeadais don tréimhse ina dhiaidh sin do EULEX KOSOVO.” (*) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ón gComhairle (IO L 193, 30.07.2018, lch. 1).”." |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den dara fomhír d’Airteagal 20: “Rachaidh sé in éag ar an 14 Meitheamh 2021.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244 (1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(2) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008 maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO (IO L 42, 16.2.2008, lch. 92).
(3) Cinneadh (CBES) 2018/856 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2018 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*1) (EULEX KOSOVO) (IO L 146, 11.6.2018, lch. 5).
(4) Cinneadh 2019/1991 (CBES) ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CBES) an 28 Samhain 2019 maidir le ceapadh Ceann Misin ar Mhisean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) (EULEX KOSOVO/2/2019) (IO L 308, 29.11.2019, lch. 105).