AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.8.2025
COM(2025) 471 final
2025/0261(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le coigeartú dleachtanna custaim ar allmhairiú earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le tionscnamh taraif-chuótaí i ndáil le hallmhairí d’earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 27 Iúil 2025, tháinig an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ar chomhaontú polaitiúil maidir lena gcaidreamh trádála agus an 21 Lúnasa 2025 d’eisigh siad Ráiteas Comhpháirteach inar fógraíodh an Creat i ndáil le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le Trádáil Chómhalartach, Chóir agus Chothrom (‘Ráiteas Comhpháirteach’). Dá thoradh sin, taraifí áirithe is infheidhme maidir le hallmhairí ón Aontas, gheall na Stáit Aontaithe iad a mhodhnú i gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil sin, rud a laghdóidh an ráta is infheidhme ionas gur uasteorainn taraife uilechuimsitheach 15 % a bheidh ann. Le hOrdú Feidhmiúcháin (14326) na Stát Aontaithe, dar dáta an 31 Iúil 2025, tá an gealltanas sin á chur chun feidhme ó bhí an 7 Lúnasa 2025 ann. Ina theannta sin, ón 1 Meán Fómhair 2025, ní chuirfidh na Stáit Aontaithe ach taraif an Náisiúin Barrfhabhair (NBF) i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe de chuid an Aontais, iad seo a leanas cuir i gcás – acmhainní nádúrtha nach bhfuil le fáil (corc san áireamh), gach aerárthach agus gach páirt aerárthaigh, chomh maith le cógais chineálacha, a gcuid gcomhábhar, agus a gcuid réamhtheachtaithe ceimiceacha. Ina theannta sin, smaoineoidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar earnálacha agus táirgí eile atá tábhachtach ó thaobh a ngeilleagair agus a gcuid slabhraí luacha de, smaoineoidh siad ar iad a chur san áireamh sa liosta táirgí nach mbeidh feidhm ach ag taraifí NBF maidir leo. Tá sé beartaithe ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe gur túsphointe a bheidh sa Ráiteas Comhpháirteach sin, is é sin rá gurb é an chéad chéim é de phróiseas a bheifear in ann a leathnú a thuilleadh le himeacht ama chun réimsí eile a chumhdach, chun leanúint ar aghaidh ag cur leis an rochtain atá acu ar mhargaí a chéile, agus chun a gcaidreamh trádála agus infheistíochta a mhéadú.
Mar chuid den chomhaontú polaitiúil, agus mar a leagtar síos i Ráiteas Comhpháirteach an 21 Lúnasa 2025, chuir an tAontas in iúl go raibh sé ar intinn aige deireadh a chur le taraifí ar na hearraí tionsclaíocha uile de thionscnamh na Stát Aontaithe agus rochtain fhabhrach ar an margadh a sholáthar i gcás earraí bia mara agus earraí talmhaíochta áirithe.
Chun cur chun feidhme ghealltanais pholaitiúla an Aontais a chur chun cinn, is é is cuspóir don togra seo foráil a dhéanamh maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar gach earra tionsclaíoch de thionscnamh na Stát Aontaithe agus cóir fhabhrach maidir le rochtain ar an margadh a sholáthar i gcás earraí bia mara agus earraí talmhaíochta áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an Rialachán atá beartaithe, chruthófaí deiseanna breise d’oibreoirí an Aontais agus na Stát Aontaithe trí dhleachtanna custaim a chur i bhfeidhm nó a laghdú agus d’fhéachfaí chuige nach mbainfeadh meathlú don chaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe. Tá sé go hiomlán comhsheasmhach leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), conradh ina sonraítear gur cheart don Aontas comhtháthú gach tíre i ngeilleagar an domhain a spreagadh, lena n‑áirítear trí dhíothú comhleanúnach a dhéanamh ar na srianta atá ar an trádáil idirnáisiúnta.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
De réir Airteagal 5(3) CAE, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Liostaítear an tAontas custaim agus an comhbheartas tráchtála i measc na réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas in Airteagal 3, CFAE. Cuimsíonn an beartas sin comhaontuithe trádála a chaibidil agus bearta beartais trádála a ghlacadh, lena n‑áirítear laghduithe ar tharaifí de bhun, inter alia, Airteagal 207 CFAE.
•Comhréireacht
Tá an togra ón gCoimisiún i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus tá gá leis i bhfianaise an chuspóra féachaint chuige nach mbainfidh meathlú don chaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe.
•An rogha ionstraime
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
I bhfianaise an ghealltanais pholaitiúil idir Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen agus an tUachtarán Trump dar dáta an 27 Iúil 2025 agus Ráiteas Comhpháirteach an 21 Lúnasa 2025, chomh maith leis an ngá atá le bogadh ar aghaidh go tapa le cur chun feidhme an chomhaontaithe pholaitiúil, tarscaoileadh an próiseas foirmiúil maidir le measúnú tionchair.
Rachaidh cur chun feidhme pras ghealltanais an Aontais maidir le rochtain ar an margadh, mar thoradh ar an gcomhaontú polaitiúil agus ar an Ráiteas Comhpháirteach, chun tairbhe allmhaireoirí agus cuideachtaí an Aontais chomh maith le tomhaltóirí. An tAontas cur chun feidhme a dhéanamh go tapa faoi scáth an chomhaontaithe pholaitiúil leis na Stáit Aontaithe, is rud é atá ríthábhachtach maidir le cobhsú an chaidrimh trádála agus daingniú na ngealltanas a thug an tAontas agus na Stáit Aontaithe araon, chun a áirithiú gur cor iomaíoch a bheidh i gceist i gcónaí i dtaca le hoibreoirí AE ar mhargadh na Stát Aontaithe.
Áirítear i ngealltanais an Aontais de bhun an Ráitis Chomhpháirtigh laghdú fabhrach taraife a dheonú i gcás táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe. Is éard atá i gceist leis sin neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe. Sa bhreis ar an gcaoi a gcaitear le hearraí tionsclaíocha áirithe saor ó dhleacht cheana féin, lena gcumhdaítear 66 % d’earraí tionsclaíocha iomlána de thionscnamh na Stát Aontaithe in 2024, de bhun an Rialacháin seo, cuirfear dleachtanna custaim ar fionraí i gcás na n‑earraí tionsclaíocha atá fágtha, arbh earraí iad lenar bhain 34 % d’allmhairí earraí tionsclaíocha in 2024. Maidir le hearraí bia mara agus earraí talmhaíochta, is éard atá beartaithe gur i gcás táirgí talmhaíochta neamhíogaire amháin a dhéanfar rochtain fhabhrach ar an margadh a sholáthar, agus gur i gcásanna inar chun leasa an Aontais é allmhairí a éascú a dhéanfar an méid sin. Déantar é sin trí léirscaoileadh páirteach i gcás earraí talmhaíochta áirithe agus trí tharaif-chuótaí.
Maidir le himpleachtaí digiteacha an Rialacháin, baineann an togra le dleachtanna custaim a choigeartú i gcás allmhairí d’earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus taraif-chuótaí de chuid an Aontais a thionscnamh i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cé go mbraitheann an togra ar mhodhanna digiteacha chun na nósanna imeachta a tugadh isteach a chur chun feidhme, ní thugtar isteach leis aon cheanglas ceangailteach sonrach lena sainordaítear a n‑úsáid. Braitheann na nósanna imeachta atá beartaithe go hiomlán ar na córais theicniúla agus dhigiteacha atá i bhfeidhm cheana féin agus ní thugtar le tuiscint leis an togra go bhfuil aon mhodhnú ann maidir leis na córais sin. Ar an mbonn sin, meastar nach bhfuil aon cheanglas a bhaineann le cúrsaí digiteacha ag roinnt leis an tionscnamh beartais seo. Cuirtear an prionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ san áireamh a mhéid is féidir, is é sin trí aitheantas a thabhairt do mhodhanna digiteacha atá ann cheana a bheith bailí chun críocha an togra seo.’
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Tá an rialachán atá beartaithe comhsheasmhach leis na Conarthaí agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh toisc nach gcuirfeadh an rialachán atá beartaithe teorainn le feidhmiú aon chirt bhunúsaigh, amhail an tsaoirse chun slí bheatha ghairmiúil, ós rud é gur laghdú amháin a thiocfadh ar dhleachtanna allmhairiúcháin, agus nach dtiocfadh méadú orthu. I gcás ina ndéanfar, leis an rialachán atá beartaithe, dleachtanna allmhairiúcháin a laghdú i gcás tháirgí áirithe, agus nach ndéanfar iad a laghdú i gcás táirgí eile, nó i gcás ina ndéanfar taraif-chuótaí a thionscnamh leis, beidh bunús dlí cuí leis an rogha sin. I gcás ina dtabharfar, leis an rialachán atá beartaithe, cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun laghdú na ndleachtanna allmhairiúcháin nó na taraif-chuótaí a chur ar fionraí, ní athbhunófar leis an bhfionraí sin an staid dhlíthiúil a bhí ann sular glacadh an rialachán atá beartaithe.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Léirscaoileadh leanúnach taraifí tionsclaíocha, i gcás táirgí neamhíogaire talmhaíochta agus bia mara chomh maith, beidh tionchar diúltach aige go pointe ar bhuiséad an Aontais i bhfoirm dleachtanna custaim arna ligean thar ceal mar gheall ar léirscaoileadh taraifí i gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis na línte taraife san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán seo atá beartaithe.
Sa bhliain 2024, cuir i gcás, is é EUR 3,6 billiún an tionchar foriomlán ar bhuiséad an Aontais a mheastar a d’eascair ó dhleachtanna arna ligean thar ceal mar gheall ar tharaifí a bheith curtha ar fionraí i gcás earraí de thionscnamh na Stát Aontaithe. Ar an iomlán, tá trí chatagóir earraí ann: Táirgí talmhaíochta, táirgí bia mara, agus táirgí tionsclaíocha. I gcás táirgí talmhaíochta, is é EUR 230 milliún an caillteanas foriomlán ioncaim custaim a mheastar a bheith i gceist, caillteanas a eascraíonn ó léirscaoileadh agus ó chórais Taraif-Chuótaí araon. Dá bhrí sin, meastar gurb é EUR 172.5 milliún an caillteanas atá ann ó thaobh bhuiséad an Aontais de. I gcás táirgí bia mara ó na Stáit Aontaithe, is é EUR 63 mhilliún an caillteanas iomlán ioncaim a mheastar a bheith i gceist de dheasca dleachtanna arna ligean thar ceal, rud a chiallaíonn gur thart ar EUR 47 milliún atá sa chaillteanas a mheastar a bheith ann ó thaobh bhuiséad an Aontais de. I gcás earraí tionsclaíocha ó na Stáit Aontaithe, is é EUR 4.6 billiún an t‑ioncam a mheastar a bheadh ann de bharr dleachtanna arna ligean thar ceal, rud a fágann go bhfuil caillteanas EUR 3.4 billiún i gceist ó thaobh bhuiséad an Aontais de.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Déantar foráil in Airteagal 1 maidir le coigeartú dleachtanna custaim i gcás earraí a liostaítear in Iarscríbhinní I go II a ghabhann leis an Rialachán seo, arb earraí iad a allmhairítear isteach san Aontas agus ar de thionscnamh na Stát Aontaithe iad.
Déantar foráil in Airteagal 1 freisin maidir le tabhairt isteach córais léirscaoilte pháirtigh i ndáil le hearraí áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán beartaithe seo, arb earraí iad a allmhairítear isteach san Aontas agus ar de thionscnamh na Stát Aontaithe iad.
Déantar foráil in Airteagal 2 maidir le tionscnamh taraif-chuótaí i ndáil le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, arb earraí iad a allmhairítear isteach san Aontas agus ar de thionscnamh na Stát Aontaithe iad. Leagtar amach ann an córas taraif-chuótaí a léirítear in Iarscríbhinn III, ina bhfuil na rátaí dleachta maidir le cuótaí ar leith, méideanna na gcuótaí i gcás na n‑earraí sin, agus faisnéis maidir le bainistiú na gcuótaí céanna.
Déantar foráil in Airteagal 3 maidir leis an gcoigeartú dleachtanna custaim dá dtagraítear in Airteagal 1 agus na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, ach na cúinsí a leagtar amach in Airteagal 3 a theacht i gceist. Sonraítear ann go bhfuil fionraí faoi réir gníomh cur chun feidhme a bheith glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha.
Déantar foráil in Airteagal 4 maidir leis an nós imeachta Coiste atá le leanúint chun coigeartú na ndleachtanna custaim, an léirscaoileadh páirteach agus na taraif-chuótaí a chur ar fionraí ar an gcaoi sin.
Déantar foráil in Airteagal 5 maidir leis na rialacha is infheidhme chun tionscnamh earra a chinneadh.
In Airteagal 6, luaitear sonraí maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe.
2025/0261 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le coigeartú dleachtanna custaim ar allmhairiú earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le tionscnamh taraif-chuótaí i ndáil le hallmhairí d’earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta atá ag an Aontas agus ag Stáit Aontaithe Mheiriceá (na ‘Stáit Aontaithe’), is é an ceann is mó agus is doimhne ar domhan é, agus tá a ngeilleagar fite fuaite go mór ina chéile. B’fhiú níos mó ná EUR 1.6 trilliún iomlán na trádála a rinne siad le chéile in 2024. Is í an dúshraith atá faoin gcomhpháirtíocht dhomhain chuimsitheach sin infheistíocht fhrithpháirteach mhór i margaí a chéile, infheistíocht ar fiú tuairim agus EUR 5.3 trilliún í.
(2)An 21 Lúnasa 2025, d’eisigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe Ráiteas Comhpháirteach i ndáil le Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach– agus na Stáit Aontaithe maidir le Trádáil Chómhalartach, Chóir agus Chothrom (‘an Ráiteas Comhpháirteach’). Sa Ráiteas Comhpháirteach, taraifí áirithe is infheidhme maidir le hallmhairí ón Aontas, gheall na Stáit Aontaithe iad a mhodhnú i gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil sin, rud a laghdóidh an ráta is infheidhme ionas gur uasteorainn taraife uilechuimsitheach 15 % a bheidh ann. Ordú Feidhmiúcháin (14326) na Stát Aontaithe, dar dáta an 31 Iúil 2025, is léiriú atá ann ar an ngealltanas sin a bheith i gceist ón 7 Lúnasa 2025 ar aghaidh. Ina theannta sin, ón 1 Meán Fómhair 2025, ní chuirfidh na Stáit Aontaithe ach taraif an Náisiúin Barrfhabhair (NBF) i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe de chuid an Aontais, iad seo a leanas cuir i gcás – acmhainní nádúrtha nach bhfuil le fáil (corc san áireamh), gach aerárthach agus gach páirt aerárthaigh, chomh maith le cógais chineálacha, a gcuid gcomhábhar, agus a gcuid réamhtheachtaithe ceimiceacha. Gheall an tAontas agus na Stáit Aontaithe go smaoineoidh siad ar earnálacha agus táirgí eile atá tábhachtach ó thaobh a ngeilleagair agus a gcuid slabhraí luacha de, go smaoineoidh siad ar iad a chur san áireamh sa liosta táirgí nach mbeidh feidhm ach ag taraifí NBF maidir leo.
(3)Tá sé beartaithe ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe gur túsphointe a bheidh sa Ráiteas Comhpháirteach, is é sin rá gurb é an chéad chéim é de phróiseas a bheifear in ann a leathnú a thuilleadh le himeacht ama chun réimsí eile a chumhdach, chun leanúint ar aghaidh ag cur leis an rochtain atá acu ar mhargaí a chéile, agus chun a gcaidreamh trádála agus infheistíochta a mhéadú.
(4)Tá gealltanas tugtha ag an Aontas deireadh a chur le taraifí ar earraí tionsclaíocha uile na Stát Aontaithe agus rochtain fhabhrach ar an margadh a sholáthar i gcás raon leathan bia mara agus earraí talmhaíochta de chuid na Stát Aontaithe, ar a n‑áirítear cnónna crainn, táirgí déiríochta, torthaí agus glasraí úra agus próiseáilte, bianna próiseáilte, síolta plandála, ola pónaire soighe, muiceoil agus feoil bhiosúin. Tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe caibidlíocht a dhéanamh maidir le rialacha tionscnaimh a mbeadh feidhm acu i ndáil leis na sochair trádála sin.
(5)Dá réir sin, ba cheart don Aontas na dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe a choigeartú, agus ba cheart dó taraif-chuótaí a thionscnamh i ndáil le hallmhairí earraí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe, sa chaoi go nglacfar na bearta taraife fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(6)Ba cheart feidhm a bheith ag na dleachtanna custaim coigeartaithe agus ag na taraif-chuótaí fad a bheidh an Ráiteas Comhpháirteach á chur chun feidhme go héifeachtach ag na Stáit Aontaithe.
(7)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart a thabhairt de chumhacht cur chun feidhme don Choimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí ach imthosca áirithe a theacht i gceist. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(8)An reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais, Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go háirithe, is i gcomhréir léi sin ba cheart tionscnamh earra a chinneadh, go dtí go nglacfar an cineál rialacha maidir le tionscnamh fabhrach dá dtagraítear in Airteagal 64(2) agus (3) den Rialachán sin chun toradh na caibidlíochta i ndáil le rialacha tionscnaimh dá dtagraítear sa Ráiteas Comhpháirteach a chur chun feidhme.
(9)I bhfianaise a thábhachtaí atá sé gan cur isteach ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Coigeartú dleachtanna custaim
1.Na hearraí atá aicmithe faoi na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) a liostaítear in Iarscríbhinn I agus ar de thionscnamh na Stát Aontaithe iad, is 0 % a bheidh sna dleachtanna custaim de chuid na Comhtharaife Custaim ar dleachtanna iad is infheidhme maidir le hallmhairí de na hearraí sin isteach san Aontas.
2.Na hearraí atá aicmithe faoi na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn II agus ar de thionscnamh na Stát Aontaithe iad, ní chuirfear comhpháirt ad valorem na Comhtharaife Custaim i bhfeidhm maidir le hallmhairí de na hearraí sin isteach san Aontas. Coinneofar ar bun an dleacht shonrach ar earraí tionscnaimh a chuirtear i bhfeidhm i gcásanna ina dtiteann an praghas allmhairiúcháin faoi bhun an phraghais iontrála.
Airteagal 2
Tionscnamh taraif-chuótaí
1.Na hearraí atá aicmithe faoi na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn III agus ar de thionscnamh na Stát Aontaithe iad, déanfar taraif-chuótaí de chuid an Aontais (‘cuótaí’) a thionscnamh maidir le hallmhairí de na hearraí sin isteach san Aontas.
2.Laistigh de na cuótaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, is éard a bheidh sna dleachtanna fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 na rátaí dleachta a leagtar amach sa cholún ‘ráta laistigh den chuóta’, suas leis na méideanna comhiomlána cuóta a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh méideanna comhiomlána cuóta ann maidir le gach aon chuóta ar feadh tréimhsí 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar aghaidh.
3.Na cuótaí maidir le méideanna allmhairiúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit iad a bhainistiú i gcomhréir leis an gcóras bainistíochta maidir le taraif-chuótaí dá bhforáiltear in Airteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.
Airteagal 3
Cur ar fionraí
1.Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear cur i bhfeidhm Airteagal 1 nó Airteagal 2 ar fionraí go hiomlán nó go páirteach ach na himthosca seo a leanas a theacht i gceist:
(a)gan na Stáit Aontaithe an Ráiteas Comhpháirteach a chur chun feidhme nó iad an bonn a bhaint ar bhealach eile de na cuspóirí a shaothraítear leis an Ráiteas Comhpháirteach, sin nó iad an bonn a bhaint den rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha an Aontais ar mhargadh na Stát Aontaithe, nó fós iad cur isteach a dhéanamh ar bhealach eile ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe;
(b)tuartha leordhóthanacha a bheith ann go ngníomhóidh na Stáit Aontaithe ar an mbealach dá dtagraítear i bpointe (a) amach anseo;
(c)é a bheith de thoradh ar choigeartú na ndleachtanna custaim dá dtagraítear in Airteagal 1, nó ar thionscnamh na dtaraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 2, go dtiocfadh méadú ar na cainníochtaí a allmhairítear d'earra de thionscnamh na Stát Aontaithe, bíodh sé sin ina mhéadú de réir dearbhthéarmaí de nó ina mhéadú le hais an táirgthe intíre, ar méadú a d’fhágfadh, de bharr chomh mór agus a bheadh sé agus de bharr na ndálaí áirithe a bhainfeadh leis, go ndéanfaí mórdhíobháil do thionscal intíre an Aontais nó go mbeadh an baol ann go ndéanfaí mórdhíobháil dó;
(d)athrú a theacht ar imthosca oibiachtúla le hais na n‑imthosca a bhí ann tráth a eisíodh an Ráiteas Comhpháirteach.
Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a dhéanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh.
2.Fad a bheidh na himthosca dá dtagraítear i mír 1 i gceist is ea a bheidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 4
Nós imeachta coiste
1.Déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 5
Rialacha tionscnaimh
Chun críocha an Rialacháin seo, is i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chinnfear tionscnamh earra, go dtí go nglacfar an cineál rialacha maidir le tionscnamh fabhrach dá dtagraítear in Airteagal 64(2) agus (3) den Rialachán sin.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3
1.3.Cuspóirí3
1.3.1.Cuspóirí ginearálta3
1.3.2.Cuspóirí sonracha3
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3
1.3.4.Táscairí feidhmíochta3
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4
1.5.Foras an togra/tionscnaimh4
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA7
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe7
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe7
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe7
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú7
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)7
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc7
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH8
3.1.Ainm an togra8
3.2.Línte bhuiséid8
3.3.Tionchar airgeadais 8
4.BARÚLACHA EILE9
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coigeartú dleachtanna custaim i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le tionscnamh taraif-chuótaí de chuid an Aontais i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Deiseanna breise a choinneáil ar bun i gcomhair oibreoirí an Aontais agus na Stát Aontaithe agus féachaint chuige, trí tharaifí a bheith gan cur i bhfeidhm i gcónaí nó trí iad a bheith laghdaithe i gcónaí, nach mbainfidh meathlú don chaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach Uimh.
Dleachtanna custaim agus taraif-chuótaí uathrialaitheacha oscailte a choigeartú i gcás earraí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe chun go gcuirfear chun feidhme gealltanais an Aontais faoi scáth an chomhaontaithe pholaitiúil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe dar dáta an 31 Iúil 2025, agus faoi scáth Ráiteas Comhpháirteach an 21 Lúnasa 2025.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe / grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Meastar gurb éard a thiocfaidh as seo neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim, rud a bhainfear amach trí tharaifí ar gach earra tionsclaíoch de thionscnamh na Stát Aontaithe a chur ar fionraí agus trí rochtain fhabhrach ar an margadh a sholáthar i gcás roinnt earraí bia mara agus earraí talmhaíochta. Na laghduithe fabhracha taraife sin, is cuid iad den mhéid a dhéanfaidh an tAontas chun go gcuirfear chun feidhme a chuid gealltanas maidir le rochtain ar an margadh, gealltanais a eascraíonn ó chomhaontú polaitiúil an 31 Iúil 2025 agus ó Ráiteas Comhpháirteach an 21 Lúnasa 2025. Is éard atá i gceist leo cóireáil saor ó dhleacht a dheonú i gcás na n‑earraí tionsclaíocha nach bhfuil faoi réir cóireáil saor ó dhleacht go fóill – 34 % de na hallmhairí tionsclaíocha a rinneadh in 2024, b’allmhairí de na hearraí a bhí iontu. Maidir le hearraí bia mara agus earraí talmhaíochta, is éard atá beartaithe gur i gcás táirgí talmhaíochta neamhíogaire amháin a dhéanfar rochtain fhabhrach ar an margadh a sholáthar, gur i gcásanna inar chun leasa an Aontais é allmhairí a éascú a dhéanfar an méid sin, agus go ndéanfar é trí léirscaoileadh páirteach i ndáil le hallmhairí talmhaíochta áirithe agus trí tharaif-chuótaí. An tAontas cur chun feidhme a dhéanamh go tapa faoi scáth an chomhaontaithe pholaitiúil leis na Stáit Aontaithe, meastar gur rud é a chobhsóidh an caidreamh trádála agus a dhaingneoidh na gealltanais a thug an tAontas agus na Stáit Aontaithe araon chun a áirithiú gur cor iomaíoch a bheidh i gceist i gcónaí i dtaca le gnólachtaí AE ar mhargadh na Stát Aontaithe.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Ní bhaineann le hábhar, ós é an t‑aon chuspóir amháin atá ann dleachtanna custaim a choigeartú i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus taraif-chuótaí de chuid an Aontais a thionscnamh i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Chomh luath géar agus is féidir is ea a shaothrófar glacadh an Rialacháin atá beartaithe de réir an Ghnáthnós Imeachta Reachtaigh, agus teacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe.
Tá an Rialachán in ainm agus teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
De réir Airteagal 5(3) CAE, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Liostaítear an tAontas custaim agus an comhbheartas tráchtála i measc na réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas in Airteagal 3, CFAE. Cuimsíonn an beartas sin comhaontuithe trádála a chaibidil agus bearta beartais trádála a ghlacadh, lena n‑áirítear laghduithe ar tharaifí de bhun, inter alia, Airteagal 207 CFAE.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Ó tharla taraifí aontaobhacha de chuid na Stát Aontaithe ann nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, taraifí a bhfuil tionchar acu ar thart ar 70 % d’onnmhairí an Aontais chuig na Stáit Aontaithe, agus ó tharla imscrúduithe á ndéanamh ag na Stáit Aontaithe faoi scáth Roinn 232 a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar thart ar 97 % d’onnmhairí an Aontais chuig na Stáit Aontaithe, tá ríthábhacht le gealltanais rochtain fhabhrach ar an margadh a sholáthar, ó thaobh an caidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe a chobhsú mar a fhoráiltear sa chomhaontú polaitiúil ar thángthas air an 27 Iúil 2025. I gcomhréir lena ngealltanais féin faoin gcomhaontú polaitiúil, chuir na Stáit Aontaithe chun feidhme cheana féin an uasteorainn taraife uilechuimsitheach 15 % a comhaontaíodh maidir le formhór na n‑earraí atá faoi réir taraifí cómhalartacha de chuid na Stát Aontaithe, rud a rinne sé trí Ordú Feidhmiúcháin a eisíodh an 31 Iúil, agus atá i bhfeidhm ó bhí an 7 Lúnasa 2025 ann. Dá bhrí sin, le cur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe, daingneofar gealltanais chomhaontú polaitiúil an 27 Iúil 2025 agus cuirfear cur chun feidhme an chomhaontaithe sin chun tosaigh.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
–
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–
tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
Tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2025 go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Ní bhaineann le hábhar, ós é atá i gceist leis seo dleachtanna custaim a choigeartú i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus taraif-chuótaí de chuid an Aontais a thionscnamh i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Ní bhaineann le hábhar, ós é atá i gceist leis seo dleachtanna custaim a choigeartú i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus taraif-chuótaí de chuid an Aontais a thionscnamh i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Ní bhaineann le hábhar, ós é atá i gceist leis seo dleachtanna custaim a choigeartú i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus taraif-chuótaí de chuid an Aontais a thionscnamh i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Ní bhaineann le hábhar, ós é atá i gceist leis seo dleachtanna custaim a choigeartú i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus taraif-chuótaí de chuid an Aontais a thionscnamh i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Ní bhaineann le hábhar, ós é atá i gceist leis seo dleachtanna custaim a choigeartú i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus taraif-chuótaí de chuid an Aontais a thionscnamh i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ainm an togra
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coigeartú dleachtanna custaim i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le tionscnamh taraif-chuótaí de chuid an Aontais i gcás earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
3.2.Línte bhuiséid
Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim):
An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana lena mbaineann: EUR 21,082,004,566
(i gcás ioncaim shannta amháin):
Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):
3.3.Tionchar airgeadais
Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra
☑
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra seo ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam
Tá tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta
Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:
|
Líne ioncaim
|
Tionchar ar ioncam
|
Tréimhse XX mí dar tús ll/mm/bbbb (más infheidhme)
|
Bliain N
|
|
Caibidil 12, Airteagal 120 – Dualgais chustaim agus dualgais eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/335/AE, Euratom
|
-12 bhilliún EUR
|
Tréimhse 4 mhí dar tús 01/09/2025
|
2025
|
|
Staid tar éis na gníomhaíochta
|
|
Líne ioncaim
|
2026
|
2027
|
2028
|
2029
|
2030
|
|
Caibidil 12, Airteagal 120
|
-3.9 billiún EUR
|
-3.9 billiún EUR
|
-3.9 billiún EUR
|
-3.9 billiún EUR
|
-3.9 billiún EUR
|
(I gcás ioncaim shannta amháin, ar choinníoll go bhfuil a fhios cheana cén líne bhuiséid atá i gceist):
|
Líne chaiteachais
|
Bliain N
|
Bliain N+1
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
Líne chaiteachais
|
[N+2]
|
[N+3]
|
[N+4]
|
[N+5]
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
|
Caibidil/Airteagal/Ítim …
|
|
|
|
|
4.BARÚLACHA EILE
Allmhairí ó na Stáit Aontaithe atá faoi réir taraifí faoi láthair a iolrú faoin meánráta dleachta atá ualaithe ó thaobh trádála de, sin mar a ríomhadh luach na ndleachtanna arna ligean thar ceal. Ní hionann iomlán na ndleachtanna arna ligean thar ceal agus an caillteanas ioncaim a bhain do bhuiséad an Aontais, ós rud é go bhfuil na Ballstáit i dteideal 25 % de na dleachtanna a bhailítear a choimeád, mar chúiteamh i leith an ualaigh riaracháin.